|
6.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 342/286 |
P9_TA(2022)0028
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh – iarratas EGF/2021/005 FR/Airbus – an Fhrainc
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 maidir leis an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón bhFrainc – EGF/2021/005 FR/Airbus (COM(2021)0698 – C9-0011/2022 – 2021/0363(BUD))
(2022/C 342/32)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0698 – C9-0011/2022), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1) (“Rialachán CED”), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (2), agus go háirithe Airteagal 8 de, |
|
— |
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (3), (“IIA an 16 Nollaig 2020”) go háirithe pointe 9 de, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0013/2022), |
|
A. |
de bhrí gur bhunaigh an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe a bhfuil an domhandú agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil tar éis difear a dhéanamh dóibh, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú ionsar gheilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar dhigitiú nó uathoibriú; |
|
B. |
de bhrí gur leathnaigh an tAontas raon feidhme an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcás aon mhórtheagmhais athstruchtúraithe, agus lena gcumhdaítear, ar an gcaoi sin, éifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim an choróinvíris; |
|
C. |
de bhrí go meastar go mbeidh tionchair éagsúla ar earnáil na heitlíochta ag dícharbónú leanúnach na hearnála iompair, agus go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas maidir leis an dlúthpháirtíocht is gá a sholáthar trí ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a bhfuil sé d’aidhm aige tairbhithe a athimeascadh i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe go tapa laistigh dá gcéad earnáil ghníomhaíochta nó taobh amuigh di, agus é comhoiriúnach le geilleagar na hEorpa atá níos glaise agus níos digití i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; |
|
D. |
de bhrí gur chuir an Fhrainc iarratas EGF/2021/005 FR/Airbus isteach le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis 508 n-easáitiú san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 30 (Monarú trealaimh iompair) i réigiúin NUTS 2 in Midi-Pyrénées (FRJ2) agus i ndúiche an Loire (FRG0) sa Fhrainc, laistigh de thréimhse thagartha le haghaidh an iarratais ón 1 Samhain 2020 go dtí an 1 Márta 2021; |
|
E. |
de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 508 n-oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht san Aonad Eacnamaíoch agus Sóisialta (ESU) (4) Airbus Commercial de chuid Airbus (Airbus SE); |
|
F. |
de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go dtarlódh scor do ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn thréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát; |
|
G. |
de bhrí, faoi chuimsiú phaindéim COVID-19, gur chlis ar an eitlíocht tráchtála go ginearálta, go háirithe in earnáil na n-eitiltí paisinéirí, agus de réir Airbus nach bhfuiltear ag dréim le téarnamh iomlán na hearnála roimh 2025 (5); |
|
H. |
de bhrí go raibh ar Airbus, arb ionann a rannán eitlíochta tráchtála agus 77 % den láimhdeachas foriomlán (6), a leibhéil táirgeachta a laghdú aon trian ó Aibreán 2020 (7) ar aghaidh agus, dá bhrí sin, plean athstruchtúraithe a chur chun feidhme a mbeadh foirceannadh 4 248 bpost sa Fhrainc (8) mar thoradh air; |
|
I. |
de bhrí gur éirigh le tacaíocht údaráis phoiblí na Fraince do ghníomhaíocht pháirtaimseartha fhadtéarmach, arna caibidliú go cuí leis na hoibrithe lena mbaineann, agus le borradh a chur faoi chlár ag an Conseil pour la recherche aéronautique civile, laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na ndífhostuithe (faoi 2,002 post); de bhrí, i gcás na 2 246 phost eile a bhí i gceist, go raibh beagnach gach oibrí faoi réir bearta soghluaisteachta inmheánacha nó gur chomhaontaigh siad pacáistí a fhoirceannadh dá ndeoin féin; |
|
J. |
de bhrí gur fhógair an Coimisiún gur eascair géarchéim eacnamaíoch as an ngéarchéim shláinte, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar tar éis rúin ó Pharlaimint na hEorpa agus spreagadh Thionscnamh na Fraince agus na Gearmáine do Théarnamh na hEorpa ó Ghéarchéim an Choróinvíris an 18 Bealtaine 2020 (9), agus gur leag sé béim ar ról CED mar uirlis éigeandála (10); |
|
K. |
de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (11); |
|
1. |
ag aontú leis an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán CED agus go bhfuil an Fhrainc i dteideal ranníocaíocht airgeadais de EUR 3 745 264 faoin Rialachán sin, arb ionann é agus 85 % den chostas iomlán de EUR 4 406 194, a chuimsíonn caiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe amháin; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Fraince an t-iarratas isteach an 26 Iúil 2021, agus gur thug an Coimisiún a mheasúnú chun críche an 19 Samhain 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an 5 Eanáir 2022; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne údaráis phoiblí áitiúla agus údaráis náisiúnta na Fraince, amhail forálacha na reachtaíochta nua éigeandála (12), an plean tacaíochta do thionscal na haerloingseoireachta, an clár gníomhaíochta páirtaimseartha fadtéarmach (13), agus méadú ar phlean Ader 4 lenar laghdaíodh go suntasach líon na n-iomarcaíochtaí; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 508 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht agus a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Fhrainc ag dréim leis go nglacfaidh 297 as na tairbhithe incháilithe iomlána páirt sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe); |
|
5. |
