|
(2)
|
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis a liostaítear thíos:
|
|
Daoine
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘12.
|
Nikolai Ivanovich RYZHKOV (Николай Иванович Рыжков)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 28.9.1929
Áit bhreithe: Dyleevka, réigiún Donetsk, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)
|
Iarchomhalta den Choiste um shaincheisteanna cónaidhme, an pholaitíocht réigiúnach, agus an Tuaisceart, Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise.
An 1 Márta 2014, thacaigh Ryzhkov go poiblí, sa Chomhairle Cónaidhme, le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin.
Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála in 2014, bronnadh ord Stát na Rúise air ‘I ngeall ar Fhiúntas don Athartha’ - céad chéim.
An 22 Feabhra 2022, thacaigh Ryzhkov, sa Chomhairle Cónaidhme, le daingniú cinntí rialtais i ndáil leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk’ agus leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk’.
An 22 Feabhra 2022, thacaigh Ryzhkov go poiblí, sa Chomhairle Cónaidhme, le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin.
An 4 Deireadh Fómhair 2022, thacaigh Ryzhkov, sa Chomhairle Cónaidhme, leis an reachtaíocht chun réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia san Úcráin a ionghabháil.
|
17.3.2014
|
|
22.
|
Dmitry Olegovich ROGOZIN
(Дмитрий Олегович РОГОЗИН)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 21.12.1963
Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise
|
Iar-Leas-Phríomh-Aire ar Chónaidhm na Rúise. D’iarr sé go poiblí go ndéanfaí ionghabháil ar an gCrimé.
Iar-Ard-Stiúrthóir i gcorparáid Stáit.
An 23 Meán Fómhair 2023, toghadh é ina Sheanadóir ar an gComhairle Cónaidhme ó réigiún Zaporizhzhia.
Tá sé i gceannas ar ghrúpa comhairleoirí míleata, a thugann tacaíocht mhíleata-teicniúil do phearsanra míleata Donetsk agus Luhansk.
|
21.3.2014
|
|
33.
|
Elena Borisovna MIZULINA (sloinne breithe DMITRIYEVA)
(Елена Борисовна МИЗУЛИНА (sloinne breithe ДМИТРИЕВА))
|
Inscne: baineann
Dáta breithe: 9.12.1954
Áit bhreithe: Bui, réigiún Kostroma, Cónaidhm na Rúise
|
Iarionadaí de Dhúma an Stáit. Tionscnóir agus comhurraitheoir na dtograí reachtacha is déanaí sa Rúis a cheadódh do réigiúin i dtíortha eile a bheith ina gcuid den Rúis gan comhaontú a fháil roimh ré óna n-údarás lárnach.
Iarchomhalta den Chomhairle Cónaidhme ó réigiún Omsk.
An 22 Feabhra 2022, thacaigh Mizulina, sa Chomhairle Cónaidhme, le daingniú cinntí rialtais i ndáil leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk’ agus leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk’.
An 22 Feabhra 2022, thacaigh Mizulina go poiblí, sa Chomhairle Cónaidhme, le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin.
An 4 Deireadh Fómhair 2022, thacaigh Mizulina, sa Chomhairle Cónaidhme, leis an reachtaíocht chun réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia san Úcráin a ionghabháil.
|
21.3.2014
|
|
46.
|
Denys Volodymyrovych PUSHYLIN
(Денис Володимирович ПУШИЛIН)
Denis Vladimirovich PUSHILIN
(Денис Владимирович ПУШИЛИН)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 9.5.1981
Áit bhreithe: Makiivka, (oblast Donetsk), an Úcráin
|
Duine de cheannairí ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Rannpháirteach in urghabháil agus gabháltas an riaracháin réigiúnaigh in Donetsk in 2014. ‘Leas-Chathaoirleach’, mar a ghairtear de, ar ‘Daon-Chomhairle’‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, go dtí an 4 Meán Fómhair 2015. ‘Cathaoirleach’ ar ‘Daon-Chomhairle Dhaon-Phoblacht Donetsk’ mar a ghairtear di, ón 4 Meán Fómhair 2015. ‘Ceann gníomhach Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, tar éis 7 Meán Fómhair 2018. ‘Ceann Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, i ndiaidh na dtoghchán, mar a ghairtear díobh, a bhí ar siúl an 11 Samhain 2018 agus ó 8 go dtí an 10 Meán Fómhair 2023.
Comhalta den pháirtí United Russia agus a rúnaí i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di.
An 21 Feabhra 2022, shínigh sé ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir an Rúis agus Daon-Phoblacht Donetsk’ mar ionadaí ar ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di.
Tar éis ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, a ionghabháil an 30 Meán Fómhair, rinneadh ‘Ceann Gníomhach Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, an 4 Deireadh Fómhair 2022.
|
29.4.2014
|
|
79.
|
Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV/DEGTYAREV
(Михаил Владимирович ДЕГТЯРËВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 10.7.1981
Áit bhreithe: Kuibyshev (Samara), Cónaidhm na Rúise
|
IarChomhalta de Dhúma an Stáit.
Mar chomhalta den Dúma, d’fhógair sé oscailt fhoirmiúil ‘ambasáid de facto’ de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, ‘Daon-Phoblacht’ neamhaitheanta i Moscó, agus cuidíonn sé leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cuidíonn sé leis an mbagairt orthu sin.
IarChathaoirleach ar Choiste Dhúma Stáit na Rúise um Chorpoideachas, Spórt agus Gnóthaí Óige.
Cathaoirleach an choimisiúin frithsceimhlitheoireachta in Khabarovsk Krai.
Ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith, tá sé ina Ghobharnóir ar Khabarovsk Krai.
Ón 6 Feabhra 2021 i leith, Comhordaitheoir ar bhrainse réigiúnach an Liberal Democratic Party of Russia.
Ón 15 Samhain 2021, comhalta den State Council of the Russian Federation le Foraithne ó Uachtarán Putin.
|
25.7.2014
|
|
109.
|
Viktor Petrovich VODOLATSKY
(Виктор Петрович ВОДОЛАЦКИЙ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 19.8.1957
Áit bhreithe: Stefanidin Dar, réigiún Rostov, Russian Federation
|
Iarchathaoirleach (‘ataman’) ar Aontas Fhórsaí Cosacacha Rúiseacha agus Eachtracha [Union of the Russian and Foreign Cossack Forces]. Comhalta de Dhúma an Stáit ón 5ú comhghairm ón 2 Nollaig 2007 ar aghaidh. Faoi láthair, is é Céad-Leas-Chathaoirleach ar Choiste an Dúma um Ghnóthaí Chomhlathas na Stát Neamhspleách, um Lánpháirtiú Eoráiseach agus um Chaidreamh le Comhthírigh.
An 1 Meán Fómhair 2023, ceapadh é ina Chathaoirleach ar Bhord an Ionaid um Oiliúint Spóirt Mhíleata agus Oideachas tírghrách d’aos óg (‘Warrior’).
Thacaigh sé le hionghabháil na Crimé agus d’ admhaigh sé go raibh Cosacaigh Rúiseacha rannpháirteach go gníomhach i gcoinbhleacht na hÚcráine ar thaobh na scarúnaithe a dtacaíonn Moscó leo. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréachtdlí bunreachtúil cónaidhme ‘Maidir le ‘Poblacht na Crimé’ a ghlacadh isteach i gCónaidhm na Rúise agus eintitis nua cónaidhme – ‘Poblacht na Crimé’ agus Cathair Stádais Cónaidhme Sevastopol’ a bhunú laistigh de Chónaidhm na Rúise.
|
12.9.2014
|
|
|
|
|
I mí Feabhra 2022, d’urraigh sé dréachtrún a thíolaic an páirtí polaitiúil United Russia chun achainí a dhéanamh ar Uachtarán na Rúise maidir leis an ngá atá ann aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk, mar a ghairtear díobh. An 4 Aibreán 2022, d’fhógair Dúma an Stáit a cheapachán mar cheann de chomhordaitheoirí grúpaí idirpharlaiminteacha an Dúma maidir le hidirghníomhaíocht le parlaimintí Dhaon-Phoblachtaí Donetsk agus Luhansk, mar a ghairtear díobh.
An 3 Deireadh Fómhair 2022, vótáil sé i bhfabhar conarthaí a dhaingniú agus dlíthe a ghlacadh maidir le haontachas Dhaon-Phoblachtaí Donetsk agus Luhansk, mar a ghairtear díobh, agus réigiúin Kherson agus Zaporozhizhia le Cónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.
|
|
|
117.
|
Aleksey Vasilevich NAUMETS
(Алексей Васильевич HAУМЕЦ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 11.2.1968
|
Maorghinearál in Arm na Rúise. Iar-Cheannasaí ar an 76ú rannán aerbheirthe a bhí páirteach i láithreacht mhíleata na Rúise ar chríoch na hÚcráine, go háirithe le linn ionghabháil neamhdhleathach na Crimé. Ó 2018 i leith, Leas-Cheann Foirne na bhFórsaí Aerbheirthe.
An 27 Meán Fómhair 2023, ceapadh é ina sheanadóir ó réigiún Pskov.
|
12.9.2014
|
|
132.
|
Vladyslav Mykolayovych DEYNEGO
(ar a dtugtar freisin Vladislav Nikolayevich DEYNEGO)
Vladislav Nikolaevich DEINEGO)
(Владислав Миколайович ДЕЙНЕГО)
(Владислав Николаевич ДЕЙНЕГО)
|
Dáta breithe: 12.3.1964
Áit bhreithe: Romny, Réigiún Sumy, APSS (an Úcráin anois)
nó b’fhéidir in Hirnytskyi, ceantar Perevalsk, Réigiún Luhansk, an Úcráin
Inscne: fireann
|
Iar-‘Leas-Cheann’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Chomhairle’, mar a ghairtear di, agus iar-‘Aire Gnóthaí Eachtracha’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.
Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.
|
29.11.2014
|
|
151.
|
Valery Fedorovich RASHKIN
(Валерий Фëдoрoвич РАШКИН)
|
Dáta breithe: 14.3.1955
Áit bhreithe: Zhilino, réigiún Kaliningrad, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Inscne: fireann
|
An tIar- Chéad Leas-Chathaoirleach ar Choiste Dhúma an Stáit maidir le saincheisteanna eitneachais.
Is é bunaitheoir na gluaiseachta sibhialta ‘Krassnaya Moskva – Red Moscow – Patriotic Front Aid’ (Moscó Dearg – Cúnamh Fronta Thírghrách) a d’eagraigh léirsithe poiblí a thacaigh le scarúnaithe, lenar tacaíodh, ar an gcaoi sin, le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréachtdlí bunreachtúil cónaidhme ‘Maidir le ‘Poblacht na Crimé’ a ghlacadh isteach i gCónaidhm na Rúise agus eintitis nua cónaidhme – ‘Poblacht na Crimé’ agus Cathair Stádais Cónaidhme Sevastopol’ a bhunú laistigh de Chónaidhm na Rúise.
An 22 Feabhra 2022, thacaigh Rashkin, sa Dúma Stáit, le daingniú cinntí rialtais i ndáil leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus leis an ‘Conradh maidir le Cairdeas, Comhar agus Cúnamh Frithpháirteach idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.
|
16.2.2015
|
|
168.
|
Elena Valerievna KRAVCHENKO/ Elena Valeryevna KRAVCHENKO
(Елена Валериевна КРАВЧЕНКО)
Olena Valeriyivna KRAVCHENKO
(Олена Валерiївна КРАВЧЕНКО)
|
Dáta breithe: 22.2.1983
Áit bhreithe: Sverdlovsk (Ekaterinburg), APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Inscne: baineann
|
‘Cathaoirleach’, mar a ghairtear de, ar ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 agus ón 8 go dtí an 10 Meán Fómhair 2023 i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.
Bhí ról gníomhach aici maidir le reifrinn neamhdhleathaigh a eagrú i mí Mheán Fómhair 2022 i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil chun go mbeidís mar chuid de Chónaidhm na Rúise, agus bhunaigh a coimisiún suíomhanna vótála i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, freisin.
Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.
|
10.12.2018
|
|
173.
|
Vladimir Yurievich VYSOTSKIY
(Владимир Юрьевич ВЫСОЦКИЙ)
Volodymyr Yuriyovych VYSOTSKYI
(Володимир Юрiйович ВИСОЦЬКИЙ)
|
Dáta breithe: 7.4.1985
Áit bhreithe: Likarstvenne village, APSS (‘Poblacht Féinrialaitheach na Crimé’ anois, an Úcráin)
Inscne: fireann
|
Iar-‘Rúnaí’, mar a ghairtear de, tráth, ar ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus is é Ceann reatha ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, é. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 agus ón8 go dtí an 10 Meán Fómhair i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus leis sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.
Bhí ról gníomhach aige maidir le reifrinn neamhdhleathaigh a eagrú i mí Mheán Fómhair 2022 i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil chun go mbeidís mar chuid de Chónaidhm na Rúise, agus bhunaigh a choimisiún suíomhanna vótála in ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, freisin.
Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.
|
10.12.2018
|
|
174.
|
Maksim Aleksandrovich SVIDCHENKO
(Максим Александрович СВИДЧЕНКО)
Maksym Oleksandrovych SVIDCHENKO
(Максим Олександрович СВIДЧЕНКО)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 6.4.1978
Áit bhreithe: Luhansk, an Úcráin
|
‘Cathaoirleach’, mar a ghairtear de, de ‘Coimisiún Dúiche Toghchán’, mar a ghairtear de, i Réigiún Artemovsk Luhansk agus iar-‘Leas-Chathaoirleach’, mar a ghairtear de, de ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear de. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 agus ón 8 go dtí an 10 Meán Fómhair 2023 i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, agus ar an gcaoi sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.
Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha.
|
10.12.2018
|
|
175.
|
Ekaterina Vasilyevna TERESHCHENKO Ekaterina Vasilievna TERESHCHENKO
(Екатерина Васильевна ТЕРЕЩЕНКО)
Kateryna Vasylivna TERESHCHENKO
(Катерина Василiвна ТЕРЕЩЕНКО)
|
Inscne: baineann
Dáta breithe: 31.5.1986
Áit bhreithe: Luhansk, an Úcráin
|
‘Rúnaí’, mar a ghairtear de, de ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 agus ón 8 go dtí an 10 Meán Fómhair 2023 i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, agus ar an gcaoi sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aici do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sí na beartais sin chun feidhme.
|
10.12.2018
|
|
210.
|
Viktor Fedorovych YANUKOVYCH
(Вiктор Федорович ЯНУКОВИЧ)
|
Dáta breithe: 9.7.1950
Áit bhreithe: Yenakiyeve, Oblast Donetsk, APSS (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Úcráinis
Feidhm: IarUachtarán na hÚcráine, mórphearsa gnó
Inscne: fireann
|
Ó 2010 go dtí 2014, bhí Viktor Yanukovych ina Uachtarán ar an Úcráin. Shaothraigh sé beartas ar son na Rúise nuair a bhí sé in oifig. Chinn cúirt Úcránach go raibh Viktor Yanukovych ciontach i dtréas tar éis dó cuireadh a thabhairt do Chónaidhm na Rúise ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Tar éis dó a bheith curtha as cumhacht, bhog sé go dtí an Rúis, áit óna leanann sé dá ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh an Úcráin a dhíchobhsú.
