AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.2.2025
COM(2025) 24 final
2025/0010(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(Govsatcom agus Nascacht Shlán)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ón gComhchoiste atá beartaithe a ghlacadh a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
2.Comhthéacs an togra
2.1.Comhaontú LEE
Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránaigh agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE, mar atá na Ballstáit den Aontas, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Ina theannta sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, réimsí a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig Comhaontú LEE i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí i gComhaontú LEE é an tAontas in éineacht lena Bhallstáit.
2.2.Comhchoiste LEE
Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéanann sé a chuid cinntí agus bíonn na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE
Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.
Is é is aidhm don ghníomh atá beartaithe an comhar ar ar aontaigh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i gCinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 319/2019 an 29 Deireadh Fómhair 2021 a leathnú chun comhpháirt na Cumarsáide Satailíte Rialtais (GOVSATCOM) de Chlár Spáis an Aontais a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chumhdach agus chun comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2023/588 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (Nascacht Shlán) a chumhdach.
I gcomhréir le beartas buiséadach an Aontais, ní féidir a bheith rannpháirteach in aon chor i ngníomhaíocht de chuid an Aontais go dtí go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach. Is féidir an ranníocaíocht a dhéanamh, áfach, tar éis ghlacadh an dréacht-Chinnidh ón gComhairle agus tar éis glao an Aontais ar chistí, arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach, a chur faoi bhráid Stáit CSTE LEE.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe Conarthacha i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Cuireann an Coimisiún an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Nuair a bheidh an seasamh glactha, ba cheart é a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.
Leis an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, leathnaítear cearta rannpháirtíochta Stáit LEE CSTE ar ar aontaigh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i gCinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 319/2021 an 29 Deireadh Fómhair 2021 chun comhpháirt na Cumarsáide Satailíte Rialtais (GOVSATCOM) de Chlár Spáis an Aontais a chumhdach agus tugtar isteach cearta rannpháirtíochta do Stáit LEE CSTE i gClár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027, rud a théann thar na nithe a bhféadfaí a mheas nach bhfuil iontu ach oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a leagfaidh síos seasamh an Aontais.
Ba cheart do Stáit CSTE LEE ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh freisin i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear thuas.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle, braitheann sé go príomha ar bhunús dlí substainteach an ghnímh dlí de chuid an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.
Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Ós rud é go leathnaítear leis an gCinneadh ón gComhchoiste cearta rannpháirtíochta Stáit LEE CSTE ar ar aontaigh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i gCinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 319/2021 an 29 Deireadh Fómhair 2021 chun comhpháirt na Cumarsáide Satailíte Rialtais (GOVSATCOM) de Chlár Spáis an Aontais a chumhdach agus go leathnaítear leis comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE chun Rialachán (AE) 2023/588 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (Nascacht Shlán) a chumhdach, is iomchuí an cinneadh seo ón gComhairle a bhunú ar an mbunús dlí substainteach céanna agus atá ag an ngníomh atá á ionchorprú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 189(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 189(2) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Le gníomh Chomhchoiste LEE, leasófar Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, agus dá bhrí sin is gníomh é is iomchuí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2025/0010 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(Govsatcom agus Nascacht Shlán)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.
(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, inter alia, a leasú.
(3)Is iomchuí cearta rannpháirtíochta Stáit LEE CSTE ar ar aontaigh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i gCinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 319/2021 an 29 Deireadh Fómhair 2021 a leathnú chun comhpháirt na Cumarsáide Satailíte Rialtais (GOVSATCOM) de Chlár Spáis an Aontais Eorpaigh a chumhdach agus comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chumhdach.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.
(5)Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh atá i gceangal leis seo,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá ceangailte leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,