8.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 286/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2175 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Lúnasa 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le costais aonaid a shainiú agus méideanna a bhunú le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais le haghaidh oibríochtaí áirithe lena n-éascaítear daoine óga a lánpháirtiú i margadh an tsaothair, san oideachas agus sa tsochaí faoi chuimsiú thionscnamh ALMA (Aim, Learn, Master, Achieve - Beartaigh, Foghlaim, Máistir, Gnóthaigh)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (1), agus go háirithe Airteagal 94(4) agus 95(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’fhonn úsáid CSE+ a shimpliú agus an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, is iomchuí costais aonaid áirithe a shainiú agus méideanna a bhunú le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais atá ar fáil chun ranníocaíocht an Aontais le cláir a aisíoc.

(2)

Ba cheart na costais aonaid atá le haisíoc leis na Ballstáit a bhunú ar bhonn modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe atá bunaithe ar shonraí stairiúla nó staidrimh, dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den dara fomhír d’Airteagal 94(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

(3)

Agus na méideanna á socrú le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais ar leibhéal an Aontais, ba cheart a áirithiú go n-urramófar prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe go bhfuil na hacmhainní a úsáidfear leordhóthanach le haghaidh na n-infheistíochtaí atá á ndéanamh, chomh maith leis an toirmeasc ar chistiú dúbailte.

(4)

Agus na gealltanais, a tugadh faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí agus chun comhdheiseanna a chruthú, á n-athdhearbhú, is iomchuí dreasachtaí a éascú agus a chruthú chun oibríochtaí, lena dtugtar tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht agus don oideachas do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, a chur chun feidhme.

(5)

Faoi chuimsiú chur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg atreisithe, mar aon le tionscnamh Bhliain na hÓige 2022, agus ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (2), sheol an Coimisiún tionscnamh ALMA (Aim, Learn, Master, Achieve - Aimsigh, Foghlaim, Máistir, Gnóthaigh) (3), arb é is aidhm dó lánpháirtiú daoine óga i margadh an tsaothair, san oideachas agus sa tsochaí a chothú.

(6)

Is iomchuí costais aonaid a shainiú agus méideanna a bhunú le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais le haghaidh cláir nó tosaíochtaí a thacaíonn le ALMA. Ba cheart é a bheith indéanta na costais aonaid sin agus na méideanna sin le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais a úsáid le haghaidh oibríochtaí a thacaíonn le daoine óga faoi mhíbhuntáiste a lánpháirtiú i margadh an tsaothair, san oideachas agus sa tsochaí.

(7)

Ba cheart a áireamh ar na hoibríochtaí sin céim ullmhúcháin shaincheaptha i mBallstát baile an rannpháirtí, tréimhse thionlactha ar an gcoigríoch le socrúchán i bhfiontar nó in institiúid i mBallstát eile, agus tacaíocht leanúnach ar fhilleadh dóibh.

(8)

Tá difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit maidir le leibhéal na gcostas don chineál sin oibríochta. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart leis na méideanna arna mbunú ag an gCoimisiún go léireofaí sainiúlachtaí gach Ballstáit.

(9)

Ina theannta sin, d’fhonn dreasacht a chruthú do na Ballstáit chun tacú le gníomhaíochtaí le haghaidh na ndaoine óga sin atá faoi mhíbhuntáiste in aon Bhallstát eile, lena n-áirítear iad siúd ina bhfuil na costais mhaireachtála níos airde, is iomchuí breisiú a shainiú a bheidh le híoc le cláir ar feadh na tréimhse lonnaithe i mBallstát eile chun leibhéal níos airde costas a thabhaítear i roinnt Ballstát a léiriú.