á mheabhrú go meastar gur suntasach a bheidh tionchar sóisialta na n-iomarcaíochtaí don dá réigiún, agus go raibh céatadán na ndaoine dífhostaithe ag 9,4 % cheana féin in Occitanie agus ag 6,9 % i ndúiche an Loire sa chéad ráithe de 2021 (14); |
|
6. |
á chur i bhfios go meastar, in Occitanie, go mbeidh tionchar suntasach ag na dífhostuithe ar an margadh saothair, toisc go bhfuil an réigiún ag brath go mór ar an aerloingseoireacht toisc gurb é Airbus an earnáil is tábhachtaí agus gurb é Airbus an fostóir príobháideach is mó sa réigiún; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil Occitanie ag teacht chun cinn mar éiceachóras tábhachtach le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, áit a bhfuil deiseanna do thairbhithe atá ag iarraidh a ngnólacht féin a chur ar bun; á chur i bhfios go bhfuil ardleibhéal oideachais ag sciar mór de na daoine sa réigiún a ndearnadh difear dóibh; |
|
8. |
á chur i bhfios, cé go meastar nach mbeidh tionchar na géarchéime eitlíochta ar an ngeilleagar áitiúil agus ar an margadh saothair chomh díobhálach céanna i nDúiche an Loire, mar gheall ar éagsúlú ard an gheilleagair réigiúnaigh, go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh deiseanna chun cinn san earnáil mhuirí agus in earnáil an fhuinnimh inathnuaite, agus gur gá athsciliú leordhóthanach a dhéanamh dá réir sin; |
|
9. |
á chur i bhfios go bhfuil 13,5 % de na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu os cionn 54 bliana d’aois, agus go bhfuil 74,7 % díobh idir 30 agus 54 bliana d’aois; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire gur thosaigh Airbus ar sheirbhísí pearsantaithe a chur ar fáil do na tairbhithe spriocdhírithe an 1 Samhain 2020 agus dá réir sin go rachaidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ón CED ón 1 Samhain 2020 go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin a theacht i bhfeidhm; |
|
11. |
á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: deontais nuathionscanta, oiliúint i gcruthú gnó, liúntais le haghaidh caiteachais a bhaineann le hoiliúint i gcruthú gnó, chomh maith le breisiú tuarastail; |
|
12. |
á mheas gur cheart go mairfeadh na seirbhísí pearsantaithe sin ar feadh tréimhse ábhartha ama de réir chineál an tionscadail; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe as comhaontú cómhargála maith idir Airbus agus ionadaithe na n-oibrithe i gcomhairle leis hionadaithe foirne agus ceardchumainn; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh an cúnamh airgeadais ar fáil go tapa do na tairbhithe, cé go bhfuil gá le hinfheistíocht bhreise chun gnó nua a bhunú i gcásanna áirithe; |
|
14. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil nasc idir 98,7 % den tacaíocht airgeadais agus gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí, rud a spreagfaidh athimeascadh gairmiúil agus ationtú, a chuirfidh feabhas ar iomaíochas na réigiún lena mbaineann agus a chuirfidh leis an téarnamh eacnamaíoch; |
|
15. |
ag cur i dtreis go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Fraince nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais; |
|
16. |
á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de na liúntais nó na cearta is féidir leis na tairbhithe a fháil, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú; á iarraidh go gcuirfí tairbhithe na seirbhísí pearsantaithe atá le cumhdach ag CED ar an eolas go poiblí agus go pearsanta maidir le cómhaoiniú an Aontais; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile; ag cur béim ar an ngá atá le trédhearcacht ag gach céim den nós imeachta agus á iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme agus meastóireacht an phacáiste seirbhísí; |
|
18. |
ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo; |
|
19. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; |
|
20. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún; |
(1) IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(4) Is éard is aonad eacnamaíoch agus sóisialta ann (unité économique et sociale – UES) ionstraim dhlíthiúil faoi dhlí na Fraince lena gceadaítear fiontair a ghrúpáil a bhfuil an bhainistíocht chéanna acu, a oibríonn san earnáil chéanna agus a bhfuil na leasanna céanna ag a bhfostaithe, ach ar fiontair leithleacha iad go dlíthiúil, agus é mar aidhm leis ionadaíocht fostaithe choiteann a chruthú. Tharla na hiomarcaíochtaí in ESU Airbus Commercial, aonad faoina ndéantar an dá fhochuideachta Fhrancacha Airbus SAS agus Airbus Operations SAS de chuid Airbus SE a ghrúpáil.
(5) Doiciméad neamhfhoilsithe: Airbus “Livre 2”, anailís inmheánach ar ghéarchéim COVID agus a tionchar ar earnáil gníomhaíochta Airbus sa Fhrainc.
(6) https://lentreprise.lexpress.fr/actualites/1/actualites/le-geant-europeen-airbus-en-chiffres_2129633.html
(7) https://www.airbus.com/newsroom/press-releases/en/2020/04/airbus-reports-first-quarter-q1-2020-results.html
(8) De réir phlean athstruchtúrúcháin Airbus: “Accord collectif relatif au plan d’adaptation des sociétés composant l’UES Airbus Commercial dans le contexte de la crise économique Covid-19 et ses conséquences sur l’emploi”.
(9) https://www.elysee.fr/en/emmanuel-macron/2020/05/18/french-german-initiative-for-the-european-recovery-from-the-coronavirus-crisis
(10) COM(2020)0442 final.
(11) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(12) Loi d’urgence no2020-734 an 17 Meitheamh 2020.
(13) Activité Partielle de Longue Durée (APLD): https://www.service-public.fr/professionnels-entreprises/vosdroits/F35381
(14) Sonraí arna mbailiú ag Institiúid Náisiúnta na Fraince um Staidreamh agus um Staidéar Eacnamaíochta.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc – EGF/2021/005 FR/Airbus
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/359.)