An Bhruiséil,10.10.2024

COM(2024) 448 final

2024/0247(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE lena n‑údaraítear do Phoblacht na hOstaire leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin, chun an nós imeachta um bailiú cánach breisluacha (‘CBL’) a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 20 Márta 2024, d’iarr an Ostair an údarú chun leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a den Treoir maidir le CBL chun a eisiamh ón gceart an CBL a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí a úsáideann an duine inchánach níos mó ná 90 % dá úsáid phríobháideach féin nó d’úsáid a chuid fostaithe a asbhaint nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch neamhghnó nó gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha. Bhí tuarascáil ar chur i bhfeidhm an bhirt speisialta sin ag gabháil leis an iarraidh, tuarascáil lena n‑áirítear athbhreithniú ar an ráta cionroinnte a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gceart CBL a asbhaint mar a cheanglaítear le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE ón gComhairle 2 arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1779 ón gComhairle 3 .

I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 16 Bealtaine 2024 maidir leis an iarraidh a rinne an Ostair. Le litir dar dáta an 17 Bealtaine 2024, chuir an Coimisiún in iúl don Ostair go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Foráiltear le hAirteagal 168 den Treoir maidir le CBL go bhfuil duine inchánach i dteideal asbhaint a dhéanamh ar CBL a mhuirearaítear ar cheannacháin agus ar sheirbhísí a fhaightear chun críocha a idirbheart cáinmhuirearaithe. Maidir le CBL ar chaiteachas a bhaineann le réadmhaoin atá ina cuid de shócmhainní gnó duine inchánach agus a úsáidtear chun críoch gnó agus neamhghnó araon, foráiltear le hAirteagal 168a(1) den Treoir maidir le CBL nach mbeidh an CBL sin in-asbhainte ach amháin suas le cion úsáid na réadmhaoine chun críocha ghnólacht an duine inchánach. De bhun Airteagal 168a(2) den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit an riail sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le caiteachas a bhaineann le hearraí eile atá ina gcuid de na sócmhainní gnó mar a shonraíonn siad.

De bhun Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm lena maolaítear ar fhorálacha na Treorach maidir le CBL chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta um bailiú CBL nó chun cineálacha áirithe imghabhála agus seachanta cánach a chosc má rinne an Chomhairle iad a údarú.

D’iarr an Ostair go leanfaí de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a den Treoir maidir le CBL lena gceadaítear di a eisiamh go hiomlán ón gceart an CBL a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí a úsáideann duine inchánach níos mó ná 90 % a asbhaint chun críoch príobháideach nó neamhghnó, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha.

Deonaíodh an beart speisialta sin don Ostair ar dtús le Cinneadh 2004/866/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 4 le haghaidh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2009 agus deonaíodh é arís le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE ón gComhairle le haghaidh na tréimhse ón 22 Nollaig 2009 go dtí an 31 Nollaig 2012. Cuireadh síneadh leis an tréimhse sin go dtí an 31 Nollaig 2015 le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/705/AE ón gComhairle an 13 Samhain 2012 5 , go dtí an 31 Nollaig 2018 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2428 ón gComhairle an 10 Nollaig 2015 6 , go dtí an 31 Nollaig 2021 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1487 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 7 agus go dtí an 31 Nollaig 2024 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1779 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021.

San iarraidh reatha uaithi, chuir an Ostair in iúl don Choimisiún gur léiríodh go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt speisialta éifeachtach maidir le bailiú CBL a shimpliú ós rud é go laghdaíonn sé costais riaracháin agus go méadaíonn sé deimhneacht dhlíthiúil don údarás fioscach agus do cháiníocóirí araon. Ní gá úsáid iarbhír earraí agus seirbhísí a chinneadh i gcásanna inar lú ná 10 % úsáid na n‑earraí agus na seirbhísí sin chun críocha gnó. Murach sin, níor mhór úsáid phearsanta a dhoiciméadú agus a chinneadh, agus níor mhór í a bheith faoi réir cánachais faoi Airteagal 26 den Treoir maidir le CBL. Bheadh ar an údarás fioscach faireachán a dhéanamh ar chánachas ceart na húsáide pearsanta. A bhuí leis an mbeart speisialta, is féidir bearta fairsinge doiciméadachta, faireacháin agus fíoraithe a fhágáil ar lár, rud a mhaolóidh an t‑ualach ar údaráis fhioscacha agus ar cháiníocóirí araon.

