European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1430

17.7.2025

CINNEADH (AE) 2025/1430 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún (3) agus Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart iad a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Tá roinnt forálacha ann i dTreoir (AE) 2018/2001 gur gá oiriúnuithe substainteacha a dhéanamh orthu chun sainghnéithe Chomhaontú LEE agus Stáit CSTE a léiriú.

(5)

Ós rud é nach bhfuil feidhm ag sprioc cheangailteach an Aontais i ndáil le fuinneamh in-athnuaite maidir le Stáit CSTE, níor cheart feidhm a bheith ag sprioc an Aontais a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le Stáit CSTE. Dá bhrí sin, rinneadh an tAirteagal sin a oiriúnú dá réir. Mar sin féin, leag Stáit CSTE amach ar bhonn deonach a spriocanna náisiúnta táscacha maidir le fuinneamh in-athnuaite, mar a leagtar amach i nDearbhú Stáit CSTE atá i gceangal leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE. Dá bhrí sin, níor cheart Stáit CSTE a bheith mar chuid d’ardán an Aontais um fhorbairt in-athnuaite ná a bheith páirteach in aistrithe staidreamhacha leis na Ballstáit. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 8 de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le Stáit CSTE.

(6)

I bhfianaise shuíomh geografach iargúlta na hÍoslainne agus na ndúshlán gaolmhar a bhaineann le holltomhaltas deiridh fuinnimh a ríomh i ndáil leis an méid fuinnimh arna thomhailt in earnáil an aeriompair, ba cheart an tairseach chéanna a dheonaítear don Chipir agus do Mhálta in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001 a bheith infheidhme maidir leis an Íoslainn.

(7)

Maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a leagtar amach in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2018/2001, ba cheart a chur san áireamh sa Chinneadh ón gComhchoiste na hoibleagáidí ar leith atá ar an Iorua dul i gcomhairle leis na daoine den phobal Sámach, chun a áirithiú go bhféadfar síneadh suas le bliain amháin a chur leis na tréimhsí ama le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(4), (5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001.

(8)

Ba cheart do Stáit CSTE beartas an Aontais maidir le haitheantas frithpháirteach ráthaíochtaí tionscnaimh le tríú tíortha a leagtar amach in Airteagal 19(11) de Threoir (AE) 2018/2001 a leanúint. Dá réir sin, níor cheart dóibh ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag tríú tír a aithint ach amháin má tá comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leis an tríú tír sin, agus mura gcomhlíontar na critéir a leagtar amach san Airteagal sin. Dá bhrí sin, rinneadh Airteagal 19(11) de Threoir (AE) 2018/2001 a oiriúnú dá réir.

(9)

Ós rud é go bhfuil sciartha arda leictreachais in-athnuaite ag an Iorua agus ag an Íoslainn agus go n-úsáideann an Iorua an leictreachas sin chun críoch téimh den chuid is mó agus go gcumhdaíonn an Íoslainn a héileamh téimh ó fhoinsí geoiteirmeacha in-athnuaite nó ó leictreachas in-athnuaite, is iomchuí na modhanna ríofa a bhaineann le príomhshruthú téimh agus fuaraithe a leagtar amach in Airteagal 23 de Threoir (AE) 2018/2001 a oiriúnú.

(10)

Thairis sin, ní féidir le Lichtinstéin Airteagail 25 go 31 de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le fuinneamh in-athnuaite in earnáil an iompair agus ceanglais inbhuanaitheachta le haghaidh breoslaí in-athnuaite a chur i bhfeidhm faoi láthair, toisc go bhfuil an beartas maidir le breoslaí in-athnuaite á rialú in aontas réigiúnach Lichtinstéin leis an Eilvéis. Dá bhrí sin, ba cheart maolú sealadach a dheonú do Lichtinstéin, agus é á chur san áireamh go gcuireann Lichtinstéin córas i bhfeidhm laistigh den aontas réigiúnach sin chun úsáid bhithbhreoslaí a mhéadú bunaithe ar shásra cúitimh CO2 a bhfuil sprioc 23 % aige atá infheidhme ó 2024 i leith. Níor cheart feidhm a bheith ag an maolú ach amháin go dtí go ndéanfar Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(11)

Ba cheart Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2894/oj.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh (IO L 139, 18.5.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/759/oj).

