|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3992 |
20.8.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Iúil 2025
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha Mhálta
(C/2025/3992)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Breithnithe ginearálta
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais (2) sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an t-easnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin. |
|
(2) |
Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t-airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. |
|
(3) |
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (‘Rialachán REPowerEU’), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir Málta caibidil nua REPowerEU lena phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh ó thaobh cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. |
|
(4) |
An 13 Iúil 2021, chuir Málta a phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 5 Deireadh Fómhair 2021 ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta (5) a leasaíodh de réir Airteagal 18(2) an 14 Iúil 2023 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a thabhairt cothrom le dáta, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh (6). Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag Málta. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar an méid a rinneadh chun na clocha míle agus na spriocanna maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna a bhaint amach. |
|
(5) |
An 21 Eanáir 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta Mhálta (7). Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2025 go 2028 agus cuirtear i láthair ann coigeartú fioscach thar thréimhse 4 bliana. |
|
(6) |
An 26 Samhain 2024 ghlac an Coimisiún tuairim maidir le dréachtphlean buiséadach Mhálta 2025. An dáta céanna, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin go bhfuil Málta ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (8) an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025. |
|
(7) |
An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an t-iomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an t-aistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach, fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin — simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta , agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais. |
|
(8) |
In 2025, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar a bheidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme . Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241. |
|
(9) |
Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019-2024 á gcur san áireamh. |
|
(10) |
An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 do Mhálta. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag Málta ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag Málta. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn Mhálta ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú an eisiata shóisialta agus na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. |
Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn
|
(11) |
An 21 Eanáir 2025, mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas le haghaidh Mhálta: 6,0 % in 2025, 5,8 % in 2026, 5,8 % in 2027 agus 6,1 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2023, mar atá 13,8 % in 2025, 20,4 % in 2026, 27,4 % in 2027 agus 35,1 % in 2028. In 2025-2028, beidh uasrátaí fáis sin an ghlanchaiteachais ag teacht leis an gconair cheartaitheach i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, mar a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach (9). An 30 Aibreán 2025, thíolaic Málta a Thuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn (10), maidir le gníomhaíocht a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach, agus athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh a chur chun feidhme. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil Mhálta i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241. |
|
(12) |
Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach an togra seo an 6 Márta 2025, gan dochar do chineál sonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe, agus cuirtear san áireamh ann leasanna slándála agus cosanta na mBallstát uile, i gcomhréir leis na Conarthaí. |
|
(13) |
