|
16.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 214/129 |
P9_TA(2023)0019
Staid an iascaigh ar mhionscála san Aontas agus peirspictíochtaí a bheidh ann amach anseo
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2023 ar staid an iascaigh ar mionscála san Aontas agus léargas ar an todhchaí (2021/2056(INI))
(2023/C 214/14)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do pháipéar eacnamaíoch muirí Uimh. 08/2020 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal The EU fishing fleet 2020: Trends and economic results [Cabhlach iascaireachta AE 2020: Treochtaí agus torthaí eacnamaíocha] (1), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2020 dar teideal Towards more sustainable fishing in the EU: state of play and orientations for 2021 [I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2021] (COM(2020)0248), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 38 go 44 agus Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
|
— |
ag féachaint d’aithris 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (2) (“an Rialachán maidir le CBI”), ina luaitear gur cheart don Chomhbheartas Iascaigh (CBI) cur leis “an inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta san fhadtéarma” agus le “caighdeán cóir maireachtála don earnáil iascaigh, lena n-áirítear iascaireacht ar mhionscála”, agus d’aithris (33) de, ina luaitear gur cheart “rochtain ar iascach a bheith bunaithe ar chritéir thrédhearcacha, oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch” agus gur cheart “do na Ballstáit iascaireacht fhreagrach a chur chun cinn trí dhreasachtaí a chur ar fáil do na hoibreoirí sin a iascann ar an mbealach is lú a ndéantar díobháil don chomhshaol leis agus a chuireann na tairbhí is fearr ar fáil don tsochaí”, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 17 den Rialachán maidir le CBI ina luaitear, agus deiseanna iascaireachta á gcionroinnt, go mbainfidh na Ballstáit leas as “critéir trédhearcacha, oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch”, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (3) (“an Rialachán maidir le CEM”), |
|
— |
ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat don phleanáil spásúil mhuirí (4), |
|
— |
ag féachaint do na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an rialú ar iascach (5), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (6) (“Rialachán CEMID”), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (“Rialachán CEMI”), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (8), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil an 20 Lúnasa 2019 ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) sa Choimisiún dar teideal The 2019 Annual Economic Report on the EU Fishing Fleet [Tuarascáil Bhliantúil Eacnamaíoch ar Chabhlach Iascaireachta AE] (STECF 19-06)’ (9), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ó STECF an 26 Meán Fómhair 2019 dar teideal Social data in the EU fisheries sector [Sonraí sóisialta in earnáil iascaigh AE] (STECF 19-03) (10), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ó STECF an 8 Nollaig 2021 dar teideal The 2021 Annual Economic Report on the EU Fishing Fleet [Tuarascáil Bhliantúil Eacnamaíoch ar Chabhlach Iascaireachta AE] (STECF 21-08) (11), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ó STECF an 10 Nollaig 2020 dar teideal Social dimension of the CFP [An ghné shóisialta de CBI] (12), |
|
— |
ag féachaint do na conclúidí ó Chomhdháil Réigiúnach Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) na Náisiún Aontaithe dar teideal Building a future for sustainable small-scale fisheries in the Mediterranean and Black Sea [Todhchaí a fhorbairt don iascach inbhuanaithe ar mionscála sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh], a tionóladh in Algiers ón 7 go dtí an 9 Márta 2016, |
|
— |
ag féachaint do sprioc 14.b de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, ina n-iarrtar go mbeadh rochtain ag iascairí mionscála ar acmhainní muirí agus ar mhargaí, |
|
— |
ag féachaint do Threoirlínte Deonacha FAO maidir leis an Iascach Inbhuanaithe ar Mionscála a Chinntiú i gComhthéacs na Slándála Bia agus Dhíothú na Bochtaineachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ó FAO dar teideal The State of World Fisheries and Aquaculture 2020: Sustainability in action [Staid an Iascaigh agus an Dobharshaothraithe ar Domhan in 2020: Inbhuanaitheacht faoi lán seoil], |
|
— |
ag féachaint do Bhliain Idirnáisiúnta an Iascaigh agus an Dobharshaothraithe Mionscála a d’fhógair na Náisiúin Aontaithe le haghaidh 2022, |
|
— |
ag féachaint don seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (CGC) agus do na coincheapa atá cumhdaithe ann, amhail teorainneacha pláinéadacha agus teorainneacha éiceolaíocha, |
|
— |
ag féachaint don fhoilseachán dar teideal Small-Scale Fisheries in Europe: Status, Resilience and Governance [An tIascach ar Mionscála san Eoraip: Stádas, Teacht Aniar agus Rialachas] (13), |
|
— |
ag féachaint do dhearbhú aireachta agus treochlár MedFish4Ever (14), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil 2020 ar chur chun feidhme an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh (CEMI) (15), |
|
— |
ag féachaint do dhearbhú aireachta 2018 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Réigiúnach le haghaidh an Iascaigh ar Mionscála sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, |
|
— |
ag féachaint do staidéar 2018 ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) dar teideal Relative Effects of Fisheries Support Policies [Éifeachtaí coibhneasta na mBeartas Tacaíochta Iascaigh] (16), |
|
— |
ag féachaint don alt eolaíoch dar teideal Small-scale fisheries access to fishing opportunities in the European Union: Is the Common Fisheries Policy the right step to SDG14b? [Rochtain an iascaigh ar mionscála ar dheiseanna iascaireachta san Aontas Eorpach: An é an Comhbheartas Iascaigh an chéim cheart i dtreo SDG14b?] (17), |
|
— |
ag féachaint don alt eolaíoch dar teideal Defining Small-Scale Fisheries and Examining the Role of Science in Shaping Perceptions of Who and What Counts: A Systematic Review [An tIascach ar Mionscála a Shainú agus Scrúdú a Dhéanamh ar Ról na hEolaíochta i dtaca le Braistintí a Mhúnlú faoi Cé agus Cad atá Tábhachtach: Athbhreithniú Córasach] (18), |
|
— |
ag féachaint don staidéar a rinneadh in 2017 thar ceann an Choiste um Iascach dar teideal Small-scale Fisheries and “Blue Growth” in the EU [An tIascach ar Mionscála agus “Fás Gorm” in AE], (19), |
|
— |
ag féachaint don staidéar a rinneadh in 2021 thar ceann an Choiste um Iascach dar teideal Workshop on electronic technologies for fisheries – Part III: Systems adapted for small-scale vessels [Ceardlann ar theicneolaíochtaí leictreonacha don iascach – Cuid III: Córais atá curtha in oiriúint do shoithí mionscála] (20), |
|
— |
ag féachaint don staidéar a rinneadh thar ceann an Choiste um Iascach i mí Iúil 2021 dar teideal Impacts of the COVID-19 pandemic on EU fisheries and aquaculture [Tionchar phaindéim COVID-19 ar iascach agus dobharshaothrú AE] (21), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2012 maidir le hiascaireacht chósta ar mionscála, iascaireacht ar mionscála agus athchóiriú an chomhbheartais iascaigh (22), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 12 Aibreán 2016 maidir leis an nuálaíocht san iascaireacht chósta ar mionscála i réigiúin atá ag brath ar an iascach agus éagsúlú na hiascaireachta sin (23), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 4 Iúil 2017 maidir leis an ról atá ag an turasóireacht a bhaineann leis an iascach in éagsúlú an iascaigh (24), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 i dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas (25), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le hIascairí amach anseo: Glúin nua lucht saothair a mhealladh i dtreo na hiascaireachta agus fostaíocht a chruthú i measc pobal cósta (26), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0291/2022), |
|
A. |
de bhrí gurb é an sainmhíniú a thugtar i Rialachán CEMID ar “iascaireacht chósta ar mionscála” ná gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí iascaireachta muirí agus intíre ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe agus ag iascairí de chois freisin, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc, agus de bhrí gurb é sin an t-aon sainmhíniú ar iascaireacht chósta atá i reachtaíocht AE; |
|
B. |
de bhrí nach bhfuil cineálacha áirithe soithí, amhail iad siúd a úsáideann trealamh traidisúnta, san áireamh sa sainmhíniú atá ann faoi láthair ar iascaireacht ar mionscála atá i Rialachán CEMI agus i Rialachán CEMID, rud a fhágann go mbíonn deacrachtaí acu dá réir sin cistiú a fháil ó AE; de bhrí gur annamh a bhíonn an iascaireacht ar mionscála le feiceáil agus le fáil i staitisticí AE dá dheasca sin, toisc nach n-áirítear na soithí sin i measc na soithí a bhaineann leis an earnáil; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil cineálacha eile cur chuige níos scaoilte ann atá i leith an tsainmhínithe ar iascaireacht ar mionscála agus chósta, amhail i dTreoirlínte Deonacha FAO maidir leis an Iascach Inbhuanaithe ar Mionscála a Chinntiú i gComhthéacs na Slándála Bia agus Dhíothú na Bochtaineachta nó sa phlé atá ar siúl faoi láthair ag an meitheal um iascaireacht ar mionscála sa Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir; |
|
D. |
de bhrí, i bhformhór na mBallstát, go dtéann saintréithe na hiascaireachta ar mionscála níos faide ná sainmhíniú an Chiste Eorpaigh Mhuirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), ós rud é go gcuireann rialtais raon critéar breise i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir leis an trealamh a cheadaítear, uasfhad an tsoithigh, cumhacht an innill, uastréimhse na dturas iascaireachta, an t-achar ón gcalafort ar féidir le soithí oibriú ann, an limistéar oibríochta, an t-uasmhéid ama taistil atá ceadaithe agus úinéireacht an tsoithigh; |
|
E. |
de bhrí nach sainmhínítear go cuí sa chomhbheartas iascaigh (CBI) atá ann faoi láthair coincheap na hiascaireachta ar mionscála nó cósta, agus gur ar fhad an tsoithigh amháin atá sé bunaithe, agus go dtugtar sainmhínithe eile atá níos iomchuí agus níos cothroime le dáta ar an gcineál sin iascaireachta i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta; de bhrí gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na sainmhínithe Eorpacha ar an iascaireacht ar mionscála agus an iascaireacht chósta; |
