25.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 65/47


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/331 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Feabhra 2021

maidir le tuairisciú a dhéanamh ar mhí-úsáidí arna ndéanamh ag idirghabhálaithe tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí iarratais i ndáil le húdarú taistil faoi Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 15(5) agus Airteagal 16(10) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1240 bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (“ETIAS”) le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu chun teacht isteach i gcríoch na mBallstát agus fanacht ann.

(2)

Chun an t-údarú taistil a fháil, ní mór don iarratasóir féin an t-iarratas a chur isteach, é sin nó ní mór an t-iarratas a chur isteach trí thríú duine nó trí idirghabhálaí tráchtála a mbeidh údarú tugtha ag an iarratasóir dó an t-iarratas a chur isteach thar a cheann.

(3)

I gcomhthéacs córas údaraithe taistil eile atá inchomparáide, is eol go raibh idirghabhálaithe tráchtála i mbun cleachtais mhí-úsáideacha. Is iomaí cineál mí-úsáide is féidir a bheith ann, agus áirítear orthu sin: iarracht a dhéanamh an dallamullóg a chur ar iarratasóirí ionas go sílfidís gurb é atá ina suíomh gréasáin an aip gléis mhóibíligh nó an suíomh gréasáin poiblí oifigiúil saintiomnaithe le haghaidh iarratas a chur isteach, agus ar an gcaoi sin a thabhairt le tuiscint don iarratasóir, go bréagach, gur cuid éigeantach den phróiseas iarratais é an barrachas a ghearrann an t-idirghabhálaí tráchtála seachas táille a ghearrtar i leith seirbhís tráchtála a úsáidtear go deonach; úsáid chalaoiseach a bhaint as na sonraí pearsanta nó airgeadais a sholáthair an t-iarratasóir; praghas ró-ard a ghearradh i leith na seirbhíse a tugadh, nó gan an t-iarratas a dhéanamh, thar ceann an iarratasóra, san am agus san fhormáid is gá agus de réir na cáilíochta is gá.

(4)

Chun cleachtais mhí-úsáideacha a bhrath agus chun na cleachtais sin a chosc ó tharlú athuair, ba cheart foirm ar líne a chur ar fáil ar an suíomh gréasáin poiblí tiomnaithe agus ar an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, arb é a bheadh inti foirm ar líne le haghaidh tuairisciú a dhéanamh ar mhí-úsáidí arna ndéanamh ag idirghabhálaithe tráchtála. Chun a chur i bhfios do dhaoine ar dhóigh is fearr gur féidir dóibh mí-úsáid a thuairisciú agus chun éascaíocht a dhéanamh don tuairisciú sin, ba cheart faisnéis maidir leis an bpróiseas atá le leanúint a thaispeáint go feiceálach ar an suíomh gréasáin poiblí agus ar an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha. Ba cheart réimsí caighdeánaithe a bheith san fhoirm agus ba cheart réimsí a bheith inti á iarraidh ar na húsáideoirí mionsonraí an iompair mhí-úsáidigh a iontráil.

(5)

Chun a áirithiú go bhfaighidh na hiarratasóirí eolas leordhóthanach faoi chineál agus faoi chuspóir na saoráide tuairisciúcháin, ba cheart a shoiléiriú san fhoirm gur chun críoch faireacháin an córas tuairisciúcháin, nach mbaileofar aon sonraí pearsanta leis agus nach bealach é chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le hiarratais, agus nach féidir é a úsáid mar ionadach ar nós imeachta i ndáil le héileamh leigheasanna faoin dlí riaracháin, sibhialta nó coiriúil.

(6)

Ba cheart Láraonad ETIAS tuarascálacha den sórt sin a fháil agus ba cheart dó iad a mheasúnú, agus ba cheart dó na cosúlachtaí idir na mí-úsáidí agus atarlú na mí-úsáidí a chur san áireamh sa mheasúnú sin. Ba cheart do Láraonad ETIAS tuairisc a thabhairt go tráthrialta don Choimisiún, de réir mar is gá, maidir leis na mí-úsáidí a tuairiscíodh agus na measúnuithe a rinneadh. Ba cheart na measúnuithe sin a chur san áireamh agus an Coimisiún ag forbairt feachtais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 72 de Rialachán (AE) 2018/1240. Ar bhonn na measúnuithe sin, ba cheart do Láraonad ETIAS an fhaisnéis don phobal i gcoitinne dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1240 a mhodhnú, de réir mar is iomchuí, agus go háirithe an fhaisnéis do na hiarratasóirí.

(7)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2018/1240 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é, áfach, go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, thug an Danmhairg fógra an 21 Nollaig 2018, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, maidir lena cinneadh Rialachán (AE) 2018/1240 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

(8)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4).