Ar bhonn sonraí atá fíoraithe ag Eurostat (11), tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta Mhálta ó 4,7 % de OTI in 2023 go 3,7 % in 2024, agus tháinig laghdú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 47,9 % de OTI ag deireadh 2023 go 47,4 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais 13,9 % in 2024. I dTuarascáil Bhliantúil 2025 ar Dhul Chun Cinn, measann Málta gurb é 14,3 % an fás glanchaiteachais in 2024. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach (12), lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, measadh gur staid fhorleathnaitheach, faoi 1,2 %, a bhí ann in 2024. |
|
(14) |
De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamh-mheastacháin bhuiséadacha Mhálta, tá coinne le fás fíor-OTI 4,0 % in 2025, agus réamh-mheastar go mbeidh boilsciú ICPT 2,3 % ann in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíor-OTI faoi 4,1 % in 2025 agus faoi 4,0 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 2,2 % ann in 2025 agus 2,1 % in 2026. |
|
(15) |
Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 3,3 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 48,4 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais -0,1 % in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta 3,2 % de OTI ann in 2025. Léiríonn an laghdú ar an easnamh in 2025 laghdú ar chaiteachas caipitiúil eile den chuid is mó mar gheall ar dhul in éag na gcostas a bhaineann leis an aerlíne náisiúnta. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 0,8 % in 2025. Is é is cúis leis na réamh-mheastacháin níos airde sin maidir le fás glanchaiteachais ná mar atá sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn réamh-mheastacháin éagsúla a bhaineann le cómhaoiniú náisiúnta chláir an Aontais agus le caiteachais caipitiúil eile. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh sí crapthach, faoi 1,9 %, in 2025. Tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta-OTI le méadú go 47,6 % faoi dheireadh 2025. |
|
(16) |
Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta a dhéanann suas 0,2 % de OTI le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 0,3 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamh-inaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas Mhálta. |
|
(17) |
0,5 % de OTI in 2021, 0,5 % de OTI in 2022 agus 0,4 % de OTI in 2023, ba é sin caiteachas cosanta an rialtais ghinearálta i Málta (13). De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar caiteachas cosanta cobhsaí ag 0,4 % de OTI in 2024 agus 2025. Comhfhreagraíonn sé sin do laghdú 0,1 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021. |
|
(18) |
De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas i Málta faoi 0,8 % in 2025 agus gur fás carnach 14,9 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh fás glanchaiteachais Mhálta in 2025 faoi bhun an uasráta fáis a mholtar arna bhunú leis an gconair cheartaitheach. Agus 2024 agus 2025 á mbreithniú le chéile, réamh-mheastar go mbeidh ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais os cionn an uasráta fáis a mholtar freisin, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall (14)0,2 % de OTI. Ní sháraíonn an diall carnach réamh-mheasta an tairseach 0,6 % de OTI don diall carnach, agus bheadh réamhghlacan láidir ann ina dhiaidh sin nach ndéanfaí aon ghníomhaíocht éifeachtach. Dá bhrí sin, tá an nós imeachta um easnamh iomarcach do Mhálta ar stad. Ag an am céanna, iarrtar ar Mhálta a bheith ullamh chun bearta breise a dhéanamh chun an chonair cheartaitheach a chomhlíonadh. Déanfar measúnú níos iomláine nuair a bheidh sonraí olltoraidh ar fáil. |
|
(19) |
Ina theannta sin, mhol an Chomhairle go ndéanfadh Málta na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh roimh gheimhreadh 2024/2025. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, cé go meastar gurb é 1,1 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach (15) na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh in 2024, réamh-mheastar 1,0 % in 2025. Go sonrach, tá na ciorruithe ar chánacha indíreacha ar thomhaltas fuinnimh agus na fóirdheontais ar tháirgeadh fuinnimh chun an t-ardú praghsanna ar astaíochtaí leictreachais a chúiteamh fós i bhfeidhm. Níor foirceannadh na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála roimh gheimhreadh 2024/2025. Níl sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. |
|
(20) |
Ní áirítear réamh-mheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún easnamh rialtais ghinearálta 2,8 % de OTI in 2026. Léiríonn an laghdú ar an gcomhardú rialtais ghinearálta in 2026 laghdú breise ar fhóirdheontais den chuid is mó. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 5,3 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh sí crapthach, faoi 0,8 %, in 2026. Is é réamh-mheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh laghdú go 47,3 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026. |