|
F. |
de bhrí, in 2019, go raibh cabhlach 42 838 soitheach in earnáil an iascaigh ar mionscála in AE-28 – arbh ionann an líon sin agus díreach 7,5 % den olltonnáiste agus 5,4 % den mheáchan tuirlingthe ar fud na mBallstát ar an iomlán – agus go raibh 62 650 iascaire fostaithe inti, arbh ionann an méid sin agus 75 % de na longa iascaireachta gníomhacha agus 48 % den chriú; de bhrí gurbh ionann an cabhlach mórscála agus 19 % de na soithí iomlána agus 67 % den olltonnáiste, ina raibh 46 % de na hiascairí go léir fostaithe agus arbh ionann é agus 81 % den mheáchan tuirlingthe a cláraíodh sna Ballstáit; de bhrí nach raibh ach 259 soitheach cláraithe sa chabhlach cianuisce, arbh ionann iad agus níos lú ná 1 % de líon iomlán na soithí ach 19 % den olltonnáiste agus 14 % den mheáchan tuirlingthe iomlán a cláraíodh sna Ballstáit; |
|
G. |
de bhrí, sa bhreis ar acmhainní an-teoranta a bheith á gcur ar fáil chun tacú le soithí faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) (EUR 500 milliún) agus ar ráta cur chun feidhme atá íseal i gcoitinne, gurb í an iascaireacht ar mionscála, in ainneoin a méide agus na tábhachta atá léi, an earnáil a fhaigheann an tacaíocht is lú agus gurb í a fhaigheann an sciar is lú de chistí: is ionann í agus 38 % de líon iomlán na n-oibríochtaí atá nasctha le soithí, ach ní fhaigheann sí ach 25 % den chaiteachas iomlán ar shoithí faoi CEMI; |
|
H. |
de bhrí gur tháinig laghdú eile ar chabhlach na hEorpa le blianta beaga anuas agus, in 2020, gur tháinig laghdú 17 % ar luach an éisc a gabhadh, laghdú 19 % ar líon na ndaoine a bhí fostaithe agus laghdú 29 % ar an mbrabús a rinneadh i gcomparáid le 2019 (27); |
|
I. |
de bhrí gurb é an cabhlach iascaireachta ar mionscála an cabhlach a bhfuil na hacmhainní airgeadais is teoranta aige; |
|
J. |
de bhrí, maidir leis an iascaireacht ar mionscála, go bhfuil tionchar íseal aici ar an gcomhshaol; go bhfuil éagsúlacht ag baint léi go séasúrach i dtaca leis na speicis, na meánna agus an trealamh; gur ar mionscála atá a cuid oibríochtaí táirgthe; go bhfuil meas aici ar na timthriallta bitheolaíocha agus imirce atá ag speicis éagsúla de bharr na hilghnéitheachta a bhaineann léi agus de bharr go mbaineann sí úsáid an-chúramach as trealamh; go ndéantar leibhéal íseal speiceas a fhoghabháil agus a aischur; agus go bhfuil sé de chumas aici níos mó ioncaim a ghiniúint in aghaidh an euro a infheistítear mar aon le gabhálacha níos mó in aghaidh an lítir breosla a ídítear agus luach socheacnamaíoch níos mó in aghaidh an chileagraim d’éisc a ghabhtar; |
|
K. |
de bhrí gur gá aird chuí a thabhairt ar na difríochtaí suntasacha atá idir cabhlaigh, ranna cabhlaigh, tionchar comhshaoil ranna éagsúla cabhlaigh, spriocspeicis, trealamh iascaireachta, táirgiúlacht agus roghanna caite éisc na mBallstát éagsúil, sa bhreis ar na saintréithe speisialta a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta a eascraíonn as a struchtúr sóisialta, cineálacha margaíochta agus neamhionannais struchtúracha agus nádúrtha idir na réigiúin éagsúla iascaireachta; |
|
L. |
de bhrí gur gné ghinearálta é den chabhlach mionscála go bhfuil soithí an-sean agus teicneolaíocht neamhleor ann, rud a tharraingíonn aird ar an ngá atá le clár tacaíochta sonrach don iascaireacht ar mionscála agus le tacaíocht láidir airgeadais phoiblí do nuachóiriú agus forbairt na hearnála, nithe a mbeadh todhchaí na hearnála i mbaol dá n-uireasa; |
|
M. |
de bhrí, i Rialachán CEMID, go leagtar oibleagáid ar na Ballstáit riachtanais shonracha na hiascaireachta cósta ar mionscála a chur san áireamh agus anailís á déanamh ar an staid ó thaobh láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí de dá dtagraítear sa Rialachán; |
|
N. |
de bhrí, in 2019, go raibh 64,9 % de na soithí i gcabhlach iascaireachta AE-28 25 bliana d’aois nó níos sine (28) agus gurbh ionann meánaois an chabhlaigh agus 29,9 bliain ar an iomlán (29), nó 32,5 bliain i gcás an chabhlaigh iascaireachta mionscála, rud a thugann le fios go bhfuil cuid an-suntasach den chabhlach an-sean, rud a fhágann nach féidir na dálaí sábháilteachta agus oibríochtúla is fearr a ráthú agus, dá dheasca sin, go bhfuil méadú ar na rioscaí gaolmhara agus go bhfuil costas níos mó ag baint le hoibríochtaí; |
|
O. |
de bhrí go bhfuil meánaois na n-iascairí mionscála níos airde ná mar atá i gcás cineálacha eile iascaireachta – tá 72 % de na hiascairí mionscála os cionn 40 bliain d’aois agus tá 11 % acu os cionn 65 bliana d’aois; |
|
P. |
de bhrí go bhfágann cineál teoranta na staitisticí atá ann cheana go bhfuil sé deacair anailís chruinn a dhéanamh ar ról na mban san iascach; de bhrí, áfach, go léiríonn fianaise thurgnamhach go bhfuil ról suntasach ag mná san iascaireacht ar mionscála, agus go nglacann siad ról níos lárnaí inti i roinnt pobal, go bhfuil líon tábhachtach acu ag obair san iascaireacht sliogéisc agus go bhfuil ról ceannasach acu ar an talamh i dtaca le hoibríochtaí agus trealamh a ullmhú, agus i dtaca le héisc a dhíol agus a phróiseáil, go háirithe sa tionscal cannadóireachta; |
|
Q. |
de bhrí, de réir na tuarascála ar ghné shóisialta na hiascaireachta in AE, gur mná iad 5,4 % de líon iomlán na ndaoine atá fostaithe san iascaireacht ar mionscála (níos mó ná a dhá oiread níos mó ná na figiúirí faoi seach san iascaireacht ar mórscála agus san iascaireacht chianuisce); |
|
R. |
de bhrí go bhfuil ról lárnach ag earnáil iascaireachta AE maidir le héisc a sholáthar don phobal agus cur leis na stoic bhia sna Ballstáit agus in AE ina iomláine; |
|
S. |
de bhrí nach mór a áirithiú go mbeidh lárú an bhainistithe iascaigh a mholtar in CBI comhoiriúnach leis an mbainistiú áitiúil, rud atá ríthábhachtach chun inmharthanacht shocheacnamaíoch na hearnála a áirithiú; |
|
T. |
de bhrí go bhfuil an réigiúnú ar cheann de cholúin CBI agus go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcur chuige díláraithe in earnáil na hiascaireachta cósta ar mionscála, agus na difríochtaí in earnáil an iascaigh i measc na mBallstát aonair á gcur san áireamh; |
|
U. |
de bhrí gur príomhuirlis é an comhbhainistiú chun rannpháirtíocht na n-iascairí mionscála sa phróiseas cinnteoireachta a áirithiú; |
|
V. |
de bhrí, ar an ábhar sin, nach gcuirtear tacaíocht reachtach shoiléir agus dhifreáilte ar fáil faoi CBI don iascaireacht ar mionscála a d’fhéadfadh cabhrú lena hinmharthanacht shocheacnamaíoch; de bhrí go bhfuil ag teip ar na Ballstáit freisin bearta éifeachtacha a bhunú don chineál sin iascaireachta; |
|
W. |
de bhrí, i roinnt mhaith réigiúin chósta san Eoraip, agus go háirithe sa Mheánmhuir, go bhfuil idir ghnéithe eacnamaíocha, ghnéithe sóisialta agus ghnéithe comhshaoil ag baint leis an iascaireacht ar mionscála agus bailiú sliogéisc, agus go rannchuidíonn na hearnálacha sin go mór leis an dea-bhail shocheacnamaíoch, leis an bhfostaíocht agus le cur chun cinn an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta i réigiúin éagsúla chósta agus sna réigiúin is forimeallaí, réigiúin a mbíonn srianta struchtúracha orthu go minic agus a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu chun leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an éagsúlú eacnamaíoch; |
|
X. |
de bhrí nár cheart, ar an ábhar sin, an t-ioncam ón iascach a mheas mar bhrabús amháin, ós rud é go rannchuidíonn sé freisin le modh maireachtála a bhuanú a bhfuil luach cultúrtha agus stairiúil ollmhór ag baint leis do roinnt mhaith pobail chósta agus, ag an am céanna, gur líontán sábhála sóisialta agus eacnamaíoch tábhachtach é; de bhrí, ar an gcaoi sin, gur réiteach é an t-iascach ar mionscála ar an méadú ar bhánú na gceantar cósta, ar an daonra atá ag dul in aois agus ar an dífhostaíocht atá ag dul i méid, nithe ar dúshláin mhóra iad go léir don chuid is mó de réigiúin chósta thíortha agus oileáin na hEorpa; de bhrí go bhfuil tionchar eisceachtúil agus éagsúil ag an iascach ar mionscála ar oidhreacht shóisialta agus chultúrtha na gceantar cósta; |
|
Y. |
de bhrí gur féidir leis an iascach ar mionscála ról bunúsach a imirt maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, mar atá aitheanta go sainráite i sprioc 14.b; de bhrí gur féidir leis iascach ar mionscála rannchuidiú leis na riachtanais bheartais eile atá mar bhonn leis na SDGanna, amhail SDG 2 – “Díothú an Ocrais” agus sprioc 2.3 de, SDG 5 – “Comhionannas Inscne” agus spriocanna 5.a agus 5.b de, SDG 8 – “Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch” agus sprioc 8.5 de, agus SDG 13 — “Gníomhaíocht ar son na hAeráide” ina iomláine; |
|
Z. |
de bhrí go bhfuil ról “chaomhnóirí na farraige” ag iascairí agus go rannchuidíonn an iascaireacht le soláthar bia ar mhórán próitéine le haghaidh aiste bia shláintiúil agus chothrom; |
|
AA. |
de bhrí gur mar thoradh ar thosca daonna a tharlaíonn formhór mór na dtionóiscí agus na n-eachtraí ar shoithí iascaireachta (62,4 %) agus gur cliseadh córais/trealaimh an dara cúis is coitianta (23,2 % de chásanna); |
|
AB. |
de bhrí, i mórán cásanna, go mbítear ag iascaireacht ar mionscála agus gan ach iascaire amháin ar bord; |
|
AC. |
de bhrí nach féidir breathnú ar na fadhbanna sábháilteachta agus compoird a bhíonn ag cabhlach an iascaigh ar mionscála gan aird a thabhairt ar an iarracht iascaireachta agus an táirgeacht éisc; de bhrí, i ndáil leis sin, go bhfuil drochthionchar ag teorannú an olltonnáiste, mar chritéar chun an acmhainn iascaireachta a thomhas, ar shábháilteacht agus compord chabhlach an iascaigh ar mionscála, toisc gur beag spreagadh atá ann soithí nua a chur in ionad seansoithí agus soithí a nuachóiriú nó an spás atá ar fáil a mhéadú chun feabhas a chur ar chompord agus sábháilteacht an chriú agus ar tharraingteacht na hearnála ar deireadh thiar, go háirithe do dhaoine óga agus do mhná; |
|
AD. |
de bhrí nach féidir breathnú ar na fadhbanna sábháilteachta sin gan aird a thabhairt ar shaintréithe chabhlach an iascaigh ar mionscála sna Ballstáit, amhail go bhféadfadh an cabhlach a bheith gan chosaint ar ardleibhéal riosca cheal sainchomhairle sábháilteachta don earnáil, gur go haonarach a dhéantar an obair go minic, na huaireanta fada oibre nó an baol go mbeadh duine sáinnithe sa trealamh; de bhrí go mbíonn dálaí éagsúla oibriúcháin ann i gcás an chabhlaigh; de bhrí go mbíonn cuid den chabhlach ag oibriú ó thránna agus ó chalafoirt ina mbíonn dálaí contúirteacha oibriúcháin go minic; de bhrí, i bhfianaise an mhéid sin, gur cheart machnamh a dhéanamh ar an gcumhacht tiomána a chur in oiriúint do shaintréithe agus dálaí oibriúcháin an chabhlaigh, gan cur leis an iarracht iascaireachta ná leis na rátaí gabhála, d’fhonn dálaí níos sábháilte a chinntiú don chabhlach agus é ag dul isteach sa chalafort agus ag imeacht uaidh; |
