|
18.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/89 |
CINNEADH (AE) 2022/766 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Aibreán 2022
maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Éire isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais don tríú tréimhse thagartha
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2287)
(Is ag na téacsanna sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a bheidh an t – údarás agus acu siúd amháin)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad mhír, de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, bunófar scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tarraingeoidh na Ballstáit suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (‘FABanna’), spriocanna feidhmíochta ceangailteacha do gach tréimhse thagartha de chuid na scéime feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún don tréimhse thagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá beartaithe sna dréachtphleananna feidhmíochta arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais agus úsáid á baint as na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(2) |
Ó bhí an chéad ráithe den bhliain féilire 2020 ann, bhí tionchar suntasach ag ráig phaindéim COVID-19 ar earnáil an aeriompair agus tá méid an aerthráchta laghdaithe go mór i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh. |
|
(3) |
Leagadh amach spriocanna feidhmíochta uile-Aontais don tríú tréimhse tagartha (‘RP3’) ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta sin ar fud an Aontais agus na dréachtphleananna feidhmíochta RP3 a chuir na Ballstáit isteach, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu. |
|
(4) |
Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta uile-Aontais athbhreithnithe do RP3. |
|
(5) |
Tugann an Coimisiún dá aire go mbeidh an t-aerthrácht ar leibhéal an Aontais i rith na bliana 2023 níos airde ná na leibhéil sin in 2024 i gcás na dtionscadal de chuid Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (‘STATFOR’) i mí Dheireadh Fómhair 2021. Mar sin féin, tá leibhéal na neamhchinnteachta maidir le forbairt tráchta fós an-ard i ngeall ar na rioscaí a bhaineann le héabhlóid staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire freisin go meastar nach mbeidh an téarnamh tráchta cothrom ar fud na mBallstát. |
|
(6) |
Tá dréachtphlean feidhmíochta forbartha agus glactha ag gach Ballstát ina bhfuil spriocanna feidhmíochta áitiúla athbhreithnithe do RP3, a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis iomláine na ndréachtphleananna feidhmíochta sin a fhíorú, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit dréachtphleananna feidhmíochta nuashonraithe a chur isteach faoin 17 Samhain 2021. Tá an measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo bunaithe ar an bplean feidhmíochta nuashonraithe a chuir Éire isteach. |
|
(7) |
Chuir an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, a thugann cúnamh don Choimisiún i gcur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil a chomhairle faoin measúnú ar dhréachtphleananna feidhmíochta RP3. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá beartaithe ag Éirinn ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus cúinsí áitiúla á gcur san áireamh. Maidir le gach príomhréimse feidhmíochta agus maidir leis na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún an measúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtphlean feidhmíochta i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
MEASÚNÚ ÓN GCOIMISIÚN
Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta sa phríomhréimse feidhmíochta sábháilteachta
|
(9) |
Maidir leis an bpríomhréimse feidhmíochta sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna arna gcur isteach ag Éirinn maidir le héifeachtacht bainistithe sábháilteachta soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta bunaithe ar an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Rinneadh an measúnú sin agus cúinsí áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(10) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta sa phríomhréimse feidhmíochta a mholann Éire maidir le héifeachtacht bainistíochta sábháilteachta, a mhiondealaítear de réir an chuspóra bainistíochta sábháilteachta agus a léirítear mar leibhéal cur i bhfeidhm:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(11) |
Chinn an Coimisiún go bhfuil na dréachtspriocanna sábháilteachta atá molta ag Éirinn don soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (IAA) comhionann leis na spriocanna sábháilteachta uile-Aontais do gach bliain féilire ó 2021 go 2024. |
|
(12) |
Tugann an Coimisiún dá aire go ndéantar tagairt sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Éire isteach do bhearta atá beartaithe ag IAA sa phlean gnó chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach. Áirítear ar na bearta cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/373 (6) ón gCoimisiún chomh maith le hinfheistíochtaí a bhaineann le sábháilteacht. Deir NSA go leanfaidh sé d’athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar thorthaí éifeachtachta cheistneoir an bhainistithe sábháilteachta agus go bhforchuirfidh sé bearta feabhais in aon réimse a bhaineann le neamhchomhlíontachta d’fhonn na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach. |
|
(13) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (11) agus (12), agus ós rud é nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoin mbliain dheireanach RP3, i.e. 2024, ba cheart na dréachtspriocanna a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann a mheas a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta. |
Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil
|
(14) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna arna gcur isteach ag Éirinn maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach na conaire iarbhír ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna beartaithe atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha maidir le héifeachtúlacht eitilte faoi bhealach a leagtar amach sa Phlean Feabhsúcháin Líonra Bealaigh Eorpach (‘ERNIP’) atá ar fáil tráth a ghlacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais do RP3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus cúinsí áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(15) |
I ndáil leis an mbliain féilire 2020, níor athbhreithníodh an sprioc feidhmíochta uile-Aontais do RP3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, a leagadh amach ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891, ós rud é go raibh an tréimhse ama do chur i bhfeidhm na spriocanna sin imithe in éag agus dá bhrí sin go raibh a chur chun feidhme críochnaitheach gan aon deis a bheith ann coigeartú aisghníomhach a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh, sna dréachtphleananna feidhmíochta arna gcur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, ar a spriocanna feidhmíochta áitiúla don bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais i ndáil leis na blianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(16) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta sa phríomhréimse feidhmíochta don chomhshaol atá molta ag Éirinn agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha do RP3 ón ERNIP, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach na conaire iarbhír:
|
|
(17) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna comhshaoil atá molta ag Éirinn comhionann leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha do gach bliain féilire ó 2021 go 2024. |
|
(18) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire gur chuir Éire roinnt beart i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta chun spriocanna comhshaoil áitiúil a bhaint amach lena n-áirítear atheagrú a dhéanamh ar Réigiún Faisnéise Eitilte na Sionainne (FIR) chomh maith le plean trasdula loingseoireachta feidhmíocht bhunaithe (PBN) a chur i bhfeidhm. |
|
(19) |
Ina theannta sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil aerspás saor bealaigh (FRA) curtha chun feidhme cheana féin ag Éirinn san aerspás uachtarach agus san aerspás níos ísle. |
|
(20) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach sna haithrisí (17) go (19) a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart na dréachtspriocanna a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann a mheasúnú a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. |
Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta sa phríomhréimse feidhmíochta acmhainneachta
|
(21) |
Maidir leis an bpríomhréimse feidhmíochta acmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Éire isteach maidir leis an meánmhoill bhainistíochta na sreibhe aerthráchta faoi bhealach (‘ATFM’) in aghaidh na heitilte ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna beartaithe atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann i gcomparáid leis na luachanna tagartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais do RP3, is é sin an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus cúinsí áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a bhaint amach. |
|
(22) |
I ndáil leis an mbliain féilire 2020, níor athbhreithníodh an sprioc feidhmíochta uile-Aontais do RP3 i bpríomhréimse feidhmíochta acmhainneachta, a leagadh amach ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891, ós rud é go raibh an tréimhse ama do chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus dá bhrí sin go raibh a chur chun feidhme críochnaitheach gan aon deis a bheith ann coigeartú aisghníomhach a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh, sna dréachtphleananna feidhmíochta arna gcur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, ar a spriocanna feidhmíochta áitiúla don bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta acmhainneachta. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar a chomhsheasmhaí atá na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i ndáil leis na blianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(23) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta faoi bhealach atá beartaithe ag Éirinn le haghaidh RP3, arna sloinneadh i nóiméid mhoill ATFM in aghaidh na heitilte, chomh maith leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ó Phlean Oibríochtaí an Líonra:
|
|
(24) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna acmhainneachta atá molta ag Éirinn comhionann leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha do gach bliain féilire ó 2021 go 2024. |
|
(25) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil réimse beart curtha i láthair ag Éirinn sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin earnáiliú aerspáis solúbtha, ilráitis rialtóirí aerthráchta (ATCOanna), ionad oibríochtaí teagmhais faoi bhealach d’Ionad Rialaithe Limistéir na Sionainne (ACC) agus tionscadail a dhíríonn ar acmhainní na hearnála a fheabhsú. |
|
(26) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24) agus (25), ba cheart measúnú a dhéanamh ar na dréachtspriocanna a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sa phríomhréimse feidhmíochta acmhainneachta. |
Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(27) |