Chuidigh sé le cur isteach míleata na Rúise san Úcráin trí iarraidh ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise trúpaí Rúiseacha a chur chuig an Úcráin i mí an Mhárta 2014. Thacaigh Viktor Yanukovych le polaiteoirí ar son na Rúise a raibh oifigí poiblí sa Chrimé faoi fhorghabháil acu. In 2021, cuireadh tús le himscrúdú réamhthrialach san Úcráin ar dá réir a fuarthas gur ndearna Viktor Yanukovych, i dteannta beirt iarAirí Cosanta leis, laghdú, d’aon ghnó, ar acmhainneacht slándála na hÚcráine, go háirithe i ‘Poblacht na Crimé’ fhéinrialaitheach, mar a ghairtear di.
An 21 Aibreán 2010, shínigh Viktor Yanukovych, arb é Uachtarán na hÚcráine ag an am, agus Dmitry Medvedev, arb é Uachtarán na Rúise ag an am, comhaontú idir an Úcráin agus Cónaidhm na Rúise, ar dá réir a cuireadh síneadh le téarma Chabhlach na Mara Duibhe de Chónaidhm na Rúise in Sevastopol ó 2017 go 2042. Trí na comhaontuithe a shíniú, chruthaigh Yanukovych dálaí fabhracha chun láithreacht mhíleata na Rúise san Úcráin a mhéadú agus chun airm Chabhlach na Mara Duibhe a athfheistiú agus a nuachóiriú i gcríoch na Crimé. Ina dhiaidh sin, úsáideadh airm Rúiseacha a bhí ar chríoch na hÚcráine chun ‘Poblacht na Crimé’ fhéinrialaitheach, mar a ghairtear di, agus cathair Sevastopol a ionghabháil in 2014.
|
4.8.2022
|
|
|
|
|
In 2023, thíolaic Biúró Stáit Imscrúdaithe na hÚcráine díotáil i gcoinne Viktor Yanukovych ar chúisimh tréasa agus ar chabhrú leis an Rúis gníomhaíochtaí treascracha a dhéanamh san Úcráin.
Measann sé féin gurb é Uachtarán dlisteanach na hÚcráine agus tá seasamh ar son na Rúise curtha i láthair aige go seasta ina chuid idirghabhálacha poiblí. De réir foinsí éagsúla, bhí Viktor Yanukovych páirteach in oibríocht speisialta de chuid na Rúise, arbh é ab aidhm di é féin a chur isteach in ionad Uachtarán na hÚcráine, le linn na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Anuas air sin, d’iarr Uachtarán Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadrov, go n-aistreodh Uachtarán na hÚcráine a chumhachtaí go léir go Viktor Yanukovych. Dá bhrí sin, tá Viktor Yanukovych freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar bagairt iad d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus do neamhspleáchas na hÚcráine, agus do chobhsaíocht agus do shlándáil an stáit.
|
|
|
221.
|
Sergei SUROVIKIN
(Cергей СУРОВИКИН)
|
Dáta breithe: 11.10.1966
Áit bhreithe: Novosibirsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Feidhm: Iar-Ardcheannasaí ar Fhórsaí Talún na Rúise
Grád: Ginearál an Airm
Eintitis chomhlachaithe: Russian Aerospace Forces – Aireacht Cosanta
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Ba é an Ceannasaí Ginearálta Sergei Surovikin an tArdcheannasaí ar Russian Aerospace Forces ón 31 Deireadh Fómhair 2017 go dtí samhradh na bliana 2023. Mar sin, ba é a bhí freagrach as oibríochtaí aeir san Úcráin nó chuig an Úcráin. Bhí sé ina cheannasaí ar fhórsaí uile na Rúise in ionradh na Rúise ar an Úcráin ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go dtí mí Eanáir 2023. Le linn na tréimhse sin, rinne fórsaí na Rúise ionsaithe móra ar spriocanna sibhialtacha, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme.
|
23.2.2022
|
|
223.
|
Violetta PRIGOZHINA
(Виолетта ПРИГОЖИНА)
|
Daoine aonair comhlachaithe: Pavel Prigozhin (a garmhac), Lyubov Valentinovna Prigozhina (a banchliamhain)
Dáta breithe: 12.1.1939
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is í Violetta Prigozhina máthair Yevgeniy Prigozhin (nach maireann), mórphearsa gnó ag feidhmiú sa Rúis, agus iar-úinéir Concord Management agus Consulting LLC, atá nasctha le gnóthaí eile de chuid ‘teaghlach Concord’, lena n-áirítear Kombinat Pitaniiya. Tá dlúthbhaint ag gnólachtaí de chuid ‘teaghlach Concord’ le Yevgeniy Prigozhin (nach maireann) mar aon lena mhac, an príomhoidhre, Pavel Prigozhin. Is iar-chomhúinéir í ar chuideachtaí eile a bhfuil naisc acu lena mac, lena n-áirítear ‘NOVYI VEK’ Restaurant Equestrian Sport Complex LLC. Dá bhrí sin, is garghaol í Violetta Prigozhina le Pavel Prigozhin atá ag baint tairbhe as an ngaol sin.
|
23.2.2022
|
|
224.
|
Lyubov Valentinovna PRIGOZHINA
ar a dtugtar freisin Lyubov Valentinovna KRYAZHEVA
(Любовь Валентиновна ПРИГОЖИНА
Любовь Валентиновна КРЯЖЕВА)
|
Daoine aonair comhlachaithe: Pavel Prigozhin (mac), Violetta Prigozhina (máthair chéile)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is í Lyubov Prigozhina máthair Pavel Prigozhin agus úinéir Agat LLC, fochomhlacht de chuid Concord Management and Consulting LLC, ar leis an Concord group é, arna bhunú agus faoi úinéireacht a fir céile, Yevgeniy Prigozhin (nach maireann) go dtí 2019. Tá baint aici le Pavel Prigozhin, atá ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le hAireacht Cosanta na Rúise.
Dá bhrí sin, is garghaol í Lyubov Prigozhina le Pavel Prigozhin atá ag baint tairbhe an ngaol sin.
|
23.2.2022
|
|
234.
|
Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN
(Евгений Викторович ПРИГОЖИН)
|
Dáta breithe: 1.6.1961
Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair anois, Cónaidhm na Rúise)
Daoine gaolmhara: Lyubov Valentinovna Prigozhina (a chéile); Violetta Prigozhina (a mháthair)
|
Ba mhórphearsa gnó é Yevgeniy Prigozhin a raibh dlúthcheangail aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le hAireacht Cosanta na Rúise. Tuairiscíodh go bhfuair sé bás i dtimpiste eitleáin an 23 Lúnasa 2023.
Dhearbhaigh sé go poiblí gurb é a bhunaigh an Grúpa Wagner, eintiteas míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, agus atá freagrach as amhais an Ghrúpa Wagner a imscaradh san Úcráin. In 2022, bunaíodh agus cláraíodh cuideachta comhstoic ar a dtugtar ‘PMC Wagner Center’ i gCathair Pheadair, agus é mar aidhm aici ‘timpeallacht chompordach a sholáthar chun smaointe nua a ghiniúint chun cumas cosanta na Rúise a fheabhsú’. Bhí ról tábhachtach ag an nGrúpa Wagner, faoi stiúir Yevgeniy Prigozhin, i gcomhrac agus i bhforghabháil críoch in Oirthear na hÚcráine.
Tá Concord, ar a dtugtar freisin KOMBINAT PITANIYA KONKORD OOO, cuideachta a bhunaigh Prigozhin agus ar leis é go dtí mí na Samhna 2019 agus grúpa cuideachtaí eile a bhfuil ceangal acu leis, lena n-áirítear Concord Management and Consulting LLC agus Megaline LLC, ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le Aireacht Cosanta na Rúise mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé ag Cónaidhm na Rúise, agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu.
|
21.4.2022
|
|
|
|
Eintitis chomhlachaithe: an Grúpa Wagner, Internet Research Agency, Concord company group, Concord Management and Consulting LLC, Megaline LLC
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Dá bhrí sin, ba phríomhphearsa gnó é Yevgeniy Prigozhin a bhí ag feidhmiú sa Rúis. Ba é a bhí freagrach as gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus chuir sé na gníomhaíochtaí sin chun feidhme go gníomhach. Ina theannta sin, bhain sé tairbhe as cinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé, agus as díchobhsú oirthear na hÚcráine.
Is é mac Yevgeniy Prigozhin, Pavel Prigozhin, príomhoidhre agus tairbhí sócmhainní, sealúchais agus maoine Yevgeniy Prigozhin. Tá Pavel Prigozhin liostaithe ag an Aontais as an mbaint atá aige in oibríochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, is iomchuí Yevgeniy Prigozhin a choinneáil ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir reo sócmhainní agus an toirmisc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil mar gheall gur dócha go n-úsáidfí na sócmhainní lena mbaineann ar bhealach eile chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaoiniú nó gníomhaíochtaí eile lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a mhaoiniú.
|
|
|
287.
|
Vasily Maksimovich VLASOV
(Василий Максимович ВЛАСОВ)
|
Dáta breithe: 27.6.1995
Inscne: fireann
|
Iar-Chomhalta de Dhúma an Stáit a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.
|
23.2.2022
|
|
309.
|
Vadim Vladimirovich BELOUSOV
(Вадим Владимирович БЕЛОУСОВ)
|
Dáta breithe: 2.10.1960
Inscne: fireann
|
Comhalta de Dhúma an Stáit a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.
|
23.2.2022
|
|
368.
|
Sergey Mikhailovich SOKOL
(Сергей Михайлович СОКОЛ)
|
Dáta breithe: 17.12.1970
Inscne: fireann
|
Iar-Chomhalta de Dhúma an Stáit a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.
Ón 22.9.2023 i leith, is é Cathaoirleach ar Ardchomhairle Phoblacht Khakassia é.
|
23.2.2022
|
|
451.
|
Aleksey Borisovich GOVYRIN
(Алексей Борисович ГОВЫРИН)
|
Dáta breithe: 26.5.1983
Inscne: fireann
|
Comhalta de Dhúma an Stáit a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.
|
23.2.2022
|
|
492.
|
Igor Yurevich KASTYUKEVICH
(Игорь Юрьевич КАСТЮКЕВИЧ)
|
Dáta breithe: 6.12.1976
Inscne: fireann
|
Rúnaí ar an gcraobh réigiúnach den pháirtí United Russia, agus iarchomhalta de Dhúma an Stáit a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin.
|
23.2.2022
|
|
649.
|
Vladislav Leonidovich BRUEV
(Владислав Леонидович БРУЕВ)
|
Dáta breithe: 21.3.1977
Feidhm: Ceann an Gomel border group
Grád: Coirnéal
Áit bhreithe: Kharkov, PSS na hÚcráine (Úcráin anois)
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Vladislav Bruev Ceann an Gomel border group sa Bhealarúis. Sa cháil sin, tá sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar shlándáil na teorann i réigiún Gomel, lena n-áirítear an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin, agus gluaiseacht daoine aonair agus earraí thar an teorainn sin. Thrasnaigh trúpaí na Rúise an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin i réigiún Gomel mar chuid d’fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.
|
25.2.2022
|
|
650.
|
Oleg Anatolyevich EIBATOV
(Олег Анатольевич ЭЙБАТОВ)
|
Dáta breithe: 5.8.1972 nó 15.8.1972
Feidhm: Ceann an Mozyr border detachment
Grád: Coirnéal
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Oleg Eibatov Ceann Bealarúiseach an Mozyr border detachment. Sa cháil sin, tá sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar shlándáil na teorann i réigiún Gomel, lena n-áirítear an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin, agus gluaiseacht daoine aonair agus earraí thar an teorainn sin. Thrasnaigh trúpaí na Rúise an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin i limistéar Mozyr mar chuid d’fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.
|
25.2.2022
|
|
651.
|
Dmitry Alexandrovich VINNIKOV
(Дмитрий Александрович ВИННИКОВ)
|
Dáta breithe: 4.12.1979
Feidhm: Ceann an Pinsk border detachment
Grád: Coirnéal
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Dmitry Vinnikov Ceann an Belarussian Pinsk border detachment. Sa cháil sin, tá sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar shlándáil na teorann i limistéar Pinsk, lena n-áirítear an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin, agus gluaiseacht daoine aonair agus earraí thar an teorainn sin. Is comhalta d'arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht d’fhogha mhíleata na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Thrasnaigh trúpaí na Rúise an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin i limistéar Pinsk mar chuid d’fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.
|
25.2.2022
|
|
652.
|
Aleksandr PASHKEVICH
(Пашкевич Александр)
|
Dáta breithe: 14.7.1977
Feidhm: Ceann Foirne Míleata ar aonad 65408/aerpháirc Luninets
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Aleksandr Pashkevich Ceann Foirne aonad Bealarúiseach 65408/aerpháirc Luninets. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i dtóstal míleata na Rúise ag aerpháirc Luninets, a bhí ina chuid den ullmhúcháin don fhogha míleata a rinneadh an 24 Feabhra 2022 agus ar éascaíodh an fogha sin leis. Is comhalta d’arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht d’fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.
|
25.2.2022
|
|
653.
|
Andrei LUKYANOVICH
(Андрей Лукьянович)
|
Dáta breithe: 29.9.1970
Feidhm: Píolóta míleata, Maor-Ghinearál, Ceannasaí ar an Aerfhórsa agus ar na Fórsaí Aerchosanta – Príomhoifigeach Eitlíochta na Bealarúise, Ceannasaí aonaid mhíleata 06752/aerpháirc Machulischi
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is píolóta míleata é an Maor-Ghinearál Lukyanovich Andrei, Ceannasaí ar an Aerfhórsa agus ar Fhórsaí Aerchosanta na Bealarúise / Príomhoifigeach Eitlíochta na Bealarúise, Ceannasaí aonaid mhíleata 06752/aerpháirc Machulischi. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Rúise agus na Bealarúise roimh an tóstal míleata ag teorainn na hÚcráine a réitigh an fogha míleata a tugadh faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Is comhalta d’arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht d’fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.
|
25.2.2022
|
|
656.
|
Vladimir Nikolaevich KUPRIYANYUK
(Владимир Николаевич КУПРИЯНЮК)
|
Feidhm: Ceannaire ar Phríomh-Stiúrthóireachta na Faisnéise – Leas-Cheann Foirne Ghinearálta na bhFórsaí Armtha; An Chéad Leas-Cheannasaí ar Cheannasaíocht Oibríochta an Iarthair sa Bhealarúis.