(10)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(11)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(12)

Maidir leis an gCipir, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug sé tuairim uaidh an 4 Meán Fómhair 2020.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Theorainneacha Cliste (ETIAS),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Foirm le haghaidh mí-úsáid a thuairisciú

1.   Chun mí-úsáid ag idirghabhálaí tráchtála a thuairisciú, úsáidfear foirm ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí 1 go 7 den Iarscríbhinn, agus a chomhlíonfaidh na ceanglais theicniúla a leagtar amach sna pointí sin.

2.   Beidh sé indéanta an fhoirm a chomhlánú in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

3.   Iarrfar ar an iarratasóir, sula gcuirfidh sé an fhoirm isteach, deimhniú a thabhairt go dtuigeann sé na coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir le tuarascáil ar mhí-úsáid a chur isteach, ar a n-áirítear an coinníoll nár cheart don iarratasóir aon sonraí pearsanta a sholáthar ina thuairisc, agus go dtoilíonn sé leis na coinníollacha sin, agus go dtuigeann sé cé na críocha chun a n-úsáidfear an fhaisnéis a thabharfaidh sé, mar a leagtar amach i bpointe 7 den Iarscríbhinn.

4.   A luaithe a chuirfear an fhoirm isteach, seolfar í go huathoibríoch chuig Láraonad ETIAS.

Airteagal 2

Doiciméadacht bhreise

Leagfar amach, sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, na teorainneacha ar líon agus ar mhéid na gcomhad breise a fhéadfar a uaslódáil.

Airteagal 3

Fógra a thabhairt d’iarratasóirí

1.   Déanfar a shocrú go dtaispeánfar fógra go huathoibríoch ar scáileán an iarratasóra á dheimhniú go bhfuarthas an tuairisc ar an mí-úsáid. Tabharfar an deis don iarratasóir sábháil logánta a dhéanamh ar an admháil fála nó í a phriontáil.

2.   Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sna fógraí:

(a)

admháil go bhfuarthas an tuairisc agus dearbhú maidir leis an dáta agus leis an am a cuireadh isteach an fhoirm

(b)

meabhrúchán maidir leis an bhfaisnéis ábhartha uile i ndáil le hiarratas ar údarú taistil a chur isteach, mar a thagraítear dó sin in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1240;

(c)

cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas go n-úsáidfear an tuairisc ar mhí-úsáid chun cuidiú le faireachán agus feabhsú i dtaca leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil. Os a choinne sin, ní hé atá beartaithe leis an tsaoráid tuairisciúcháin, leigheasanna a thabhairt i gcásanna aonair agus ní féidir í a úsáid mar ionadach ar nós imeachta i ndáil le héilimh faoin dlí riaracháin, sibhialta nó coiriúil ab fhéidir a bheadh ar fáil faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 4

Róil Láraonad ETIAS

1.   Déanfaidh Láraonad ETIAS an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé faireachán, próiseáil agus anailís ar gach tuairisc ar mhí-úsáid;

(b)

foilseoidh sé, ar an suíomh gréasáin poiblí saintiomnaithe agus ar an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, faisnéis ábhartha chun mí-úsáidí a chosc.

2.   Uair sa bhliain, cuirfidh Láraonad ETIAS tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairisc anaithnidithe ar na cásanna mí-úsáide a tuairiscíodh, lena n-áirítear na cosúlachtaí idir na cásanna, atarluithe, treochtaí agus saintréithe;

(b)

forléargas ar na bearta a rinneadh chun an fhaisnéis a chur in oiriúint don phobal i gcoitinne agus d’iarratasóirí.

Airteagal 5

Bearta slándála sonracha

Maidir le dearadh agus cur chun feidhme na foirme le haghaidh mí-úsáidí a thuairisciú, déanfar é sin ar bhealach a áiritheoidh an rúndacht, an tsláine, an infhaighteacht, an chosaint sonraí pearsanta, agus an neamhshéanadh i ndáil le hidirbhearta, dá dtagraítear i gCinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún (10). Maidir le cur chun feidhme teicniúil agus eagraíochtúil na foirme, comhlíonfaidh sé ceanglais phlean slándála an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil dá dtagraítear in Airteagal 59(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 agus comhlíonfaidh sé na rialacha maidir le cosaint sonraí agus slándáil is infheidhme maidir leis an suíomh gréasáin poiblí agus leis an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha dá dtagraítear in Airteagal 16(10) de Rialachán (AE) 2018/1240.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(3)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(5)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(7)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(10)  Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach; IO L 6, 11.1.2017, lch. 40.