|
AE. |
de bhrí gur cheart na gnéithe sin a bhaineann le méadú ar an gcumhacht innill ar chúiseanna sonracha sábháilteachta a mhaoiniú trí fhóirdheontais agus, faoi choinníollacha áirithe, gur cheart tacaíocht a thabhairt dóibh ó CEMID, ar choinníoll nach gcuirfear leis an iarracht iascaireachta ná leis an gcumas gabhála éisc mar thoradh orthu; de bhrí, ar na cúiseanna sin, gur cheart tacaíocht ó CEMID a bheith ar fáil freisin d’oibríochtaí dreidireachta calafoirt; |
|
AF. |
de bhrí go bhfuil an iascaireacht ar mionscála ag brath i bhfad níos mó ar dhálaí farraige ná mar atá an iascaireacht ar mórscála, rud a fhágann, ag brath ar an gcineál soithigh agus trealaimh, nach mar a chéile a bhíonn na tréimhsí iascaireachta i gcónaí, rud a dhéanann difear do líon na laethanta oibre in aghaidh na bliana ar féidir seoltóireacht a dhéanamh; |
|
AG. |
de bhrí go bhfuil an t-iascach ar mionscála inbhuanaithe ó thaobh bhainistiú bitheolaíoch na stoc éisc de agus i dtaca le hacmhainní agus an roghnaíocht, ar bhonn sóisialta agus eacnamaíoch freisin, agus cuireann na nithe sin ar fad le fréamhacha doimhne na hiascaireachta sin; |
|
AH. |
de bhrí go n-áirítear ar na tosca a chuireann brú ar na stoic éisc, agus a dhéanann damáiste díreach agus indíreach don iascach, an truailliú, cailliúint na ngnáthóg, an trácht muirí agus an iomaíocht don spás, mar aon leis an athrú aeráide a fhágann go bhfuil ardú ag teacht ar theocht an uisce, go bhfuil na haigéin á n-aigéadú, go bhfuil athruithe ag teacht ar shruthanna farraige, nach bhfuil speicis i gcomhthráth le chéile níos mó agus go bhfuil speicis neamhdhúchasacha ag teacht; |
|
AI. |
de bhrí gur gá acmhainní a mhéadú chun dul in oiriúint d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus na ngéarchéimeanna agus chun iad a mhaolú trí bhearta a ghlacadh chun an teacht aniar atá sna pobail chósta a neartú; |
|
AJ. |
de bhrí go bhfuil an deis ag an iascaireacht ar mionscála cur leis an dícharbónú agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus, ar deireadh thiar, leis na hiarrachtaí atá ar bun an t-athrú aeráide a mhaolú; |
|
AK. |
de bhrí go bhfuil an iascaireacht ar mionscála an-tábhachtach in AE, go háirithe i roinnt pobail iascaireachta, in éineacht leis an iascaireacht ar mórscála agus an iascaireacht chianuisce; |
|
AL. |
de bhrí nach mór aghaidh a thabhairt go fóill ar go leor de na cúiseanna atá le cúrsaí socheacnamaíocha a bheith ag dul in olcas san earnáil, lena n-áirítear an gá atá le seasamh na n-iascairí sa slabhra soláthair a neartú; |
|
AM. |
de bhrí, trí aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí, do chomhlachais iascairí agus do chuallachtaí iascairí, go gcuirfí ar a gcumas rochtain a fháil ar chabhair airgeadais, agus go bhféadfadh cur chun cinn a gcuid rannpháirtíochta gníomhaí tríd an gcomhbhainistiú feabhas a chur ar an méid airgid a thuilltear san earnáil; |
|
AN. |
de bhrí go mbíonn tionchar ag praghsanna luaineacha agus athruithe géara ar an margadh ar an méid airgid a thuilltear san iascach ar mionscála agus cósta, ar iascach é a gcuireann go leor tosca seachtracha isteach air, amhail paindéim COVID-19; |
|
AO. |
de bhrí go bhfuil na córais éagsúla ioncaim agus pá in earnáil na hiascaireachta an-athraitheach agus ag brath go mór ar na deiseanna iascaireachta a bhaineann leis an bhfarraige, agus go bhfuil sé sin ar cheann de na tosca a fhágann nach bhfuil an earnáil chomh tarraingteach céanna don ghlúin óg; |
|
AP. |
de bhrí gur minic a íoctar pá íseal le hiascairí agus nach mór dóibh dul i ngleic le dálaí oibre deacra – a bhíonn contúirteach go minic – i ngairm bheatha atá fós ar an gceann is contúirtí ar domhan, agus go bhfágann an méadú ar na costais a bhaineann le gnó iascaireachta a thosú, mar aon leis an méadú ar an gcomhchruinniú sa tionscal, nach bhfuil an earnáil chomh tarraingteach sin, go háirithe do dhaoine óga; |
|
AQ. |
de bhrí gur minic a bhíonn forlámhas sna margaí ag líon beag táirgí seanbhunaithe agus nach dtugtar aird leordhóthanach i gcúrsaí margaíochta ar tháirgí de chuid an iascaigh ar mionscála a chuireann rogha mhalartach inbhuanaithe ar fáil ar speicis a ndéantar dúshaothrú orthu; de bhrí gur minic a chuirtear cosc ar thomhaltóirí faisnéis iomlán a fháil faoin táirge atá á cheannach acu nó faoin gcóras táirgthe agus faoin trealamh iascaireachta a úsáideadh; |
|
AR. |
de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an t-iascach ar mionscála brabúsach ar bhonn inbhuanaithe chun cur le tarraingteacht na hearnála; |
|
AS. |
de bhrí gurb iad na soithí mionscála is mó a bhíonn thíos leis na dúshláin a bhaineann le leithdháileadh na gceadúnas iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, i ngeall ar na deacrachtaí a bhíonn acu a stair iascaireachta a chruthú; |
|
AT. |
de bhrí gur minic nach leor an caipiteal ná an maoiniú a bhíonn ar fáil ag fiontair iascaigh ar mionscála agus go mbíonn rochtain an-teoranta acu ar uirlisí bunúsacha cuntasaíochta, ar chreidmheas, ar mhicreamhaoiniú agus ar árachas; |
|
AU. |
de bhrí go bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha i gcónaí ag earnáil an iascaigh ar mionscála agus go bhfuil laghdú mór tagtha ar a hioncam mar thoradh ar an méadú suntasach atá tagtha ar chostais oibriúcháin agus tosca géaraitheacha eile amhail an laghdú ar luach an éisc céad-díola agus an méadú atá ag teacht ar phraghsanna breosla; de bhrí go bhfuil an t-iascach ar mionscála ag brath níos mó ná riamh ar fhóirdheontais bhreosla mar gheall ar na tosca sin agus tosca eile agus gur minic a bhíonn ar iascairí an iarracht iascaireachta a mhéadú chun go mbeidh a ngníomhaíocht inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de; |
|
AV. |
de bhrí go bhfuil tacaíocht shonrach do na réigiúin is forimeallaí san Aontas beartaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i Rialachán CEMID agus go bhforáiltear don tacaíocht sin iontu freisin; |
|
AW. |
de bhrí go raibh earnáil an iascaigh ar mionscála thíos le heaspa acmhainn eagrúcháin go traidisiúnta; de bhrí go n-áirítear ar na príomhthosca a chuireann teorainn le gníomhaíocht chomhchoiteann earnáil an iascaigh ar mionscála an líon mór gníomhaithe san earnáil sin agus iad a bheith scaipthe go geografach; cineál an ghnó, atá bunaithe den chuid is mó ar fhiontair bheaga teaghlaigh; an easpa foirne oilte atá dírithe ar an mbainistiú; agus an easpa tacaíochta airgeadais d’eagraíochtaí in earnáil an iascaigh ar mionscála chun páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta; |
|
AX. |
de bhrí go ndearnadh faillí i gcoitinne ar an iascach ar mionscála in AE maidir leis an bhfaireachán agus an rialú a dhéanann eolaithe iascaigh agus bainisteoirí iascaigh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE; de bhrí gur cheart an faireachán agus an rialú ar an iascach ar mionscála a fheabhsú chun bunús a thabhairt leis an mbainistiú inbhuanaithe ar iascach AE agus chun cruthúnas ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a sholáthar nuair is gá; |
|
AY. |
de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíocht níos mó chun taighde atá cothrom le dáta a dhéanamh ar staid na n-acmhainní nádúrtha, na n-éiceachóras muirí agus na stoc éisc go sonrach, agus feabhas a chur ar an tuiscint orthu sin, chun a mbainistiú inbhuanaithe a áirithiú; |
|
AZ. |
de bhrí go bhfuil na straitéisí bainistithe atá bunaithe ar laghdú na laethanta iascaireachta amháin, amhail na cinn a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an Meánmhuir Thiar, ag fágáil earnáil an iascaigh ar mionscála in anchaoi; de bhrí go bhfuil baol ann go gclisfidh ar sciar mór den earnáil mar gheall ar na laghduithe leanúnacha sin agus an drochbhail a d’fhág paindéim COVID-19 ar chúrsaí, rud a fhágann nach mbeadh an earnáil in ann an tairseach íosta bhrabúsachta a chinntíonn go mairfidh sí a bhaint amach a thuilleadh; de bhrí go dtarraingítear go leor ceisteanna anuas de bharr na laghduithe sin freisin, amhail ábhair imní faoin tsábháilteacht ar bord, méadú ar an mbaol gortaithe, méadú ar an iascaireacht neamhdhleathach agus iarmhairtí sóisialta na dífhostaíochta; |
|
BA. |
de bhrí go bhfuil comhlachais iascairí amhail cuallachtaí ina bpríomhghníomhaithe i gcórais bhia roinnt Ballstát, áit a bhfeidhmíonn siad mar eintitis geilleagair shóisialta neamhbhrabúis a dhéanann ionadaíocht ar earnáil an iascaigh, agus go háirithe ar chabhlach an iascaigh cósta ar mionscála agus ar bhailitheoirí sliogéisc, agus a ndéanann siad feidhmeanna leasa ghinearálta chun leasa na hiascaireachta muirí agus na n-oibrithe san earnáil iascaigh, mar aon le cúraimí a bhaineann le gnó a chur i gcrích, amhail táirgí margaíochta a mhargú agus seirbhísí comhairleacha agus bainistíochta a sholáthar; |
|
BB. |
de bhrí gur gá beartas bainistithe acmhainní iascaigh a chinneadh lena dtugtar urraim don rochtain chomhchoiteann ar acmhainní iascaigh, atá bunaithe go príomha ar a gcuid gnéithe bitheolaíocha agus atá i bhfoirm córais comhbhainistithe iascaigh lena ndéantar dálaí sonracha na n-acmhainní iascaigh agus na limistéar farraige faoi seach a mheas, agus ina bhfuil na daoine sin atá ag obair san earnáil rannpháirteach go héifeachtach; |
|
BC. |
de bhrí go moltar sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” go dtabharfaí aitheantas do chomhlachais amhail cuallachtaí faoi dhlí AE agus go mbeidís i dteideal tacaíocht airgeadais a fháil ar comhchéim le heagraíochtaí táirgeoirí; de bhrí gur iarradh ar an gCoimisiún tionscnamh a ghlacadh i ndáil leis sin; |
|
BD. |
de bhrí go dteastaíonn oiliúint ó iascairí mionscála, lena n-áirítear chun scileanna nua a fhorbairt; |
|
BE. |
de bhrí go gcuireann obair na mban breisluach ar fáil in earnáil an iascaigh ar mionscála; |
|
BF. |
de bhrí go bhfuil earnáil an iascaigh ar mionscála in iomaíocht níos mó le gníomhaíochtaí eile an gheilleagair ghoirm agus le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a dhéanann difear do mhórán gníomhaíochtaí feadh an chósta, ar thránna nó i limistéir chalafoirt, rud a fhágann go bhféadfaidís seilbh a ghlacadh ar limistéir nach raibh in úsáid ach ag an iascach ar mionscála roimhe seo a bheag nó a mhór, rud a bhféadfadh easáitiú agus “grabáil farraige agus cósta” a bheith mar thoradh air; |