Dáta breithe: 11.7.1972
Áit bhreithe: baile Kamenyuki, Kamenetsky district, Brest Region/Oblast, IarAPSS (an Bhealarúis anois)
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Vladimir Kupriyanyuk an Ceannaire ar Phríomh-Stiúrthóireacht Faisnéise – Leas-Cheann Foirne Ghinearálta na bhFórsaí Armtha agus is é an Chéad Leas-Cheannasaí ar Cheannasaíocht Oibríochta an Iarthair sa Bhealarúis é. Is comhalta d’arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht d’fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Sa phost sin, tá sé freagrach as rannpháirtíocht na dtrúpaí atá faoina cheannas i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Bealarúise agus na Rúise roimh an tóstal míleata ag teorainn na hÚcráine lenar réitíodh agus lenar éascaíodh an fogha míleata a tugadh faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.
|
25.2.2022
|
|
672.
|
Nikolay Petrovich TOKAREV
(Николай Петрович ТОКАРЕВ)
|
Dáta breithe: 20.12.1950
Áit bhreithe: Karaganda, Kazakh SSR (An Chasacstáin anois
|
Is é Nikolay Tokarev POF Transneft, cuideachta mhór ola agus gáis de chuid na Rúise. Tá seanaithne ag Vladimir Putin air agus is dlúthchomhlach leis é. D’fhóin sé le Putin sa KGB sna 1980í. Tá Nikolay Tokarev ar dhuine de na holagarcaí stáit sin de chuid na Rúise a ghlac smacht ar shócmhainní móra stáit sna 2000í de réir mar a chomhdhlúthaigh an tUachtarán Putin a chuid cumhachta, agus a oibríonn i ndlúthchomhpháirtíocht le stát na Rúise. Is é Nikolay Tokarev ata i gceannas ar Transneft, ceann de na cuideachtaí rialtais is tábhachtaí sa Rúis, cuideachta a iompraíonn méid suntasach d’ola na Rúise trí líonra dea-fhorbartha de phíblínte ola.
Tá Transneft, faoi stiúir Nikolay Tokarev, ar cheann de phríomhurraitheoirí atá ag an bpálás atá i ngar do Gelendzhik, a mheastar a bheith in úsáid go pearsanta ag an uachtarán Putin. Baineann sé tairbhe as a ghaireacht d’údaráis na Rúise. Shaibhrigh gaolta agus lucht aitheantais Nikolay Tokarev iad féin a bhuíochas le conarthaí a síníodh le cuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit.
Dá bhrí sin, thacaigh Nikolay Tokarev go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc ghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine.
Ina theannta sin, is príomhphearsa gnó é Nikolay Tokarev a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
28.2.2022
|
|
674.
|
Petr Olegovich AVEN
(Пëтр Олегович АВЕН)
|
Dáta Breithe: 16.3.1955
Áit Bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Feidhm: Mórphearsa gnó a bhfuil dlúthchaidreamh aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group Consortium
Inscne: fireann
Daoine aonair comhlachaithe: Vladimir Putin, Mikhail Fridman, German Borisovich Khan, Alexey Kuzmichev
|
Is fear gnó Rúiseach é Petr Aven a bhfuil dlúthnaisc aige le Vladimir Putin, ag dul siar go luath sna 1990í. Is scairshealbhóir tábhachtach de chuid ABH Financial Limited é, ar a n-áirítear banc mór de chuid na Rúise, Alfa Bank. Is scairshealbhóir é freisin sa ghnólacht infheistíochta, LetterOne.
Tá sé ar cheann de thart ar 50 fear saibhir gnó ón Rúis a bhuaileann go rialta le Vladimir Putin sa Chreimil. Ghlac sé treoracha ó Uachtarán na Rúise agus chuir sé a chlár oibre beartais eachtraigh chun feidhme. Bhí Petr Aven agus a chomhpháirtí gnó Mikhail Fridman i mbun iarrachtaí na Creimile deireadh a chur le smachtbhannaí an Iarthair a eisíodh chun beartas foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chomhrac.
An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh d’fhogha na Rúise faoin Úcráin, bhuail Petr Aven, mar aon le 36 dhuine gnó eile leis an Uachtarán Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, léirítear go bhfuil sé an-ghar do Vladimir Putin. Léiríonn an cuireadh speisialta seo go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin.
Bhain Aven tairbhe as a naisc rialtais. Rinne sé garanna le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus dá ghnóthachain airgeadais.
|
28.2.2022
|
|
|
|
Eintitis chomhlachaithe: JSC Voentorg
|
Thug Vladimir Putin luach saothair do Alfa Group Consortium as a dhílseacht d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta eachtracha Alfa Group Consortium.
Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta de Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid i réigiúin faoi fhorghabháil na hÚcráine faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí garda Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, X5 Grúpa Miondíola, fochuideachta eile de Chuibhreannas Ghrúpa Alfa, oibríonn sé i gcomhar le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héide mhíleata, d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta T-léinte ar a bhfuil siombail mhíleata ‘Z’ a úsáideann bolstóirí Rúiseacha chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn.
Dá bhrí sin, is tá sé ar dhuine de na príomhdhaoine gnó atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch a thugann foinse shuntasach ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé go gníomhach – go hábhartha nó le hairgead – agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.
|
|
|
675.
|
Mikhail Maratovich FRIDMAN
(Михаил Маратович ФРИДМАН)
|
Dáta breithe: 21.4.1964
Áit bhreithe: Lviv, APSS (an Úcráin anois)
Inscne: fireann
Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, Petr Aven, German Borisovich Khan, Alexey Kuzmichev
|
Is pearsa gnó Rúiseach é Mikhail Fridhail. Is ceann de phríomh-scairshealbhóir ABH Financial Limited é, ar a n-áirítear banc mór de chuid na Rúise, Alfa Bank. Is scairshealbhóir é freisin sa ghnólacht infheistíochta, LetterOne. D’éirigh leis naisc láidir a chothú le rialtas Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, agus tagraíodh dó mar an airgeadaí is mó sa Rúis agus mar áisitheoir dhlúthchiorcal Putin. D’éirigh leis sócmhainní stáit a fháil trí naisc rialtais. Rinne sé garanna d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus ar mhaithe le gnóthachain airgeadais. Thug Vladimir Putin luach saothair do dhílseacht Alfa Group Consortium d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta coigríche Alfa Group Consortium.
|
28.2.2022
|
|
|
|
Eintitis chomhlachaithe: JSC Voentorg
|
Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata ‘Z’ orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn. Bhí Fridman agus a chomhpháirtí gnó Petr Aven ag gabháil d’iarrachtaí na Creimile deireadh a chur le smachtbhannaí an Iarthair a eisíodh chun dul i ngleic le beartas ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é Mikhail Fridman a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.
|
|
|
694.
|
Gennady Nikolayevich TIMCHENKO
(Геннадий Николаевич ТИМЧЕНКО)
|
Dáta breithe: 9.11.1952
Áit bhreithe: Leninakan, APSS (Gyumri, an Airméin anois)
Náisiúntacht: Airméanach, Rúiseach, Fionlannach
Feidhm: Úinéir an ghrúpa phríobháidigh infheistíochta Volga Group
Inscne: fireann
|
Tá seanaithne ag Gennady Timchenko ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus déantar cur síos ginearálta air mar dhuine dá rúnchairde.
Tá sé ag baint tairbhe as na naisc atá aige le cinnteoirí na Rúise. Is bunaitheoir agus scairshealbhóir é de chuid Volga Group, grúpa infheistíochta a bhfuil punann infheistíochtaí aige i bpríomhearnálacha gheilleagar na Rúise. Cuireann Grúpa Volga go mór le geilleagar na Rúise agus lena forbairt.
Is scairshealbhóir de chuid Bank Rossiya é freisin, a mheastar gur banc Putin agus a chomhpháirithe é. Ó ionghabhadh an Chrimé go mídhleathach, tá brainsí oscailte ag Bank Rossiya ar fud na Crimé agus Sevastopol, rud a dhaingníonn a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise.
Thairis sin, tá scaireanna ag Bank Rossiya sa National Media Group, cuideachta sealbhaíochta meán a rialaíonn 28 bhfiontar meán sa Rúis a bhfuil bolscaireacht agus bréagaisnéis á scaipeadh go gníomhach acu a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
|
28.2.2022
|
|
|
|
|
Anuas air sin, is é Gennady Timchenko an dara scairshealbhóir is mó in PAO Novatek, ceann de na táirgeoirí gáis is mó sa Rúis.
Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Tá sé freagrach freisin as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
Tá sé freagrach freisin as tacaíocht a thabhairt, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, agus as tairbhe a bhaint as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
|
|
695.
|
Alexey Alexandrovits MORDASCHOV
(Алексей Александрович МОРДАШОВ)
|
Dáta breithe: 26.9.1965
Áit bhreithe: Cherepovets, APSS (Cónaidhm na Rúise)
Feidhm: Cathaoirleach Severstal agus Severgroup
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Comhlaigh: Yuriy Kovalchuk; Nikolay Shamalov
|
Is pearsa gnó Rúiseach í Alexey Mordashov a bhfuil dlúthnaisc aige le Rialtas na Rúise. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Alexey Mordashov, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin. Ina theannta sin, bhí sé ar dhuine de mhórphearsana gnó na Rúise a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid, óráid inar thathantaigh sé ar lucht an ollrachmais ‘an tírghrá a chur roimh an mbrabús’. Is é Alexey Mordashov an cathaoirleach agus an scairshealbhóir is mó ar an gcuideachta Severgroup, cuideachta infheistíochta príobháideach a n-oibríonn a fhochuideachta, Severstal, san earnáil cruach agus mianadóireachta agus a sholáthraíonn táirgí cruach speisialta don tionscal míleata, lena n-áirítear cruach treisithe.
|
28.2.2022
|
|
|
|
|
Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
Thairis sin, tacaíonn Alexey Mordashov le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
Lena chois sin, tá sé freagrach freisin as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a chur ar fáil, agus as tairbhe a bhaint as rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
|
|
(*2)
|
(*2)
|
(*2)
|
(*2)
|
(*2)
|
|
720.
|
Alexander Semenovich VINOKUROV
(Александр Семёнович ВИНОКУРОВ)
|
Dáta breithe: 12.10.1982
Áit bhreithe: Moscow, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Feidhm: Duine gnó, Comhpháirtí Bainistíochta agus Uachtarán Ghrúpa Maraton; Iar-comhalta bhord stiúrthóirí Magnit
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is duine de lucht gnó na Rúise é Alexander Vinokurov a bhfuil leasanna aige sa mhiondíol bia, sa chógaisíochta, sa talmhaíocht agus sa bhonneagar. Tá poist cheannaireachta aige in Maraton Group, cuideachta infheistíochta, agus bhí sé, go dtí le déanaí, ina chomhalta de bhord stiúrthóirí Magnit, an miondíoltóir bia is mó sa Rúis atá gníomhach freisin i ndíol táirgí cógaisíochta. Tá scaireanna aige freisin in Demetra Holding, atá ar cheann de na cuideachtaí trádála gráin is mó sa Rúis atá gníomhach san onnmhairiú gráin, agus is í an Rúis an t-onnmhaireoir cruithneachta is mó ar domhan. Tá sé pósta ar Ekaterina Vinokurova, iníon Sergey Lavrov, Aire Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise. Is é Semen Vinokurov a athair, a bhfuil cáil air mar gheall ar a ghníomhaíocht i dtionscal cógaisíochta na Rúise.
Tá dlúthbhaint ag Alexander Vinokurov, dá bhrí sin, le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus is mórphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis chomh maith le fear gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim don rialtas sin, atá freagrach as an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú.
|
9.3.2022
|
|
|
|
|
An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Alexander Vinokurov, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Léiríonn sé sin freisin gur príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Comhthacaítear leis sin a thuilleadh de bharr an dhlúthcheangail phearsanta atá ag Alexander Vinokurov leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Sergey Lavrov atá freagrach as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus as beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, cheannasacht agus de neamhspleáchas an stáit sin nó ar bagairt iad na beartais sin ar an méid sin.
|
|
|
721.
|
Andrey Igorevich MELNICHENKO
(Андрей Игоревич МЕЛЬНИЧЕНКО)
|
Dáta breithe: 8.3.1972
Áit bhreithe: Gomel, APSS (an Bhealarúis anois)
Feidhm: Iar-Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin JSC SUEK, iarchomhalta de Bhord EuroChem Group
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is tionsclaí Rúiseach é Andrey Melnichenko a rialaíonn fós an mórtháirgeoir leasacháin EuroChem Group agus an chuideachta ghuail SUEK. Ón 9 Márta 2022, d’aistrigh Melnichenko a chuid leasanna in SUEK agus Eurochem Group chuig a chéile, Aleksandra Melnichenko. Leanann sé de bheith ag baint tairbhe as an saibhreas a d’aistrigh sé chuig a bhean chéile. Tháinig méadú níos mó ná a dhá oiread ar a chuid rachmais in 2022, rud a d’fhág gurb é an duine is saibhre sa Rúis in 2023 é.
Baineann Andrey Melnichenko leis an gciorcal is mó tionchar de lucht gnó na Rúise a bhfuil dlúthnaisc acu le rialtas na Rúise, mar is léir ón mbaint atá aige le comhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair, áit a bhfuil sé ina chomhalta de Bhiúró an Bhoird. An 24 Feabhra 2022, tar éis chéimeanna tosaigh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Andrey Melnichenko, mar aon le 36 phearsa gnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na gníomhaíochta a rinneadh i ndiaidh don Iarthar smachtbhannaí a fhorchur, rud a léirigh a thábhacht mar phríomhphearsa gnó sa Rúis. Ina theannta sin, bhí sé ar dhuine de mhórphearsana gnó na Rúise a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid, óráid inar thathantaigh sé ar lucht an ollrachmais ‘an tírghrá a chur roimh an mbrabús’.
Léirítear leis sin freisin go bhfuil sé ar dhuine de na mórphearsana gnó a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú.
|
9.3.2022
|
|
728.
|
Vadim Nikolaevich MOSHKOVICH
(Вадим Николаевич МОШКОВИЧ)
|
Dáta breithe: 6.4.1967
Áit bhreithe: Moscow, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Feidhm: iarchathaoirleach bhord stiúrthóirí Rusagro Group
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is fiontraí Rúiseach é Vadim Moshkovich a bhfuil leasanna gnó sa talmhaíocht agus san fhorbairt réadmhaoine. In 2004, bhunaigh Vadim Moshkovich Rusagro Group ar táirgeoir mór muiceola, saillte agus siúcra é, arbh é a bhí sa chéad áit i measc gnólachtaí talmhaíochta sa Rúis in 2021. Is pearsa gnó Vadim Moshkovich a bhíonn páirteach, dá bhrí sin, in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.