Thairis sin, dá ndéanfaí mionathruithe ar an gcóimheas idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó earra nó seirbhíse nach n‑úsáidtear ach ar éigean chun críoch gnó, dhéanfaí coigeartú ar an CBL a asbhaintear. Bheadh an mionchoigeartú sin díréireach ó thaobh na gcáiníocóirí agus an údaráis fhioscaigh de.

Cuireann an Ostair in iúl freisin gur léiríodh go bhfuil an beart speisialta éifeachtach maidir le himghabháil nó seachaint cánach a chosc toisc go gcuireann sé cosc ar asbhaint CBL ar ionchur gan údar agus go calaoiseach. Cuidíonn an beart speisialta le cothroime a fheabhsú trí shaobhadh a chosc mar gheall ar bhuntáistí sreafa airgid gan údar a fhaigheann duine inchánach nach n‑úsáideann earra nó seirbhís ach go fánach chun críoch gnó agus a cheadaítear dó CBL a asbhaint don mhionúsáid ghnó sin i gcomparáid le duine inchánach a úsáideann an t‑earra nó an tseirbhís chun críoch gnó amháin.

De réir na tuarascála a chuir an Ostair isteach, léiríonn an t‑athbhreithniú ar an gcéatadán íosta d’úsáid ghnó na n‑earraí agus na seirbhísí is gá chun go bhféadfar CBL ar ionchur a asbhaint go bhfuil an tairseach 10 % chun críoch gnó íseal go leor chun nach mbeidh aon tionchar suntasach aige ar an méid iomlán CBL a bhailítear iarbhír ag céim an tomhaltais deiridh agus, dá bhrí sin, nach ndéanann sé difear d’acmhainní dílse CBL an Aontais ar bhealach diúltach.

I bhfianaise na faisnéise a chuir an Ostair ar fáil, tuigeann an Coimisiún gur bonn fónta fós é an chionroinnt 10 %/90 % idir úsáid ghnó agus úsáid neamhghnó chun idirbhearta a shainaithint ar féidir a mheas gur diomaibhseach an úsáid ghnó ina leith.

Mar thoradh air sin, soláthraíonn an beart speisialta atá i gceist éascú d’údaráis fhioscacha agus do ghnólachtaí araon toisc nach bhfuil aon ghá le faireachán a dhéanamh ar úsáid na n‑earraí agus na seirbhísí ina dhiaidh sin a raibh feidhm ag an eisiamh ón asbhaint maidir leo tráth a n‑éadála, go háirithe maidir le cánachas féideartha ar úsáid phríobháideach de bhun Airteagail 16 nó 26 den Treoir maidir le CBL nó coigeartuithe ar an asbhaint mar a cheanglaítear faoi Airteagail 184 – 192 den Treoir sin. Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh a chur leis an mbeart speisialta.

Mar sin féin, ba cheart teorainn ama a chur le haon síneadh ama chun a mheas an bhfuil an beart speisialta iomchuí agus éifeachtach agus an mbeadh na coinníollacha, ar a bhfuil an maolú bunaithe, fós bailí. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe síneadh a chur leis an maolú go dtí deireadh 2027 agus, i gcás ina mbeartófaí síneadh breise a chur leis tar éis 2027, a iarraidh ar an Ostair tuarascáil a chur i láthair, in éineacht leis an iarraidh ar shíneadh, faoin 31 Márta 2027 ar a dhéanaí lena n‑áireofar athbhreithniú ar an ráta cionroinnte arna chur i bhfeidhm idir úsáid ghnó agus úsáid neamhghnó ar a bhfuil an t‑eisiamh ó asbhaint bunaithe.

 

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I gcás Ballstát eile (an Ghearmáin 8 ), deonaíodh maolú comhchosúil i ndáil le CBL ar ionchur a dhlitear ar earraí agus ar sheirbhísí a eisiamh ón gceart CBL a asbhaint i gcás ina n‑úsáidtear na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann níos mó ná 90 % den am chun críoch príobháideach duine inchánach nó fostaithe an duine sin nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch neamhghnó nó gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha.