|
BG. |
de bhrí go bhfuil an baol ann go mbeidh sé níos neamhacmhainne d’iascairí ar mionscála maireachtáil i limistéir chósta mar gheall ar phróisis uaislithe a tharlaíonn in go leor limistéir chósta atá i mbéal forbartha, rud a fhágann go mbíonn siad i bhfad i gcéin óna n-áit oibre agus go mbíonn a ngníomhaíocht níos deacra agus níos mí-áisiúla fós dá bharr; |
|
BH. |
de bhrí go bhfuil tionchar ar leith ag an mbéim mhéadaithe atá ar an gcaomhnú, arna cur chun cinn ag AE, ar an iascaireacht ar mionscála, mar shampla cur chun feidhme limistéar muirí faoi chosaint (MPAnna) agus líonraí MPA, a dhéanann difear don iascaireacht ar mionscála trí na gníomhaíochtaí gaolmhara a shrianadh agus trí shoghluaisteacht a theorannú; de bhrí gur annamh a mheastar an tionchar ar an roinn sin i ndearadh na mbeartas sin, ar gné é sin atá níos measa toisc nach bhfuil gníomhaithe ón roinn rannpháirteach go leormhaith sna próisis sin (30); |
|
BI. |
de bhrí go bhfuil an earnáil iascaireachta i gcoitinne agus an iascaireacht ar mionscála go háirithe faoi ghannionadaíocht agus beartais bainistithe iascaigh agus beartais maidir le húsáid spáis mhuirí á sainiú; |
|
BJ. |
de bhrí gur ann do chineálacha éagsúla eagraíochtaí iascaigh, agus go bhfuil leibhéil éagsúla ballraíochta ann a dhéanann ionadaíocht ar an iascaireacht ar mionscála: eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais iascairí, comhlachais longúinéirí agus comharchumainn, i measc nithe eile; de bhrí go bhfuil go leor longúinéirí beaga ann nach bhfuil cleamhnaithe le haon eagraíocht; de bhrí go ndéantar ionadaíocht ar ghairmithe sa tionscal iascaireachta i gceardchumainn iascaigh; de bhrí gur cheart gur faoin earnáil a bheadh sé a chinneadh conas a eagraíonn sí í féin; |
|
BK. |
de bhrí nach leor dí-chomhiomlánú na sonraí ábhartha, a fhágann go bhfuil sé deacair rochtain a fháil ar fhaisnéis mhionsonraithe, go háirithe maidir leis an iascaireacht ar mionscála, agus go gcuireann sé bac ar an anailís, go háirithe maidir le gnóthais, longúinéirí, gairmithe iascaireachta, soithí agus trealamh, dálaí oibre, aois agus inscne, i measc nithe eile, a bhriseadh síos; |
An t-iascach ar mionscála a neartú feadh an tslabhra luacha, ioncaim iascaigh níos airde a chur chun cinn agus deiseanna éagsúlaithe ioncaim a chur ar fáil
|
1. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil todhchaí na hiascaireachta ar mionscála, na hiascaireachta cósta agus na hiascaireachta ag lucht ceirde ag brath ní hamháin ar bhearta fadtéarmacha agus inbhuanaithe, ach freisin ar bhearta láithreacha, fóinteacha agus éifeachtacha chun corrlaigh bhrabúis iascairí a mhéadú, lena n-áirítear trí chionroinnt cuótaí níos airde i gcomhréir le comhairle eolaíoch; á mheas gur gá feabhas a chur ar acmhainneachtaí eagraíochtúla agus tráchtála na hearnála agus ar tharraingteacht na gairme, oiliúint agus tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do dhaoine óga agus dálaí oibriúcháin a fheabhsú, go háirithe chun mná a chuimsiú ar bord soithí agus san earnáil i gcoitinne, agus seasamh na hearnála sa slabhra soláthair a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, sásraí tacaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme, laistigh de chreat CEMID, le haghaidh an iascaigh ar mionscála, an iascaigh ag lucht ceirde agus an iascaigh cósta, a fhágfaidh go bhféadfar dul i ngleic leis na fadhbanna sonracha sa chuid sin den earnáil; |
|
2. |
á chreidiúint go n-éilítear le todhchaí na hiascaireachta ar mionscála go n-aithneofaí cineál sonrach na hiascaireachta in CBI agus go ndéanfaí na hionstraimí reatha a oiriúnú chun freastal ar riachtanais na hearnála sin; |
|
3. |
á chur i bhfáth go bhfuil gá le sainmhíniú coiteann, níos leithne agus níos iomchuí ar an iascach ar mionscála, an t-iascach ag lucht ceirde agus an t-iascach cósta; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sainmhíniú den sórt sin pragmatach, intomhaiste agus soiléir; ag cur béim ar an bhfíoras freisin gur cheart an sainmhíniú a bheith mar thoradh ar mheasúnú iomchuí, agus saintréithe agus critéir de chuid roinn an iascaigh ar mionscála seachas fad soithigh á gcur san áireamh, chun sainmhíniú AE ar an iascach ar mionscála a chur i gcomhréir le fírinne na roinne, mar atá cheana féin leis na sainmhínithe atá ann cheana faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta áirithe amhail an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní an Atlantaigh a Chaomhnú (ICCAT) nó an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM); |
|
4. |
á chur i bhfáth gur cheart an sainmhíniú sin a áireamh i rialachán níos cothrománaí, amhail an Rialachán maidir le CBI, chun reachtaíocht iascaigh AE ina hiomláine a chuimsiú; á mheas nár cheart go mbeadh tionchar ag aon athrú ar an sainmhíniú ar chur chun feidhme CEMID don tréimhse reatha; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin laistigh den athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Rialachán maidir le CBI; |
|
5. |
á dhearbhú gur gá slabhra luacha na hearnála idir an táirgeoir agus an tomhaltóir a neartú agus a ghiorrú, agus ar an gcaoi sin na deiseanna le haghaidh díolacháin dhíreacha ón iascaire go dtí an tomhaltóir a mhéadú agus líon na n-idirghabhálaithe a laghdú chun, go hidéalach, an pointe a bhaint amach ag a mbeidh an táirgeoir in ann an custaiméir deiridh a sholáthar go díreach; á chur i bhfáth gur gá straitéisí margaíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhealaí nua dáileacháin a chur chun cinn, agus sásraí a chothú chun difreáil táirgí a fheabhsú, chun an tairbhe is mó d’iascairí a bhaint amach, brabúsacht a mhéadú, tacú le luach saothair níos airde agus dáileadh cothrom agus iomchuí breisluacha ar iascairí a chur chun cinn; |
|
6. |
á iarraidh go ndéanfaí breisluach a dháileadh ar bhealach níos cothroime agus níos cuí feadh shlabhra luacha na hearnála agus go dtabharfaí aird ar chineálacha idirghabhála amhail ráthaíocht agus treoirphraghsanna, ar cheart glacadh leis na costais táirgthe mar athróg ina leith, chun an aidhm thuasluaite a bhaint amach agus chun ioncam iascairí a fheabhsú; á athdhearbhú, nuair a bhíonn míchothromaíochtaí tromchúiseacha ann laistigh den slabhra, gur cheart go mbeadh an chumhacht ag na Ballstáit idirghabháil a dhéanamh; |
|
7. |
á chur i bhfáth gurb é an t-iascach ar mionscála an roinn is laige feadh an tslabhra luacha agus gur minic a bhíonn socruithe margaíochta i bhfabhar leasanna an cheannaitheora seachas leasanna na n-iascairí, nach bhfuil mórán smachta nó nach bhfuil aon smacht acu ar an bpraghsáil, rud a fhágann go mbíonn tuilleamh imeallach ann do na táirgí a dhíoltar; |
|
8. |
á iarraidh go ndéanfaí bearta ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát lena ndírítear ar mhargaí tionscnaimh a chosaint nó a chruthú, agus ar an gcaoi sin bealaí díola gearra fabhracha a mholadh do tháirgí traidisiúnta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cáilíochtaí éisc a ghabhtar leis an iascaireacht ar mionscála a chur chun cinn agus a chosaint, amhail, i measc nithe eile, úire, séasúracht, oidhreacht chultúrtha agus inbhuanaitheacht; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht níos láidre do na táirgí sin ag aontaí trádála, i siopaí beaga agus i mbialanna, agus nósanna itheacháin an phobail á gcur san áireamh, mar bhealach chun luach táirgí iascaigh áitiúla a uasmhéadú agus chun forbairt áitiúil a chur chun cinn; á áitiú go gcruthófaí feachtais fógraíochta le haghaidh táirgí iascaireachta áitiúla agus leas iomlán á bhain as comheagrú na margaí (CEM) agus as CBI; |
|
9. |
á chur i bhfáth go bhfuil gá le héagsúlú táirgí a chur chun cinn trí thionscnaimh lena ndírítear ar mhargaí nua a chruthú, ar luach a chur ar speicis inite a thomhlaítear ach nach bhfuil a oiread sin clú orthu chun suíomh margaidh an iascaigh ar mionscála a fheabhsú, ar an éileamh ar tháirgí nach féidir a soláthar leanúnach i rith na bliana a ráthú ach amháin le hallmhairí a mhaolú, agus ar chuidiú le brú iascaireachta ar speicis róshaothraithe a laghdú; á athdhearbhú gur gá tacú freisin le héagsúlú táirgí a chur chun cinn sa tionscal cannadóireachta, eadhon trí úsáid a bhaint as speicis a mheastar faoina luach nó nach dtomhlaítear a oiread sin; |
|
10. |
á iarraidh go gcuirfí clár oiliúna d’earnáil na n-óstán, na mbialann agus na lónadóireachta (Horeca) chun feidhme, lena soláthrófaí eolas ar tháirgí bia mara agus dea-chleachtais chun acmhainní a chosaint, agus lena ndéanfaí feasacht a mhúscailt, go háirithe, maidir le “neamhdhíol” agus “neamhthomhaltas” speiceas le linn na tréimhse coiscthe; |
|
11. |
ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tionscadail nuálacha a chur chun feidhme san earnáil mhiondíola, agus suntas á thabhairt don obair chomhair le cuallachtaí iascairí agus comhlachais an iascaigh ar mionscála, trína gcoinnítear dlúthchaidreamh leis an tomhaltóir deiridh; |
|
12. |
á iarraidh ar na Ballstáit agus ar eagraíochtaí tomhaltóirí a mheas an mbeadh bealaí níos fearr ann chun margú táirgí próiseáilte iascaigh a mbeadh breisluach níos airde acu a chur chun cinn, lena n-áirítear táirgí cannaithe, ag leanúint sampla táirgí talmhaíochta áirithe, agus cláir le haghaidh cur chun cinn seachtrach a dhéanamh ar tháirgí iascaigh AE, lena n-áirítear iad a chur i láthair ag comórtais agus aontaí idirnáisiúnta; |
|
13. |
á chur i bhfáth go bhfuil uirlisí an-teoranta ag earnáil an bhia mara, amhail lipéid, atá ar fáil do thomhaltóirí chun measúnú a dhéanamh ar na critéir inbhuanaitheachta do roinn an iascaigh ar mionscála agus chun táirgí ísealtionchair a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir, i gcás inarb ann do lipéid, go bhféadfaidís a bheith ina míbhuntáiste don iascach ar mionscála, toisc go bhféadfadh sé a bheith ródhian rochtain a fháil ar chuid de na sonraí a bhfuil gá leo nó go bhféadfadh sé nach mbeadh an acmhainn airgeadais acu próiseas deimhniúcháin a thionscnamh; |
|
14. |
