European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1780

22.3.2024

P9_TA(2023)0305

Tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 agus Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle (COM(2022)0174 – C9-0148/2022 – 2022/0115(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/1780)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0174),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 118(2) agus 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0148/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2022  (1),

—

ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 11 Deireadh Fómhair 2022  (2),

—

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 24 Bealtaine 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0049/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 486, 21.12.2022, lch. 129.

(2)   IO C 498, 30.12.2022, lch. 57.


P9_TC1-COD(2022)0115

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Meán Fómhair 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2411.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1780/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)