|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/226 |
27.1.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/226 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Iúil 2025
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais, idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2022/1158 (1), d’údaraigh an Chomhairle síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (2) (‘an Comhaontú’). Cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó bhí an 29 Meitheamh 2022 ann, formheasadh a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2022/2435 ón gComhairle (3) agus le Cinneadh Uimh. 2/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar earraí de bhóthar (4), cuireadh síneadh leis go dtí an 30 Meitheamh 2024. |
|
(2) |
I gcomhréir le Cinneadh(AE) 2024/1876 ón gComhairle (5), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022 (6) (‘an Comhaontú leasaitheach’) an 20 Meitheamh 2024, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Cuireadh an Comhaontú leasaitheach i bhfeidhm go sealadach ó lá a shínithe. |
|
(3) |
Léiríodh go bhfuil an Comhaontú fíor-riachtanach don Úcráin, go dtugtar leis tacaíocht do shochaí agus geilleagar na hÚcráine trí chead a thabhairt d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus na hÚcráine oibríochtaí iompair lasta a dhéanamh chuig críoch na hÚcráine agus tríthi chuig an Aontas agus vice versa, agus ar an gcaoi sin go dtacaíonn sé leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta don Úcráin freisin. Tá éifeachtaí dearfacha aige don Aontas freisin, go háirithe i ndáil le honnmhairí an Aontais chuig an Úcráin. |
|
(4) |
Tá na coinníollacha lena dtugtar údar do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe fós i réim, go háirithe an suaitheadh nach beag atá le sárú ag earnáil an iompair san Úcráin tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. |
|
(5) |
I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla agus uathúla a fhágann gur gá an Comhaontú leasaitheach a thabhairt i gcrích, agus i gcomhréir leis na Conarthaí, is iomchuí don Aontas an inniúlacht roinnte ábhartha atá tugtha dó sna Conarthaí a fheidhmiú go sealadach. Ba cheart aon éifeacht de chuid an Chinnidh seo ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Níor cheart, dá bhrí sin, an inniúlacht arna feidhmiú ag an Aontas ar bhonn an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe a fheidhmiú ach amháin le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Dá réir sin, scoirfidh an inniúlacht roinnte a fheidhmítear ar an gcaoi sin de bheith á feidhmiú ag an Aontas a luaithe a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh bhearta sin an Aontais, déanfaidh na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú arís, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i ndiaidh an dáta sin. Thairis sin, meabhraítear, mar a leagtar amach sa Phrótacal maidir le hinniúlacht roinnte a fheidhmiú atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, nach gcumhdaítear le raon feidhme fheidhmiú inniúlacht an Aontais sa Chinneadh seo ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú agus nach gcumhdaítear an réimse go léir leis. Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais leis an gCinneadh seo d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a dhéanfar amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú nó a thabhairt i gcrích le haon tríú tír eile sa réimse sin. |
|
(6) |
Ag an gcruinniú den Chomhchoiste a tionóladh an 18 Nollaig 2023, thángthas ar an gconclúid go gcomhlíonann an Comhaontú an cuspóir atá beartaithe dó agus go bhfuil na bunchoinníollacha lena dtugtar údar don Chomhaontú fós bailí. Mar sin féin, thug na Páirtithe dá n-aire freisin roinnt saincheisteanna a eascraíonn as cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus as an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an leibhéal áitiúil ar an earnáil iompair de bhóthar san Aontas. Dá bhrí sin, tá gá le hathruithe teoranta ar an gComhaontú chun a fhorfheidhmiú a éascú agus a chur chun feidhme a neartú. |
|
(7) |
Chun go leanfaidh an tAontas agus an Úcráin araon de thairbhe a bhaint as éifeachtaí dearfacha an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an Úcráin agus an tAontas agus tríd an Úcráin a éascú, agus faoi réir na leasuithe riachtanacha, ba cheart an Comhaontú a fhadú go dtí an 30 Meitheamh 2025, agus an fhéidearthacht ann athnuachan intuigthe a dhéanamh ar feadh tréimhse amháin 6 mhí. |
|
(8) |
Ba cheart an Comhaontú leasaitheach a fhormheas. |
|
(9) |
I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún an fógra a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Chomhaontú leasaitheach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022 (‘an Comhaontú leasaitheach’) a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
1. Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe teoranta do thréimhse chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais agus faoi réir chomhlíonadh bhearta sin an Aontais, tar éis dheireadh na tréimhse cur i bhfeidhm sin, scoirfidh an tAontas láithreach den inniúlacht sin a fheidhmiú agus déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE.
2. Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe gan dochar d’inniúlacht na mBallstát in aon chaibidlíocht, síniú nó tabhairt i gcrích atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar le haon tríú tír eile, agus leis an Úcráin i leith na tréimhse ar dá héis a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige.
3. Ní chumhdaítear le feidhmiú inniúlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.
4. Tá an Cinneadh seo agus an Comhaontú gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus an Aontais faoi seach i réimse an iompair earraí de bhóthar maidir leis na heilimintí seachas na heilimintí sin a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.
Airteagal 3
Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais, chun an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Chomhaontú leasaitheach, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 179, 6.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1158/oj).
(2) IO L 179, 6.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1158/oj.
(3) Cinneadh (AE) 2022/2435 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 319, 13.12.2022, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2435/oj).
(4) Cinneadh Uimh. 2/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 16 Márta 2023 maidir le leanúint leis an gComhaontú (IO L 123, 8.5.2023, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/929/oj).
(5) Cinneadh (AE) 2024/1876 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022 (IO L, 2024/1876, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1876/oj).
(6) IO L, 2024/1878, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1878/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/226/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)