Maidir le haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, rinne an Coimisiún a mheasúnú ar dhréachtspriocanna acmhainneachta faoi bhealach a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtspriocanna acmhainneachta do sheirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Suíodh go raibh na dréachtspriocanna ina n-ábhar imní maidir le hÉirinn. |
|
(28) |
Chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna atá beartaithe don RP3 don mheánmhoill sroichte ATFM idir 0,25 agus 0,20 nóiméad in aghaidh na heitilte do na blianta féilire 2021 go 2024 níos airde go mór ná feidhmíocht na moille ATFM a baineadh amach i rith na tréimhse uile ach in aon bhliain féilire amháin den dara tréimhse tagartha (‘RP2’), agus moill ATFM ar an meán de thart ar 0,15 nóiméad in aghaidh na heitilte a breathnaíodh le linn na tréimhse sin. |
|
(29) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún, i dtaca lena phlean deiridh feidhmíochta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, gur cheart d’Éirinn údar breise a thabhairt leis na spriocanna acmhainneachta críochfoirt i bhfianaise na mbarúlacha a leagtar amach thuas, nó gur cheart di athbhreithniú a dhéanamh síos ar na dréachtspriocanna acmhainneacht do sheirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt. |
Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta sa réimse tábhachtach feidhmíochta a bhaineann le costéifeachtúlacht
|
(30) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Éire isteach maidir leis an gcostas aonaid cinnte (‘DUC’) do sheirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach bunaithe ar na critéir a leagtar síos i bpointe 1.4(a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is éard atá sna critéir sin an treocht DUC thar RP3, treocht fhadtéarmach an DUC thar RP2 agus RP3 (2015-2024), agus an luach bonnlíne don DUC ar leibhéal an chreasa muirearaithe i gcomparáid le meánluach na gcriosanna muirearaithe ina bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. |
|
(31) |
Rinneadh na spriocanna éifeachtúlachta costas faoi bhealach a mheasúnú agus cúinsí áitiúla á gcur san áireamh. Rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na paraiméadair a thacaíonn leis na spriocanna sin mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(32) |
Seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe ag Éirinn do RP3:
|
|
(33) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go ndéantar an treocht ar fud an Aontais de +1,0 % le linn na tréimhse céanna a shárú le treocht DUC faoi bhealach in Éirinn ag leibhéal an chreasa muirearaithe de -0,4 % in aghaidh na bliana thar RP3. |
|
(34) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go sáraíonn treocht fhadtéarmach faoi bhealach DUC in Éirinn ag leibhéal an chreasa muirearaithe ar RP2 agus RP3 de -0,7 % in aghaidh na bliana an treocht fhadtéarmach uile-Aontais de -1,3 % thar an tréimhse chéanna. |
|
(35) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne EUR 25.03 d’Éirinn i ndearbhthéarmaí ag praghsanna 2017 (‘EUR 2017’) cothrom le 52,9 % níos ísle ná an meánluach bonnlíne EUR 53.20 in EUR 2017 den ghrúpa comparáide ábhartha. Tugann an Coimisiún dá aire go leanfaidh costas aonaid cinnte faoi bhealach na hÉireann don bhliain 2024 de bheith níos ísle de 51,1 % ná meán an ghrúpa chomparadóra. |
|
(36) |
Mar a shonraítear in aithris (33), is léir go sáraíonn treocht DUC in Éirinn thar RP3 treocht chomhfhreagrach uile-Aontais den chuid is mó. Ina theannta sin, tá DUC na hÉireann in 2024 níos ísle ná na luachanna bonnlíne do 2014 agus 2019, a léiríonn go mbaintear gnóthachain éifeachtacha costéifeachtúlachta amach sa mheántéarma agus san fhadtéarma araon. Ar deireadh, ag tagairt d’aithris (35), léiríonn Éire feidhmíocht láidir costéifeachtúlachta i dtéarmaí leibhéal DUC, toisc go bhfuil an luach bunlíne do 2019 agus an DUC do 2024 in Éirinn i bhfad níos ísle (faoi os cionn 50 %) ná meánluachanna na ngrúpaí comparáide comhfhreagracha. Ag féachaint do na nithe sin roimhe seo, measann an Coimisiún nach gcoisctear, leis an imeacht ón treocht uile-Aontais fhadtéarmach maidir le DUC a fheictear san aithris (34), comhsheasmhacht a bhunú leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta uile-Aontais i ndáil le hÉirinn. |
|
(37) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach sna haithrisí (33) go (36) a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na dréachtspriocanna a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sa phríomhréimse feidhmíochta costéifeachtúlachta. |
Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(38) |
Maidir le haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, rinne an Coimisiún a mheasúnú ar dhréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach a chomhlánú leis an athbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta do sheirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Níor suíodh na dréachtspriocanna sin aon ábhar imní a bheith acu maidir le hÉirinn a chur in iúl. |
Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 lena gcomhlánaítear measúnú an Choimisiúin ar dhréachtspriocanna acmhainneachta
|
(39) |
I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i ndáil le measúnú ar dhréachtspriocanna acmhainneachta, rinne an Coimisiún a mheasúnú a chomhlánú le hathbhreithniú ar na dréachtscéimeanna dreasachta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na dréacht-scéimeanna dreasachta na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Suíodh na dréacht-scéimeanna dreasachta atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann bheith ina n-ábhar imní. |
|
(40) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go gcuimsíonn an scéim dreasachta acmhainneachta faoi bhealach agus an scéim dreasachta acmhainneachta críochfoirt atá molta i ndréachtphlean feidhmíochta na hÉireann araon míbhuntáiste uasta airgeadais arb ionann é agus 0,50 % de na costais shocraithe agus uasbhuntáiste airgeadais arb ionann é agus 0,0 % de na costais chinnte. |