(4)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj), arna ceartú le IO L 311, 25.9.2020, lch. 11 agus IO L 41, 22.2.2022, lch. 37.

(5)  Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).


DRÉACHT

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh …

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (2), arna ceartú le IO L 311, 25.9.2020, lch. 11 agus IO L 41, 22.2.2022, lch. 37, tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Le Treoir (AE) 2018/2001, aisghairtear Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), treoir atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Ní chuimsítear Stáit CSTE i sprioc fhoriomlán cheangailteach an Aontais maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030. Ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le Stáit CSTE cé is moite de na forálacha in Airteagal 3(1), 3(5) agus 3(6) den Treoir sin. Ina ionad sin, ba cheart do Stáit CSTE spriocanna náisiúnta táscacha maidir le fuinneamh in-athnuaite a shocrú do 2030 agus, dá bhrí sin, níor cheart dóibh Airteagal 8 a chur i bhfeidhm maidir le hardán an Aontais um fhorbairt in-athnuaite agus aistrithe staidreamhacha. Ní fhágann sé sin nach bhféadfaí caibidlíocht a bheith ann amach anseo idir Stáit CSTE agus an tAontas a mhéid a bhaineann le comhar maidir le spriocanna fuinnimh in-athnuaite tar éis 2030.

(5)

Féadfaidh Stáit CSTE scéimeanna tacaíochta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001 chun go mbainfear amach a spriocanna náisiúnta táscacha féin maidir le fuinneamh in-athnuaite nó chun na spriocanna sin a shárú.

(6)

Déantar foráil in Airteagal 7(5) de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le díolúintí don Chipir agus do Mhálta i bhfoirm tairseach níos ísle a mhéid a bhaineann le ríomh an olltomhaltais deiridh fuinnimh, i ndáil leis an méid fuinnimh arna thomhailt in earnáil an aeriompair. Is oileán iargúlta í an Íoslainn agus tá achair fhada idir an Íoslainn agus tíortha comharsanacha. I bhfianaise an tsuímh gheografaigh shonraigh sin, ba cheart an tairseach chéanna a bheith i bhfeidhm maidir leis an Íoslainn agus atá i bhfeidhm maidir leis an gCipir agus le Málta.

(7)

I gcásanna ina bhfuil dualgas ar an Iorua dul i gcomhairle leis na daoine den phobal Sámach, is gá a áirithiú go bhféadfar síneadh suas le bliain amháin a chur leis na tréimhsí ama le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(4), 16(5) agus 16(6) de Threoir (AE) 2018/2001.

(8)

Tá sciartha arda leictreachais in-athnuaite ag an Iorua agus ag an Íoslainn. Úsáideann an Iorua leictreachas in-athnuaite chun críoch téimh den chuid is mó, ach cumhdaíonn an Íoslainn cuid mhór dá héileamh téimh ó fhoinsí geoiteirmeacha in-athnuaite agus baineann sí úsáid as leictreachas in-athnuaite i gcás nach bhfuil foinsí geoiteirmeacha ar fáil. Dá bhrí sin, is iomchuí na modhanna ríofa a bhaineann le téamh agus fuarú a phríomhshruthú i dTreoir (AE) 2018/2001 a oiriúnú a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE.

