European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1779

22.3.2024

P9_TA(2023)0304

Creidmheasanna tomhaltóirí

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creidmheasanna tomhaltóirí (COM(2021)0347 – C9-0244/2021 – 2021/0171(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/1779)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0347),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0244/2021),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021  (1),

—

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 26 Aibreán 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0212/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 105, 4.3.2022, lch. 92.


P9_TC1-COD(2021)0171

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Meán Fómhair 2023 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2023/2225.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1779/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)