á chur i bhfios go bhfuil gá le hathbhreithniú uaillmhianach ar an Rialachán maidir le comheagrú na margaí chun cur lena rannchuidiú le hioncam na hearnála agus le cobhsaíocht an mhargaidh, chomh maith le margaíocht táirgí iascaigh a fheabhsú agus a mbreisluach a mhéadú; sa chomhthéacs sin, á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé lipéid dheimhnithe bia mara agus sásraí branda do tháirgí iascaigh a chruthú, chomh maith le hinrianaitheacht a mhéadú sa slabhra soláthair, rud a d’fheabhsódh an fhaisnéis a bheadh ar fáil do thomhaltóirí, a spreagfadh iad chun bia mara a fhaightear go háitiúil agus go hinbhuanaithe a cheannach agus a chuirfeadh lena bhfeasacht ar tháirgí an iascaigh ar mionscála; |
|
15. |
á iarraidh go ndéanfar cláir um thacaíocht iascaireachta ar mhionscála a éascú trí CEMID d’fhonn bainistiú gnó agus acmhainneachtaí eagraíochtúla a fheabhsú, costais táirgthe a laghdú, praghsanna céad-díola a fheabhsú agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil a áirithiú, go háirithe trí chabhlach níos inbhuanaithe agus níos nua-aimseartha; |
|
16. |
ag cur béim ar na deacrachtaí atá fós ag earnáil an iascaigh ar mionscála, ar féidir le luainiú agus ardú praghsanna breosla agus ionchur eile iad a ghéarú, agus ar staid é sin a bhfuil tionchar ar leith aige ar na ranna cabhlaigh nach bhfuil chomh hiomaíoch céanna, eadhon an iascaireacht ar mionscála, an iascaireacht ag lucht ceirde agus an iascaireacht chósta; |
Dálaí oibriúcháin a fheabhsú agus todhchaí an iascaigh ar mionscála, an iascaigh ag lucht ceirde agus an iascaigh cósta a ráthú
|
17. |
á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear deis ar fáil le CEMID tacú le hinnill nua a astaíonn níos lú CO2 a nuachóiriú, a athsholáthar nó a fháil, lena n-áirítear innill a úsáideann teicneolaíochtaí nua atá tíosach ar fhuinneamh, agus le tiontú inneall peitril; á mheas gur cheart na rátaí cómhaoinithe is airde atá ann cheana a úsáid; ag tabhairt rabhadh nach ndearnadh forbairt leordhóthanach ar go leor de na réitigh mhalartacha sin maidir le mótarthrealmhú go fóill nó go bhfuil méadú suntasach ar olltonnáiste i gceist leo, amhail i gcás roinnt mótair leictreacha; |
|
18. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil formhór earnáil an iascaigh ar mionscála ag brath ar fhóirdheontais bhreosla i réigiúin áirithe; ag tabhairt rabhadh go ndéanann an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (COM(2021)0563), trí dheireadh a chur leis an díolúine éigeantach atá ann faoi láthair don earnáil iascaireachta agus trí íosráta cánachais a thabhairt isteach, inmharthanacht fhormhór roinn an iascaigh ar mionscála, nach féidir aistir fhada a dhéanamh chun athbhreoslú i gcalafoirt a bhfuil praghsanna níos ísle acu, a chur i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit coinníollacha comhionanna a áirithiú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, leanúint de thionscal na hiascaireachta a dhíolmhú ó chánachas breosla; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh ualach ar an iascach ar mionscála mar thoradh ar aon chur chuige nua agus gur cheart díriú ar réitigh mhalartacha a chuirfeadh ar chumas na hearnála aistriú cóir i dtreo na spriocanna a leagtar síos sa Chomhaontú Glas a chomhcheangal leis an gcumas bláthú go heacnamaíoch agus dálaí cuibhiúla a ráthú dá hoibrithe; á mheas, i ndáil leis sin, agus i bhfianaise an bhoilscithe as cuimse atá ann faoi láthair ar phraghsanna breosla, go bhféadfadh na Ballstáit bearta urghnácha a bheartú chun cabhair a sholáthar do roinn an iascaigh ar mionscála, an iascaigh cósta agus an iascaigh ag lucht ceirde do na costais táirgthe mhéadaitheacha a bhfuiltear ag dréim leo, go háirithe laistigh de raon feidhme CEMID agus na gclár oibríochtúil náisiúnta; |
|
19. |
á thabhairt chun suntais gur eascair deacrachtaí as géarchéim COVID-19 d’earnáil an iascaigh agus go raibh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha eacnamaíocha agus sóisialta aici ar an earnáil, agus a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit na cistí náisiúnta agus AE atá ar fáil a threorú, más gá, chomh maith le breithniú a dhéanamh ar bhearta eisceachtúla chun cabhrú le hiascairí, lena n-áirítear le hoibrithe, géarchéimeanna nó suaitheadh sa mhargadh a shárú; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na hacmhainní a chuirtear ar fáil trí shásraí géarchéime chun tacú leis an iascach ar mionscála; á chur i bhfios go láidir, in ainneoin na géarchéime, gur lean earnáil an iascaigh cósta ar mionscála de bheith ag feidhmiú, lenar tugadh rochtain do shaoránaigh AE ar bhia mara, go háirithe i réigiúin iargúlta chósta, ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí; |
|
20. |
ag tathant ar na Ballstáit cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a leithdháileadh ar infheistíocht sa chabhlach cósta ar mionscála agus é mar aidhm acu cabhrú le hiascairí agus le hoibreoirí a dhéanann obair ghaolmhar, ar mná den chuid is mó iad, amhail eangóirí, cúntóirí agus pacáisteoirí cois cladaigh, agus oibrithe; |
|
21. |
ag tathant ar an gCoimisiún tacaíocht earnáilsonrach don iascach ar mionscála a éascú, faoi choimirce CEMID, chun bonneagar stórála, reoite agus cuisniúcháin a shuiteáil agus chun an slabhra fuar a choinneáil ón mbád go dtí an tomhaltóir deiridh; á mheas gur gné chinntitheach í an tacaíocht sin chun gur féidir le roinn an iascaigh ar mionscála lántairbhe a bhaint as acmhainní iascaigh – gan stoic a scriosadh nó a laghdú – chomh maith le soláthar agus seachadadh rialta táirgí úra agus ardcháilíochta a áirithiú don phobal, d’earnáil Horeca agus don tionscal próiseála bia; |
|
22. |
á mheas go bhféadfadh dálaí stórála cuí i gcalafoirt caomhnú éisc a éascú agus a ráthú agus cabhrú lena thráchtálú, d’fhonn brabúsacht éisc a fheabhsú trí ghníomhú go hindíreach i bhfoirmiú praghsanna; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur ann do na féidearthachtaí dá bhforáiltear i gcomheagrú na margaí agus ag eagraíochtaí táirgeoirí; |
|
23. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do CEMID agus do na cláir oibríochtúla náisiúnta nua an iascaireacht ar mionscála a neartú agus tacaíocht shoiléir a chur ar fáil di, chun rannchuidiú le hinbhuanaitheacht na bpobal cósta a bhíonn ag brath go traidisiúnta ar an iascaireacht agus lena n-inmharthanacht amach anseo a áirithiú, ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha na roinne sin agus chun tacú le bainistiú inbhuanaithe áitiúil an iascaigh lena mbaineann; |
|
24. |
á mheas gur cheart an tacaíocht a chuireann na Ballstáit ar fáil agus CEMID á chur chun feidhme a eagrú chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna struchtúracha, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le hioncam méadaithe ón iascaireacht, poist lena ngabhann cearta san earnáil a chur chun cinn agus praghsanna córa a áirithiú do tháirgeoirí, tacú le gníomhaíochtaí gaolmhara a fhorbairt, in earnálacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha na hiascaireachta, rannchuidiú le forbairt agus comhtháthú réigiún cósta faoi chuimsiú na hiascaireachta inbhuanaithe agus todhchaí d’earnáil an iascaigh ar mionscála; |
|
25. |
á chur i bhfáth, d’fhonn ráta forghníomhaithe mhaoiniú CEMID a fheabhsú agus d’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag an iascach ar mionscála ar thacaíocht, gur gá breathnú ar bhearta agus bearta a chur chun feidhme chun nósanna imeachta a chuíchóiriú, agus ar an gcaoi sin an rómhaorlathas, an chastacht agus an t-am formheasa a bhaineann le hiarratais a laghdú; an próiseas cistiúcháin chun cabhair a fháil a leasú agus córas réamh-mhaoinithe a chur ina áit; agus lánúsáid a bhaint as teorainneacha airgeadais an chiste; |
|
26. |
á chur i bhfáth go bhfuil uirlis in easnamh ar AE chun tuiscint a fháil ar mhéid infheistíochtaí CEMI agus CEMID in earnáil an iascaigh ar mionscála, ar líon na ndea-chleachtas a chistítear, ar bhaint amach torthaí nithiúla agus ar an gcaoi a bhfuil Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh ag obair agus ag cur CBI chun feidhme go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlis den sórt sin a bhunú mar chéim bhunúsach chun tuiscint a fháil ar conas dea-chleachtais a mhéadú agus modhanna iascaireachta eiseamláireacha a mhacasamhlú ar scála uile-Aontais; |
|
27. |
á iarraidh ar na Ballstáit cúnamh teicniúil a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil chun rochtain iascairí ar mionscála ar chistiú AE agus ar chistiú náisiúnta a éascú; |
|
28. |
ag tabhairt rabhadh faoi mheánaois ard an chabhlaigh iascaireachta ar mionscála agus á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur gá gníomhaíocht iascaireachta na roinne sin a dhéanamh tarraingteach do dhaoine óga agus do mhná; ag cur béim ar an ngá atá leis an gcabhlach ar mionscála a athnuachan agus a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí maireachtála ar bord, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus an roinn a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, agus a áirithiú ag an am céanna nach dtiocfaidh méadú ar an acmhainneacht iascaireachta sa chabhlach iascaireachta iomlán agus go bhfeabhsófar inbhuanaitheacht shóisialta agus eacnamaíoch na bpobal iascaireachta atá ag brath ar an gcabhlach; sa chomhthéacs sin, á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil soithí imithe i léig, agus ina bhfuil méadú tagtha ar chostais oibriúcháin, chothabhála agus athaicmithe (go heacnamaíoch agus ó thaobh an chomhshaoil de), rud a chuireann na dálaí sábháilteachta ráthaithe i mbaol le linn oibríochtaí; á chur i bhfáth go bhféadfadh na critéir olltonnáiste chun acmhainneacht iascaireachta a thomhas, tríd an spás atá curtha i leataobh do shaoráidí criú agus do chompord a áireamh freisin, bac a chur ar nuachóiriú soithí iascaireachta agus ar an bhfeabhas a bhfuil géarghá leis ar dhálaí oibre an chabhlaigh iascaireachta ar mionscála; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir sin agus ar fhorálacha idirnasctha eile chun teacht ar réiteach a bheidh in ann riachtanais oibrithe iascaireachta ar mionscála a chothromú leis an ngá atá lena áirithiú nach méadófar acmhainneacht iascaireachta chabhlach AE; |
|
29. |
á athdhearbhú gur riachtanach tacaíocht d’athnuachan nó do nuachóiriú an chabhlaigh chun sábháilteacht, dálaí oibre agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil gníomhaíochtaí a fheabhsú; á chur i bhfáth, áfach, gur gan acmhainneacht iascaireachta a mhéadú amháin ba cheart é sin a bhaint amach; |
|
30. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuirfear todhchaí na hiascaireachta ar mionscála i mbaol, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, má dhéantar neamhaird ar an ngá atá le cabhlaigh a athnuachan agus le soithí a chothabháil agus a fheabhsú, go háirithe soithí atá imithe i léig agus neamhéifeachtúil, ach gan a bheith teoranta dóibh; |
|
31. |
á thabhairt le fios go gcuirtear deiseanna ar fáil le CEMID infheistíocht a dhéanamh sa tsábháilteacht, i ndálaí maireachtála níos fearr agus i bhfeidhmíocht fuinnimh do shoithí, a bhféadfadh an cabhlach cósta agus ceardaíochta ar mionscála tairbhiú de freisin, agus gur cheart deiseanna cistiúcháin a chur ar fáil leis freisin chun soithí a athnuachan, a athstruchtúrú agus a athrú, agus chun soithí nua a cheannach sa chabhlach iascaireachta ar mionscála – go háirithe sna cásanna arna sainaithint ina bhfuil meánaois ard ag an gcabhlach sin agus nach ráthaítear dálaí riachtanacha sábháilteachta agus inoibritheachta leis — agus le haghaidh méaduithe ar chumhacht innill i gcás ina bhfuil údar cuí leis chun dálaí sábháilteachta níos fearr a áirithiú ar bord le linn oibríochtaí agus ar dhul isteach san fharraige agus ar theacht amach uaithi, agus an t-am a chaitear ar muir a mhéadú, ar choinníoll nach mbeidh aon mhéadú ar an acmhainneacht iarrachta iascaireachta, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí; |
|
32. |
ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear caighdeáin agus rialacháin AE maidir le sábháilteacht, dálaí saothair agus dálaí maireachtála ar bord soithí iascaireachta chun feidhme go hiomlán; |
|
33. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do na Ballstáit oibriú go leanúnach ar chothabháil agus ar uasghrádú a gcuid calafort agus cuanta chun a áirithiú gur féidir gabhálacha a thabhairt i dtír agus a dhíluchtú i ndálaí sábháilteachta; |
|
34. |
á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht shocheacnamaíoch, ó thaobh na fostaíochta agus an chomhtháthaithe shóisialta de, ag baint le hearnáil an iascaigh, lena n-áirítear an t-iascach ar mionscála, an t-iascach ag lucht ceirde agus an t-iascach cósta, do na réigiúin is forimeallaí, ar limistéir iad a bhfuil srianta struchtúracha agus níos lú deiseanna d’éagsúlú eacnamaíoch mar shaintréith acu; á iarraidh, dá bhrí sin, go méadófar tacaíocht AE d’earnáil an iascaigh ar mionscála sna réigiúin sin; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire gur chuir CEMID tacaíocht ar fáil d’earnáil an iascaigh sna réigiúin is forimeallaí, d’fhonn, go háirithe, tacaíocht a thabhairt do na costais bhreise a eascraíonn as an iargúltacht a mhéid a bhaineann le táirgí iascaigh áirithe a dhíol ó chuid de na réigiúin is forimeallaí; |
|
36. |
ag tarraingt aird ar ghnéithe sonracha shlabhraí luacha earnáil an iascaigh sna réigiúin is forimeallaí agus á áitiú go bhfuil gá le haird ar leith chun iad a neartú agus chun a rochtain ar mhargaí a éascú, arb aidhm í sin a d’fhéadfaí a bhaint amach ní hamháin trí scéim POSEI a athbhunú le haghaidh an iascaigh, ach trí scéim chomhchosúil a bhunú don iompar freisin; |
|
37. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag an iascaireacht turasóireachta sna réigiúin sin a bheith mar bhealach chun daoine óga a mhealladh isteach sa ghairm agus chun ioncaim iascairí a éagsúlú gan a n-iarracht iascaireachta a mhéadú, teorainneacha iarrachta iascaireachta a urramú agus feasacht an phobail a ardú maidir le traidisiúin na hearnála agus litearthacht ó thaobh na farraige de; á chur i bhfáth gur gá laghdú ar an maorlathas a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin a ráthú agus tacaíocht AE a chur ar fáil do na gníomhaíochtaí sin; |
|
38. |
á mheas go n-éilítear le todhchaí na hiascaireachta ar mionscála go n-áiritheofaí le rialacháin AE timpeallacht rialála a neartóidh seasamh na n-iascairí sa slabhra soláthair agus a sholáthróidh infheistíochtaí d’inbhuanaitheacht, cobhsaíocht agus iomaíochas eacnamaíoch na hearnála san fhadtéarma; |
|
39. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh ráthú soláthair éisc don phobal san áireamh i gcuspóirí beartais iascaigh, mar chuid de shlándáil bia agus ceannasacht a áirithiú, mar aon le pobail chósta a fhorbairt, agus a áirithiú ag an am céanna go bhforbróidh gníomhaíochtaí iascaigh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, agus na gairmeacha a bhaineann leis an iascach a chur chun cinn trína mealltacht a mhéadú; á thabhairt chun suntais gur cheart ról socheacnamaíoch an iascaigh ar mionscála i bpobail iascaireachta a aithint i gcur chun feidhme CBI, lena ndéanfaí poist a sholáthar agus dálaí maireachtála iascairí agus oibrithe a dhéanann cúraimí cúnta, ar mná de ghnáth iad, a fheabhsú, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar dhálaí oibre, inchónaitheachta agus sábháilteachta do chriúnna, chun daoine óga a mhealladh agus athnuachan glúine a bhaint amach don ghníomhaíocht sin, faoi chuimsiú inbhuanaitheacht ráthaithe agus caomhnú maith acmhainní; |
|
40. |
á athdhearbhú go bhfuil fírinne an iascaigh in AE casta agus go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó Bhallstát go Ballstát ó thaobh na gcabhlach iascaireachta faoi seach de, mar aon le tionchar comhshaoil ranna cabhlaigh éagsúla, trealamh iascaireachta, stoic éisc agus staid a gcaomhnaithe, agus nósanna tomhaltais an phobail; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí réigiúnú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar bhainistiú an iascaigh faoi chuimsiú CBI, agus cothrom iomaíochta á áirithiú ag an am céanna do na hiascairí uile, lena n-áirítear in eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh; á athdhearbhú go n-éilítear leis an éagsúlacht mhór sin go mbeadh eisceachtaí ag gabháil le bainistiú iascaigh, ar eisceachtaí iad lena gceadaítear do na Ballstáit agus do na réigiúin cleachtais bhainistíochta níos speisialaithe a chur chun feidhme, lena gcuirtear saintréithe sonracha san áireamh, lena gcuirtear idirphlé chun cinn, lena mbeidh an earnáil agus na pobail chósta rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta, maidir le beartais a shainiú agus a chur chun feidhme, agus atá bunaithe ar eolas eolaíoch fónta; |
|
41. |
á chreidiúint, dá bhrí sin, gur gá tionscnaimh bhainistíochta ar an leibhéal áitiúil trí chomhbhainistíocht a chur san áireamh i gcláir CEMID na mBallstát; |
|
42. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, leis an athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le rialú an iascaigh, go n-urramófaí na gnéithe speisialta a bhaineann le gníomhaíochta iascaireachta ar mionscála agus nach ndéanfaí é a ró-ualú le maorlathas, go háirithe i ndáil le geoshuíomh nó sonraí gabhála a sheoladh go leictreonach; á iarraidh go mbeadh córas rialaithe ann atá deartha agus oiriúnach go sonrach d’fhírinne agus d’éagsúlacht an chabhlaigh cósta ar mionscála, lena n-áirítear bailiú sliogéisc agus iascaireacht gan soithí, ina bhfuil comhréireacht agus cur chuige céimnithe ríthábhachtach; |
|
43. |
á mheas go bhfuil sé tábhachtach gníomhaíochtaí laistigh den gheilleagar gorm inbhuanaithe níos leithne a éagsúlú, lena n-áirítear cultúr pobal a spreagadh agus seachtháirgí agus táirgí iascaireachta nach bhfuil aon luach tráchtála acu, ach a bhfuil acmhainneacht ag baint leo, a chur chun cinn; á mheas, áfach, nár cheart go gcuirfeadh gníomhaíochtaí den sórt sin isteach ar ghníomhaíocht iascaireachta ná ar chearta stairiúla iascairí chun na farraige; |
|
44. |
á chreidiúint nár cheart go gcuirfeadh úsáid spáis mhuirí le haghaidh réimsí eile saothraithe eacnamaíoch cearta stairiúla iascaireachta i mbaol; á mheas gur cheart an iascaireacht ar mionscála a chomhtháthú go hiomlán i bpleanáil straitéiseach na mbeartas sin; á chreidiúint go bhfuil staid chomhchosúil ann in uiscí intíre, ina bhfuil coinbhleachtaí méadaitheacha os comhair an iascaigh ar mionscála maidir le hacmhainní agus úsáid fionnuisce, sa mhéid is go bhfuil iomaíocht ann le tionscail a bhfuil tionchar diúltach acu ar ghnáthóga bruachánacha agus ar acmhainní éisc; |
|
45. |
á chur i bhfáth go gcuirtear réiteach féideartha ar fáil leis na dúshláin shocheacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as bainistiú limistéar muirí faoi chosaint chun cuspóirí caomhnaithe agus inbhuanaitheachta a thabhairt chun réitigh ar thaobh amháin, agus earnáil an iascaigh ar mionscála a chomhtháthú i gcinntí bainistíochta i limistéir mhuirí faoi chosaint agus thart orthu ar an taobh eile; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cineálacha cur chuige rannpháirtíochta a fhorbairt maidir le bainistiú limistéar muirí faoi chosaint, bunaithe ar shonraí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha arna bhfoirmliú, arna gcur chun feidhme agus arna n-athbhreithniú go comhpháirteach in éineacht le cleachtóirí limistéar muirí faoi chosaint, geallsealbhóirí lena mbaineann agus earnáil an iascaigh ar mionscála; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chleachtais bainistíochta rannpháirteacha a fhorbairt, agus d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir forbairt inbhuanaithe an iascaigh ar mionscála agus, i gcás inarb infheidhme, forbairt inbhuanaithe na turasóireachta freagraí; |
|
46. |
á chur i bhfios go bhfuil gá le cosaint eacnamaíoch agus shóisialta le linn tréimhsí neamh-iascaireachta agus i gcás tubaistí a chuireann bac ar ghníomhaíochtaí; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le sásraí lena bhforáiltear do chúiteamh pá as tuilleamh caillte le linn na dtréimhsí sin; á chur i bhfáth gur cheart caitheamh leis an gcúiteamh sin mar am oibre iarbhír chun críoch an phinsin scoir agus teidlíochtaí slándála sóisialta eile; |
|
47. |
á chreidiúint, más mian linn athnuachan glúine a fheiceáil, nach mór dálaí tarraingteacha do dhaoine óga agus do mhná a chur i bhfeidhm, rud a chiallaíonn nach mór luach a chur ar ioncam na hiascaireachta agus cobhsaíocht na hiascaireachta á háirithiú, agus prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann a chur i bhfeidhm, leithdháileadh cuótaí ar an iascach ar mionscála a mhéadú i gcomhréir le comhairle eolaíoch, oiliúint a áirithiú faoi choinníollacha lena dtugtar aird chuí ar éagsúlacht cleachtas iascaireachta, fearas iascaireachta agus na riachtanas atá ag gach Ballstát, chomh maith le dálaí oibre leormhaithe agus sábháilteacht ar bord a ráthú; á mheabhrú go gcuireann CEMID tacaíocht ar fáil don oiliúint agus don fhorbairt ghairmiúil; á mheas gur cheart go ráthófaí gné láidir phraiticiúil leis an oiliúint, agus fírinne shonrach an chomhthéacs náisiúnta, réigiúnaigh nó áitiúil ina ndéantar an oiliúint á cur san áireamh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, ina theannta sin, gur cheart go bhféadfaí é sin a chomhcheangal le hoiliúint theoiriciúil, agus tairbhe á baint, ag an am céanna, as eolas carntha na ndaoine a bhí nó atá ar muir; |
