European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2224

10.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2224 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 23 Aibreán 2024

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

—

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (1),

—

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh Saothair a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 — C9-0250/2023) (2),

—

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Comhairle chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2022,

—

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, maille le freagraí na n-institiúidí (3),

—

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,

—

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint do litir ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0071/2024),

1.

ag cur a cinnidh i dtaobh urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2022 ar athló;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 45, 24.2.2022.

(2)   IO C, C/2023/2, 12.10.2023.

(3)   IO C, C/2023/103, 4.10.2023.

(4)   IO C, C/2023/112, 12.10.2023.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2224/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)