An Bhruiséil,3.2.2025

COM(2025) 24 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse



















(Govsatcom agus Nascacht Shlán)


IARSCRÍBHINN

DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. […]

an […]

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Aithníonn na Páirtithe Conarthacha an comhar foirmiúil atá ann cheana i gClár Spáis an Aontais Eorpaigh. Is mian leo cur leis an gcomhpháirtíocht láidir sin agus an comhar a leathnú chun comhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Clár um Nascacht Shlán a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chumhdach.

(2)Is iomchuí an comhar ar ar aontaigh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i gCinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 319/2021 an 29 Deireadh Fómhair 2021 a leathnú chun comhpháirt na Cumarsáide Satailíte Rialtais (GOVSATCOM) de Chlár Spáis an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chumhdach.

(3)Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 a chumhdach 1 .

(4)Is i gComhaontú LEE, agus go háirithe in Airteagal 81 de, a leagtar amach coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus rannpháirtíocht a n‑institiúidí, a ngnóthas, a n‑eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh.

(5)Ba cheart gach comhaontú a rinne an tAontas Eorpach le gach Stát CSTE faoi leith, maidir le nósanna imeachta slándála um malartú faisnéis rúnaicmithe a chur san áireamh.

(6)Féadfar prionsabail chomhair bhreise a chomhaontú, más gá, idir na Páirtithe Conarthacha chun réimsí sonracha nach gcumhdaítear leis an gCinneadh seo a rialú.

(7)Is chun leas frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha é rannpháirtíocht Stáit CSTE i gcomhpháirt GOVSATCOM agus sa Chlár um Nascacht Shlán ar bhonn Comhaontú LEE.

(8)Maidir le rannpháirtíocht na hÍoslainne agus na hIorua sna coistí cláir, meithleacha agus gníomhaíochtaí eile a eascraíonn as comhpháirt GOVSATCOM agus as an gClár um Nascacht Shlán, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Meán Fómhair 2024, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó má thugtar fógra maidir le comhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2025.

(9)Ó tharla an Íoslainn agus an Iorua a bheith ina n‑úsáideoirí ar acmhainneachtaí agus ar sheirbhísí chomhpháirt GOVSATCOM, déanfaidh an Íoslainn agus an Iorua ranníocaíocht airgeadais i leith ghealltanais an Aontais arna mbuiséadú le haghaidh chomhpháirt GOVSATCOM i leith na mblianta airgeadais 2021 go 2024.

(10)Ó tharla an Íoslainn agus an Iorua a bheith ina n‑úsáideoirí ar acmhainneachtaí agus ar sheirbhísí an Chláir um Nascacht Shlán, déanfaidh an Íoslainn agus an Iorua ranníocaíocht airgeadais i leith ghealltanais an Aontais arna mbuiséadú le haghaidh an Chláir um Nascacht Shlán i leith na mblianta airgeadais 2023 agus 2024.

(11)Ag an tráth seo, cinntear na ranníocaíochtaí ar bhonn infheistíochtaí suntasacha a forghníomhaíodh le linn na mblianta tosaigh de chur chun feidhme an chláir. Baineann na hinfheistíochtaí sin le bonneagar a chruthú a úsáidfidh rannpháirtithe uile an chórais, an Íoslainn agus an Iorua san áireamh.

(12)Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Airteagal 1 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar é mar a leanas:

1.Leasófar mír 8e mar a leanas:

(a)i bpointe (a), scriosfar na focail ‘Cumarsáid Satailíte Rialtais (GOVSATCOM) agus’;

(b)déanfar pointí (b) go (o) a athuimhriú mar phointí (c) go (p);

(c)cuirfear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (a):

‘(b)Féadfaidh Stát de chuid CSTE a bheith ina rannpháirtí i gcomhpháirt na Cumarsáide Satailíte Rialtais (GOVSATCOM) faoi réir comhaontú sonrach a thabhairt i gcrích dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2021/696.’;

(d)cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe (c):

‘Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíocht airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi phointe (a) i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus Prótacal 32 a ghabhann leis.

Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíocht airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi phointe (b) i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus Prótacal 32 a ghabhann leis, i ndiaidh comhaontú dá dtagraítear faoi phointe (b) a thabhairt i gcrích.

