|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/876 |
18.3.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/876 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Márta 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (ASAP)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 173(3), de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, inter alia, a leasú. |
|
(3) |
Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chumhdach. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe ann go cúlghabhálach ón 25 Iúil 2023. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh atá i gceangal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, bunófar an seasamh sin ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. VERLINDEN
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3) Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP) (IO L 185, 24.7.2023, lch. 7).
DRÉACHT
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …
an …
lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP) (1) a chumhdach. |
|
(2) |
Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2023/1525, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 25 Iúil 2023, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar fógra faoi chomhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2023. |
|
(3) |
Ós rud é nárbh fhéidir an rannpháirtíocht a bhunú faoin 10 Iúil den bhliain airgeadais 2023, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun comhaontú na bPáirtithe Conarthacha maidir leis na módúlachtaí le haghaidh na ranníocaíochtaí airgeadais aisghníomhacha le haghaidh na bliana airgeadais 2023 a leagan amach, ionas go mbeifear in ann páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2023/1525. |
|
(4) |
Eintitis atá bunaithe i Stáit CSTE, ba cheart iad a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a gcuirfear tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí, a gcuirfear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 25 Iúil 2023, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis atá bunaithe i mBallstáit den Aontas, ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann. Tá feidhm freisin ag an gclásal cúlghabhálachta atá in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2023/1525. |
|
(5) |
I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus rannpháirtíocht a n-institiúidí, a ngnóthas, a n-eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go bhféadfar an comhar leathnaithe sin a bheith ann ón 25 Iúil 2023, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 14 d’Airteagal 7 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘15. 32023 R 1525: Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP) (IO L 185, 24.7.2023, lch. 7).
Beidh Stáit CSTE, amhail ón 25 Iúil 2023, rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann leis na línte buiséid seo a leanas, arna n-iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh:
|
— |
Líne bhuiséid 13 01 05: ‘Caiteachas tacaíochta don Ionstraim um an Tionscal Cosanta a Atreisiú’, |
|
— |
Líne bhuiséid 13 07 01: ‘An Ionstraim um an Tionscal Cosanta a Atreisiú’. |
Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 25 Iúil 2023 nó, i gcás go gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2023/1525, tar éis an 20 Márta 2023, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe amhail ó dháta tosaigh na gníomhaíochta a shocraítear sa chomhaontú deontais nó sna cinntí deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. … an … [an Cinneadh seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.
I gcomhréir le míreanna 8 agus 9 d’Airteagal 1 de Phrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh feidhm aisghníomhach ag ranníocaíocht airgeadais Stáit CSTE maidir le gach idirbheart a dhéantar ar na línte buiséid ábhartha le haghaidh na bliana airgeadais 2023. Beidh na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas don bhliain airgeadais 2023 ar fáil, mutatis mutandis, faoi na téarmaí céanna leis na leithreasuithe don bhliain airgeadais 2024; go háirithe tiocfaidh astu sin go soláthrófar, ag tús na bliana airgeadais 2024, méideanna iomlána na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas don bhliain airgeadais 2023.
Díolmhófar an Íoslainn agus Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach san Ionstraim arna bunú le Rialachán (AE) 2023/1525, agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).
Beidh feidhm aige ón 25 Iúil 2023.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in/sa …, …
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) IO L 185, 24.7.2023, lch. 7.
(*1) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Dearbhú ó Stáit CSTE a ghabhann le Cinneadh Uimh. … [an Cinneadh seo] lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE chun comhar na bPáirtithe Conarthacha a leathnú chun rannpháirtíocht Stáit CSTE san Ionstraim arna bunú le Rialachán (AE) 2023/1525 a chumhdach
Leis an gCinneadh seo leathnaítear comhar na bPáirtithe Conarthacha chun rannpháirtíocht Stáit CSTE san Ionstraim arna mbunú le Rialachán (AE) 2023/1525 (‘an Ionstraim’) a chumhdach. Measann Stáit CSTE go dtagann cúrsaí cosanta lasmuigh de raon feidhme Chomhaontú LEE, agus dá bhrí sin, le glacadh an Chinnidh seo, ní leathnaítear raon feidhme Chomhaontú LEE chun cúrsaí cosanta lasmuigh de rannpháirtíocht san Ionstraim a chumhdach. Cuireann Stáit CSTE i dtábhacht freisin nach mbeidh an Íoslainn ná Lichtinstéin rannpháirteach san Ionstraim ná nach ndéanfaidh siad ranníocaíochtaí ina leith.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/876/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)