(9)

I bhfianaise aontas réigiúnach Lichtinstéin leis an Eilvéis, aontas ina rialaíonn údaráis na hEilvéise breoslaí agus ina soláthraíonn eintitis na hEilvéise breoslaí, agus i ngeall gurb é sin an t-aon fhoinse soláthairtí breoslaí iompair i Lichtinstéin, is iomchuí maolú sealadach a chur i bhfeidhm ar Airteagail 25-31 de Threoir (AE) 2018/2001 lena soláthraítear rialacha maidir le fuinneamh inathnuaite san earnáil iompair agus rialacha inbhuanaitheachta maidir le breoslaí in-athnuaite. Leanann Lichtinstéin córas na hEilvéise chun úsáid bithbhreoslaí a mhéadú bunaithe ar shásra cúitimh CO2, sásra atá inchomparáide ó thaobh uaillmhéine de leis na héifeachtaí ionadaíochta agus coigiltis a bhaineann leis na spriocanna bithbhreoslaí. Ní mór astaíochtaí CO2 ó bhreoslaí le haghaidh feithiclí dócháin a chúiteamh le bearta a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta agus i dtíortha eile. Foráiltear le hAirteagal 37 de Reacht Lichtinstéin maidir le CO2 (LR 814.065.1) agus le hAirteagail 9 agus 10 den Acht CO2 (LR 814.065), nach mór 23 % d’astaíochtaí CO2 a chúiteamh ó 2024 ar aghaidh. Ba cheart feidhm a bheith ag an maolú sin maidir le Treoir (AE) 2018/2001 mar a bhí i bhfeidhm roimh an leasú arna dhéanamh le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 (4). Tá an maolú sin teoranta go docht ó thaobh ama de agus níor cheart feidhm a bheith aige ach go dtí go dtiocfar ar chomhaontú maidir le hionchorprú Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 i gComhaontú LEE. Ba cheart a mheas go bhfuiltear tar éis teacht ar chomhaontú a luaithe a dhéanfar Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(10)

Díolmhaíodh Lichtinstéin ó Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh fuinnimh (5) ós rud é nach bhfuil sí in ann sonraí bunaidh a sholáthar maidir le ‘tomhaltas fuinnimh phríomhúil’ nó ‘tomhaltas deiridh fuinnimh’. Féadfaidh Lichtinstéin athfhormáidiú a dhéanamh ar shonraí staidrimh náisiúnta sna sonraí maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus tomhaltas deiridh fuinnimh i gcás ina gceanglaítear sin faoi Threoir (AE) 2018/2001.

(11)

Ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 41 (Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘ 32018 L 2001: Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82), arna ceartú le IO L 311, 25.9.2020, lch. 11 agus IO L 41, 22.2.2022, lch. 37, arna leasú le:

—

32022 R 0759: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 (IO L 139, 18.5.2022, lch. 1).

Cinntí maidir le haitheantas a thabhairt do scéimeanna deonacha chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoracha 98/70/CE agus (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú, tagraítear do na cinntí sin i gCaibidil XVII d’Iarscríbhinn II.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha na Treorach oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3(1), 3(5), 3(6), 5(4), 5(5) agus 8 maidir le Stáit CSTE.

(b)

In Airteagal 3:

(i)

i mír 2, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Leagfaidh gach Stát CSTE amach sprioc náisiúnta tháscach maidir le fuinneamh in-athnuaite arna shloinneadh mar sciar an fhuinnimh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide féin i gcomhréir le hAirteagail 3 go 5 agus 9 go 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Agus dréachtaí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin á n-ullmhú ag Stáit CSTE, féadfaidh siad an fhoirmle dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a bhreithniú.”

;

(ii)

i mír 4, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Ón 1 Eanáir 2026, ní bheidh sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh gach Stáit CSTE níos ísle ná an sciar bonnlíne a léirítear sa tríú colún den tábla atá i gCuid A d'Iarscríbhinn I. Déanfaidh Stáit CSTE na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an sciar bonnlíne sin.”.

(c)

In Airteagal 4:

(i)

i mír 1, cuirfear an abairt seo a leanas isteach:

“Chun gur féidir le Stáit CSTE a spriocanna náisiúnta táscacha maidir le fuinneamh in-athnuaite féin a bhaint amach nó a shárú, spriocanna a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Treoir seo, féadfaidh Stáit CSTE scéimeanna tacaíochta a chur i bhfeidhm.”