Ina theannta sin, ar bhonn Airteagal 82(1)(c) agus (2) de Chomhaontú LEE agus mar a comhaontaíodh i gcomhréir le míreanna 8 agus 9 d’Airteagal 1 de Phrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE, déanfaidh an Íoslainn, i ndiaidh comhaontú dá dtagraítear faoi phointe (b) a thabhairt i gcrích, ranníocaíocht EUR 98 000 (nócha a hocht míle) i leith na mblianta airgeadais 2021 go 2024 le comhpháirt GOVSATCOM. Is ina thrí thráthchuid a íocfar an méid sin, agus tá siad le cur leis an nglao ar chistí i gcomhair na mblianta airgeadais 2025, 2026 agus 2027, faoi seach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(2) de Phrótacal 32.

Ina theannta sin, ar bhonn Airteagal 82(1)(c) agus (2) de Chomhaontú LEE agus mar a comhaontaíodh i gcomhréir le míreanna 8 agus 9 d’Airteagal 1 de Phrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE, déanfaidh an Iorua, i ndiaidh comhaontú dá dtagraítear faoi phointe (b) a thabhairt i gcrích, ranníocaíocht EUR 1 896 000 (aon mhilliún, ocht gcéad nócha a sé míle) i leith na mblianta airgeadais 2021 go 2024 le comhpháirt GOVSATCOM. Is ina thrí thráthchuid a íocfar an méid sin, agus tá siad le cur leis an nglao ar chistí i gcomhair na mblianta airgeadais 2025, 2026 agus 2027, faoi seach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(2) de Phrótacal 32.’;

(e)i bpointe (d), cuirfear an focal ‘(c)’ in ionad an fhocail ‘(b)’;

(f)cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe (o):

‘Maidir le Lichtinstéin, cuirfear an mhír seo ar fionraí go dtí go ndéanfaidh Comhchoiste LEE a mhalairt de chinneadh.’

2.Cuirfear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 8e:

‘8f.(a)Glacfaidh Stáit CSTE páirt i ngníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a eascairt as an ngníomh AE seo a leanas:

-32023 R 0588: Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (IO L 79, 17.3.2023, Lch. 1).

(b)Féadfaidh Stát de chuid CSTE a bheith ina rannpháirtí i gClár an Aontais um Nascacht Shlán faoi réir comhaontú sonrach a thabhairt i gcrích dá dtagraítear in Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2023/588.

(c)‘Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíocht airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi phointe (a) i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus Prótacal 32 a ghabhann leis, i ndiaidh comhaontú dá dtagraítear faoi phointe (b) a thabhairt i gcrích.

Ina theannta sin, ar bhonn Airteagal 82(1)(c) agus (2) de Chomhaontú LEE agus mar a comhaontaíodh i gcomhréir le míreanna 8 agus 9 d’Airteagal 1 de Phrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE, déanfaidh an Íoslainn, i ndiaidh comhaontú dá dtagraítear faoi phointe (b) a thabhairt i gcrích, ranníocaíocht EUR 510 700 (cúig chéad a deich míle, seacht gcéad) le haghaidh na mblianta airgeadais 2023 go 2024. Is ina thrí thráthchuid a íocfar an méid sin, agus tá siad le cur leis an nglao ar chistí i gcomhair na mblianta airgeadais 2025, 2026 agus 2027, faoi seach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(2) de Phrótacal 32.

Ina theannta sin, ar bhonn Airteagal 82(1)(c) agus (2) de Chomhaontú LEE agus mar a comhaontaíodh i gcomhréir le míreanna 8 agus 9 d’Airteagal 1 de Phrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE, déanfaidh an Iorua, i ndiaidh comhaontú dá dtagraítear faoi phointe (b) a thabhairt i gcrích, ranníocaíocht EUR 10 124 000 (deich milliún, céad fiche a ceathair míle) le haghaidh na mblianta airgeadais 2023 go 2024. Is ina thrí thráthchuid a íocfar an méid sin, agus tá siad le cur leis an nglao ar chistí i gcomhair na mblianta airgeadais 2025, 2026 agus 2027, faoi seach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(2) de Phrótacal 32.

(d)Maidir le Lichtinstéin, cuirfear an mhír seo ar fionraí go dtí go ndéanfaidh Comhchoiste LEE a mhalairt de chinneadh.’

Airteagal 2

1.Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE 2*.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, [...].

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   […]

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

   […]

(1)    IO L 79, 17.3.2023, Lch. 1.
(2) *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]