An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Vadim Moshkovich, mar aon le 36 dhuine gnó eile le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de Rialtas Chónaidhm na Rúise chun tionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair a phlé. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Taispeánann sé freisin gur príomhphearsa gnó é atá ag feidhmiú sa Rúis.
|
9.3.2022
|
|
731.
|
Dmitry Vladimirovich KONOV
(Дмитрий Владимирович КОНОВ)
|
Dáta breithe: 2.9.1970
Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Feidhm: iarchathaoirleach bhord PJSC SIBUR Holding; Comhalta de Bhord Maoirseachta Alrosa PAO agus den Choiste Pleanála Straitéise; Comhalta d’Aontas Fiontar na Rúise agus Eagraíocht an Choimpléasc Cheimicigh (Ruschemunion);
|
Tá Dmitriy Konov ina iarChathaoirleach ar bhord bainistíochta PJSC SIBUR Holding, agus sa cháil sin rinne sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na cuideachta. Is é SIBUR Holding an chuideachta peitriceimiceach chomhtháite is mó sa Rúis agus tá sé ar cheann de na cuideachtaí is mó fás sa tionscal peitriceimiceach domhanda. Is grúpa peitriceimiceach ar thús cadhnaíochta agus an táirgeoir peitriceimiceach is mó i margadh fuinnimh na Rúise é SIBUR. Tá tromlach geallta SIBUR faoi úinéireacht mórphearsana gnó ag a bhfuil dlúthchaidreamh le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, eadhon Leonid Mikhelson agus Gennady Timchenko. Idir 2017 agus 2022, bhí Dmitry Konov i measc an 200 duine ba shaibhre sa Rúis.
Tá dlúthcheangal ag SIBUR Holding le rialtas na Rúise agus is foinse thábhachtach ioncaim é an t-ioncam a ghineann sé do rialtas na Rúise, dá bhrí sin.
Tá naisc ag Dmitriy Konov leis an tionscal ceimiceach ag eascairt as a bhallraíocht roimhe seo in Aontas Fiontar na Rúise agus in Eagraíocht an Choimpléasc Cheimicigh (Ruschemunion), eagraíocht atá ag comhoibriú le húdaráis na Rúise chun leasanna thionscal ceimiceach na Rúise a chosaint agus é a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos táirgiúla. Tá tionscal ceimiceach na Rúise faoi cheannas roinnt geallsealbhóirí a bhfuil dlúthcheangal acu leis an gCreimil.
|
9.3.2022
|
|
|
|
d’oibrigh sé ag Treasury Department an OAO NK YUKOS; poist éagsúla aige le AKB Trust agus Investment Bank, lena n-áirítear Leas-Uachtarán – Ceannaire roinn na baincéireachta infheistíochta agus Stiúrthóir Bainistíochta de Roinn an Airgeadais Corparáidigh; iarchomhalta é de bhord stiúrthóirí OAO Gazprom neftekhim Salavat agus OAO Gazprombank
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Dmitriy Konov ina chomhalta de Bhord Maoirseachta agus de Choiste Pleanála Straitéisí Alrosa. Is cuideachta faoi úinéireacht an stáit é Alrosa atá ag feidhmiú sa tionscal diamant agus téann a bhrabúis go díreach chuig an gCreimil. Trína róil in Alrosa, rannchuidíonn Dmitriy Konov le maoiniú ghníomhaíochtaí Rialtas na Rúise a bhaineann inter alia le díchobhsú na hÚcráine.
An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail sé ar chruinniú mórphearsa gnó le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin sa Chreimil chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú sin, ba léir gur chomhalta é de dhlúthchiorcal na mórphearsa gnó a bhfuil dlúthchaidreamh acu le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Putin.
D’ainmnigh an tUachtarán Putin i mí Eanáir 2023 é mar chomhalta de bhord maoirseachta Fhondúireacht Eolaíochta na Rúise.
Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó Dmitriy Konov a oibríonn sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
|
|
752.
|
Yelena Vasilyevna BIBIKOVA
(Елена Васильевна БИБИКОВА)
|
Dáta breithe: 23.9.1956
Inscne: baineann
|
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’.
|
9.3.2022
|
|
760
|
Yury Viktorovich FEDOROV
(Юрий Викторович ФЁДОРОВ)
|
Dáta breithe: 1.1.1972
Inscne: fireann
|
Iar-chomhalta de Federation Council Chónaidhm na Rúise a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis an ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk’. De réir a ráiteas poiblí, thacaigh sé, arís agus arís eile, le fogha mhíleata na Rúise faoin Úcráin.
|
9.3.2022
|
|
793.
|
Dmitry Gennadyevich KUZMIN
(Дмитрий Геннадьевич КУЗЬМИН)
|
Dáta breithe: 28.6.1975
Inscne: fireann
|
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’’.
|
9.3.2022
|
|
826.
|
Yelena Alekseyevna PERMINOVA
(Елена Алексеевна ПЕРМИНОВА)
|
Dáta breithe: 5.12.1960
Inscne: baineann
|
Comhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis an ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk’.
|
9.3.2022
|
|
857.
|
Vyacheslav Stepanovich TIMCHENKO
(Вячеслав Степанович ТИМЧЕНКО)
|
Dáta breithe: 20.11.1955
Inscne: fireann
|
Comhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis an ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk’.
|
9.3.2022
|
|
876.
|
Igor Dmitryevich ZUBAREV
(Игорь Дмитриевич ЗУБАРЕВ)
|
Dáta breithe: 20.7.1966
Inscne: fireann
|
Comhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis an ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk’.
|
9.3.2022
|
|
882.
|
Alexey Viktorovich KUZMICHEV
(ar a dtugtar freisin Alexey Viktorovich KUZMICHOV)
(Rúiseach: Алексей Викторович КУЗЬМИЧЁВ)
|
Feidhm: Mórphearsa ghnó. Duine de phríomh-scairshealbhóirí Ghrúpa Alfa.
Dáta breithe: 15.10.1962
Áit bhreithe: Kirov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is scairshealbhóir mór de Alfa Group consortium é Alexey Kuzmichev. Tá sé i measc na ndaoine is mó tionchar sa Rúis. Thug Vladimir Putin luach saothair do dhílseacht Alfa Group d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta coigríche Alfa Group.
Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin.
Chuir AlfaStrakhovanie árachas ar fáil do chuideachtaí amhail JSC Kalashnikov Concern agus Central Scientific – Research Institute for Precision Machine Engineering (TsNIITochMash), a bhfuil a n-airm á n úsáid go forleathan ag míleata na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear le linn na n-ainghníomhartha in Bucha.
|
15.3.2022
|
|
|
|
Daoine aonair comhlachaithe: Mikhail Fridman, Petr Aven, German Khan
Eintitis chomhlachaithe: Grúpa Alfa, Alfa Bank
|
Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata ‘Z’ orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go gníomhach, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú na hÚcráine, agus tairbhíonn sé de.
Is duine mór gnó Rúiseach é chomh maith atá ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
|
|
892.
|
Tigran Oganesovich KHUDAVERDYAN
(Тигран Оганесович ХУДАВЕРДЯН)
|
Dáta breithe: 28.12.1981
Áit bhreithe: Yerevan, APSS (an Airméin anois)
Feidhm: IarStiúrthóir Feidhmiúcháin agus iarLeas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Yandex NV
Náisiúntacht: Airméanach
Inscne: fireann
|
Is iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Yandex N.V. é Tigran Khudaverdyan, a d’éirigh as na poist sin tar éis don Aontas é a ainmniú. Tá sé fós i measc na mbainisteoirí is mó ar Yandex, rud a fhágann go mbíonn lámh aige ag múnlú gníomhaíochtaí na cuideachta.
Is é Yandex an gnólacht teicneolaíochta is mó sa Rúis. Tugann sé ioncam cánach suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Sa bhliain 2019, d’aontaigh Yandex le hathstruchtúrú a thug ‘ scair órga’ don Public Interest Foundation nuabhunaithe a tógadh chun ‘leasanna Chónaidhm na Rúise a chosaint’. Tríd an bhFondúireacht Leasa Poiblí, tá Rialtas Chónaidhm na Rúise in ann crosadh a bheith acu thar liosta sainithe saincheisteanna.
Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lean Yandex beartas faisnéise agus cinsireacht Rialtas Chónaidhm na Rúise. Chomhlíon torthaí cuardaigh inneall cuardaigh Yandex éilimh údaráis na Rúise, nach léiríonn ach na foinsí a bhaineann le bolscaireacht Rúiseach ar son an chogaidh. Thairis sin, chabhraigh Yandex le suíomhanna gréasáin atá ag brú éileamh bréagach agus ar son na Rúise faoi ionradh na hÚcráine le brabús a dhéanamh trí fhógraíocht dhigiteach.
|
15.3.2022
|
|
|
|
|
An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Khudaveryan ar chruinniú mhórphearsa gnó sa Chreimil le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú sin, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na mórphearsa gnó a bhfuil dlúthchaidreamh acu le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.
Is duine de phríomhdhaoine gnó é atá ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus thacaigh sé go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de le Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
|
|
893.
|
Vladimir Valerievich RASHEVSKY / Vladimir Valeryevich RASHEVSKIY
(Rúiseach: Владимир Валерьевич РАШЕВСКИЙ)
|
Dáta breithe: 29.9.1973
Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Feidhm: Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin & Stiúrthóir ag EuroChem Group AG; comhalta de bhord maoirseachta Chomhairle an Mhargaidh Chomhlachais
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is comhalta é Vladimir Rashevsky de bhord maoirseachta Chomhairle an Mhargaidh Comhlachais. Is é freisin iar-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir ar EuroChem Group AG, agus d’ éirigh sé as an bpost sin go foirmiúil tar éis dó a bheith liostaithe faoi bhearta sriantacha an Aontais, cé go leanann sé de thionchar a imirt trí chuideachtaí caocha. Tá EuroChem ar cheann de na táirgeoirí de leasacháin mianraí is mó ar domhan. Roimhe seo (idir 2004 agus 2020), bhí sé ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar chuideachta ghuail JSC SUEK. Is iad seo cuideachtaí móra na Rúise – faoi comhúinéireacht Aleksandra Melnichenko, bean chéile an bhilliúnaí Rúisigh, Andrei Melnichenko – a ghineann agus a thugann foinse shuntasach airgeadaí do rialtas na Rúise. Oibríonn siad i gcomhar le húdaráis na Rúise freisin, lena n-áirítear, an tUachtarán Vladimir Putin. Sholáthair cuideachtaí Eurochem Group níotráit amóinia do na limistéir Donbas atá faoi fhorghabháil. Shínigh SUEK conarthaí le sanatóirí na Crimé i gcomhair chláir sláinte fostaithe.
Dá bhrí sin, tá sé ag tacú, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, nó ag baint tairbhe as, Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Rashevsky ar chruinniú olagarc sa Kremlin leis an Uachtarán Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú sin, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal na n-olagarc a bhfuil dlúthchaidreamh acu leis an Uachtarán Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.
|
15.3.2022
|
|
903.
|
Elena Petrovna TIMCHENKO (ERMAKOVA (YERMAKOVA) a hainm baiste)
Елена Петровна Тимченко (ЕРМАКОВА))
|
Feidhm: Comhuachtarán an Foundation Timchenko
Náisiúntacht: Rúiseach, Fionlannach
Duine aonair comhlachaithe: Gennady Timchenko (fear céile)
Inscne: baineann
|
Is í Elena Timchenko bean chéile Gennady Timchenko, a bhfuil seanaithne aige ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus ar dhuine dá rúnchairde é.
Déanann sí bainistíocht, in éineacht lena fear céile, ar an gcuideachta eastát réadach Sci Ruth agus fuair sí eastát réadach i gcomhpháirt leis, rud a léiríonn ceangail thábhachtacha maoine eatarthu.
Thairis sin, chomhbhunaigh sí Fondúireacht Neva lena fear céile. Tá ról tábhachtach ag Elena Timchenko agus tá dlúthbhaint aici lena fear céile i bhFondúireacht Timchenko a dhéanann cuid dá gníomhaíochtaí i ndáil le grúpa infheistíochta Ghrúpa Volga, a bhfuil Gennady Timchenko bunaitheoir agus scairshealbhóir ann agus a chuireann go mór le geilleagar na Rúise agus lena forbairt.
Dá bhrí sin, tá baint ag Elena Timchenko le Gennady Timchenko, arna ainmniú faoi Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle ar an bhforas, inter alia, go bhfuil sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a sholáthar, agus tairbhe a bhaint as cinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
908.
|
Kirill Nikolayevich SHAMALOV
(Кирилл Николаевич ШАМАЛОВ)
|
Dáta breithe: 22.3.1982
Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise, anois)
Feidhm: Leas-chathaoirleach bhord bainistíochta Sibur Holding PJSC; comhalta Chomhairle Phoiblí Rossotrudnichestvo (an Ghníomhaireacht Chónaidhme um Chomhlathas na Stát Neamhspleách, Comhthírigh a bhFuil Cónaí Orthu Thar Lear, agus an Comhar Daonnúil Idirnáisiúnta)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Kirill Shamalov ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta agus tá sé freagrach as forbairt inbhuanaithe laistigh de Choiste Bainistíochta Sibur Holding PJSC, an chuideachta pheitriceimiceach comhtháite is mó sa Rúis. D’fhan sé ina scairshealbhóir de Sibur Holding agus choinnigh sé post bainistíochta sa chuideachta. Ina theannta sin, tá sé ag baint tairbhe as a naisc phearsanta leis an gCreimil agus bhí poist shinsearacha aige i go leor cuideachtaí móra Rúiseacha.
Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus tá baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
Tá sé ina bhall de Chomhairle Phoiblí Rossotrudnichestvo (an Ghníomhaireacht Chónaidhme um Chomhlathas na Stát Neamhspleách, Comhthírigh a bhFuil Cónaí Orthu Thar Lear, agus an Comhar Daonnúil Idirnáisiúnta) a bhunaigh, ar a thionscnamh-sa, coimisiún le haghaidh idirghníomhaíocht leis an bpobal gnó.
|
8.4.2022
|
|
909.
|
Igor Albertovich KESAEV
(Игорь Альбертович КЕСАЕВ)
|
Dáta breithe: 30.10.1966
Áit bhreithe: Vladikavkaz, North Ossetia, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Feidhm: Comhúinéir agus uachtarán Mercury Group
Náisiúntacht: Rúiseach, Cipireach
Inscne: fireann
|
Is comhúinéir agus uachtarán Mercury Group é Igor Kesaev, cuideachta a bhí comhlachaithe le Megapolis Group, an príomhdháileoir tobac sa Rúis. Tá glanluach USD 3.6 billiún aige de réir Forbes. Is scairshealbhóir mór in Mercury Group agus Megapolis Group é.