Sonraítear in Airteagal 176 den Treoir maidir le CBL go gcinnfidh an Chomhairle an caiteachas nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith. Go dtí sin, tá údarú tugtha aici do na Ballstáit eisiaimh a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 1979 a choinneáil ar bun. Mar sin tá roinnt forálacha ‘neamhghníomhaíochta’ lena gcuirtear srian leis an gceart CBL a asbhaint i ndáil le daoine inchánacha.

D’ainneoin tionscnaimh roimhe seo chun rialacha a bhunú maidir leis na catagóirí caiteachais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srian ar an gceart asbhainte 9 , is iomchuí maolú den sórt sin le linn tréimhse ina bhfuiltear ag fanacht le comhchuibhiú na rialacha sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, tá an beart speisialta atá beartaithe comhsheasmhach le forálacha na Treorach maidir le CBL atá ann cheana.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I bhfianaise na forála sa Treoir maidir le CBL ar a bhfuil an togra bunaithe, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

•Comhréireacht

Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát ar iarraidh uaidh féin agus níl aon oibleagáid ann.

I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an aidhm sin a chomhlíonadh.

Tá teorainn ama leis an maolú freisin agus tá tuarascáil maidir le feidhmiú agus éifeachtacht an bhirt speisialta le hullmhú ar eagla gur mian leis an Ostair fad a chur leis an mbeart speisialta.

•An rogha ionstraime

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.

Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar fhorálacha coiteanna CBL ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Ostair agus ní bhaineann sé ach leis an mBallstát sonrach sin amháin.

•Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

•Measúnú tionchair

Tá an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle ceaptha chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a bhailiú trí chead a thabhairt don Ostair leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm lena gceadaítear di a eisiamh go hiomlán ón gceart asbhainte an CBL a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí a úsáideann duine inchánach níos mó ná 90 % chun críoch príobháideach nó neamhghnó, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha.

Dar leis an Ostair, leis an mbeart speisialta laghdaítear na hualaí riaracháin ar ghnólachtaí agus ar údaráis fhioscacha, ós rud é nach bhfuil aon ghá le faireachán a dhéanamh ar úsáid na n‑earraí agus na seirbhísí ina dhiaidh sin a raibh feidhm ag an eisiamh ón asbhaint maidir leo tráth a n‑éadála, go háirithe maidir le cánachas féideartha ar úsáid phríobháideach nó coigeartuithe ar an asbhaint.

An úsáid íosta earraí a iarradh; is é sin 10 % ar a laghad chun críoch gnó chun go bhféadfar CBL ar ionchur a asbhaint, is úsáid réasúnta íseal í. Dar leis an Ostair, ní bheidh mórán tionchair dá bhrí sin ag síneadh an bhirt speisialta sin ar an méid iomlán ioncaim ó CBL a bhaileofar ag céim dheiridh na tomhailte, agus, dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé difear d’acmhainní dílse an Aontais ó CBL ar bhealach diúltach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleacht diúltach ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Tá teorainn ama leis an togra agus áirítear ann clásal éagtha arna shocrú don 31 Nollaig 2027.

I gcás ina mbreithneodh an Ostair síneadh eile a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart tuarascáil ar chur i bhfeidhm an bhirt speisialta, lena n‑áirítear athbhreithniú ar an ráta cionroinnte a cuireadh i bhfeidhm, a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an iarraidh ar shíneadh tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2027.

2024/0247 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE lena n‑údaraítear do Phoblacht na hOstaire leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 10 , agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE rialaítear ceart na ndaoine inchánacha an cháin bhreisluacha (CBL) a ghearrtar ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a fhaigheann siad chun críocha a n‑idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint.

(2)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE ón gComhairle 11 , údaraíodh don Ostair leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE chun CBL a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí a eisiamh go hiomlán ón gceart CBL a asbhaint i gcás ina n‑úsáidtear na hearraí agus na seirbhísí sin níos mó ná 90 % den am chun críoch príobháideach duine inchánach nó fostaithe an duine sin, nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch neamhghnó nó gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha (‘an beart speisialta’). Rachaidh an t‑údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm in éag an 31 Nollaig 2024.

(3)Le litir a chláraigh an Coimisiún an 20 Márta 2024, d’iarr an Ostair údarú, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm.

(4)De bhun Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE ón gComhairle, thíolaic an Ostair, in éineacht leis an iarraidh ar shíneadh, tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta lena n‑áirítear athbhreithniú ar an ráta cionroinnte a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gceart CBL a asbhaint.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a chuir an Ostair isteach chuig na Ballstáit eile le litir le litir dar dáta an 16 Bealtaine 2024.

