European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4019

17.7.2024

P9_TA(2023)0254

Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2023: Barrachas ón mbliain airgeadais 2022 a iontráil

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 maidir le seasamh na Comhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2023 an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2023 lena gcuirtear isteach barrachas na bliana airgeadais 2022 (09682/2023 – C9-0208/2023 – 2023/0103(BUD))

(C/2024/4019)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,

—

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, mar a glacadh go cinntitheach é an 23 Samhain 2022  (2),

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (3) (‘Rialachán CAI’),

—

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus freisin maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4),

—

ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (5),

—

ag féachaint do dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2023, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 12 Aibreán 2023 (COM(2023)0250),

—

ag féachaint don seasamh ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2023 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 19 Meitheamh 2023 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 20 Meitheamh 2023 (09682/2023 – C9-0208/2023),

—

ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 ar an tionchar a bheidh ag méadú ar chostais iasachtaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh ar bhuiséad 2024 an Aontais Eorpaigh (6),

—

ag féachaint do Rialacha 94 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0225/2023),

A.

de bhrí go bhfuil Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2023 ceaptha chun an barrachas ón mbliain airgeadais 2022 a iontráil i mbuiséad 2023, arb ionann a mhéid agus EUR 2 519 milliún;

B.

de bhrí gurb iad na príomh-chomhpháirteanna den bharrachas sin ná toradh dearfach ar ioncaim EUR 2 198,4 milliún agus tearc-chaitheamh arb ionann é agus EUR 320,6 milliún;

C.

de bhrí, ar thaobh an ioncaim, go bhfuil an barrachas á thiomáint den chuid is mó ag méid dleachtanna custaim atá níos airde ná a rabhthas ag súil leis (beagán os cionn EUR 2 bhilliún); de bhrí go bhfuil an barrachas in ioncam riaracháin arb ionann é agus EUR 170 milliún inchurtha den chuid is mó i leith an ráta nuashonraithe tuarastail atá níos airde ná mar a tuaradh ar dtús, ráta a mhéadaigh leibhéal na cánach agus na dtobhach agus na ranníocaíochtaí pinsin; de bhrí gurb ionann an barrachas in ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha agus EUR 141 mhilliún;

D.

de bhrí, ó thaobh caiteachais de, gurbh ionann méid iomlán chur chun feidhme easnamhach na n-íocaíochtaí ag an gCoimisiún agus EUR 247 milliún do 2022 agus EUR 75 mhilliún do leithreasuithe arna dtabhairt anonn in 2021; de bhrí, go bhfuil cur chun feidhme easnamhach agus cealú leithreasuithe ag na hinstitiúidí eile íseal i gcomparáid le leibhéal na mblianta roimhe sin;

E.

de bhrí gurb ionann na laghduithe bliantúla ar chnapshuim OIN a bhíonn ag an nGearmáin, ag an Ísiltír, ag an Danmhairg, ag an tSualainn agus ag an Ostair agus beagán os cionn EUR 5 bhilliún glan; de bhrí go bhfuil na corrlaigh i mbuiséad an Aontais an-docht agus gur dócha go n-ionsúfar an tsolúbthacht theoranta sa bhuiséad le costais mhéadaithe a bhaineann le haisíocaíochtaí EURI,

1.

ag tabhairt dá haire Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2023 mar a thíolaic an Coimisiún é, atá ceaptha chun buiséadú a dhéanamh ar an mbarrachas ó 2022, le haghaidh mhéid EUR 2 519 milliún, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Rialachán Airgeadais;

2.

á mheabhrú, leis an mbarrachas, go laghdaítear ranníocaíocht iomlán na mBallstát chuig maoiniú bhuiséad 2023; á mheabhrú freisin na riachtanais mhóra maoinithe atá ann chun aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán atá os comhair an Aontais, amhail iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an athraithe aeráide, agus costais mhéadaitheacha iasachtaíochta EURI a d’fhéadfadh teorainn dhocht a chur le cumas bhuiséad an Aontais tosaíochtaí agus beartais an Aontais a mhaoiniú agus freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn; ag tathant, dá réir sin, ar na Ballstáit leas a bhaint as an laghdú ar a ranníocaíochtaí OIN-bhunaithe a eascraíonn as barrachas 2022 chun gníomhaíochtaí sna réimsí sin a chistiú nó é a úsáid mar sholúbthacht bhreise, chun freagairt do na hiarrataí a rinneadh arís agus arís eile chun a áirithiú go mbeidh a dóthain solúbthachta agus corrlach i mbuiséad an Aontais chun go mbeidh siad in ann freagairt do nithe práinneacha gan leithreasuithe buiséadacha a comhaontaíodh cheana a chur i mbaol;

3.

ag meabhrú a seasamh seanbhunaithe gur cheart fíneálacha agus táillí a úsáid mar ioncam breise do bhuiséad an Aontais agus nár cheart laghdú comhfhreagrach ar ranníocaíochtaí OIN a bheith mar thoradh orthu;

4.

ag tabhairt dá haire gur ríomhadh laghduithe bliantúla ar chnapshuim OIN do Bhallstáit áirithe, arb ionann iad agus beagán os cionn EUR 5 bhilliún glan; á thabhairt chun suntais go ndéantar na lacáistí sin a ríomh trí úsáid a bhaint as an díbhoilsceoir Olltáirgeachta Intíre is déanaí don Aontas seachas an díbhoilsceoir caighdeánach 2 %; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go méadaíonn an ráta ard boilscithe atá ann faoi láthair méid na lacáistí agus, ag an am céanna, go laghdaíonn sé luach fíorthéarma bhuiséad an Aontais, agus ar an gcaoi sin an bhearna chistiúcháin atá os comhair bhuiséad an Aontais a mhéadú tuilleadh; ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart deireadh a chur le lacáistí agus sásraí ceartúcháin eile;

5.

ag formheas sheasamh na Comhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2023;

6.

á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 2/2023 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

7.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)   IO L 58, 23.2.2023.

(3)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(4)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(5)   IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(6)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0194.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4019/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)