Is príomhphearsa gnó é Igor Kesaev a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
914.
|
Sergey Vladimirovich MIKHAILOV
(ar a dtugtar freisin Sergei MIKHAILOV)
(Сергей МИХАЙЛОВ)
|
Dáta breithe: 17.3.1971
Áit bhreithe: Arkhangelsk, Cónaidhm na Rúise
Feidhm: Iar-Ardstiúrthóir ar an nGníomhaireacht Nuachta Rúiseach, TASS
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Sergey Mikhailov an t-ardstiúrthóir ar an nGníomhaireacht Nuachta Rúiseach, TASS – an ghníomhaireacht nuachta is mó sa Rúis, a scaipeann trína líonra ollmhór ionadaíochtaí eachtracha ina bhfuil 70 oifig i gComhlathas na Stát Neamhspleách agus 68 mbiúró ar fud an domhain, faisnéis cham maidir leis an Úcráin, rud a fhónann do leasanna cheannaireacht pholaitiúil Chónaidhm na Rúise.
Bhronn an tUachtarán Vladimir Putin ‘an tOrd Cairdis’ air. Tá Sergey Mikhailov san áireamh i gcúltaca pearsanra Uachtarán na Rúise.
Dá bhrí sin, bíonn sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin.
|
8.4.2022
|
|
917.
|
Musa Yusupovich BAZHAEV
(Муса Юсупович БАЖАЕВ)
|
Dáta breithe: 11.5.1966
Áit bhreithe: Achkoy Martan, Seisnia, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Feidhm: duine gnó Rúiseach; faoi láthair is é an t-uachtarán ar an Moscow Alliance Group ar leis sócmhainní i ngnólachtaí ola, tógála, teicstíle, bia, airgeadais, agus meán; Cathaoirleach ar Russian Platinum
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Musa Bazhaev an tUachtarán ar an JSC Alliance Group, arb iad na príomhchliaint atá acu, na hionadaithe is mó ó thionscail an gháis agus na hola, ó na saoráidí tionsclaíocha, ón earnáil teileachumarsáide agus ó fhóntais tithíochta agus phoiblí.
Tá sé ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Russian Platinum, a aithníodh mar cheann de phríomhchuideachtaí mianadóireachta na Rúise a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise. In 2021, shínigh VEB.RF, VTB Group agus Russian Platinum meabhrán intinne chun taisce mianaigh nicile-copair-platanaim de chuid Chernogorsk i réigiún Krasnoyarsk a mhaoiniú. Bhí an searmanas sínithe ar siúl le linn Fhóram Idirnáisiúnta Eacnamaíoch Chathair Pheadair agus Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, i láthair. Tá Musa Bazhaev ar dhuine de na príomhphearsa gnó a fheidhmíonn sa Rúis, agus tá sé i measc an 200 Rúiseach is saibhre, agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.
Ina theannta sin, tá baint ag Musa Bazhaev le VEB.RF, institiúid forbartha airgeadais Rúiseach a thugann tacaíocht ghníomhach, ábharach nó airgeadais, do chinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe astu sin.
|
8.4.2022
|
|
923.
|
Anastasia IGNATOVA
(Анастасия ИГНАТОВА)
|
Dáta breithe: 15.2.1988
Daoine aonair comhlachaithe: Sergei Chemezov (leasathair)
Ekaterina Ignatova (máthair)
Lyudmila Rukavishnikova (seanmháthair)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is í Anastasia Ignatova leasiníon Sergei Chemezov, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin chorparáid stáit na Rúise, Rostec (an Chorparáid Stáit um Fhorbairt, Táirgeadh agus Onnmhairiú Táirgí Tionscail Ardteicneolaíochta a chur chun cinn).
Mar leasiníon Sergei Chemezov, tá sócmhainní móra aici atá nasctha leis trí chuideachtaí eischósta. Bhí an bád 85 m ‘Valerie’, ar fiú USD 140 milliún (níos mó ná RUB 10 billiún) é, faoi úinéireacht Anastasia Ignatova go foirmiúil trí chuideachta ar Ógh-Oileáin na Breataine darbh ainm Delima Services Limited. Ina theannta sin, is tairbhí í de chuideachtaí eischósta a bhfuil na céadta milliún dollar i sócmhainní acu.
Is garghaol Anastasia Ignatova a bhaineann tairbhe as a leasathair Sergei Chemezov.
|
8.4.2022
|
|
930.
|
Igor Evgenievich KONASHENKOV
(Игорь Евгеньевич КОНАШЕНКОВ)
|
Dáta breithe: 15.5.1966
Áit bhreithe: Chisinau, Poblacht na Moldóive
Feidhm: Ceann na Ranna Faisnéise agus Cumarsáide in Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise; Leifteanant-Ghinearál
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Igor Konashenkov, dar céim Leifteanant-Ghinearál, Ceann na Ranna Faisnéise agus Cumarsáide in Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise.
Ina phost mar Phríomh-Urlabhraí in Aireacht Cosanta na Rúise, bhí sé freagrach as faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a scaipeadh faoi ghníomhartha míleata na Rúise san Úcráin. Chuir sé meon dearfach chun cinn i leith chogadh foghach gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, i leith ionghabháil na Crimé agus i leith ghníomhaíochtaí na scarúnaithe in Donbas, léirigh sé an staid san Úcráin ar bhealach claonta agus scaip sé bréagaisnéis faoi ghníomhaíochtaí na hÚcráine agus an Iarthair.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
8.4.2022
|
|
932.
|
Alexander Yevgenevych ANANCHENKO
(Александр Евгеньевич АНАНЧЕНКO)
|
Dáta breithe: 2.2.1966
Inscne: fireann
|
Iar-‘Príomh-Aire’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Iar-Chomhalta Comhairle de Choiste na Comhairle Cónaidhme um Struchtúr Feidearálach, Beartas Réigiúnach, Féin-Rialtas Áitiúil agus Gnóthaí an Tuaiscirt.
|
8.4.2022
|
|
934.
|
Igor Yurievich ANTIPOV
(Игорь Юрьевич АНТИПОВ / Iгор Юрiйович АНТИПОВ)
|
Dáta breithe: 26.5.1961
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Ceartais’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
946.
|
Igor Nikolaevich HALEPA
(Игорь Николаевич ХАЛЕПА / Iгор Миколайович ХАЛЕПА)
|
Dáta breithe: 19.5.1969
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Cumarsáide’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
947.
|
Sergei Sergeevich NAUMETS
(Сергей Сергеевич НАУМЕЦ / Сергiй Сергiйович НАУМЕЦЬ)
|
Dáta breithe: 13.7.1976
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Tógála, Tithíochta, agus Seirbhísí Comhchoiteanna’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Rannchuidigh Sergei Naumets go gníomhach le cathlán deonach a bhí ag troid in Mariupol agus timpeall air thar ceann fhórsaí armtha na Rúise. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
948.
|
Dmitriy Viktorovich PODLIPANOV
(Дмитрий Викторович ПОДЛИПАНОВ / Дмитро Вiкторович ПОДЛИПАНОВ)
|
Dáta breithe: 28.11.1964
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Iompair’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
950.
|
Ruslan Mihajlovich DUBOVSKIY
(Руслан Михайлович ДУБОВСКИЙ / Руслан Михайлович ДУБОВСЬКИЙ)
|
Dáta breithe: 20.2.1974
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Guail agus Fuinnimh’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
952.
|
Aleksei Vladimirovich POLOVYAN
(Алексей Владимирович ПОЛОВЯН / Олексiй Володимирович ПОЛОВЯН)
|
Dáta breithe: 3.5.1979
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Forbartha Eacnamaíche’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Tá Aleksei Polovyan ina ollamh comhlach faoi láthair in Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht Donetsk mar a ghairtear di.
|
8.4.2022
|
|
953.
|
Yuriy Nikolaevich SIROVATKO
(Юрий Николаевич СИРОВАТКО / Юрiй Миколайович СИРОВАТКО)
|
Dáta breithe: 17.4.1978
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Ceartais’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
957.
|
Anna Yurievna TODOROVA
(Анна Юрьевна ТОДОРОВА / Ганна Юрiївна ТОДОРОВА)
|
Dáta breithe: 20.2.1988
Inscne: baineann
|
Iar-‘Leas-Chathaoirleach Rialtais’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Faoi láthair tá Todorova ina Ceann na Seirbhíse Cartlanna, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aici d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
958.
|
Anatoli Andreevich ANTONOV
(Анатолий Андреевич АНТОНОВ)
|
Dáta breithe: 6.11.1966
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Slándála Stáit’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
967.
|
Yuriy Alexandrovich PRONKO
(Юрий Александрович ПРОНЬКО)
|
Dáta breithe: 2.4.1962
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Talmhaíochta agus Bia’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
969.
|
Maxim Alekseevich PROTASOV
(Максим Алексеевич ПРОТАСОВ)
|
Dáta breithe: 21.2.1976
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Tógála, Tithíochta agus Seirbhísí Comhchoiteanna’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
970.
|
Oleg Vasilievich FETISOV
(Олег Васильевич ФЕТИСОВ)
|
Dáta breithe: 30.3.1971
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Cumarsáide agus Ollchumarsáide’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
971.
|
Yuriy Anatolievich DEGTYAREV
(Юрий Анатольевич ДЕГТЯРЕВ)
|
Dáta breithe: 7.7.1977
Inscne: fireann
|
Iar-‘Aire Acmhainní Nádúrtha agus Slándála Comhshaoil’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear de. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
973.
|
Yuriy Nikolaevich AFANASEVSKY
(Юрий Николаевич АФАНАСЬЕВСКИЙ)
|
Dáta breithe: 12.12.1968
Inscne: fireann
|
Iar-‘Cathaoirleach ar Choiste um Chustam an Stáit’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
8.4.2022
|
|
985.
|
Marina Vladimirovna MAGDALINA
(Магдалина Марина ВЛАДИМИРОВНА / Магдалина Марина ВОЛОДИМИРIВНА)
|
Dáta breithe: 4.1.1984
Inscne: baineann
|
Comhalta de ‘Comhairle an Phobail’, mar a ghairtear di, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.
|
8.4.2022
|
|
986.
|
Kirill Borisovich MAKAROV
(Кирилл Борисович МАКАРОВ / Кирило Борисович МАКАРОВ)
|
Dáta breithe: 6.11.1995
Inscne: fireann
|
Comhalta de ‘Comhairle an Phobail’, mar a ghairtear di, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus ceann na heagraíochta ‘Poblacht na nÓg’, mar a ghairtear di. Ag feidhmiú faoi láthair mar ‘an tAire Gníomhach Forbartha Eacnamaíche’, mar a ghairtear de, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.
|
8.4.2022
|
|
988.
|
Igor Yurevich MARTYNOV
(Игорь Юрьевич МАРТЫНОВ / Iгор Юрiйович МАРТИНОВ)
|
Dáta breithe: 25.3.1991
Inscne: fireann
|
Comhalta de ‘Comhairle an Phobail’, mar a ghairtear di, de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.
|
8.4.2022
|
|
1173.
|
Eduard Yurevich KHUDAYNATOV
(Эдуард Юрьевич ХУДАЙНАТОВ)
|
Dáta breithe: 11.9.1960
Áit bhreithe: Shymkent, iar-APSS, (an Chasacstáin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Pasuimhir: 753296761 (Rúiseach)
Inscne: fireann
|
Is fear gnó Rúiseach é Eduard Khudaynatov atá gníomhach san earnáil fuinnimh. Is é úinéir an ‘Independent Oil and Gas Company’ (NOC, JSC Neftegazholding), ceann de na cuideachtaí príobháideacha is mó sa Rúis agus mórtháirgeoir ola, a dhéanann sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus forbairt ar olacheantair agus gáscheantair, scagadh ola, chomh maith le táirgeadh agus margú táirgí peitriliam. In 2015, b’fhiú USD 2.2 billiún ioncam na cuideachta.
Fuair an ‘Independent Oil and Gas Company’ le blianta beaga anuas scaireanna suntasacha i gcuideachtaí atá rannpháirteach san earnáil fuinnimh, mar aon lena gceadúnais eastósctha, ó Rosneft atá faoi úinéireacht Stáit. Ina theannta sin, dhíol NOC olacheantair éagsúla le Rosneft a ndearnadh cuid den tionscadal Vostok Oil díobh ina dhiaidh sin. Le blianta beaga anuas, d’íoc Rosneft USD 9.6 billiún le Khudaynatov ar chuideachta a bhfuil olacheantar aici in Taimyr.
In 2019, d’iarr NOC agus Rosneft sochair ar Uachtarán Putin i ndáil lena ngníomhaíochtaí eastósctha san Artach agus fuair siad na sochair sin.
|
3.6.2022
|
|
|
|
|
Tá baint ag Khudaynatov leis an olagarc Rúiseach Igor Sechin agus leis an Uachtarán Vladimir Putin.
D’oibrigh Khudaynatov agus Sechin le chéile in Rosneft agus tá a gcuideachtaí i mbun gníomhaíochtaí gnó comhpháirteacha san earnáil fuinnimh.
D’oibrigh sé ar an gcéad fheachtas toghcháin uachtaránachta a bhí ag Putin in 2000, feachtas a bhainistigh sé i réigiún Tyumen, agus ina raibh sé ina chomhalta réigiúnach den Dúma ó 1997.
Fuair sé ‘an tOrd um Fhiúntas don Athartha’ as ‘seasamh na Rúise sa mhargadh domhanda fuinnimh a neartú agus feabhas a chur ar a ionchais infheistíochta’.
Dá bhrí sin, is duine de na príomhdhaoine gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis, agus pearsa gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Tá sé ag baint tairbhe as Rialtas na Rúise agus tá baint aige le daoine liostaithe.
|
|
|
1174.
|
Pavel Evgenevich PRIGOZHIN
(Павел Евгеньевич ПРИГОЖИН)
|
Dáta breithe: 18.6.1998
Náisiúntacht: Rúiseach
Uimhir aitheantais cáiníocóra: 780103765308
Daoine aonair comhlachaithe: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (athair), Lyubov Valentinovna Prigozhina (máthair), Polina Evgenievna Prigozhina (deirfiúr)
Eintitis chomhlachaithe: Lakhta Park, Lakhta Park Premium, Lakhta Plaza, Turtrans
Inscne: fireann
|
Is mac agus príomhoidhre le Yevgeniy Prigozhin é Pavel Prigozhin, pearsa mór gnó a fheidhmíonn sa Rúis agus a bhfuil dlúthcheangail aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus le hAireacht Cosanta na Rúise. Ba é Yevgeniy Prigozhin bunaitheoir agus ceann neamhoifigiúil an Ghrúpa Wagner, eintiteas míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, agus atá freagrach as amhais a imscaradh san Úcráin.
Tá Concord, ar a dtugtar freisin KOMBINAT PITANIYA KONKORD OOO, cuideachta a bhunaigh Yevgeniy Prigozhin agus ar leis é go dtí mí na Samhna 2019 agus grúpa cuideachtaí eile a bhfuil ceangal acu leis, lena n-áirítear Concord Management agus Consulting LLC agus Megaline LLC, ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le hAireacht Cosanta na Rúise mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé ag Cónaidhm na Rúise, agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu.