(6)Le litir dar dáta an 17 Bealtaine 2024, thug an Coimisiún fógra don Ostair go raibh an fhaisnéis uile a raibh gá léi aige, dar leis, chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(7)Dar leis an Ostair, tá léirithe go bhfuil an beart speisialta an-éifeachtach chun bailiú CBL a shimpliú agus chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc. Leis an mbeart speisialta, laghdaítear na hualaí riaracháin ar ghnólachtaí agus ar údaráis fhioscacha, ós rud é nach bhfuil aon ghá le faireachán a dhéanamh ar úsáid na n‑earraí agus na seirbhísí ina dhiaidh sin a raibh feidhm ag an eisiamh ón asbhaint maidir leo tráth a n‑éadála.

(8)I bhfianaise na tuarascála a chuir an Ostair isteach, tá an t‑íosráta cionroinnte 10 % d’úsáid ghnó na n‑earraí agus na seirbhísí is gá chun go bhféadfar CBL ar ionchur a asbhaint íseal go leor chun nach mbeidh aon tionchar suntasach aige ar an méid iomlán CBL a bhailítear go hiarbhír ag céim an tomhaltais deiridh.

(9)Agus an tionchar dearfach ar ghnólachtaí agus ar údaráis fhioscacha araon á chur san áireamh, measann an Coimisiún gurb iomchuí síneadh a chur leis an mbeart speisialta.

(10)Ba cheart an beart speisialta a theorannú don am is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar oiriúnacht an ráta cionroinnte a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint. Ba cheart, dá bhrí sin, a údarú don Ostair leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go ceann 3 bliana eile, ba cheart di dul in éag an 31 Nollaig 2027.

(11)Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú, is é sin an nós imeachta maidir le bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc, ós rud é go bhfuil sé teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de.

(12)I gcás ina measfaidh an Ostair go mbeidh gá le síneadh leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2027 agus tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta ag gabháil léi, ar cheart athbhreithniú ar an ráta cionroinnte arna chur i bhfeidhm a bheith san áireamh inti.

(13)Ní bheidh aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(14)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE:

‘Airteagal 2

Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2027.

Déanfar aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an mbeart maolaithe dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2027.

Beidh tuarascáil ar chur i bhfeidhm an bhirt sin ag gabháil leis an iarraidh sin, lena n‑áireofar athbhreithniú ar an ráta cionroinnte arna chur i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint ar bhonn an Chinnidh seo’.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na hOstaire a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 lena n‑údaraítear do Phoblacht na hOstaire leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L 348, 29.12.2009, lch. 21.
(3)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1779 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE lena n‑údaraítear do Phoblacht na hOstaire leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L 360, 11.10.2021, lch. 120.
(4)    Cinneadh 2004/866/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena n‑údaraítear do Phoblacht na hOstaire beart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 17 den Séú Treoir (77/388/CEE) maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le cánacha láimhdeachais, IO L 371, 18.12.2004, lch. 47 .
(5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/705/AE ón gComhairle an 13 Samhain 2012 lena leasaítear Cinneadh 2009/791/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE lena n‑údaraítear don Ghearmáin agus don Ostair faoi seach leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L 319, 16.11.2012, lch. 8 .
(6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2428 ón gComhairle an 10 Nollaig 2015 lena leasaítear Cinneadh 2009/791/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE lena n‑údaraítear don Ghearmáin agus don Ostair faoi seach leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L 334, 22.12.2015, lch. 12 .
(7)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1487 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE lena n‑údaraítear do Phoblacht na hOstaire leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L 251, 5.10.2018, lch. 33 .
(8)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1776 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2009/791/CE lena n‑údaraítear don Ghearmáin leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L 360, 11.10.2021, lch. 112 .
(9)    COM (2004) 728 final - Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 77/388/CEE d’fhonn oibleagáidí cánach breisluacha a shimpliú (IO C 24, 29.1.2005, lch. 10) a tarraingíodh siar an 21 Bealtaine 2014 (IO C 153 21. 05. 2014, lch. 3)
(10)    IO 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj .
(11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1013/AE ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 lena n‑údaraítear do Phoblacht na hOstaire leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha ( IO L 348, 29.12.2009, lch. 21 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2009/1013/oj ).