Príomhdhúshláin bheartais
|
(21) |
Tá sé ríthábhachtach fós dul i ngleic le pleanáil ionsaitheach chánach chun éifeachtúlacht agus cothroime na gcóras cánach a fheabhsú. I bhfianaise éifeachtaí seach-iarmharta na straitéisí um pleanáil ionsaitheach cánach idir na Ballstáit, tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh chun reachtaíocht an Aontais a chomhlánú trí bheartais náisiúnta ó na Ballstáit go léir. Tá bearta déanta ag Málta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais pleanála ionsaithí cánach trí thionscnaimh idirnáisiúnta agus Eorpacha a comhaontaíodh roimhe seo a chur chun feidhme, agus trí athchóirithe a chur chun feidhme a gealladh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, amhail reachtaíocht maidir le praghsáil aistrithe a thabhairt isteach, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2024. Mar sin féin, go dtí go gcuirfidh Málta i bhfeidhm cánacha siarchoinneálacha - nó bearta cosanta coibhéiseacha - ar ús, díbhinní agus íocaíochtaí ríchíosa a dhéanann cuideachtaí atá bunaithe i Málta le dlínsí cánach nialasaí agus dlínsí ísealchánach (mar atá i gceist anseo go gciallaíonn sé sin aon dlínse ag a bhfuil ráta cánach corparáide reachtúil faoi bhun 9 %, is é sin an ráta cánach corparáide reachtúil is ísle san Aontas) chun a áirithiú nach féidir le gnólachtaí a mbrabúis a aistriú go tíortha nach Ballstáit den Aontas iad gan cáin a íoc orthu, tá ardriosca ag baint fós le neamhchánachas dúbailte i ndáil leis na brabúis sin. Thairis sin, tá baol ann fós go mbeidh neamhchánachas dúbailte ann do chuideachtaí agus do dhaoine aonair araon mar gheall ar an gcaoi a ndéileáiltear le cuideachtaí cónaitheacha gan sainchónaí. |
|
(22) |
I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh siad sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse ghairid sin, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear an chaibidil REPowerEU, a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach Mhálta leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún NextGenerationEU – An bóthar go 2026, a glacadh an 4 Meitheamh 2025, soiléirítear an amlíne is infheidhme maidir le deireadh na Saoráide agus soláthraítear treoraíocht do na Ballstáit chun an cur chun feidhme a uasmhéadú faoin 31 Lúnasa 2026, lena n-áirítear maidir le conas a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuíchóiriú a thuilleadh, leagtar amach na príomhroghanna atá le cur san áireamh agus iad á n-athbhreithniú, agus leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé pleanáil chomhpháirteach chúramach a dhéanamh roimh ré chun na hiarrataí deiridh ar íocaíocht a chur isteach in 2026. Tá rannpháirtíocht chórasach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta. |
|
(23) |
I Málta, tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Comhtháthaithe. Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa na gclár sin a áirithiú, agus a dtionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Tá Málta ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás agus tá an comhtháthú sóisialta á fheabhsú aige ag an am céanna. An tráth céanna, tá dúshláin fós le sárú ag Málta, lena n-áirítear dúshláin a bhaineann le ganntanas scileanna agus mímheaitseáil scileanna, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, slándáil an tsoláthair uisce agus bainistiú inbhuanaithe uisce a áirithiú. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar Mhálta – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe – gach clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 (16), cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leo freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh, agus infheistíocht i scileanna i réimsí tosaíochta, agus, ag an am céanna, fócas á choinneáil ar dhaoine sna staideanna is leochailí de réir chláir CSE+. |
|
(24) |
Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. D’fhéadfadh Málta an leas is fearr a bhaint as na tionscnaimh sin chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh. |
|
(25) |
Anuas ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile an Aontais, ba cheart do Mhálta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin atá fós ann a bhaineann le pleanáil ionsaitheach cánach, oideachas agus scileanna, fuinneamh agus dícharbónú, iompar de bhóthar, agus taighde agus nuálaíocht. |
|
(26) |