|
(41) |
Maidir leis na scéimeanna dreasachta sin, tá an Coimisiún go mór in amhras, ar bhonn comhairle saineolaithe arna cur ar fáil ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, an mbeadh aon tionchar ábhartha ar an ioncam i mbaol ag an míbhuntáiste uasta airgeadais atá beartaithe, arb ionann é agus 0,50 % de na costais arna gcinneadh, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(42) |
Dá bhrí sin, ba cheart d’Éirinn athbhreithniú a dhéanamh, maidir lena plean deiridh feidhmíochta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ar a scéimeanna dreasachta chun spriocanna acmhainneachta faoi bhealach agus críochfoirt a bhaint amach ionas go socrófar na míbhuntáistí uasta airgeadais a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin ar leibhéal a bhfuil tionchar ábhartha acu ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear go sainráite faoi Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, a mbeadh, dar leis an gCoimisiún, míbhuntáiste airgeadais uasta arna gcinneadh ag 1 % nó níos airde ná sin mar thoradh air. |
CONCLÚIDÍ
|
(43) |
Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach sna haithrisí (9) go (42), chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Éire isteach ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. |
|
(44) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé curtha in iúl ag roinnt Ballstát go bhfuil sé ar intinn acu ítimí costais a bhaineann le brath drón aerfoirt a chur san áireamh ina mboinn chostais RP3. Ní rabhthas in ann a leagan síos go beacht, bunaithe ar na heilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, a mhéid a chuir na Ballstáit na costais chinnte sin san áireamh ina mboinn chostais RP3 agus, i gcás inar cuireadh na costais sin san áireamh, a mhéid a thabhaítear iad i ndáil le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus a mhéid a d’fhéadfaí iad a mheas, ar an gcaoi sin, a bheith incháilithe faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Chuir seirbhísí an Choimisiúin iarraidh ad hoc ar fhaisnéis chuig gach Ballstát chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad scrúdú breise ar na costais thuairiscithe a bhaineann le brath drón aerfoirt a bhrath i gcomhthéacs fíorú comhlíontachta ar ráta an aonaid. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí agus do chonclúidí an Choimisiúin maidir le hábhar na gcostas chun dróin a bhrath. |
|
(45) |
Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear cosc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe ag an Rúis agus ar aon aerárthach nach aerárthaí de chuid na Rúise é atá cláraithe nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach, eintiteas nó comhlacht Rúiseach ó thuirlingt i gcríoch an Aontais, dul san aer uaithi nó eitilt thar a críoch. Tá laghdú ar aerthrácht san aerspás ar chríoch an Aontais mar thoradh ar na bearta sin. Níor cheart, áfach, go mbeadh an tionchar ar fud an Aontais inchomparáide leis an laghdú ar aerthrácht a bhí mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a bhris amach i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann cheana a choimeád ar bun chun an scéim feidhmíochta agus muirearaithe a chur chun feidhme i RP3. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Éire isteach, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais don tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.
Airteagal 2
Is chuig Éirinn a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, IO L 195, 3.6.2021, lch. 3.
IARSCRÍBHINN
Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Éire isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a mheastar atá comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais don tríú tréimhse thagartha.
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA
Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta
|
Éire |
Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D |
||||
|
Soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann |
Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
IAA |
Beartas agus cuspóirí sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
Bainistiú riosca cáilíochta |
D |
D |
D |
D |
|
|
Áirithiú sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cur chun cinn na sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cultúr na sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA AN CHOMHSHAOIL
Meánéifeachtúlacht eitilte chothrománach faoi bhealach na conaire iarbhír
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréachtde spriocanna comhshaoil na hÉireann faoi bhealach, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach na conaire iarbhír |
1,13 % |
1,13 % |
1,13 % |
1,13 % |
|
Luachanna tagartha d’Éirinn |
1,13 % |
1,13 % |
1,13 % |
1,13 % |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA
Meánmhoill faoi bhealach ATFM i nóiméid in aghaidh na heitilte
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na hÉireann, i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte |
0,01 |
0,03 |
0,03 |
0,03 |
|
Luachanna tagartha d’Éirinn |
0,01 |
0,03 |
0,03 |
0,03 |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA
Costas aonaid cinnte le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach
|
Limistéar luchtaithe faoi bhealach na hÉireann |
Luach bonnlíne 2014 |
Luach bonnlíne 2019 |
2020 -2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht-de spriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid chinnte faoi bhealach (i ndearbhthéarmaí ag praghsanna 2017) |
EUR 26,36 |
EUR 25,03 |
EUR 47,25 |
EUR 29,84 |
EUR 25,01 |
EUR 24,66 |