(10)

Is iomchuí freisin breisiú breise a bhunú chun na Ballstáit a spreagadh chun foráil a dhéanamh maidir le liúntais do rannpháirtithe i gcás inar gá sin chun caighdeán sásúil maireachtála a áirithiú do na daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste sna Ballstáit sin. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás nach bhfuil an rannpháirtí i dteideal sochair slándála sóisialta ina Bhallstát baile. Ba cheart gur faoin údarás bainistíochta a bheadh sé measúnú a dhéanamh ar riachtanas den sórt sin agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil liúntas den sórt sin le deonú ar rannpháirtithe.

(11)

Ina theannta sin, tá údar maith le sainiú a dhéanamh ar bhreisiú a chuirfí i bhfeidhm le haghaidh rannpháirtíocht rathúil. D’íocfaí an méid sin leis na Ballstáit mar chúiteamh ar a n-iarrachtaí breise.

(12)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh na costais aonaid ina n-athróga ionadacha iomchuí maidir le costais iarbhír a thabhaítear agus go leanfaidh na méideanna le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais de bheith leordhóthanach don infheistíocht atá á déanamh le linn na clárthréimhse, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le modh coigeartaithe iomchuí.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn na coinníollacha maidir le haisíoc ranníocaíocht an Aontais le hoibríochtaí CSE+ ar bhonn costais aonaid agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, lena n-áirítear na cineálacha oibríochtaí a chumhdaítear agus na torthaí atá le baint amach nó na coinníollacha atá le comhlíonadh, méid na haisíocaíochta sin agus an modh chun an méid sin a choigeartú.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 159

(2)   IO L 80, 8.3.2021, lch. 1.

(3)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1549&langId=ga


IARSCRÍBHINN

Coinníollacha maidir le haisíoc ranníocaíocht an Aontais le cláir de réir Airteagail 94(4) agus 95(4) de Rialachán (AE) 2021/1060 ar bhonn costais aonaid agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais le haghaidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi thionscnamh “ALMA”

1.   Cineálacha oibríochtaí a chumhdaítear leis an aisíocaíocht bunaithe ar chostais aonaid agus ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) lena gcuirtear chun cinn cur chun feidhme thionscnamh ALMA maidir le cuimsiú gníomhach (1) (Aim, Learn, Master, Achieve – Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) arb é is aidhm dóibh cumhacht a thabhairt do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste idir 18 agus 29 mbliana d’aois post nó printíseacht a fháil nó oideachas a atosú agus, ar an gcaoi sin, athimeascadh sa tsochaí (dá ngairtear “oibríochtaí ALMA” anseo feasta). I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an tÚdarás Bainistíochta cinneadh a dhéanamh aois an spriocghrúpa a shíneadh chun daoine óga faoi mhíbhuntáiste idir 15 agus 17 mbliana d’aois a chuimsiú.

Tá trí chéim in oibríochtaí ALMA:

1.

Ullmhúchán: cuirfear dianoiliúint agus dianchóitseáil shaincheaptha ar na rannpháirtithe ina mBallstát baile chun iad a ullmhú le haghaidh tréimhse lonnaithe ar an gcoigríoch.

2.

Soghluaisteacht: caithfidh na rannpháirtithe idir dhá mhí agus sé mhí i mBallstát eile, agus iad comhtháite i dtimpeallacht oibre cuideachta nó institiúide. Ní mór 30 % ar a laghad d’fhad iomlán beartaithe na hoibríochta a bheith sa chéim sin.

3.

Obair leantach: Tar éis dóibh filleadh, le tacaíocht leanúnach, treorófar na rannpháirtithe chun a gcuid scileanna nuafhaighte a úsáid ina mBallstát baile chun fostaíocht nó breisoideachas a fháil.

Ní bheidh feidhm ag na méideanna agus na coinníollacha sainithe maidir le cláir a shuigh a roghanna costas simplithe sonracha féin nó a scéimeanna féin maidir le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 94(2) nó le hAirteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, faoi seach, don chineál sin oibríochtaí.

