European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1503

24.7.2025

CINNEADH (AE) 2025/1503 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2025

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Phoblacht na Casacstáine maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Meitheamh 2003, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontú ar leibhéal an Aontais a chur in ionad forálacha áirithe i gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana.

(2)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún idirbheartaíocht, thar ceann an Aontais, ar Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Phoblacht na Casacstáine maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (‘an Comhaontú’). Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 14 Deireadh Fómhair 2024,

(3)

Tá sé de chuspóir ag an gComhaontú comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir 16 Bhallstát agus an Chasacstáin a chur i gcomhréir le dlí an Aontais,

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Phoblacht na Casacstáine maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (an ‘Comhaontú’) thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thuasluaite (1).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1503/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)