;

(ii)

i mír 3, cuirfear na focail “reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas is infheidhme de bhun Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir leis an margadh inmheánach do leictreachas”.

(d)

In Airteagal 5(2), cuirfear na focail “reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach sa leictreachas is infheidhme de bhun Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “dhlí an Aontais maidir leis an margadh inmheánach sa leictreachas”.

(e)

In Airteagal 4(9), cuirfear na focail “d’Airteagail 61 agus 62 de Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “d’Airteagail 107 agus 108 CFAE”, in Airteagal 6(1), cuirfear na focail “le hAirteagail 61 agus 62 de Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 de CFAE” agus in Airteagal 21(7), cuirfear na focail “d’Airteagail 61 agus 62 de Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “d’Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE” agus in Airteagal 22(7), cuirfear na focail “d’Airteagail 61 agus 62 de Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “d’Airteagal 107 agus d’Airteagal 108 CFAE”.

(f)

Sa tríú fomhír d’Airteagal 7(5), cuirfear na focail “, na hÍoslainne” isteach tar éis na bhfocal “na Cipire”.

(g)

In Airteagal 16(4) agus (5), cuirfear isteach na focail “, nó i gcás ina mbeidh dualgas ar an Iorua dul i gcomhairle leis na daoine den phobal Sámach” i ndiaidh na bhfocal “imthosca urghnácha”.

(h)

In Airteagal 16(6), cuirfear isteach na focail “, nó i gcás ina mbeidh dualgas ar an Iorua dul i gcomhairle leis na daoine den phobal Sámach” i ndiaidh na bhfocal “suiteáil”.

(i)

In Airteagal 19(11), cuirfear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Ní aithneoidh Stáit CSTE ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag tríú tír ach amháin i gcás ina bhfuil an tAontas tar éis comhaontú a thabhairt chun críche leis an tríú tír sin i dtaobh aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint san Aontas agus ar chórais um ráthaíochtaí comhoiriúnacha tionscnaimh arna mbunú sa tríú tír sin, agus go bhfuil Stáit CSTE tar éis comhaontú atá coibhéiseach cuid mhaith a thabhairt chun críche leis an tríú tír sin, agus i gcás ina mbíonn onnmhairiú nó allmhairiú fuinnimh á dhéanamh go díreach, agus sa chás sin amháin.

Féachfaidh Stáit CSTE leis na comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt i gcrích.”.

(j)

In Airteagal 19(12) cuirfear na focail “Comhaontú LEE” in ionad na bhfocal “dlí an Aontais” agus in Airteagal 36(3), cuirfear na focail “Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “dhlí an Aontais”.

(k)

In Airteagal 20(3), cuirfear isteach na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, a sprioc náisiúnta tháscach féin maidir le fuinneamh in-athnuaite a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 3(2)” isteach tar éis na bhfocal “cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo”.

(l)

In Airteagal 23(1), ní bheidh feidhm ag na focail “a ríomhtar de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 7, gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo” maidir le Stáit CSTE.

(m)

In Airteagal 23(2)(b), cuirfear isteach na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, nuair atá a sciar fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear leictreachas in-athnuaite, a úsáidtear san earnáil téimh agus fuaraithe os cionn 60 %, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil” tar éis na bhfocal “an meánardú bliantúil”.

(n)

In Airteagal 29(1)(a), ní bheidh feidhm ag na focail “rannchuidiú le sprioc an Aontais a shocraítear in Airteagal 3(1) agus” maidir le Stáit CSTE.

(o)

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 25 go 31 maidir le Lichtinstéin go dtí go mbeidh Treoir (AE) 2018/2001, arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 ionchorpraithe i gComhaontú LEE.

