|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2493 |
5.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2493 ÓN gCOMHAIRLE
an 1 Nollaig 2025
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(2), i gcomhar le hAirteagal 218(5), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/2170 (1), thug an Chomhairle údarú don Choimisiún páirt a ghlacadh, thar ceann an Aontais, sa chaibidlíocht le haghaidh Coinbhinsiún maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil a ghabhfaidh ionad Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1998 maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil agus a chuirfear in ionad an Choinbhinsiúin. |
|
(2) |
Ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil (‘an Coinbhinsiún’) an 14 Bealtaine 2025 agus tá sé beartaithe é a bheith ar oscailt lena shíniú an 3 Nollaig 2025. |
|
(3) |
Tá an Coinbhinsiún i gcomhréir le cuspóirí an Aontais ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú agus cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú, mar a leagtar amach in Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus maidir le coireanna comhshaoil a chomhrac, lena n-áirítear trí bhíthin an dlí choiriúil. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm freisin ag gníomhaíocht an Aontais sa chomhrac i gcoinne na coireachta comhshaoil cearta bunúsacha na ndaoine a ndéanann coireanna den sórt sin difear dóibh a chosaint. |
|
(4) |
Leagtar síos leis an gCoinbhinsiún forálacha maidir lena chuspóir agus raon feidhme, sainmhínithe dlíthiúla agus téarmaíocht, cionta coiriúla, dliteanas daoine dlítheanacha, smachtbhannaí agus bearta eile, imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha, cearta nós imeachta agus comhar, bearta coisctheacha agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta maidir le coireacht chomhshaoil. |
|
(5) |
An 11 Aibreán 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn Airteagal 83(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Treoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), atá ailínithe go mór leis an gCoinbhinsiún. |
|
(6) |
Ghlac an Coimisiún páirt sa chaibidlíocht thar ceann an Aontais agus d’áirithigh sé go bhfuil an Coinbhinsiún comhoiriúnach le rialacha ábhartha an Aontais. |
|
(7) |
Chun comhoiriúnacht iomlán a áirithiú idir an Coinbhinsiún agus Treoir (AE) 2024/1203, chomh maith le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach éifeachtach an Choinbhinsiúin, ba cheart don Aontas, go háirithe, leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 56(3) den Choinbhinsiún raon feidhme an téarma ‘neamhdhleathach’ agus coincheapa áirithe a úsáidtear chun cionta coiriúla a shainiú faoin gCoinbhinsiún a shonrú trí bhíthin forchoimeádais. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 53 den Choinbhinsiún, tá an Coinbhinsiún ar oscailt lena shíniú ag an Aontas. Ba cheart an tAontas a bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún in éineacht lena Bhallstáit, ós rud é go bhfuil inniúlachtaí acu araon sna réimsí a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún. I réimse na n-inniúlachtaí comhroinnte, coinníonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach ndéanann an Coinbhinsiún difear do rialacha comhchoiteanna ná nach n-athraíonn sé a raon feidhme. Tá an Cinneadh seo gan dochar do shíniú an Choinbhinsiúin ag na Ballstáit, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(11) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Meán Fómhair 2025 (4) |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Coinbhinsiún a shíniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear síniú Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil, thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin sin (5) .
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. DYBVAD BEK
(1) Cinneadh (AE) 2023/2170 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2023 lena n-údaraítear don Choimisiún Eorpach páirt a ghlacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gcaibidlíocht maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa a ghabhfaidh ionad Choinbhinsiún 1998 maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil (ETS Uimh. 172), agus a chuirfear in ionad an Choinbhinsiúin (IO L, 2023/2170, 16.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2170/oj).
(2) Treoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE (IO L, 2024/1203, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1203/oj).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(4) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(5) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2493/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)