Tá sé ríthábhachtach do Mhálta feabhas a chur ar thorthaí nuálaíochta ionas go leanfaidh a tháirgiúlacht ag fás agus chun aistriú chuig geilleagar atá níos athléimní agus níos eolasbhunaithe. ‘Tá caiteachas iomlán Mhálta ar T&F mar chéatadán de OTI ar an dara ráta caiteachais is ísle san Aontas (0,64 % de OTI in 2023 i gcomparáid le meán 2,24 % an Aontais), agus tá sé ag laghdú le 10 mbliana anuas.’Baineann sé sin le caiteachas poiblí agus príobháideach araon ar thaighde agus forbairt. Tá an infheistíocht phoiblí in T&F mar chéatadán de OTI níos ísle ná mar a bhí sí 10 mbliana ó shin agus tá sí i bhfad faoi bhun mheán an Aontais (0,27 % de OTI in 2023 i gcomparáid le meán 0,72 % an Aontais). Is é an scéal céanna é i gcás infheistíocht phríobháideach T&F (0,37 % de OTI i gcomparáid le meán 1,49 % an Aontais). Bíonn tionchar ag an easpa infheistíochta ar bharr feabhais an chórais taighde phoiblí agus ar thorthaí na nuálaíochta. Thairbheodh Málta de infheistíocht T&F phoiblí agus phríobháideach araon a chur chun cinn, go háirithe trí dhreasachtaí cánach spriocdhírithe a chur chun feidhme. |
|
(27) |
Tá dúshláin fós roimh Mhálta maidir le fás eacnamaíoch glas a bhaint amach, is é sin cothromaíocht a bhaint amach idir an fhorbairt eacnamaíoch agus an inbhuanaitheacht comhshaoil. Tá aistriú glas na tíre á choinneáil siar de dheasca an róil cheannasaigh atá ag breoslaí iontaise ina córas fuinnimh. Tá fóirdheontais breosla iontaise ábhartha nach beag ag Málta nach bhfuil sé beartaithe aige deireadh a chur leo de réir a chéile roimh 2030. Go háirithe, maidir le fóirdheontais breosla iontaise nach dtugann aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh ar bhealach spriocdhírithe ná ar fhíorábhair imní maidir le slándáil fuinnimh, a chuireann bac ar leictriú an iompair agus nach bhfuil ríthábhachtach don iomaíochas tionsclaíoch, d’fhéadfaí é a mheas mar thosaíocht deireadh a chur leo de réir a chéile. I Málta, maidir le fóirdheontais breosla iontaise - mar shampla an tacaíocht leanúnach do Enemalta, fóirdheontais do tháirgí peitriliam, go háirithe peitreal agus díosal, agus laghdú ar dhleachtanna máil ar pheitreal agus ar dhíosal - tá siad neamhéifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus is dídhreasachtaí iad maidir le glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus dícharbónú gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Thairis sin, is ualach buiséadach iad ar airgeadas poiblí Mhálta. Ina theannta sin, ba é 15 % sciar Mhálta d’fhuinneamh a dhíorthaítear ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas fuinnimh deiridh in 2023, i measc an ghlactha foinsí fuinnimh in-athnuaite is ísle san Aontas Eorpach. Cé gur grianfhuinneamh ar talamh é beagnach an toilleadh suiteáilte fuinnimh in-athnuaite uile, tá acmhainneacht mhór ag Málta a mheascán fuinnimh in-athnuaite a leathnú trí thionscadail mhórscála gaoithe agus grianfhuinnimh amach ón gcósta. Bíonn cumas Mhálta foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur in úsáid agus a shlándáil fuinnimh a fheabhsú ag brath freisin, le tacaíocht ríthábhachtach ó Bheartas Comhtháthaithe an Aontais 2021–2027, ar dhul chun cinn maith maidir leis an dara hidirnascaire leictreachais leis an Iodáil a thógáil agus ar neartú agus nuachóiriú leanúnach a eangaí leictreachais intíre, lena n-áirítear trí an eangach a dhéanamh níos solúbtha. Thairis sin, cé go bhfuil roinnt bearta tacaíochta i bhfeidhm cheana féin chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, chomh maith le hinfheistíochtaí in athchóiriú foirgneamh san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach faoi phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta, tháinig méadú 13,5 % ar an tomhaltas deiridh fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe idir 2018 agus 2022. D’fhéadfadh Málta tairbhiú de ghníomhaíocht bhreise chun gnóthachain éifeachtúlachta a chur chun cinn san earnáil foirgneamh, rud a chuideodh freisin leis an sprioc a bhaint amach maidir le hastaíochtaí a laghdú faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. |
|
(28) |
Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an mbrú tráchta agus ar na hastaíochtaí arda ón iompar de bhóthar chun feabhas a chur ar iomaíochas agus ar cháilíocht na beatha agus chun tacú le pobail leochaileacha i Málta. Tá méadú tagtha ar ghlacadh an iompair phoiblí de bhóthar sceidealaithe ó cuireadh síneadh, i mí Dheireadh Fómhair 2022, le hiompar poiblí de bhóthar sceidealaithe atá saor ó tháillí chun gach cónaitheoir i Málta a chumhdach, ach tá méadú tagtha ar an líon gluaisteán paisinéirí ceadúnaithe atá ar bhóithre Mhálta ó shin. Is í an earnáil iompair an t-astaíre is mó astaíochtaí gás ceaptha teasa i Málta a thagann faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Idir 2005 agus 2022 tháinig méadú 32 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar. Dá bhrí sin, tá gá le bearta a théann i ngleic leis an mbrú tráchta trí sheirbhísí comhchoiteanna iompair de bhóthar d’ardchaighdeán a thairiscint chun úsáid gluaisteán príobháideach paisinéirí a laghdú agus trí bhearta lena ndíspreagtar úsáid gluaisteán príobháideach paisinéirí. Dá méadófaí caighdeán agus éifeachtúlacht an iompair phoiblí de bhóthar, mar shampla trí lánaí bus tiomnaithe a chur chun feidhme, agus dá méadófaí infheistíochtaí i mbonneagar soghluaisteachta gníomhaí, lena n-áirítear siúlbhealaí feabhsaithe do choisithe, thacófaí leis an aistriú chuig modhanna iompair níos inbhuanaithe agus d’áiritheofaí sábháilteacht daoine agus cáilíocht saoil níos fearr dóibh, lena n-áirítear dóibh siúd a bhfuil a soghluaisteacht lagaithe. |
