20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 141/47


CINNEADH (AE) 2022/793 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Bealtaine 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) síníodh é an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

De bhun Airteagal 406(1) den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais moltaí a ghlacadh d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.

(3)

Chun cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a éascú, chomhaontaigh na Páirtithe Clár Oibre Comhlachais a bhunú ina liostaítear tosaíochtaí dá gcuid oibre comhpháirtí de réir earnála.

(4)

Glacfaidh an Chomhairle Comhlachais moladh maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 trí nós imeachta i scríbhinn.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 mar bhonn don chlársceidealú faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bheith bunaithe ar an dréacht-Mholadh atá i gceangal leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027, beidh sé bunaithe ar an dréachtmholadh ón gComhairle Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seoi bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 261, 30.8.2014, p. 4.

(2)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).


DRÉACHT

MOLADH Uimh. 1/2022 Ó CHOMHAIRLE COMHLACHAIS AE-AN tSEOIRSIA

an …

maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027

TÁ COMHAIRLE COMHLACHAIS AE-AN tSEOIRSIA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), síníodh é an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

De bhun Airteagal 406(1) den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais moltaí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.

(3)

De bhun Airteagal 420(1) den Chomhaontú, tá na Páirtithe chun aon bhearta ginearálta nó sonracha is gá a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoin gComhaontú a chomhlíonadh agus tá siad lena áirithiú go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú.

(4)

Déantar foráil in Airteagal 11 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhlachais maidir leis an bhféidearthacht cinntí a ghlacadh agus moltaí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn, má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh.

(5)

Chomhaontaigh an tAontas agus an tSeoirsia a gcomhpháirtíocht a chomhdhlúthú trí shraith tosaíochtaí a chomhaontú don tréimhse 2021-2027 (‘Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027’) maidir leis an obair chomhpháirteach i dtreo na gcuspóirí um chomhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a bhaint amach, mar a leagtar amach sa Chomhaontú.

(6)

Chomhaontaigh na Páirtithe leis an gComhaontú téacs Chlár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027, a thacóidh le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, ag díriú ar chomhar maidir le leasanna comhroinnte a sainaithníodh go comhpháirteach,

TAR ÉIS AN MOLADH A LEANAS A GHLACADH:

Airteagal 1

Molann an Chomhairle Comhlachais do na Páirtithe Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 a chur chun feidhme, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn (2).

Airteagal 2

Cuirfear Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, in ionad Chlár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia a glacadh an 20 Samhain 2017.

Airteagal 3

Beidh éifeacht leis an Moladh seo ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh in Tbilisi, [lá mí bliain].

Thar ceann na Comhairle Comhlachais

An Cathaoirleach


(1)   IO AE L 261, 30.8.2014, lch. 4.

(2)  Féach ar dhoiciméid ST 8327/22 ADD 2 ar https://register.consilium.europa.eu.