|
17.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 193/14 |
CINNEADH (CBES) 2020/795 ÓN GCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ar an 11 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/809 (1), ar Cinneadh é lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de. |
|
(2) |
Tugadh an comhaontú maoinithe sin i gcrích le hOifig na Náisiún Aontaithe (NA) um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) an 10 Lúnasa 2017 agus rachaidh sé in éag an 10 Lúnasa 2020. |
|
(3) |
An 19 Márta 2020, d’iarr UNODA, atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809, síneadh 12 mhí ar thréimhse chur chun feidhme an Chinnidh (CBES) sin. Chuirfeadh an síneadh atá iarrtha ar chumas UNODA leanúint de chúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bhfuil Rún 1540 (2004) (“UNSCR 1540”) á chur chun feidhme acu, rannchuidiú a thuilleadh le hathbhreithniú cuimsitheach leanúnach, rannchuidiú a thuilleadh le cúnamh a chur ar fáil do Choiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú le UNSCR 1540 go dtí deireadh a shainordaithe reatha an 25 Aibreán 2021, agus na caillteanais a eascraíonn as tionscadail atá fós gan seachadadh de bharr phaindéim COVID-19 a mhaolú. |
|
(4) |
Níl aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de le leanúint de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809 go dtí an 10 Lúnasa 2021. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/809 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2017/809:
"2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 10 Lúnasa 2021.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (CBES) 2017/809 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lch. 39).