|
(29) |
Tá ganntanais lucht saothair oilte chomh maith le mímheaitseálacha scileanna ina mbac ar an bhfás, ar an iomaíochas agus ar an aistriú glas agus an aistriú digiteach amach anseo. Tá an ráta folúntas i measc na rátaí is airde san Aontas, agus, i measc nithe eile, tá géarghanntanas sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), sna healaíona, sa tsiamsaíocht agus san áineas, sna hearnálacha tógála, i gcodanna den earnáil seirbhíse, agus i measc gairmithe sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh, agus múinteoirí. Ina theannta sin, creideann 64 % de ghnólachtaí nach bhfuil an lucht saothair áitiúil ullmhaithe go leordhóthanach don aistriú chuig neodracht carbóin. Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar an bhfoghlaim aosach agus i gcomhréir le meán an Aontais, tá sí fós i bhfad faoi bhun sprioc náisiúnta 2030, is é sin 57,6 %, agus daoine fásta ardoilte ag gabháil don fhoghlaim ar rátaí atá i bhfad níos airde ná daoine fásta a bhfuil leibhéil oideachais níos ísle acu. Tá clárú sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint fós i bhfad faoi bhun mheán an Aontais, agus ar leibhéal na meánscoile uachtaraí, ní raibh ach duine as gach triúr daltaí cláraithe sna réimsí eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) in 2023, faoi bhun mheán an Aontais. Tá sciar na mac léinn treasach atá cláraithe sna hábhair ETIM i measc na sciartha is ísle san Aontas ag 13,9 %, gan ach 5,1 % in TFC, agus tá sé níos ísle fós i measc na mban. Is léir go bhfuil easnaimh chórasacha sa chóras oideachais i bhfianaise na scileanna bunúsacha neamhleora atá ann i gcónaí. Mar gheall ar an easpa foirne teagaisc atá cáilithe go leordhóthanach agus na cleachtais teagaisc agus curaclaim neamhéifeachtacha, is leordhóthanach an córas oideachais do gach leanbh, lena n-áirítear daltaí faoi mhíchumas. I measc daoine atá 15 bliana déag d’aois, níl bunscileanna ag duine as gach triúr acu sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht, agus tá easpa bunscileanna digiteacha ag thart ar leath de na daltaí san 8ú grád (idir 12 agus 13 bliana d’aois). D’ainneoin feabhsuithe le blianta beaga anuas, fágann thart ar dhuine amháin as gach deichniúr mac léinn an t-oideachas nó an oiliúint go luath, rud a mhéadaíonn an líon mór daoine fásta ar bheagán oiliúna atá ann cheana féin. Tá sé ríthábhachtach go neartófaí caighdeán an oideachais agus na hoiliúna, agus a n-ábharthacht don mhargadh saothair, go háirithe trí bhunscileanna na ndaltaí agus oiliúint tosaigh agus leanúnach múinteoirí a neartú chomh maith le clárú sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san fhoghlaim aosach a chur chun cinn do dhaoine ar bheagán oiliúna, chun feabhas a chur ar na torthaí ísle oideachais agus chun an ganntanas mór agus an mhímheaitseáil scileanna a laghdú, sa réimse ETIM agus san aistriú glas freisin. |
|
(30) |
I bhfianaise na ndlúth-idirnasc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro, agus a rannchuidithe chomhchoitinn le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais, in 2025 mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun Moladh 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás Mhálta, cuidíonn moltaí (2), (3), (4) agus (5) le cur chun feidhme an chéad mholta maidir leis an limistéar euro i dtaca le hiomaíochas, cuidíonn moltaí (4) agus (5) le cur chun feidhme an dara moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le hathléimneacht, agus cuidíonn moladh (1) le cur chun feidhme an tríú moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a leagtar amach i Moladh 2025. |