IARSCRÍBHINN

FOIRM LE hAGHAIDH TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH AR MHÍ-ÚSÁID ARNA DÉANAMH AG IDIRGHABHÁLAITHE TRÁCHTÁLA A CHUIR ISTEACH IARRATAS AR ÚDARÚ TAISTIL THAR CEANN IARRATASÓRA

1.   Réamhrá

(a)

Is é seo a leanas an teideal atá le cur ar an bhfoirm lena dtuairisceofar mí-úsáid ag idirghabhálaithe tráchtála:

 

“ Foirm le haghaidh tuairisciú a dhéanamh ar mhí-úsáid arna déanamh ag idirghabhálaithe tráchtála a chuir isteach iarratas ar údarú taistil thar ceann iarratasóra. ”

(b)

Tá an fógra réamhráiteach seo a leanas le bheith le feiceáil mar mhír thosaigh ar an bhfoirm sin:

 

“ Más dóigh leat gur bhain teagmhas mí-úsáide duit, ar mhí-úsáid í a rinne idirghabhálaí tráchtála a bhí ag déanamh iarratas thar do cheann ar údarú taistil, comhlánaigh an fhoirm seo chun an teagmhas sin a thuairisciú.

 

Tabhair do d’aire go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil chun cuidiú le faireachán agus feabhsú i dtaca leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS).

 

Ná cuir isteach aon sonraí pearsanta san fhoirm seo, is cuma cé acu is iad do shonraí féin iad nó sonraí duine eile.”

(c)

Ní mór leideanna a bheith san fhoirm, leideanna lena n-iarrtar na míreanna sonraí a leagtar amach sa tábla thíos (cé nach gá sin a dhéanamh san ord ina liostaítear iad) agus lena bhfágtar gur féidir na míreanna sin a iontráil, i gcomhréir leis na caighdeáin, na formáidí agus na ceanglais a shonraítear.

2.   Imthosca na mí-úsáide

Imthosca na mí-úsáide

Caighdeán

Formáid

Ceanglas

Ní mór an deis a thabhairt don iarratasóir a léiriú an i gceann éigin de na himthosca seo a leanas, nó i níos mó ná ceann díobh, a tháinig ábhar a ghearáin chun cinn:

—

thug an t-iarratasóir údarú, go feasach, d’idirghabhálaí tráchtála iarratas a chur isteach thar a cheann

—

chomhlánaigh an t-iarratasóir an t-iarratas ar mhodh díreach agus gan a fhios aige go raibh sé ag úsáid suíomh gréasáin neamhoifigiúil de chuid an Aontais a bhí á oibriú ag idirghabhálaí tráchtála

—

eile

Ní bhaineann le hábhar

Ticbhoscaí.

Éigeantach.

Más é “eile” an freagra ar “imthosca na mí-úsáide”.

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, spásanna, diaicriticí, uaschamóga, fleiscíní, agus iad sin amháin.

(an líon carachtar a cheadaítear: 255)

Éigeantach.

3.   Faisnéis faoin taistealaí atá ag tuairisciú na mí-úsáide

Faisnéis

Caighdeán

Formáid

Ceanglas

Tír bhreithe

ISO 3166-1

Roghliosta de na tíortha ar fad, lena n-áirítear tíortha nach bhfuil ann a thuilleadh.

Éigeantach.

Beidh “Ní heol” ar na roghanna is féidir a roghnú.

Náisiúntacht

ISO 3166-1

Roghliosta de na tíortha ar fad, lena n-áirítear tíortha nach bhfuil ann a thuilleadh.

Éigeantach.

Beidh “Ní heol” ar na roghanna is féidir a roghnú.

Aoisghrúpa

Ní bhaineann le hábhar

18-25

26-40

41-55

> 55

Roghnach.

Gnéas/Inscne

 

Ticbhoscaí: Fireann/Baineann/Eile

Roghnach.

4.   Sonraí faoin mí-úsáid

Sonraí faoin mí-úsáid

Caighdeán

Formáid

Ceanglas

Dáta na mí-úsáide

Ní bhaineann le hábhar

LL

An mhí ina fhoca(i)l/BBBB

Roghnach.

Éigeantach.

Tuairisc ar an mí-úsáid agus iarmhairtí na mí-úsáide

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, spásanna, diaicriticí, uaschamóga, fleiscíní, agus iad sin amháin.

[an líon carachtar a cheadaítear: le sainiú fós]

Éigeantach.

Cé acu a fuair nó nach bhfuair an t-iarratasóir an t-údarú taistil

Ní bhaineann le hábhar

Ticbhoscaí: Fuair/Ní bhfuair/Níl a fhios agam.

Éigeantach.

An táille iomlán a gearradh as an údarú taistil agus as soláthar na seirbhísí idirghabhála

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor (digití agus airgeadra).

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil

An modh lenar íocadh an táille

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor.

