|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1815 |
15.9.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1815 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meán Fómhair 2025
maidir le ceapachán chomhaltaí agus Chathaoirleach Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta an Aerspáis Eorpaigh Aonair
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,
Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/635 ón gCoimisiún an 31 Márta 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Bord Athbhreithnithe Feidhmíochta an Aerspáis Eorpaigh Aonair (2), agus go háirithe Airteagal 1(1) agus (4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bunaíodh le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/2803 Bord Athbhreithnithe Feidhmíochta atá neamhspleách agus neamhchlaonta. Is é an ról atá aige cuidiú leis an gCoimisiún na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe a chur chun feidhme chomh maith le hábhar treorach a eisiúint chun tacú le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus, arna iarraidh sin, cúnamh a thabhairt do na húdaráis sin chun na scéimeanna sin a chur chun feidhme. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/2803, tá seachtar comhaltaí, lena n-áirítear a Chathaoirleach, ar an mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta, a cheaptar ina gcáil phearsanta ar feadh tréimhse 5 bliana nach féidir a athnuachan. |
|
(3) |
D’fhoilsigh an Coimisiún glao ar léiriú spéise chun comhaltaí an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta a roghnú an 24 Aibreán 2025 (3). |
|
(4) |
Cuireadh san áireamh sa nós imeachta roghnúcháin na ceanglais maidir le hionadaíocht chothrom ar inniúlacht agus saineolas sna príomhréimsí feidhmíochta uile, mar aon le hionadaíocht chothrom ar inscne agus tionscnamh geografach. |
|
(5) |
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an liosta iarrthóirí an 7 Iúil 2025. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, is iomchuí seachtar comhaltaí, lena n-áirítear a Chathaoirleach, a cheapadh ar an mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta, chomh maith le painéal ionadaithe bhunú. |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí de Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta an Aerspáis Eorpaigh Aonair i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/635 ar feadh tréimhse 5 bliana:
|
|
Koen Milis, Uasal; Cathaoirleach |
|
|
Maurizio Castelletti, Uasal |
|
|
Ana Gómez-Pineda Luna, Uasal |
|
|
Catherine Mary Mannion, Uasal |
|
|
Juan José Montero-Pascual, Uasal |
|
|
Patrick Souchu, Uasal |
|
|
Joseph Sultana, Uasal |
Airteagal 2
Bunaítear an painéal ionadaithe seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 1(4) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/635:
|
|
Estelle Malavolti, Uasal |
Airteagal 3
Gabhfaidh éifeacht le téarma oifige na gcomhaltaí ceaptha an 1 Meán Fómhair 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Apostolos TZITZIKOSTAS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj.
(2) IO L, 2025/635, 2.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/635/oj.
(3) https://eu-single-sky.transport.ec.europa.eu/document/download/90bddb69-387c-4c49-b3fc-c60a2ff258ae_ga?filename=Call_for_applications_PRB_2025.pdf.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1815/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)