17.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 385/1


CINNEADH (AE) 2020/1705 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2020

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2002/917/CE ón gComhairle (1), tugadh i gcrích an 3 Deireadh Fómhair 2002, thar ceann an Aontais, an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) (2), agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003 (3).

(2)

An 16 Iúil 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2018/1195 (4) maidir le síniú an Phrótacail a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta (an “Prótacal”).

(3)

Bhí an Prótacal ar oscailt lena shíniú ón 16 Iúil 2018 go dtí an 16 Aibreán 2019, agus shínigh an tAontas é an 11 Aibreán 2019. Níor shínigh aon pháirtithe conarthacha eile i gComhaontú Interbus (“Páirtithe Conarthacha”) an Prótacal sula ndeachaigh an tréimhse le haghaidh sínithe in éag. Dá bhrí sin, níor tháinig an Prótacal i bhfeidhm.

(4)

An 18 Feabhra 2020, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht chun an Prótacal a leasú chun athruithe teicniúla áirithe a dhéanamh maidir lena shíniú agus lena theacht i bhfeidhm, agus chun an t‐athrú ar ainmníocht Pháirtí Chonarthaigh amháin a léiriú.

(5)

Tugadh caibidlíocht maidir leis an leasú ar an bPrótacal i gcrích go rathúil. Tá spriocdháta nua 2 bhliain bunaithe chun an Prótacal a shíniú. Thairis sin, tá an Prótacal leasaithe ionas go mbeidh gá le formheas nó daingniú ó líon níos lú Páirtithe Conarthacha chun é a thabhairt i bhfeidhm, agus tréimhse feithimh níos giorra tar éis an fhormheasa nó an daingnithe sin, ná mar a shonraítear i gComhaontú Interbus. Ina theannta sin, tá an t‐athrú in ainmníochta Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine go dtí Poblacht na Macadóine Thuaidh léirithe sa Phrótacal.

(6)

Ar mhaithe le soiléireacht agus chun síniú agus teacht i bhfeidhm tapa prótacail a éascú, is iomchuí Prótacal nua maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (an “Prótacal nua”) a ullmhú chun na leasuithe arna gcomhaontú a léiriú agus a thagann in ionad an Phrótacail a bhí ar oscailt lena shíniú go dtí an 16 Aibreán 2019.

(7)

Ba cheart go n‐éascóidh an Prótacal nua soláthar iompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus idir na Páirtithe Conarthacha agus, dá bhrí sin, ba cheart go dtiocfaidh feabhas ar naisc iompair paisinéirí eatarthu.

(8)

Chun cur i bhfeidhm an Phrótacail nua a éascú, agus go háirithe oibríocht an Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 18 de, tá an Prótacal nua, den chuid is mó, ar aon dul leis na forálacha a bunaíodh le Comhaontú Interbus.

(9)

Chun nach gcuirfear rómhoill ar na tairbhí a bhaineann leis, foráiltear leis an bPrótacal nua dá theacht i bhfeidhm, le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha a shínigh agus d’fhormheas nó a dhaingnigh é, i gcás ina bhfuil sé sínithe agus formheasta nó daingnithe ag trí Pháirtí Chonarthacha, lena n‐áirítear an tAontas.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal nua a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar thar ceann an Aontais, síniú an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, Prótacal a thagann in ionad an Phrótacail a ghabhann le Comhaontú Interbus a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích (5).

Airteagal 2

Leis seo, tugtar údarú d’Uachtarán na Comhairle an duine/ na daoine a dtabharfar an chumhacht dó/ dóibh an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais a ainmniú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. SCHULZE


(1)  Cinneadh 2002/917/CE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 321, 26.11.2002, lch. 11).

(2)   IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.

(3)   IO L 321, 26.11.2002, lch. 44.

(4)  Cinneadh (AE) 2018/1195 ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 214, 23.8.2018, lch. 3).

(5)  Foilseofar téacs an Phrótacail in éineacht leis an gCinneadh tráth a thabhairt i gcrích.