Tá baint ag Pavel Prigozhin le roinnt cuideachtaí a bhí faoi úinéireacht a mháthar, Lyubov Valentinovna Prigozhina, roimhe seo: Beta LLC, Turstatus, Lakhta Park Premium LLC, Lakhta Park LLC agus Lakhta Plaza LLC. Ina theannta sin, tá Pavel Prigozhin bainteach leis an gcuideachta JSC Businessprof, ar le Sinop Business Center i gCathair Pheadair.
|
3.6.2022
|
|
|
|
|
Is é Pavel Prigozhin príomhoidhre agus tairbhí sócmhainní, sealúchais agus maoine Yevgeniy Prigozhin. Dá bhrí sin, is pearsa mór gnó é a fheidhmíonn sa Rúis agus tá sé ag baint tairbhe as cinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú oirthear na hÚcráine.
Dheimhnigh Pavel Prigozhin go poiblí gurb é ceannasaí an Ghrúpa Wagner é agus rinne sé caibidlíocht le Garda Náisiúnta na Rúise (Rosgvardia), chun an Grúpa Wagner a cheadú leanúint d’oibríochtaí comhraic san Úcráin.
Thairis sin, rinne Pavel Prigozhin seirbhís sa Ghrúpa Wagner sa tSiria. Dheimhnigh sé go poiblí go bhfuil baint aige leis na hoibríochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine trí bheith ag déanamh seirbhís in aonad den Ghrúpa Wagner i réigiún Donbass. Dá bhrí sin, tacaíonn sé go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.
|
|
|
1194.
|
Aleksandr Yurievych KOBETS
(Rúisis: Александр Юрьевич КОБЕЦ)
Oleksandr Yuriyovych KOBETS
(Úcráinis: Олександр Юрiйович КОБЕЦЬ)
|
Dáta breithe: 27.9.1959
Náisiúntacht: Úcráineach
Inscne: fireann
|
Iarmhéara, mar a ghairtear de, ar chathair Kherson a shuiteáil údaráis na Rúise. Bhí an post sin aige ón 26 Aibreán 2022 go dtí gur rinneadh an réigiún a dhí-fhorghabháil. D’éascaigh sé pasanna Rúiseacha a eisiúint i gcathair Kherson.
Dá bhrí sin, sa cháil sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sé na beartais sin chun cinn.
|
21.7.2022
|
|
1215.
|
Aleksey Vladimirovich DENISENKO
(Алексей Владимирович ДЕНИСЕНКО)
|
Dáta breithe: 9.6.1978
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is comhalta é Aleksey Denisenko de Thionól Reachtach réigiúnach Chelyabinsk, de Presidium na Comhairle Polaitiúla Réigiúnaí, cathaoirleach ar Choiste an Tionóil Reachtaigh maidir le Beartas Tógála, Tithíocht agus Seirbhísí Coiteanna agus ceann na comhairle um chomhar idirbhardasach i réigiún Chelyabinsk. Ina theannta sin, is comhalta é den pháirtí rialaithe, ‘United Russia’, atá ailínithe leis an gCreimil agus tugann sé údar, cosaint agus tacaíocht do chinneadh an Uachtaráin Putin aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk (DPR) agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk (LPR), mar a ghairtear díobh, mar stáit neamhspleácha, chomh maith leis an oibríocht mhíleata speisialta, mar a ghairtear di, ar ‘oibríocht forfheidhmithe síochána’ í ina fhocail féin. Tá Aleksey Denisenko freagrach as fuath a ghríosú i leith na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
21.7.2022
|
|
1216.
|
Alexander Nikolaevich BELSKIY
(Александр Николаевич БЕЛЬСКИЙ)
|
Dáta breithe: 16.7.1975
Áit bhreithe: Leningrad, iar-APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Alexander Belskiy ina Chathaoirleach ar Thionól Reachtach Chathair Pheadair ón 29 Meán Fómhair 2021 i leith mar chomhalta den pháirtí polaitiúil ‘United Russia’ atá ailínithe leis an gCreimil. Is é an Tionól Reachtach an t-aon comhlacht reachtaíochta, agus an ceann is airde, de chumhacht stáit i gCathair Pheadair. Bunaíodh an tionól faoi dhlí cónaidhme, agus tá sé á rialú aige, agus oibríonn sé go dlúth le gobharnóir Chathair Pheadair. Is é Alexander Belskiy an Chéad Leas-Rúnaí ar an gcraobh réigiúnach den pháirtí ‘United Russia’.
Mar Chathaoirleach ar an Tionól Reachtach, is é Alexander Belskiy an comhalta is airde den Tionól Reachtach. Mar thoradh air sin, is polaiteoir tábhachtach é Alexander Belskiy i gCathair Pheadair agus níos faide i gcéin. Roimhe seo, bhí Alexander Belskiy ina leas-ghobharnóir ar Chathair Pheadair sa tréimhse ó 2020 go 2021. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as an mbeartas óige. Tá Alexander Belskiy fós ag obair le leanaí agus féachann sé le leanaí a dhíonteagasc le tuairimí i bhfabhar an réimis.
|
21.7.2022
|
|
|
|
|
Tá Alexander Belskiy gníomhach ó thaobh an úsáid a bhaineann sé as roinnt cuntais meán sóisialta ar na seirbhísí Telegram agus VKontakte agus foilsíonn sé ailt i meáin an pháirtí ‘United Russia’. Úsáideann sé a ardáin meán sóisialta arís agus arís eile chun údar a thabhairt do chogadh na Rúise ar an Úcráin agus chun tacaíocht a chur in iúl dó agus rinne sé comhghairdeas leis an gCrimé agus Sevastopol as ‘athaontú’ leis an Rúis.
Tá Alexander Belskiy freagrach as fuath a ghríosú i leith na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
|
|
1217.
|
Alexander Valentinovich ISHCHENKO
(Александр Валентинович ИЩЕНКО)
|
Dáta breithe: 9.3.1970
Áit bhreithe: Rostov-ón-Don, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Alexander Ishchenko ina Chathaoirleach ar an Tionól Reachtach in réigiún Rostov agus ina Rúnaí ar Bhrainse Réigiúnach Rostov den pháirtí atá i gceannas, ‘United Russia’, atá ailínithe leis an gCreimil (ó 2016 i leith). Comhalta d’Ard-Chomhairle an pháirtí, United Russia, is ea é freisin.
Tá Alexander Ishchenko an-ghníomhach in eagraíochtaí óige, e.g. Parlaimint Rostov na n-Óg agus an eagraíocht réigiúnach pholaitiúil-mhíleata don aos óg ‘Gardaí Óga’. Mar Chathaoirleach ar an Tionól Reachtach is pearsa phoiblí é agus is minic a bhíonn sé le feiceáil ar theilifís agus nuacht áitiúil agus náisiúnta agus ag imeachtaí poiblí.
In agallaimh phoiblí agus i bpóstálacha ar na meáin shóisialta, tacaíonn Alexander Ishchenko le cinneadh an Uachtaráin Putin aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Luhansk (LPR) scarúnaíoch agus do Dhaon-Phoblacht Donetsk (DPR) scarúnaíoch, mar a ghairtear díobh, agus cuireann sé teachtaireachtaí bolscaireachta an réimis chun cinn.
I bhfianaise a thionchair pholaitiúil, tá Alexander Ishchenko freagrach as fuath a ghríosú i leith na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis don chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
21.7.2022
|
|
1219.
|
Nikolay Nikolaevich ZABOLOTNEV
(Николай Николаевич ЗАБОЛОТНЕВ)
|
Dáta breithe: 30.1.1992
Áit bhreithe: Réigiún Chuy i dtuaisceart Phoblacht Kyrgys
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Nikolai Zabolotnev ina cheann ar Choiste Feidhmeannach Réigiúnach de Bhrainse Réigiúnach Khanty-Mansiysk den pháirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil, ‘United Russia’. Tá sé ina bhall freisin de Dhúma Khanty-Mansi Okrug Féinrialaitheach – Yugra den seachtú comhghairm.
Chomh maith leis sin, is iarcheannaire Dúma na nÓg (parlaimint na n-óg) in Yugra é, a chomhoibríonn le Dúma na nÓg Dhaon-Phoblacht Luhansk (LPR) agus Dhaon-Phoblacht Donetsk (DPR) mar a ghairtear díobh. Freastalaíonn Nikolay Zabolotnev go rialta ar chruinnithe, fóraim agus imeachtaí Dúma na nÓg Yugra. Bhí sé ar stáitse le haghaidh sceitse nuair a d’fhreastail sé ar cheolchoirm charthanachta réigiúnach an 1 Aibreán 2022, ag bailiú airgid chun tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí daonnúla na Rúise, mar a ghairtear díobh, in Donbass.
|
21.7.2022
|
|
|
|
|
Chuir sé a thacaíocht don ‘oibríocht speisialta’ in iúl arís agus arís eile ar chainéal teilifíse réigiúnach.
Tá Nikolay Zabolotnev an-ghníomhach ar na meáin shóisialta agus úsáideann sé an t-ardán seo chun a thacaíocht do Putin agus don oibríocht a chur in iúl, chun cur i bhfios go seasann muintir DPR agus LPR leis an Rúis, chun éilimh faoi chinedhíothú i réigiún Donbass a scaipeadh agus chun a rá nach mór fórsaí na hÚcráine a scriosadh go hiomlán.
I bhfianaise a thionchair pholaitiúil, tá Nikolay Zabolotnev freagrach as fuath a ghríosú i leith na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
|
|
1220.
|
Nikolay Timofeevich VELIKDAN
(Николай Тимофеевич ВЕЛИКДАНЬ)
|
Dáta breithe: 6.3.1956
Áit bhreithe: Sovetskoye Runo, Dúiche Ipatovsky, Críoch Stavropol, iarAPSS, (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Nikolay Velikdan ina Chathaoirleach ar Dhúma Réigiúnach Stavropol ón 30 Meán Fómhair 2021 i leith. Is comhalta é de Dhúma Reigiúnach Stavropol ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith agus is é an chéad Leas-Chathaoirleach ar Rialtas Chríoch Stavropol. Is comhalta é de ‘United Russia’, páirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil, agus den Presidium de Chomhairle Pholaitiúil Réigiúnach an Pháirtí.
Ina ráitis ar shuíomhanna gréasáin nuachta réigiúnacha na Rúise, Bez Formata agus Stapravda, thacaigh sé go poiblí leis an ionradh ar an Úcráin agus chuir sé chun cinn é trí bholscaireacht a scaipeadh maidir le hionradh na Rúise agus trí léargas saofa ar an staid san Úcráin a scaipeadh. Spreagann sé rannpháirtíocht san ‘oibríocht speisialta’. Mar dhuine de na hoifigigh is airde agus mar Chathaoirleach ar Dhúma Réigiúnach Stavropol, tá tionchar suntasach aige.
I bhfianaise a thionchair pholaitiúil, tá Nikolay Velikdan freagrach as fuath a ghríosú i leith na hÚcráine, as bréagaisnéis agus bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh i gcomhthéacs an chogaidh agus as féachaint le tacaíocht intíre a fháil sa Rúis do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
21.7.2022
|
|
1222.
|
Sergey Evgenievich TSIVILEV
(Сергей Евгеньевич ЦИВИЛЕВ)
|
Dáta breithe: 21.9.1961
Áit bhreithe: Zhdanov (Mariupol), iarAPSS (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Sergey Tsivilev ina ghobharnóir ar réigiún Kemerovo agus is pearsa phoiblí é a bhfuil cáil air. Is comhalta de Bhiúró Ard-Chomhairle an pháirtí United Russia, é freisin.
Agus é i láthair ag imeachtaí poiblí, tugann Sergey Tsivilev údar, cosaint agus tacaíocht oscailte do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuireann sé in iúl go hoscailte go tacaíonn sé go daingean le hUachtarán Putin, agus mar thoradh air sin tá patrún de ghríosú poiblí córasach uaidh a thacaíonn le hoibríochtaí míleata na Rúise.
De bharr an tionchair pholaitiúil atá aige, tá sé freagrach as bolscaireacht agus bréagaisnéis a scaipeadh ar son na Rúise maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le ról gníomhach a imirt maidir le tacaíocht intíre a ghnóthú d’fheachtas míleata na Rúise. Chuir Sergey Tsivilev in iúl go hoscailte go dtacaíonn sé le cinneadh Uachtarán na Rúise aitheantas a thabhairt do neamhspleáchas Phoblachtaí Luhansk agus Donetsk, mar a ghairtear díobh. Bunaithe ar na gníomhaíochtaí sin, tá Sergey Tsivilev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
21.7.2022
|
|
1228.
|
Sergey Vitalyevich BEZRUKOV
(Сергей Витальевич БЕЗРУКОВ)
|
Dáta breithe: 18.10.1973
Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is aisteoir agus polaiteoir Rúiseach é Sergey Bezrukov. Tá sé ar dhuine phearsanra poiblí an pháirtí ‘United Russia’ agus ina chathaoirleach ar thionscadal an pháirtí dar teideal ‘Tionscadal chultúr na tíre bige dúchais’. Comhalta d’Ard-Chomhairle an pháirtí, ‘United Russia’, is ea é freisin. Scaip sé bolscaireacht na Rúise chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Thacaigh sé le hionradh na Rúise ar an Úcráin le linn léirithe os comhair shaighdiúirí na Rúise a ghlac páirt sa chogadh, agus leanaí ó Dhaon-Phoblachtaí scarúnaíocha, mar a thugtar orthu, i réigiún Donbas. Thairis sin, chuir sé in iúl go poiblí go dtacaíonn sé le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
21.7.2022
|
|
1238.
|
Sergey Vladimirovich ELISEEV
(Сергей Владимирович ЕЛИСЕЕВ)
|
Dáta breithe: 5.5.1971
Áit bhreithe: Stavropol, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Seoladh: Kherson Oblast, an Úcráin
Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise
|
Iar-‘Ceann Riaracháin Mhíleata Shibhialta Kherson’, mar a ghairtear de, post inar cheap rialtas Chónaidhm na Rúise é an 5 Iúil 2022. Dá réir sin, bhí sé mar chuid de rialtas réigiún Kherson, mar a ghairtear de, atá faoi fhorghabháil agus é freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Kherson.
Faoi láthair, tá sé ina Chéad Leas-Chathaoirleach ar Rialtas Réigiún Kaliningrad – Ionadaí Lánchumhachtach do Ghobharnóir réigiún Kaliningrad i dTionól Reachtach réigiún Kaliningrad.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
6.10.2022
|
|
1239.
|
Mikhail Leonidovich RODIKOV
(Михаил Леонидович РОДИКОВ)
|
Dáta breithe: 26.1.1958
Áit bhreithe: Ozyory, réigiún Moscó, iarAPSS, (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Daoine aonair comhlachaithe: Sergey Eliseev
Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise
|
Iar-‘Aire Oideachais agus Eolaíochta’, mar a ghairtear de, i Riarachán Míleata Sibhialta Kherson, post inar cheap rialtas Chónaidhm na Rúise é an 4 Iúil 2022. Bhí sé freagrach as córas oideachais Kherson a chur in oiriúint do chaighdeáin na Rúise.
