16.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 343/20


CINNEADH (AE) 2020/1495 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Custaim arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le moladh maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 27 den Phrótacal a bhaineann leis an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (1), (“an Comhaontú”), á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Iúil 2011 agus tháinig sé i bhfeidhm an 13 Nollaig 2015.

(2)

Leagtar síos le hAirteagal 27 den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú, a bhaineann leis an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“an Prótacal”), an nós imeachta lena ndéantar cruthúnais ar thionscnaimh a fhíorú agus cúraimí agus freagrachtaí údaráis chustaim na bPáirtthe allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin.

(3)

Le hAirteagal 6.16(5) den Chomhaontú, cumhachtaítear an Coiste Custaim, arna bhunú de bhun phointe (c) d’Airteagal 15.2(1) den Chomhaontú chun moltaí a fhoirmiú, moltaí a mheasann sé a bheith riachtanach chun go mbainfear amach na cuspóirí comhchoiteanna agus chun go bhfeidhmeoidh na sásraí arna mbunú leis an bPrótacal go fónta.

(4)

Shainaithin an tAontas agus Poblacht na Cóiré gá atá le comhthuiscint ar phríomhghnéithe an nóis imeachta fíorúcháin a leagtar síos in Airteagal 27 den Phrótacal agus ar na céimeanna éagsúla sa nós imeachta sin. Ba cheart go mbeadh comhthuiscint den sórt sin chun leas na n-údarás custaim atá i gceannas ar chomhlíonadh na rialacha tionscnaimh a áirithiú agus ar a áirithiú go gcuirfear cóir chomhionann ar na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir fíorúcháin, ar chríoch gach Páirtí.

(5)

Measann an tAontas agus Poblacht na Cóiré gurb iomchuí go bhfoirmeodh an Coiste Custaim moladh le haghaidh chomhthuiscint agus cur chun feidhme fónta an nóis imeachta fíorúcháin a leagtar síos in Airteagal 27 den Phrótacal.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Custaim a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlí ag an moladh sin san Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Custaim arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, bunófar é ar an dréachtmholadh ón gCoiste Custaim sin (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 13 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 127, 14.5.2011, lch. 6.

(2)  Féach doiciméad ST 10586/20 ar http://register.consilium.europa.eu.