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh Málta in 2025 agus in 2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta agus na slándála a threisiú, agus an inbhuanaitheacht fiachais á háirithiú ag an am céanna agus i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. Cloí le huasrátaí fáis an ghlanchaiteachais arna moladh ag an gComhairle an 21 Eanáir 2025, d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach. Na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh. Na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le pleanáil ionsaitheach cánach atá fós ann, cáin siarchoinneálach a thabhairt isteach ar íocaíochtaí amach nó ar bhearta cosanta coibhéiseacha, agus na rialacha maidir le cuideachtaí nach bhfuil sainchónaí orthu a leasú. |
|
2. |
I bhfianaise na sprioc-amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta a áirithiú, lena n-áirítear an chaibidil REPowerEU. Dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+, CC), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, na deiseanna a chuirtear ar fáil le clár InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas. |
|
3. |
Infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear trí infheistíocht phoiblí T&F a mhéadú agus infheistíocht phríobháideach T&F a spreagadh, mar shampla trí dhreasachtaí cánach T&F. |
|
4. |
Dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite trí thionscadail mhórscála agus infheistíochtaí mionscála sa táirgeadh agus sa tomhaltas díreach fuinnimh a chur chun cinn. An t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe i bhfoirgnimh. Astaíochtaí ón iompar de bhóthar a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar an mbrú tráchta trí iompar poiblí éifeachtúil agus ar ardchaighdeán a chur chun cinn, trí dhlús a chur le hinfheistíochtaí i mbonneagar soghluaisteachta gníomhaí agus trí úsáid gluaisteán a dhíspreagadh. Deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise. |
|
5. |
Caighdeán an oideachais agus na hoiliúna a neartú, mar aon lena n-ábharthacht don mhargadh saothair, chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí ísle oideachais chomh maith leis an nganntanas mór scileanna agus an mhímheaitseáil scileanna, i réimse na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM) agus an aistrithe ghlais freisin, go háirithe trí bhunscileanna na ndaltaí a chothú, oiliúint tosaigh agus leanúnach múinteoirí a chothú chomh maith le clárú sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a chur chun cinn, agus san fhoghlaim aosach do dhaoine ar bheagán oiliúna. Cuimsitheacht an oideachais agus na hoiliúna a neartú. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.
(2) Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2024/1263: ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar na rudaí seo a leanas: (i) caiteachas úis; (ii) bearta lánroghnacha ioncaim; (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais; (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas; (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta; agus (vi) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(3) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).
(4) Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta (11941/2021 INIT; ST 11941/2021 ADD 1).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta (ST 11202/2023 INIT, ST 11202/2023 ADD 1).
(7) Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach Mhálta, IO C, C/2025/649, 10.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/649/oj).
(8) Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (IO C, C/2025/2782, 22.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2782/oj).
(9) Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach i Málta, 5036/25.
(10) Tá Tuarascálacha Bliantúla 2025 ar Dhul Chun Cinn ar fáil ar: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/stability-and-growth-pact/preventive-arm/annual-progress-reports_en?prefLang=ga.
(11) Táscairí Eurostat-Euro, 22.4.2025.
(12) Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an t-athrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha agus lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
(13) Eurostat, caiteachas rialtais de réir aicmiú fheidhmeanna an rialtais (COFOG). De bharr difríochtaí modheolaíochta idir sainmhínithe COFOG agus ECAT, d’fhéadfadh sé gurbh éagsúil an caiteachas atá bunaithe ar shainmhíniú COFOG leis an gcaiteachas atá bunaithe ar shainmhíniú ECAT.
(14) Ó 2026 ar aghaidh beidh na figiúirí sin le feiceáil sa chuntas rialaithe a bhunaítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1263.
(15) Léiríonn an figiúr leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena n-áirítear ioncam agus caiteachas agus, i gcás inarb infheidhme, glan ar an ioncam ó chánacha ar bhrabúis amhantair soláthróirí fuinnimh.
(16) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma - COM(2025) 123 final.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3992/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)