Dá réir sin, bhí sé mar chuid de rialtas réigiún Kherson, mar a ghairtear de, atá faoi fhorghabháil agus é freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Kherson.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
6.10.2022
|
|
1240.
|
Vladimir Alexandrovich BESPALOV
(Владимир Александрович БЕСПАЛОВ)
|
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise
|
Iar-‘Aire Beartais Intíre’, mar a ghairtear de, i Riarachán Míleata Sibhialta Kherson, post inar cheap rialtas Chónaidhm na Rúise é an 4 Iúil 2022.
Dá réir sin, bhí sé mar chuid de rialtas réigiún Kherson, mar a ghairtear de, atá faoi fhorghabháil agus é freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Kherson.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
6.10.2022
|
|
1241.
|
Vitaliy Pavlovich KHOTSENKO
(Витаaлий Паaвлович ХОЦЕEНКО)
|
Dáta breithe: 18.3.1986
Áit bhreithe: Dnepropetrovsk, iarAPSS (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Seoladh: Donetsk, an Úcráin
|
Iar-Phríomh-Aire Dhaon-Phoblacht Donetsk, mar a ghairtear di, post inar ceapadh é an 8 Meitheamh 2022 agus ina raibh sé freagrach as gníomhaíochtaí ‘rialtasacha’ scarúnaíocha de chuid ‘rialtas Dhaon-Phoblacht Luhansk’ mar a ghairtear di.
Ceapadh é ina Ghobharnóir ar réigiún Omsk ón 29 Meán Fómhair 2023.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
6.10.2022
|
|
1242.
|
Vladislav Garievich KUZNETSOV
(Владислав Гариевич КУЗНЕЦОВ)
|
Dáta breithe: 18.3.1969
Áit bhreithe: Moscó, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Iar-Chéad Leas-Chathaoirleach ar rialtas ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, post inar ceapadh é an 8 Meitheamh 2022 agus ina raibh sé freagrach as gníomhaíochtaí ‘rialtasacha’ scarúnaíocha de chuid rialtas ‘Daon-Phoblacht Luhansk’ mar a ghairtear di.
Ceapadh é ina Ghobharnóir ar Chukotka Autonomous Okrug ón 15 Márta 2023.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
6.10.2022
|
|
1246.
|
Alan Valerievich LUSHNIKOV
(Алан Валерьевич ЛУШНИКОВ)
|
Dáta breithe: 10.8.1976
Áit bhreithe: Leningrad, iarAPSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise, anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Eintitis chomhlachaithe: JSC Kalashnikov Concern
|
Is é Uachtarán JSC Kalashnikov Concern, ar táirgeoir arm é, agus an scairshealbhóir is mó ann. Is forbróir agus monaróir Rúiseach é JSC Kalashnikov Concern a dhéanann trealamh don arm, raidhfilí pearsanta, diúracáin agus feithiclí san áireamh. Tá sé á rialú go díreach ag Rostec. Bhain fórsaí armtha na Rúise úsáid as diúracáin aerárthaí treoraithe Vikhr-1 agus as raidhfilí ionsaithe AK-12, a tháirgeann JSC Kalashnikov Concern, le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2022.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá baint aige le JSC Kalashnikov Concern, atá freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
Baineann corparáidí cosanta na Rúise agus daoine aonair atá cleamhnaithe leo tairbhe as cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuireann JSC Kalashnikov Concern le soláthar arm d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus baineann sé tairbhe as an ngá méadaitheach le hairm. Dá bhrí sin tá Alan Lushnikov, ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
6.10.2022
|
|
1270.
|
Abdollah
MEHRABI
عبدلله مهرابی
|
Dáta breithe: 22.12.1961
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Post: Ceann na hEagraíochta Jiohád Neamhthuilleamaíochta agus Taighde d’Fhórsa Aerspáis Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC AF)
|
Is é an Briogáidire-Ghinearál Abdollah Mehrabi ceann na hEagraíochta Jiohád Neamhthuilleamaíochta agus Taighde d’Fhórsa Aerspáis Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC AF) agus tá sé ina iar-chomhúinéir de Chuideachta Oje Parvaz Mado Nafar (Mado) atá liostaithe ag an Aontas Eorpach.
Fuair Mehrabi innill Aerárthaí Gan Foireann ó Mado lena n-úsáid ag Eagraíocht Jiohád Neamhthuilleamaíochta agus Taighde an IRGC AF. Fuarthas innill a mhonaraigh Mado in Aerárthaí Gan Foireann Shahed-136 de chuid na hIaráine a d’úsáid Cónaidhm na Rúise i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Bhí Mehrabi i gceannas ar thoscaireacht na hIaráine sna cainteanna maidir le pleananna chun monarcha nua a thógáil sa Rúis a d’fhéadfadh ar a laghad 6 000 ladrann a dearadh san Iaráin a dhéanamh.
Dá bhrí sin, tá an Briogáidire-Ghinearál Abdollah Mehrabi ag tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
12.12.2022
|
|
1307.
|
Alexander Arkadyevich ZHUKOV
(Александр Аркадьевич ЖУКОВ)
|
Dáta breithe: 29.12.1974
Áit bhreithe: Shiryana, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Alexander Zhukov ina chomhalta den Chomhairle Chónaidhme agus ina sheanadóir do Phoblacht Khakassia. An 4 Deireadh Fómhair 2022, dhaingnigh sé na ceithre chonradh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk, Daon-Phoblacht Luhansk, mar a ghairtear díobh, réigiún Zaporizhzhia agus réigiún Kherson, agus a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh, nó chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.
|
16.12.2022
|
|
1381.
|
Stepan Kirillovich KOVALCHUK
Степан Кириллович КОВАЛЬЧУК
|
Dáta breithe: 3 5.1994
Áit bhreithe: An Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Stepan Kovalchuk garnia Yuriy Kovalchuk. I mí na Nollag 2021, fuair an chuideachta Sogaz, atá á rialú ag Yuriy Kovalchuk, scaireanna den ghréasán meán sóisialta, VK. Dá bhrí sin, fuair Stepan Kovalchuk ardú céime go Leas-Uachtarán Sinsearach um Straitéis na Meán agus Forbairt Seirbhíse ag VK agus i mí Mheán Fómhair 2023 ceapadh é ina cheann ar an ngrúpa gnó ‘Ardáin Shóisialta agus Ábhar na Meán’. Is duine nádúrtha é Stepan Kovalchuk, dá bhrí sin, a bhfuil dlúthbhaint aige le duine atá liostaithe, Yuri Kovalchuk, agus seanaithne aige ar an Uachtarán, Vladimir Putin, comhbhunaitheoir Ozero Dacha, mar a ghairtear de, comharchumann a thugann le chéile grúpa daoine aonair údarásacha timpeall Putin agus an cathaoirleach ar Bank Rossiya agus an scairshealbhóir is mó ann.
|
16.12.2022
|
|
1412.
|
Yan Igorevich PETROVSKIY
Ainmneacha eile: Jan PETROVSKY,
Yan PETROVSKY,
‘Veliki Slavian’,
‘Velikiy Slavyan’
(Ян Игоревич ПЕТРОВСКИЙ)
ar a dtugtar freisin Voislav TORDEN
|
Dáta breithe: 2.1.1987
Áit bhreithe: Irkutsk, iarAPSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Yan Petrovskiy ceannaire agus ceannasaí ar ghrúpa paraimíleata Rúiseach a dtugtar ‘Tascfhórsa “Rusich”’ air, a bhfuil naisc aige leis an gcuideachta mhíleata phríobháideach Rúiseach, an Grúpa Wagner, agus d’fhéadfadh sé a bheith ag feidhmiú mar fho-aonad de Wagner. Tá Tascfhórsa ‘Rusich’ ag glacadh páirt sa chomhrac taobh le fórsaí míleata na Rúise sa chogadh foghach in gcoinne na hÚcráine. Is le fada an lá atá ‘Rusich’ ag troid taobh le seachfhórsaí na Rúise i réigiún Donbas na hÚcráine. In 2015, cuireadh i leith amhais ‘Rusich’ go ndearna siad ainghníomhartha in aghaidh saighdiúirí éagtha agus gafa de chuid na hÚcráine, agus rinneadh scannánú ar na hamhais agus na hainghníomhartha sin á ndéanamh acu.
Ina cháil mar cheannaire ar an Tascfhórsa ‘Rusich’, tá Yan Petrovskiy freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den cobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.
|
16.12.2022
|
|
1483.
|
Marina Magomednebiyevna AKHMEDOVA
(Марина Магомеднебиевна АХМЕДОВА)
|
Feidhm: Scríbhneoir agus iriseoir,
Príomheagarthóir an eagráin ar líne de Regnum,
Leas-phríomheagarthóir na hirise Russkiy Reporter,
Is comhalta í den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Shibhialta agus Cearta an Duine
|
Is scríbhneoir Rúiseach í Marina Akhmedova. Is comhalta í den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Shibhialta agus Cearta an Duine, agus is ball í den mheitheal maidir leis an ‘oibríocht mhíleata speisialta’ (cogadh foghach) san Úcráin, mar a ghairtear di.
Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá tacaíocht tugtha aici don ionradh a rinne an Rúis, agus scaip sí bolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach faoin gcogadh.
Dá bhrí sin, tá sí freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
25.2.2023
|
|
1486.
|
Yulia Alexandrovna BELEKHOVA
(Юлия Александровна БЕЛЕХОВА)
|
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine, ceann na meithle ar an ‘oibríocht mhíleata speisialta’ mar a ghairtear di (cogadh foghach) san Úcráin, ceann chraobh réigiúnach Mhoscó den chomhghuaillíocht pholaitiúil atá ar son Putin, darbh ainm Fronta Uile-Rúise an Phobail, ceann an Choiste um Theaghlaigh Shaighdiúirí na hAthartha
|
Is comhalta den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine í Yulia Belekhova, agus is í an cathaoirleach ar mheitheal na Comhairle maidir leis an ‘oibríocht mhíleata speisialta’ mar a ghairtear di (cogadh foghach) san Úcráin. Tá sí ina ceann freisin ar chraobh réigiúnach Mhoscó d’Fhronta Uile-Rúise an Phobail atá ar son Putin. Thacaigh sí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ghlac sí páirt sna himeachtaí bolscaireachta chun tacú leis an gcogadh.
Dá bhrí sin, tá sí freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
25.2.2023
|
|
1487.
|
Vyacheslav Aleksandrovich BOGUSLAYEV
(Вячеслáв Алексáндрович БОГУСЛÁЕВ)
|
Dáta breithe: 28.10.1938
Áit bhreithe: Oral/ Uralsk, APSS (an Chasacstáin anois)
Feidhm: IarUachtarán JSC MOTOR SICH; Iarchomhalta de pharlaimint na hÚcráine
Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is iar-ionadaí Úcránach é Vyacheslav Boguslayev de chuid páirtí na réigiún, páirtí atá ar son na Rúise, agus is iaruachtarán na cuideachta JSC MOTOR SICH é, monaróir innill aerárthaí Úcránach. Tá sé freagrach as innill a sholáthar d’arm na Rúise chun héileacaptair comhraic (Mi-8, Mi24, Mi28 agus Ka-52) a tháirgeadh agus a dheisiú, a úsáideadh go forleathan le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe ag tús an chogaidh. Lean sé de threalamh míleata a chur ar fáil do thrúpaí na Rúise in ainneoin an chogaidh, agus tá sé fós ag tacú le fórsaí armtha na Rúise.
Choinnigh údaráis na hÚcráine é i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus chuir siad ina leith go ndearna sé gníomhaíochtaí comhoibritheacha, chomh maith le bheith ‘comhpháirteach le stát an ionsaitheora’ agus go ndearna sé tréas.
D’íoc Vyacheslav Boguslaev cánacha agus íocaíochtaí custaim freisin i bhfabhar ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, a úsáideadh chun teorainneacha na hÚcráine a athrú go héigeantach. Dá bhrí sin, bíonn idirbhearta á ndéanamh aige freisin leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
25.2.2023
|
|
1535.
|
Andrey Olegovich KONDRASHOV
(Андрей Олегович КОНДРАШОВ)
|
Feidhm: Iar-Chéad Leas-Ard-Stiúrthóir na Cuideachta Craolacháin Raidió agus Teilifíse Uile-Rúise (VGTRK), Ard-Stiúrthóir ar an nGníomhaireacht Nuachta Rúiseach, TASS
Dáta breithe: 30.6.1973
Áit bhreithe: Alma-Ata, iar-APSS (an Chasacstáin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Andrey Kondrashov iar-Chéad Leas-Ard-Stiúrthóir na Cuideachta Craolacháin Raidió agus Teilifíse Uile-Rúise (VGTRK), an chorparáid meán is mó sa Rúis. Is é Ardstiúrthóir na Gníomhaireachta Nuachta Rúisí, TASS, freisin.
Sula raibh sé ina Chéad Leas-Stiúrthóir ar VGTRK, d’oibrigh sé mar phreasrúnaí ar cheanncheathrú feachtais Putin agus d’údaraigh sé ‘cláir faisnéise’ cosúil le ‘Crimea. The Way Home’ agus ‘Putin’. Bronnadh gradam Ord Cairdis air ón Uachtarán Putin as ‘ardghairmiúlacht agus oibiachtúlacht maidir le himeachtaí i bPoblacht na Crimé a chlúdach’ i mí na Bealtaine 2014.
Bhí sé i gceannas ar bheartas faisnéise VGTRK agus ina stiúrthóir ar an gclár nuachta Vesti. Le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá cainéil teilifíse agus codanna eile den chuideachta sealbhaíochta VGTRK ar na hionstraimí is gníomhaí agus is tábhachtaí chun insint na Creimile a scaipeadh agus lena dtacaítear leis an gcogadh trí thráchtaireachtaí foghacha lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine agus lena dtacaítear le hionghabháil neamhdhleathach na Crimé.
|
23.6.2023’
|
|
|
|
Eintitis
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘63.
|
JSC United Shipbuilding Corporation
(Rúisis: АО Объединённая Судостроительная Корпорация)
|
Seoladh: 11 Bolshaya Tatarskaya Str., Moscow 115184, Cónaidhm na Rúise
Street Marat, 90, Cathair Pheadair, 191119, Cónaidhm na Rúise
Teileafón: +7 495 617 33 00;
+7 812 494-17-42 (Cathair Pheadair)
Suíomh gréasáin: https://www.aoosk.ru
ríomhphost: info@aoosk.ru
Uimhir chánach: 7838395215
|
Is ilchuideachta longthógála Rúiseach é United Shipbuilding Corporation faoi úinéireacht stáit, arb é an príomhsholáthróir longa cogaidh míleata do Chabhlach na Rúise. Tá longchlóis éagsúla agus oifigí deartha faoi úinéireacht aige.