2.   Sainiú ar na costais aonaid agus ar an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Leagtar amach an sainiú ar an táscaire lena spreagtar íocaíocht, ar an aonad tomhais agus ar mhéid na gcostas aonaid i bhFoscríbhinn 1. Déantar na méideanna laethúla a chomhaireamh in aghaidh an lae féilire agus tá feidhm acu freisin maidir le rannpháirtithe a éiríonn as an oibríocht roimh am.

Leagtar amach i bhFoscríbhinn 2 na coinníollacha atá le comhlíonadh, na torthaí atá le baint amach, an t-aonad tomhais gaolmhar agus méid an mhaoinithe nach bhfuil nasctha le costais.

3.   Coigeartú

Socraítear na méideanna le haghaidh na gcodanna sin d’oibríocht a dhéantar le linn 2022. Déanfar iad a choigeartú de réir leibhéil na bpraghsanna agus an bhoilscithe trí úsáid a bhaint as innéacsanna Eurostat sonracha an Bhallstáit don bhoilsciú bliantúil ón Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) (2) le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin. Déanfar na méideanna a thabhairt cothrom le dáta uair amháin in aghaidh na bliana agus beidh feidhm ag an méid nua maidir leis na codanna sin d’oibríocht a chuirfear chun feidhme sa bhliain féilire nua.


(1)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1549&langId=ga

(2)  https://ec.europa.eu/eurostat/web/hicp/overview


FOSCRÍBHINN 1

Aisíocaíocht bunaithe ar chostais aonaid

1.   Sainiú ar an táscaire a spreagann íocaíocht

Daoine óga faoi mhíbhuntáiste idir 15 agus 29 mbliana d’aois a ghlacann páirt in oibríocht ALMA.

2.   Aonad tomhais

An líon laethanta rannpháirtíochta in aon chéim den oibríocht (céim ullmhúcháin, céim shoghluaisteachta agus céim leantach) in aghaidh an duine.

3.   Méideanna

Tá feidhm chothrom ag na costais aonaid laethúla in aghaidh an rannpháirtí maidir le gach ceann de na trí chéim den oibríocht. Leagtar amach na méideanna sa tábla thíos agus tagairt á déanamh don Bhallstát ina gcuireann an tairbhí an oibríocht chun feidhme.

Tábla 1

Bunchostais aonaid in aghaidh an lae (in EUR):

AT

BE

BG

CY

CZ

DE

DK

EE

EL

80,53

77,45

31,92

59,24

46,37

77,61

86,91

50,34

50,80

ES

FI

FR

HR

HU

IE

IT

LT

LU

109,20

78,19

73,00

41,09

41,80

90,51

66,31

49,78

121,23

LV

MT

NL

PL

PT

RO

SE

SI

SK

44,75

56,87

80,34

37,41

54,10

38,65

79,64

69,44

47,98


FOSCRÍBHINN 2

Aisíocaíocht bunaithe ar mhéideanna le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

1.   Íocaíocht bhreise do rannpháirtithe a théann chuig Ballstát lena mbaineann costais mhaireachtála níos airde

Cuirtear an breisiú laethúil i bhfeidhm, le haghaidh chéim na soghluaisteachta, ar rannpháirtithe in oibríocht ALMA atá ag caitheamh a dtréimhse oibre ar an gcoigríoch laistigh de Bhallstát lena mbaineann costais mhaireachtála níos airde ná mar atá siad sa Bhallstát ina dtarlaíonn na céimeanna eile den oibríocht. Tá feidhm ag an íocaíocht bhreise seo maidir le rannpháirtithe a théann ó Bhallstáit ghrúpa 2 agus ghrúpa 3 chuig Ballstáit ghrúpa 1 agus ghrúpa 2, faoi seach, i gcomhréir le táblaí 2 go 4 thíos.