|
48. |
á iarraidh go ndéanfaí na hacmhainní airgeadais agus teicniúla le haghaidh taighde maidir leis an iascach a mhéadú i ngach Ballstát d’fhonn gníomhaíochtaí a fhorbairt atá dírithe ar an iascach agus ar acmhainní iascaigh, bailiú sonraí a mhéadú agus a fheabhsú agus measúnú a dhéanamh ar staid na n-acmhainní; |
|
49. |
á iarraidh go méadófar na hacmhainní airgeadais agus teicniúla don taighde agus don fhorbairt eolaíoch a bhaineann leis an iascach in AE agus i ngach Ballstát; á chur i bhfáth, go háirithe, gur gá tacú le hinstitiúidí taighde agus le saotharlanna sa réimse sin le hábhar agus acmhainní daonna d’fhonn gníomhaíochtaí a fhorbairt atá dírithe ar an iascach ar mionscála, an t-iascach cósta agus an t-iascach ag lucht ceirde a chur chun cinn, agus tuiscint níos fearr ar na cúiseanna éagsúla atá le hídiú stoc éisc a ráthú mar aon le caomhnú acmhainní éisc; á chur i bhfáth gur gá ról a thabhairt d’iascairí agus do chomhlachais iascairí maidir le faireachán eolaíoch, mapáil, bailiú sonraí agus gníomhaíochtaí bainistithe agus rialaithe, chun leas iomlán a bhaint as a gcuid eolais; |
|
50. |
á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht chuimsitheach léarscáilithe a sheoladh ar fud an réigiúin chun corpas cruinn iomlán de shonraí bonnlíne maidir leis an iascach ar mionscála a fhorbairt d’fhonn tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an iascaigh ar mionscála a thomhas i dtéarmaí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon agus meastachán a dhéanamh ar luach an aschuir arna tháirgeadh ag an iascach ar mionscála; a dtionchar eacnamaíoch ar phobail chósta; agus a dtionchar ar earnálacha gaolmhara; |
|
51. |
á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tacú le taighde ar chleachtais lena ndéantar ioncam na bpobal iascaireachta agus earnáil na hiascaireachta, lena n-áirítear iascach ar mionscála, a mhéadú agus a éagsúlú; á chreidiúint gur cheart toradh an taighde sin a scaipeadh in AE d’fhonn tionscadail a mhacasamhlú, a chur chun feidhme agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; |
|
52. |
á thabhairt chun suntais, in ainneoin na bhfeabhsuithe ar chumhdach sonraí, go bhfuil easpa sonraí agus táscairí cuimsitheacha staidrimh eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha ann fós ar an leibhéal Eorpach maidir le hiascach ar mionscála; á chur i bhfáth nach féidir anailís chuí a dhéanamh ar an roinn mar gheall ar an easpa staidrimh sin agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé níos deacra gníomhaíocht reachtach chuí a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na saincheisteanna is criticiúla atá roimh iascach ar mionscála; |
|
53. |
á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le bailiú agus dí-chomhiomlánú cuí sonraí maidir le hiascach agus iad a fheabhsú, sonraí staidrimh leormhaithe a fháil maidir le gabhálacha agus tabhairt i dtír gabhálacha d’fhonn feabhas a chur ar mheasúnú agus ar bhainistiú acmhainní, lena n-áirítear gníomhaíochtaí gaolmhara, gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha, agus anailísí ar úsáidí tráchtála eile, go háirithe ar mhaithe le hiascach ar mionscála agus leis na pobail a bhaineann leis; |
|
54. |
á iarraidh ar an gCoimisiún mapáil chuimsitheach ar fud an réigiúin ar chórais cosanta sóisialta agus ar an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm agus ar fáil d’iascach ar mionscála sna Ballstáit a sheoladh d’fhonn na roghanna is rathúla a shainaithint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear sásraí reachtacha agus institiúideacha lena n-áirithítear rannpháirtíocht iomlán an iascaigh ar mionscála i ngach gníomhaíocht a bhaineann le forbairt inbhuanaithe na hearnála, amhail gníomhaíochtaí malartacha a fhorbairt, comhbhainistíocht, tacaíocht airgeadais, lipéadú, inrianaitheacht agus an ceart chun obair chuibhiúil agus cosaint shóisialta; |
|
55. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór do na Ballstáit a áirithiú, agus CBI á chur chun feidhme acu, nach mór cur chun feidhme na gcuspóirí comhshaoil is gá a bheith fite fuaite le cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha a shainiú, agus gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a n-idirspleáchas a chur san áireamh, agus reachtaíocht á cur chun feidhme agus tionscnaimh reachtacha á gceapadh amach anseo; |
|
56. |
á chur i bhfáth gur féidir le heagraíochtaí táirgeoirí ról lárnach a bheith acu maidir le struchtúir tráchtálaithe tháirgí an iascaigh ar mionscála a bhainistiú, maidir le rochtain ar an margadh a fheabhsú do tháirgí an iascaigh ar mionscála agus maidir le hinfhaighteacht táirgí bia áitiúla laistigh de phobail chósta a mhéadú; á chur i bhfáth, go háirithe, trí na gníomhaíochtaí neartaithe agus cur chun cinn sin, go gcabhrófaí le hiascach ar mionscála a bheith i staid níos fearr chun praghsanna a chaibidliú, agus go gcuirfí chun cinn iomaíocht fholláin laistigh den earnáil agus úsáid níos éifeachtúla a struchtúr féin agus a n-acmhainní féin trí ghníomhaíocht chomhchoiteann; |
|
57. |
á chur i bhfáth, ina leith sin, a ríthábhachtaí atá sé go mbeadh acmhainneacht eagraíochtúil thiomnaithe níos láidre ag earnáil an iascaigh ar mionscála chun a seasamh sa slabhra luacha a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cur le cumhacht mhargála iascairí ar mionscála agus chun cruthú eagraíochtaí, comhlachas agus comharchumann táirgeoirí le haghaidh na ranna sin a spreagadh agus a éascú, agus tacú lena gcruthú, mar uirlis thábhachtach chun a neart sa slabhra soláthair a fheabhsú agus chun a gcumhacht caibidlíochta a mhéadú vis-à-vis gníomhaithe eile sa mhargadh, chun corrlaigh bhrabúis mhaithe a áirithiú agus chun a ngníomhaíochtaí iascaireachta a bhainistiú ar bhealach níos fearr; |
|
58. |
á áitiú gur cheart go n-aithneofaí comhlachais agus gildeanna agus nach mór go mbeidís incháilithe chun tacaíocht airgeadais a fháil ar chomhchéim le heagraíochtaí táirgeoirí; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, go háirithe faoi chuimsiú an athchóirithe ar an Rialachán maidir le comheagrú na margaí, tionscnaimh a ghlacadh maidir leis an ábhar sin agus é mar aidhm leo deireadh a chur le haon idirdhealú idir gildeanna agus eagraíochtaí táirgeoirí; |
|
59. |
á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit obair leantach a dhéanamh ar an Rialachán maidir le comheagrú na margaí trí phleananna réigiúnacha a bhunú d’eagraíochtaí táirgeoirí an iascaigh ar mionscála chun brabúsacht earnáil an iascaigh ar mionscála a mhéadú agus cáilíocht agus inrianaitheacht a cuid táirgí a fheabhsú; |
|
60. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh iascairí ar mionscála rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar na Ballstáit trédhearcacht a fheabhsú sa phróiseas cinnteoireachta maidir le hiascach ar mionscála chun cuntasacht a áirithiú; á mholadh go gcumhachtófaí comhlachais iascairí ar mionscála freagracht agus cumhacht chinnteoireachta a roinnt i ndréachtú agus i gcur chun feidhme pleananna comhbhainistíochta le húdaráis náisiúnta i gcoistí comhbhainistíochta; |
|
61. |
á chur i bhfáth go mbraitheann inmharthanacht an iascaigh ar mionscála go criticiúil ar rochtain shlán ar acmhainní agus ar limistéir iascaireachta ar thaobh amháin, agus ar mhargaí breisluacha ar an taobh eile; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh cur chuige difreáilte ann maidir le bainistiú an iascaigh ar mionscála lena n-áirítear rochtain tosaíochta ar limistéir iascaireachta cois cladaigh; |
|
62. |
á mheas gur uirlis ríthábhachtach í an chomhbhainistíocht d’iascach ar mionscála, rud a fhágann gur féidir bainistiú acmhainní iascaireachta a bharrfheabhsú trí chur chuige comhtháite a úsáid, agus gnéithe uile na hinbhuanaitheachta á gcur san áireamh, lena n-áirítear gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, agus lena n-ionchorpraítear rannpháirtíocht ghníomhach an riaracháin, na hearnála iascaireachta, an phobail eolaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta; |
|
63. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tionchar íseal ag an iascach ar an gcomhshaol agus go dtáirgeann sé bia sláintiúil, ós rud é nach bhfuil beathú saorga, antaibheathaigh, leasacháin ná aon úsáid lotnaidicídí ceimiceacha i gceist leis; |
|
64. |
á chur i bhfáth nár cheart coinbhleacht shaorga idir iascairí tionsclaíocha agus iascairí ar mionscála a chruthú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach bhfuil iascairí tionsclaíocha agus iascairí ar mionscála in iomaíocht le chéile, ós rud é go ndéanann siad iascaireacht ar speicis éagsúla den chuid is mó i meánna éagsúla den chuid is mó; ag tabhairt dá haire gur gnólachtaí teaghlaigh iad na cuideachtaí iascaireachta tionsclaíocha, mar a thugtar orthu, a bhí ann ar feadh na nglúnta agus atá fréamhaithe go domhain i bpobail iascaireachta áitiúla agus nasctha leo; |
|
65. |
á chur i bhfios gur deis eisceachtúil é dearbhú 2022 mar Bhliain Idirnáisiúnta an Iascaigh ar Mionscála agus an Dobharshaothraithe chun aird dhomhanda a dhíriú ar an obair a dhéanann an roinn sin den chabhlach ar mhaithe le slándáil bia agus úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, chun a áirithiú go mbeidh an iascaireacht ar mionscála infheicthe agus go n-áireofar í ar bhealach níos gníomhaí i bpróisis chinnteoireachta; |
|
66. |
á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach roghnaíocht a fheabhsú agus an t-aistriú i dtreo teicnící iascaireachta ísealtionchair a dhéanamh ar mhaithe le marthanas agus rathúnas an iascaigh ar mionscála; |
|
67. |
á chur i bhfáth gur cheart d’institiúidí poiblí rochtain ar mhaoiniú a éascú do na codanna is laige den chabhlach chun slabhraí luacha a chothú agus teipeanna margaidh a chosc; i ndáil leis sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh reachtacha a bhunú chun rochtain ar mhaoiniú foirmiúil a éascú d’earnáil an iascaigh ar mionscála; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí leis sin rochtain ar chreidmheas foirmiúil le haghaidh speansais caipitil agus maoiniú d’oibríochtaí iascaireachta; saoráidí agus táirgí maoinithe a fhorbairt, i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí airgeadais, le haghaidh infheistíocht mheántéarmach go fadtéarmach; agus cur i bhfeidhm scéimeanna maoinithe foirmiúla amhail conarthaí táirgthe nó fáltais stórála, le rannpháirtíocht iascairí, trádálaithe agus údarás poiblí; |