Ghlac tionscadal 11711 ‘Pyotr Morgunov’ ar bád mór rith cladaigh é, a thóg United Shipbuilding Corporation, páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin in 2022. Bhí tionscadal 22160 ‘Vasily Bykov’, ar long patróil den Black Sea Fleet é, a dhear United Shipbuilding Corporation, rannpháirteach freisin i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.
Ina theannta sin, d’fhorbair oifig deartha ‘Almaz’, atá faoi úinéireacht United Shipbuilding Corporation, tionscadal 22800 coirbhéad, ar tógadh cuid acu i longchlóis atá suite ar chríoch na Crimé agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, rud a chuidigh le míleatú na Crimé.
|
15.3.2022
|
|
|
|
Uimhir chlárúcháin stáit: 1079847085966
|
Dá bhrí sin, tá JSC United Shipbuilding Corporation freagrach as tacaíocht a thabhairt, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
Tá baint aige le Andrei Leonidovich Kostin, atá ina cheann ar bhord stiúrthóirí JSC United Shipbuilding Corporation. Tá baint aige freisin le VTB Bank, a bhainistíonn JSC United Shipbuilding Corporation trí iontaobhas mar a d’fhoraithne an tUachtarán Vladimir Putin in 2023.
|
|
|
83.
|
JSC GTLK
Cuideachta Léasaithe Iompair Stáit
|
Seoladh: 31a Leningradsky Avenue, bldg. #1, Moscow 125284, Cónaidhm na Rúise
Seoladh dlíthiúil: 73 Respublika St., Suite 100, Salekhard, Yamalo-Nenets Autonomous Area, 62900B, Cónaidhm na Rúise
An cineál eintitis: Cuideachta iompair
Áit chlárúcháin: Moscó, Cónaidhm na Rúise
Dáta clárúcháin: 2001
Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise
Eintitis chomhlachaithe: GTLK Europe, GTLK Asia, GTLK Middle East
Teileafón: (495) 221-00-12 8-800-200-12-99
Rphost: gtlk@gtlk.ru
|
Is fiontar Rúiseach faoi úinéireacht stáit é JSC GTLK ar a ndéanann Aireacht Iompair na Rúise maoirseacht. Oibríonn GTLK in iompar aeir, ar muir agus iarnróid, iompar paisinéirí, mótarfheithiclí agus trealamh speisialta do chuideachtaí intíre sa tionscal iompair, agus déanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta chun bonneagar iompair na Rúise a fhorbairt. Is é an chuideachta léasaithe iompair is mó sa Rúis. In 2020, rinneadh meastóireacht ar phunann léasa GTLK dar luach RUB 1.3 billiún; tá fochuideachtaí aige sa Mheánoirthear, san Áise agus san Eoraip. Tá sé mar sprioc ag GTLK cabhlach ladrann a chruthú, a allmhairítear ón tSín, chun misin faireachais aeir a dhéanamh. Is eintiteas dlítheanach é GTLK a thacaíonn, ó thaobh airgeadais de, le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus a bhaineann tairbhe astu.
|
8.4.2022
|
|
210.
|
An Grúpa Wagner
(Rúisis: Группа Вагнера)
ar a dtugtar freisin
Group Vagner
PMC Wagner
Liga
Léig
|
Daoine aonair comhlachaithe: Pavel Prigozhin; Mikhail Vatanin
|
Is eintiteas míleata neamhchorpraithe príobháideach atá bunaithe sa Rúis é an Grúpa Wagner, a bunaíodh in 2014 mar eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar Chór Slavach. Tá sé faoi stiúir Pavel Prigozhin agus Mikhail Vatanin. Trí eintitis áitiúla a bhunú, agus le tacaíocht ó rialtais áitiúla, maoiníonn agus déanann an Grúpa Wagner a chuid oibríochtaí. Is é an Grúpa Wagner a bhí i gceannas ar na hionsaithe ar bhailte Soledar agus Bakhmut na hÚcráine i mí Eanáir 2023 agus tá ról ghníomhach aige i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá an Grúpa Wagner freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
13.4.2023
|
|
216.
|
Cuideachta comhshtoic ‘PMC Wagner Centre’
(ЧВК Вагнер Центр)
|
Seoladh: 15 Zolnaya Street, Building 1, Room 1-N, Ch.P. 194 (Office 206)
Cathair Pheadair, municipal district Pravoborezhny
Cónaidhm na Rúise
Suíomh gréasáin: https://wagnercentr.ru/
Ríomhphost: info@wagnercentr.ru
An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic
Áit chlárúcháin: Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise
|
Is fiontar tráchtála Rúiseach é PMC Wagner Centre, arb é is aidhm dó tacú le hinfheistíocht agus nuálaíocht na hearnála príobháidí chun tacú le cumais chosanta na Rúise agus iad a neartú. Tá tionscadail innealtóireachta agus TF á maoirsiú ag PMC Wagner Centre chun na críche sin, agus tá clár seolta aige faoi aerárthaí gan foireann a oibriú. Tá dlúthbhaint ag PMC Wagner Centre agus a ghníomhaíochtaí lena chomhainmneach, PMC an Ghrúpa Wagner, eintiteas míleata neamhchorpraithe atá lonnaithe sa Rúis agus atá freagrach as amhais an Ghrúpa Wagner a imscaradh san Úcráin.
Trí rannchuidiú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.6.2023
|
|
235.
|
Poisk-IT LLC
Obshchestvo S Ogranichennoi Otvetstvennostiu Nauchno-Tekhnicheskii Tsentr ‘Poisk-IT’
ar a dtugtar freisin Limited Liability Company Scientific and Technical Center ‘Poisk-IT’
|
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (125183, Moscow, Bolshaya Akademicheskaya st., 73 k. 3, premises. 5n.)
Dáta clárúcháin: 29.5.2020
Uimhir chlárúcháin: 9715384055 (Uimhir Aitheantais Chánach)
Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise
|
Tá ceadúnas arna riaradh ag Seirbhís Slándála na Cónaidhme (FSB) ag Poisk-IT LLC. Eisítear ceadúnas FSB chuig cuideachtaí TF a fhorbraíonn teicneolaíocht chriptiúcháin agus chripteagrafach, córais faisnéise agus córais teileachumarsáide do sheirbhísí faisnéise na Rúise, chomh maith le cuideachtaí TF a fhorbraíonn ‘córais bainistithe bunachar sonraí’ do sheirbhísí slándála na Rúise (i.e. uirlisí atá deartha go sonrach chun méideanna móra sonraí a fhaightear trí, mar shampla, cnuaschóipeáil ó na meáin shóisialta nó cleachtais bailithe faisnéise eile a stóráil, a aisghabháil agus a bhainistiú).
Dá bhrí sin, is eintiteas é Poisk-IT LLC a oibríonn in earnáil TF na Rúise le ceadúnas arna riaradh ag Lárionad FSB um Cheadúnú, Deimhniú agus Cosaint Rún Stáit.
|
|
|
237.
|
Akuta JSC
ar a dtugtar freisin Acuta
ar a dtugtar freisin Zakrytoe Aktsionernoe Obshchestvo ‘Akuta’;
(Закрытое Акционерное Общество ‘Акута’;
ar a dtugtar freisin ‘Акута’)
|
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (197110, Cathair Pheadair, ul. Pionerskaia, 44)
Dáta clárúcháin: 25.9.2008
Uimhir chlárúcháin: 7813426574 (Uimhir Aitheantais Chánach)
Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise
|
Tá ceadúnas ag Akuta JSC arna riaradh ag FSB ‘chun obair a dhéanamh a bhaineann le faisnéis ar rún stáit í a úsáid’. Eisítear ceadúnas FSB chuig cuideachtaí TF a fhorbraíonn teicneolaíocht chriptiúcháin agus chripteagrafach, córais faisnéise agus córais teileachumarsáide do sheirbhísí faisnéise na Rúise, chomh maith le cuideachtaí TF a fhorbraíonn ‘córais bainistithe bunachar sonraí’ do sheirbhísí slándála na Rúise (i.e. uirlisí atá deartha go sonrach chun méideanna móra sonraí a fhaightear trí, mar shampla, cnuaschóipeáil ó na meáin shóisialta nó cleachtais bailithe faisnéise eile a stóráil, a aisghabháil agus a bhainistiú). Ina theannta sin, tá ceadúnas ag Akuta arna riaradh ag Aireacht Tionscail agus Trádála na Rúise. Feidhmíonn an ceadúnas sin arna riaradh ag Aireacht Tionscail agus Trádála na Rúise le haghaidh ‘forbairt, táirgeadh, tástáil, suiteáil, cothabháil, diúscairt agus díol arm agus trealaimh mhíleata’. Go háirithe, táirgeann Akuta JSC ‘Aerárthaí Fomhuirí gan Foireann’ d’fhórsaí armtha na Rúise, a imscartar le haghaidh misin faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta, cogaíocht frith-fhomhuireáin, oibríochtaí faisnéise, agus ionsaithe atá criticiúil ó thaobh ama de. Déanann an t-eintiteas cur síos air féin mar eintiteas a oibríonn in earnáil TF na Rúise, ag obair ‘den chuid is mó faoi chuimsiú ord cosanta stáit [na Rúise] [le] fiontair níos mó den choimpléasc míleata-tionsclaíoch [Rúiseach]’. Thairis sin, tá ceadúnas ag Akuta le haghaidh ‘gníomhaíochtaí sa réimse cruthaithe uirlisí slándála faisnéise’, ar ceadúnas é arna riaradh ag an 8ú stiúrthóireacht de GRU, is é sin gníomhaireacht faisnéise míleata eachtraí Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise.
|
23.6.2023
|
|
239.
|
An 20ú Garda Airm Comh-Arm
(20-я гвардейская Краснознаменная общевойсковая армия
ar a dtugtar freisin 20-я гвардейская общевойсковая армия)
|
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (606083, Nizhny Novgorod region, Volodarsky district, Mulino)
Dáta clárúcháin: 14.12.2009
Uimhir chlárúcháin: 3666162144 (Uimhir Aitheantais Chánach)
Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise
|
Tá an 20ú Garda Airm Comh-Arm mar chuid d’Fhórsaí Talún na Rúise agus glacann sé páirt dhíreach i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Seo a leanas an cur síos a rinne Aireacht Cosanta na Rúise ar an 20ú Garda Airm Comh-Arm, arb é Sukhrab Akhmedov a cheannasaí: ‘an comhlachas is mó de Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise, a ghlacann páirt sna himeachtaí is suntasaí i saol míleata na tíre’. Le linn ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, chuir an 20ú Garda Airm Comh-Arm go díreach le hionsaí na Rúise ó threo oirthuaisceart na Rúise.
Dá bhrí sin, tá an 20ú Garda Airm Comh-Arm ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.6.2023
|
|
240.
|
An 53ú Briogáid Diúracán Frith-Aerárthaí
ar a dtugtar freisin an 53ú Garda Briogáide Diúracán Frith-Aerárthaí
|
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (305502, Kursk region, pos. Marshal Zhukov, military unit 32406)
Dáta clárúcháin: 26.11.2009
Uimhir chlárúcháin: 4611010810 (Uimhir Aitheantais Chánach)
Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise
|
Is briogáid diúracán dromchla go haer de chuid Fhórsaí Talún na Rúise é an 53ú Briogáid Diúracán Frith-Aerárthaí, agus is cuid é de 20ú Garda Airm Chónaidhm na Rúise. Ó mhí Mheán Fómhair 2010, tá misin chomhraic á ndéanamh ag an 53ú Briogáid Diúracán Frith-Aerárthaí mar chuid de Dhúiche Mhíleata an Iarthair agus aithníodh é mar cheann de phríomhbhriogáidí aerchosanta fhórsaí talún na Rúise. Ó mhí Feabhra 2022, tá an 53ú Briogáid Diúracán Frith-Aerárthaí ag rannchuidiú go gníomhach le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Imscaradh an 53ú Briogáid Diúracán Frith-Aerárthaí chuig réigiún Kharkiv na hÚcráine le linn ionradh iomlán na Rúise, agus scaoil sé diúracáin frith-aerárthach ó thrádstóras in Izium agus an chathair Úcránach faoi fhorghabháil na Rúise. I mí Feabhra 2023, thug an tUachtarán Putin ainmniúchán oinigh nua don 53ú Briogáid Diúracán Frith-Aerárthaí i ngeall ar an ‘laochas, crógacht, seasmhacht agus misneach mór a léirigh pearsanra na briogáide i ngníomhartha comhraic chun an Athartha a chosaint’, ar dócha go mbaineann sé le rannchuidiú na briogáide le hionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin.
Bheartaigh an tUachtarán Putin an t-ainm oinigh ‘Garda’ a bhronnadh ar an 53ú Briogáid Diúracán Frith-Aerárthaí, agus ón 21 Feabhra 2023 i leith, an 53ú Garda Briogáide Diúracán Frith-Aerárthaí a chur uirthi.
Dá bhrí sin, tá an 53ú Briogáid Diúracán Frith-Aerárthaí ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.6.2023
|
|
242.
|
AO ‘FTI-OPTRONIK’
(ООО ФТИ-ОПТРОНИК)
|
Seoladh: Politekhnicheskaya Ulitsa, 28, Cathair Pheadair, an Rúis, 194021
Suíomh gréasáin: http://www.fti-optronic.com/Optoelektronnye-komponenty.html
Áit chlárúcháin: Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise
Dáta clárúcháin: 3.7.2013
Uimhir chlárúcháin: INN 7802830545
BIN 1137847251740
PPC 780101001
OKPO 27492853
PRÍOMHOIFIGEACH FEIDHMIÚCHÁIN: Viktor Yurievich Ilyin
|
Is fiontar taighde agus táirgthe Rúise é AO ‘FTI-OPTRONIK’ le timthriall iomlán oibre ó fhorbairt go táirgeadh píolótach agus sraitheach táirgí optaileictreonacha. Faoi láthair, is é FTI-Optronic an t-aon fhiontar speisialaithe sa Rúis a tháirgeann comhpháirteanna optaileictreonacha le haghaidh córais tarchurtha faisnéise snáthoptaice, ionstraimí tomhais agus trealamh d’iarratais speisialta. Tacaíonn rialtas na Rúise le monaróirí teicneolaíochtaí optaileictreonacha mar go bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh táirgeadh intíre in ionad teicneolaíochtaí eachtracha atá ar iarraidh agus a theastaíonn ó na hearnálacha is tábhachtaí agus ón tionscal míleata. Thairis sin, soláthraíonn AO ‘FTI-Optronik’ seirbhísí, trí chonarthaí soláthair phoiblí, do JSC ‘Concern Sozvezdie’, cuideachta atá speisialaithe i dtáirgeadh córas rialaithe agus cumarsáide, cogaíochta leictreonaí agus trealaimh speisialta d’fhórsaí armtha na Rúise. Dá bhrí sin, tacaíonn AO ‘FTI-OPTRONIK’ go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tacaíonn AO ‘FTI-OPTRONIK’ freisin le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.6.2023’
|
|
|