(p)

Cuirfear an méid seo a leanas leis an tábla i bpointe A d’Iarscríbhinn I:

 

Sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh, 2005 (S2005)

An sprioc do sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh, 2020 (S2020)

“an Íoslainn

55,0  %

64 %

an Iorua

58,2  %

67,5  %

Lichtinstéin

7 %

24 %”

(q)

I bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 6 d’Iarscríbhinn IV, cuirtear na focail “an dlí náisiúnta agus an reachtaíocht is infheidhme de bhun Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “dlí náisiúnta agus dlí an Aontais”.’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 agus Threoir (AE) 2018/2001, arna ceartú le IO L 311, 25.9.2020, lch. 11 agus IO L 41, 22.2.2022, lch. 37, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an …, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i/in/sa …, …

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 139, 18.5.2022, lch. 1.

(2)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(3)   IO L 140, 5.6.2009, lch. 16.

(4)   IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj.

(5)   IO L 304, 14.11.2008, lch. 1.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


Dearbhú ó Stáit CSTE a ghabhann le Cinneadh Uimh. …

lena n-ionchorpraítear sa Chomhaontú Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

[lena ghlacadh leis an gCinneadh agus lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil]

Le hionchorprú Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gComhaontú LEE, leathnaítear an creat rialála coiteann maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn chuig Stáit CSTE. Ní chuimsítear Stáit CSTE i bpríomhsprioc an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite. Mar sin féin, tá a spriocanna náisiúnta táscacha féin maidir le fuinneamh in-athnuaite leagtha síos ag Stáit CSTE mar seo a leanas:

—

Tá sprioc náisiúnta tháscach maidir le fuinneamh in-athnuaite leagtha síos ag an Íoslainn, arna sloinneadh mar sciar an fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh 80 % in 2030. Tá sprioc náisiúnta na hÍoslainne maidir le fuinneamh in-athnuaite bunaithe ar anailís agus réamhaisnéis Ghníomhaireacht na hÍoslainne maidir leis an gComhshaol agus Fuinnimh (UOS) i dtreo 2030. Tá na hearnálacha leictreachais agus téimh san Íoslainn bunaithe ar fhoinsí fuinnimh hidreachumhachta agus fuinnimh gheoiteirmigh, foinsí atá 100 % in-athnuaite. Tá sprioc tháscach na hÍoslainne maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 sé phointe céatadáin déag níos airde ná an sprioc náisiúnta maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2020.

—

An 6 Samhain 2020, ghlac Parlaimint Lichtinstéin (Landtag) a Straitéis Fuinnimh do 2030 ina leagtar amach sprioc náisiúnta 30 % maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite. Déanfar an cuspóir sin a shaothrú mar a leanas: Thart ar 17 % ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite intíre (go príomha fótavoltachas agus, i gcás inar féidir, cumhacht ghaoithe agus, ar scála níos lú, bithmhais) agus thart ar 13 % ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite allmhairithe (breoslaí sintéiseacha, hidrigin in-athnuaite). Déanfar tuairisciú ar bhaint amach cuspóirí gach bliain (mar chuid de thuarascáil faireacháin le cur faoi bhráid Pharlaimint Lichtinstéin).

—

Tá sprioc náisiúnta tháscach maidir le fuinneamh in-athnuaite leagtha amach ag an Iorua, arna sloinneadh mar sciar an fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh arb é a bheidh ann 77,5 % in 2030. Tá sprioc náisiúnta na hIorua maidir le fuinneamh in-athnuaite bunaithe ar anailís agus réamhaisnéisí Ghníomhaireacht Fuinnimh na hIorua (NVE) i dtreo 2030, agus ar mheasúnuithe inmheánacha arna ndéanamh ag Aireacht Fuinnimh na hIorua. Tá túsphointe na hIorua an-ard toisc gur ceannródaí a bhí inti maidir le fuinneamh in-athnuaite. An tráth céanna, fágann sé sin go bhfuil na bearta is costéifeachtúla agus is éasca teacht orthu in úsáid cheana féin. Tá sprioc tháscach na hIorua maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 10 bpointe céatadáin níos airde ná an sprioc náisiúnta maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh 67,5 % in 2020.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1430/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)