|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2489 |
19.9.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2489 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Meán Fómhair 2024
maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘TES le haghaidh Eoraip atá cliste agus athléimneach ó thaobh bainistiú uisce de’ de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 6087)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuireadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘TES le haghaidh Eoraip atá cliste agus athléimneach ó thaobh bainistiú uisce de’ faoi bhráid an Choimisiúin an 17 Iúil 2024. |
|
(2) |
Tá seacht gcuspóir i gceist le haidhmeanna an tionscnaimh mar a chuir na heagraithe in iúl iad: (i) ‘Tacú le plean gníomhaíochta straitéiseach iomlánaíoch le haghaidh an uisce san Eoraip, agus beartais dhéacha chomhlántacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i réimsí beartais uile an Aontais Eorpaigh, mar a iarradh sa Dearbhú maidir le Comhaontú Gorm don Eoraip’; (ii) ‘Iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tús áite a thabhairt don uisce mar thosaíocht straitéiseach neamhspleách laistigh de chreat an Aontais agus athléimneacht uisce a ardú go dtí an leibhéal tosaíochta céanna leis an dícharbónú’; (iii) ‘An lorg uisce i ngach cuid den tsochaí a laghdú go suntasach agus béim a leagan ar aistriú paraidíme ar an leibhéal Eorpach chun uisce glan a chosaint do dhaoine aonair, do ghnólachtaí, d’fheirmeoirí agus d’éiceachórais; (iv) ‘Dlús a chur le haistriú i dtreo tionscal ciorclach agus talmhaíocht atá tíosach ar uisce, chun iomaíochas a dhaingniú trí réitigh nuálacha a chur chun cinn amhail uirlisí digiteacha, téarnamh acmhainní, bonneagar liath-glas hibrideach, réitigh dhúlrabhunaithe, agus uirlisí rialachais cuimsitheacha’; (v) ‘A chinntiú go mbeidh na scileanna cearta ar fáil do gheilleagar atá cliste ó thaobh uisce de, poist a chaomhnú agus deiseanna nua fostaíochta a chruthú d’oibrithe’; (vi) ‘Maoirseacht agus nascacht le timpeallachtaí uisceacha a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí athchóirithe agus cosanta’; (vii) ‘Cinnte a dhéanamh den cheart daonna atá ag gach duine ar uisce glan sábháilte agus ar shláintíocht, agus a chinntiú go ndéantar éiceachórais agus bithéagsúlacht a athbhunú agus a chosaint’. |
|
(3) |
In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tugtar tuilleadh sonraí maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh. Luaitear ann go bhfuil ‘éiginnteacht ann anois maidir le rochtain ar uisce’ agus go bhfuil ‘tírdhreach bheartas uisce na hEorpa’ ‘ilroinnte neamhéifeachtach’ ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair. Mínítear san iarscríbhinn, d’ainneoin ‘an dul chun cinn atá déanta’ maidir le reachtaíocht uisce an Aontais, go bhfuil ‘go leor spriocanna fós gan chomhlíonadh mar gheall ar mhaoiniú neamhleor, moill ar chur chun feidhme, agus easpa comhtháthú cuimsitheach maidir le hábhair imní ó thaobh uisce de i mbeartais earnála’. Iarrann na heagraithe dá réir sin go nglacfaí ‘tosaíocht pholaitiúil straitéiseach chuimsitheach maidir le huisce agus sin a chomhtháthú i mbeartais uile an Aontais’. Measann siad go bhfuil ‘gá le cur chuige earnáilsonrach chun aghaidh a thabhairt ar athléimneacht uisce’, agus gur gá ‘feasacht an phobail a mhúscailt maidir le tomhaltas uisce agus dea-chleachtais maidir le huisce’. Deir na heagraithe freisin gur cheart gné an uisce a chomhtháthú i mbeartais uile an Aontais chun a áirithiú go mbeidh ‘athléimneacht agus inbhuanaitheacht uisce ina bpríomhbhreithnithe i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartas’ agus chun ‘ról ríthábhachtach’ an uisce ‘i dtírdhreach éiceolaíoch agus socheacnamaíoch an Aontais Eorpaigh’ a aithint. |
|
(4) |
Tá doiciméad breise a d’ullmhaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus dar teideal Declaration for an EU Blue Deal [Dearbhú maidir le Comhaontú Gorm don Aontas] curtha isteach ag an ngrúpa d’eagraithe freisin mar chuid dá n-iarratas ar chlárú. |
|
(5) |
Maidir le cuspóirí an tionscnaimh, d’fhéadfadh an Coimisiún togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí lena gcuimseofar cuspóirí (i) go (iv), (vi) agus (vii) den tionscnamh ar bhonn Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh CFAE). |
|
(6) |
D’fhéadfadh an Coimisiún togra a thíolacadh freisin le haghaidh gníomh dlí maidir le cuspóir (v) den tionscnamh, bunaithe ar Airteagal 149 nó Airteagal 153(2)(a) CFAE. |
|
(7) |
Ar na cúiseanna sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(8) |
Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha nithiúla substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha. |
|
(9) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(10) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha le luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná leis na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘TES le haghaidh Eoraip atá cliste agus athléimneach ó thaobh bainistiú uisce de’ a chlárú. |
|
(12) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar aon bhealach go bhfuil inneachar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus é sin amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘TES le haghaidh Eoraip atá cliste agus athléimneach ó thaobh bainistiú uisce de’.
Airteagal 2
Tá an cinneadh seo dírithe ar an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘TES le haghaidh Eoraip atá cliste agus athléimneach ó thaobh bainistiú uisce de’, grúpa a bhfuil Constantin DEDU agus Piotr SADOWSKI ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Věra JOUROVÁ
Leas-Uachtarán
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2489/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)