European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2229

2.10.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2229 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meán Fómhair 2026

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 a mhéid a bhaineann leis an ranníocaíocht airgeadais bhreise ón Iorua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 20(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/792, is féidir leis na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta nó foinsí eile ranníocaíochtaí breise a sholáthar don tSaoráid don Úcráin, lena n-áirítear do Phlean na hÚcráine.

(2)

Thug an Iorua gealltanas NOK 1 000 000 000 a sholáthar mar ranníocaíocht airgeadais bhreise le Colún I den tSaoráid don Úcráin i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha. Is ioncam sannta seachtrach í an ranníocaíocht sin. Tá an Coimisiún freagrach as an ranníocaíocht sin a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le caiteachas an Aontais, go háirithe na nósanna imeachta faoi Rialachán (AE) 2024/792 agus Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(3)

Ba cheart an ranníocaíocht airgeadais ón Iorua a chur ar fáil don Úcráin, faoi réir teacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le haistriú idir an Iorua agus an Coimisiún agus faoi réir aistriú na ranníocaíochta airgeadais gaolmhaire. Ba cheart an ranníocaíocht airgeadais sin a leithdháileadh ar an aonú tráthchuid ráithiúil déag de Phlean na hÚcráine, agus ba cheart í a eisíoc faoi réir chomhlíonadh sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla ábhartha. Ba cheart méid an aonú tráthchuid déag de Phlean na hÚcráine a choigeartú chun ranníocaíocht na hIorua a chur san áireamh, ranníocaíocht arna sloinneadh ina euro, a eascraíonn as an ráta malairte oifigiúil tráth an aistrithe.

(4)

I bhfianaise na staide san Úcráin agus chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar don Úcráin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ó dháta a ghlactha.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle (3) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5a.   Déanfar ranníocaíocht airgeadais bhreise, i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha a bheidh coibhéiseach in EUR le NOK 1 000 000 000 ag an ráta malairte oifigiúil tráth a aistreoidh an Iorua an ranníocaíocht chuig an tSaoráid don Úcráin, a chur ar fáil don Úcráin de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/792.

An ranníocaíocht airgeadais bhreise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear chun feidhme í i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.’

;

(2)

san Iarscríbhinn, sa roinn dar teideal ‘An t-aonú tráthchuid déag (R4 2026)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs idir an teideal agus an tábla:

‘Méid iomlán: EUR 2 103 225 808 agus NOK 1 000 000 000

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 270 000 000 agus NOK 1 000 000 000

Iasachtaí: EUR 1 833 225 808

Líon iomlán beart: 23’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. BURKE


(1)   IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/2229/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)