|
68. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil pleanáil spásúil mhuirí ríthábhachtach chun rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile a áirithiú i gcinntí a bhaineann le húsáid agus cosaint na muirthimpeallachta; á thabhairt chun suntais gur príomhuirlis í an phleanáil spásúil mhuirí chun rannpháirtíocht iascairí ar mionscála a áirithiú sa phróiseas cinnteoireachta; |
|
69. |
á áitiú go bhfuil an titim leanúnach i dtacaíocht AE don earnáil faoi chreataí airgeadais ilbhliantúla leantacha ar cheann de na tosca atá ag déanamh na staide san earnáil níos measa, go háirithe an laghdú ar chistiú do CEI/EMFAF agus don Rialachán maidir le comheagrú na margaí; á athdhearbhú, dá bhrí sin, nach mór dlús a chur le tacaíocht airgeadais AE d’earnáil an iascaigh; |
|
70. |
á mheas gur rannchuidiú luachmhar iad Treoirlínte Deonacha FAO maidir le hIascach Inbhuanaithe ar Mionscála a Ráthú i gComhthéacs na Slándála Bia agus Dhíothú na Bochtaineachta maidir le creat a shainiú chun iascaireacht ar mionscála a choimirciú, a uasmhéadú agus a chur chun cinn i gcomhthéacs beartais bhainistithe iascaigh; |
|
71. |
á iarraidh ar na Ballstáit uile ról na mban san iascaireacht a fheabhsú trí thionscadail shonracha agus trí aitheantas dlíthiúil iomlán a thabhairt do ról na mban mar “chúntóirí” agus mar chomhoibrithe i ngnólachtaí iascaireachta teaghlaigh, d’fhonn níos mó ráthaíochtaí saothair, ioncaim don todhchaí agus sochair slándála sóisialta a áirithiú; |
|
72. |
á mheas gurb iomchuí comhar a neartú d’fhonn aitheantas a thabhairt d’oiliúint bhunúsach arna soláthar ag scoileanna nó ag institiúidí oideachais atá aitheanta ag córais náisiúnta oideachais gach Ballstáit nó tríú tíre agus a aithnítear go hidirnáisiúnta; |
|
73. |
á mheas, dá ndéanfaí pointí aontachta a fhorbairt idir an réimse éagsúil eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil, gur ghné thábhachtach a bheadh ann chun a cuid éileamh a chosaint agus chun a áirithiú go gcuirfí san áireamh go cuí é agus sainmhíniú á thabhairt ar bheartais bainistithe iascaigh agus ar bheartais maidir le húsáid an spáis mhuirí; |
|
74. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tionscadail a chur chun cinn, i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe, lena rannchuideofar le limistéir chósta agus oileánacha a chosaint mar chodanna lárnacha den iascaireacht agus den oidhreacht mhuirí; |
|
75. |
á chur i bhfáth, maidir leis an ngá méadaitheach le foinsí fuinnimh in-athnuaite chun na spriocanna a leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Aontas a bhaint amach, go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar níos mó aige ar earnáil an iascaigh ar mionscála ná ar an gcuid eile de na ranna cabhlaigh; á chur i bhfáth go ndéanfar difear ar leith d’iascach ar mionscála más rud é go dtarlaíonn díláithriú a eascraíonn as suiteáil líon méadaitheach aonad feirme gaoithe amach ón gcósta laistigh de mheánna iascaireachta cois cladaigh, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh sé d’acmhainn acu bogadh go meánna iascaireachta níos faide ó bhaile ná modhanna iascaireachta a athrú; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí pleanáil spásúil mhuirí iomchuí chun leasanna na n-earnálacha uile a ráthú agus chun cúiteamh cothrom a áirithiú d’iascairí ar mionscála mar rogha dheireanach; |
|
76. |
ag cur béim ar na deiseanna a eascraíonn as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir iascaigh ar mionscála agus earnálacha eile agus, go háirithe, le turasóireacht chósta a chomhroinneann na sócmhainní agus na bonneagair chéanna le hearnáil an iascaigh ar mionscála; á chur i bhfáth, dá mbeadh sineirgí den sórt sin ann, go gcumasófaí éagsúlú sa gheilleagar áitiúil, go soláthrófaí poist agus ioncam breise do theaghlaigh, agus go gcabhrófaí leis an meath ar bhrabúsacht agus ar fhostaíocht in earnáil an iascaigh a chobhsú; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh ann do shainmhíniú soiléir ar an “turasóireacht iascaigh” lena gceadaítear gníomhaíocht rialáilte agus, ag an am céanna, lena gceadaítear d’iascairí gairmiúla ar mionscála leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le sineirgí le hearnáil an gheilleagair ghoirm; |
|
77. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht laistigh d’earnáil an iascaigh ar mionscála; á chur i bhfáth, d’ainneoin sin, go raibh ról gníomhach ag mná i gcónaí, cé gur minic a bhí siad dofheicthe, laistigh d’earnáil an iascaigh ar mionscála; á chur i bhfáth nach féidir an “dofheictheacht” sin a lua le cúiseanna cultúrtha amháin, ach gur féidir an easpa sonraí staidrimh oifigiúla maidir le fostaíocht na mban laistigh d’earnáil an iascaigh ar mionscála a lua léi freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le tionscadail atá tiomanta d’fhaisnéis a bhailiú maidir le fostaíocht na mban, chomh maith le cur ar chumas na mban dul isteach in earnáil an iascaigh ar mionscála agus ról lárnach a bheith acu inti; |
|
78. |
á mheas go mbeadh níos mó cuimsithe shóisialta mar thoradh ar thimpeallacht oibre inrochtana a áirithiú, lena n-áirítear laistigh d’earnáil an iascaigh, chun iascairí gníomhacha agus iariascairí araon agus oibrithe eile sa tionscal iascaireachta atá faoi mhíchumas fisiciúil nó foghlama a athimeascadh sa mhargadh saothair, agus go gcabhrófaí le breis dreasachtaí a chruthú do ghiniúint ioncaim in earnáil an iascaigh agus i bpobail iascaireachta mar thoradh air sin; |
o
o o
|
79. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát. |
(1) Páipéar eacnamaíoch muirí Uimh. 08/2020, “The EU fishing fleet 2020: Trends and economic results”, an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta, 9 Márta 2021.
(2) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(3) IO L 354, 28.12.2013, lch. 1.
(4) IO L 257, 28.8.2014, lch. 135.
(5) IO C 474, 24.11.2021, lch. 218.
(6) IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.
(7) IO L 149, 20.5.2014, lch. 1.
(8) IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.
(9) “The 2019 Annual Economic Report on the EU Fishing Fleet (STECF 19-06)”, an Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach, 20 Lúnasa 2019: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/ca63ab82-c3bf-11e9-9d01-01aa75ed71a1
(10) “Social data in the EU fisheries sector”, an Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach, 26 Meán Fómhair 2019: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/fd0f6774-e0dd-11e9-9c4e-01aa75ed71a1
(11) “The 2021 Annual Economic Report on the EU Fishing Fleet (STECF 21-08)”, an Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach, 8 Nollaig 2021: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/77fb8e7b-58a7-11ec-91ac-01aa75ed71a1/
(12) “Social dimension of the CFP (STECF 20-14)”, an Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach, 10 Nollaig 2020: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2672864/STECF+20-14+-+Social%20+dimension+CFP.pdf/a68c6c42-6b64-41fc-b5a0-b724c71aa78e
(13) Pascual-Fernández, J.J., Pita, C. agus Bavinck, M. (eds), Small-Scale Fisheries in Europe: Status, Resilience and Governance, MARE Publication Series, Imleabhar 23, Springer, Cham, an Eilvéis, 2020.
(14) https://www.actu-environnement.com/media/pdf/news-28756-declaration-malte-surpeche-mediterranee.pdf
(15) Tuarascáil 2020 ar chur chun feidhme CEMI, an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta, an tAonad Tacaíochta um Fhaireachán agus Meastóireacht ar an Iascach agus ar an Dobharshaothrú, Meán Fómhair 2021: https://oceans-and-fisheries.ec.europa.eu/system/files/2021-09/emff-implementation-report-2020_en.pdf
(16) Martini, R. agus Innes, J.,“Relative Effects of Fisheries Support Policies”, OECD Food, Agriculture and Fisheries Papers, Uimh. 115, OECD Publishing, Páras, 2018: https://www.oecd-ilibrary.org/agriculture-and-food/relative-effects-of-fisheries-support-policies_bd9b0dc3-en
(17) Said, A. et al., “Small-scale fisheries access to fishing opportunities in the European Union: Is the Common Fisheries Policy the right step to SDG14b?”, Marine Policy, Imleabhar 118, 2020: https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0308597X20302475
(18) Smith, H. agus Basurto, X., “Defining Small-Scale Fisheries and Examining the Role of Science in Shaping Perceptions of Who and What Counts: A Systematic Review”, Frontiers in Marine Science, Imleabhar 6, 2019: https://www.frontiersin.org/articles/10.3389/fmars.2019.00236/full
(19) Staidéar – “Small-scale Fisheries and ‘Blue Growth’ in the EU”, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 18 Márta 2017: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2017/573450/IPOL_STU(2017)573450_EN.pdf
(20) Staidéar – “Workshop on electronic technologies for fisheries – Part III: Systems adapted for small-scale vessels”, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 30 Iúil 2021: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/690863/IPOL_STU(2021)690863_EN.pdf
(21) Staidéar – “Impacts of the COVID-19 pandemic on EU fisheries and aquaculture”, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 7 Iúil 2021: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/690880/IPOL_STU(2021)690880_EN.pdf
(22) IO C 419, 16.12.2015, lch. 167.
(23) IO C 58, 15.2.2018, lch. 82.
(24) IO C 334, 19.9.2018, lch. 20.
(25) IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.
(26) IO C 117, 11.3.2022, lch. 67.
(27) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 dar teideal Towards more sustainable fishing in the EU: state of play and orientations for 2022 [I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2022] (COM(2021)0279),
(28) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/FISH_FLEET_ALT__custom_1479572/default/table?lang=en
(29) https://ec.europa.eu/fisheries/facts_figures_en?qt-facts_and_figures=2
(30) Féach lch. 8 de Small-Scale Fisheries in Europe: Status, Resilience and Governance [An tIascach ar Mionscála san Eoraip: Stádas, Teacht Aniar agus Rialachas].