Tábla 2

Aicmiú na mBallstát i ngrúpaí

Ballstát

Grúpa 1

DK

FI

IE

LU

SE

 

 

 

 

 

 

Grúpa 2

AT

BE

CY

DE

EL

ES

FR

IT

MT

NL

PT

Grúpa 3

BG

CZ

EE

HR

HU

LT

LV

SI

SK

PL

RO


Tábla 3

Breisiú laethúil le haghaidh chéim shoghluaisteachta na n-oibríochtaí a dhéantar in BG, CZ, EE, HR, HU, LT, LV, PL, RO, SI agus SK

An Ballstát ina ndéantar oibríochtaí ALMA

BG

CZ

EE

HR

HU

LT

LV

PL

RO

SI

SK

Céim na soghluaisteachta á déanamh i mBallstát ó ghrúpa 2

5,00

7,27

7,89

6,44

6,55

7,80

7,01

5,86

6,06

10,88

7,52

Céim na soghluaisteachta á déanamh i mBallstát ó ghrúpa 1

11,86

17,23

18,71

15,27

15,54

18,50

16,63

13,90

14,36

25,81

17,83


Tábla 4

Breisiú laethúil le haghaidh chéim shoghluaisteachta na n-oibríochtaí a dhéantar in AT, BE, CY, DE, EL, ES, FR, IT, MT, NL agus PT

An Ballstát ina ndéantar oibríochtaí ALMA

AT

BE

CY

DE

EL

ES

FR

IT

MT

NL

PT

Céim na soghluaisteachta á déanamh i mBallstát ó ghrúpa 1

14,97

14,39

11,01

14,42

9,44

20,29

13,57

12,32

10,57

14,93

10,05

2.   Íocaíocht bhreise roghnach do rannpháirtithe a fhaigheann liúntas ón tairbhí

Cuirtear na méideanna a leagtar amach i dtábla 5 thíos i bhfeidhm maidir le rannpháirtithe a fhaigheann an méid céanna mar liúntas laethúil ón tairbhí. Féadfar an íocaíocht bhreise sin a chur i bhfeidhm maidir le céim amháin, dhá chéim nó gach ceann de thrí chéim na hoibríochta. Maidir le céim na soghluaisteachta, beidh feidhm ag méid an Bhallstáit óstaigh.

Tábla 5

Íocaíocht bhreise laethúil do rannpháirtithe a fhaigheann liúntas ón tairbhí

AT

BE

BG

CY

CZ

DE

DK

EE

EL

42,29

40,45

6,94

26,65

16,43

38,65

50,49

18,84

13,47

ES

FI

FR

HR

HU

IE

IT

LT

LU

24,68

40,90

37,09

12,01

9,62

41,96

28,22

12,47

59,76

LV

MT

NL

PL

PT

RO

SE

SI

SK

13,46

25,24

40,46

11,71

16,48

6,33

40,23

23,12

13,35

3.   Íocaíocht bhreise do rannpháirtithe rathúla

Cuirtear breisiú laethúil i bhfeidhm le haghaidh líon laethanta rannpháirtíochta an duine aonair; faoi seach; in oibríocht ALMA maidir leis na rannpháirtithe uile a fhaigheann fostaíocht, a chláraíonn nó a fhilleann ar bhreisoiliúint, ar oideachas nó ar chlár margaidh saothair laistigh de 6 mhí tar éis dóibh oibríocht ALMA a fhágáil.

Tábla 6

Breisiú laethúil le haghaidh rannpháirtithe rathúla de réir an Bhallstáit ina ndéantar an chéim ullmhúcháin (in EUR):

AT

BE

BG

CY

CZ

DE

DK

EE

EL

6,44

6,20

2,55

4,74

3,71

6,21

6,95

4,03

4,06

ES

FI

FR

HR

HU

IE

IT

LT

LU

8,74

6,25

5,84

3,29

3,34

7,24

5,30

3,98

9,70

LV

MT

NL

PL

PT

RO

SE

SI

SK

3,58

4,55

6,43

2,99

4,33

3,09

6,37

5,56

3,84