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil

5.   Faisnéis maidir leis an idirghabhálaí tráchtála

Faisnéis

Caighdeán

Formáid

Ceanglas

Ainm tráchtála an idirghabhálaí tráchtála

 

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, spásanna, diaicriticí, uaschamóga agus fleiscíní. Carachtair speisialta eile: “!”, “@”, “#”, “$”, “&”, “*”, “?”

Éigeantach.

Na príomhghníomhaíochtaí tráchtála

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, spásanna, diaicriticí, uaschamóga agus fleiscíní. Carachtair speisialta eile: “!”, “@”, “#”, “$”, “&”, “*”, “?”

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Seoladh idirlín

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, digití, spásanna, diaicriticí, carachtair fhiara agus fleiscíní, agus iad sin amháin.

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Ríomhphost

Ní bhaineann le hábhar

Local-part@domain

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil

Uimhir theileafóin oibre

ITU T, E.123 agus E.164 (cóid tíre)

Roghliosta de gach cód tíre, agus téacs saor (digití, agus gan ach digití).

Éigeantach

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Seoladh poist

—

Ainm na sráide

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, digití, spásanna, diaicriticí, uaschamóga, carachtair fhiara agus fleiscíní, agus iad sin amháin.

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Seoladh poist:

—

Uimhir shráide an fhoirgnimh (e.g. “20 Sráid an Mhargaidh”)

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, digití, spásanna, diaicriticí, carachtair fhiara agus fleiscíní, agus iad sin amháin.

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Seoladh poist:

—

Uimhir an árasáin

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, digití, spásanna, diaicriticí, carachtair fhiara agus fleiscíní, agus iad sin amháin.

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Seoladh poist:

—

An 2ú líne den seoladh

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, digití, spásanna, diaicriticí, uaschamóga, carachtair fhiara agus fleiscíní, agus iad sin amháin.

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Seoladh poist:

—

Baile/cathair

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, spásanna, diaicriticí, uaschamóga, fleiscíní, agus iad sin amháin.

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Seoladh poist:

—

Cód poist

Ní bhaineann le hábhar

Téacs saor, lena n-áirítear: carachtair aibítir na Laidine A-Z, digití, spásanna, diaicriticí, carachtair fhiara agus fleiscíní, agus iad sin amháin.

Éigeantach.

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

Seoladh poist:

—

Tír

ISO 3166-1

Roghliosta de na tíortha, na spleáchríocha agus na limistéir speisialta spéise geografaí.

Éigeantach

Beidh an rogha “Ní bhaineann le hábhar” ar fáil.

6.   Doiciméadacht tacaíochta

Doiciméadacht tacaíochta

Caighdeán

Formáid

Ceanglas

Ní mór an deis a thairiscint don iarratasóir doiciméid a uaslódáil mar thaca leis an tuairisc (i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil).

Sula n-uaslódálfaidh an t-iarratasóir na doiciméid, ní mór dó a dhearbhú nach bhfuil aon sonraí pearsanta sna doiciméid a uaslódálfaidh sé, é sin nó gur thug sé dá aire na sonraí pearsanta a fholú sna doiciméid.

Ní bhaineann le hábhar

Bosca uaslódála

Ticbhoscaí

Méid agus líon na gcomhad breise a fhéadfar a uaslódáil.

Formáidí a nglactar leo: Formáid Doiciméad Iniompartha (PDF); Formáid an Chomh-Shainghrúpa Grianghrafadóireachta (JPEG); Grafaic Iniompartha Líonra (PNG).

7.   Fógra agus toiliú

Fógra agus toiliú

Caighdeán

Formáid

Ceanglas

Ní mór an deis a thairiscint don iarratasóir, sula gcuirfidh sé an tuairisc isteach, na nithe seo a leanas a dheimhniú:

(i)

go dtuigeann an t-iarratasóir go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirfidh sé ar fáil chun cuidiú le faireachán agus feabhsú i dtaca leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS).

(ii)

go dtuigeann an t-iarratasóir nach é atá sa tsaoráid tuairisciúcháin nós imeachta achomhairc in aghaidh diúltú, neamhniú nó cúlghairm údaraithe taistil a bhféadfaí a mhaíomh gurbh é iompar an idirghabhálaí tráchtála ba chúis leis. Agus go dtuigeann an t-iarratasóir nach gcuirtear leigheasanna ar fáil, tríd an tsaoráid tuairisciúcháin, i gcásanna aonair agus go dtuigeann sé nach ionadach é an tsaoráid tuairisciúcháin ar nós imeachta i ndáil le héilimh faoin dlí sibhialta nó coiriúil ab fhéidir a bheadh ar fáil faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

(iii)

gurb eol don iarratasóir nár cheart aon sonraí pearsanta a bheith sa tuairisc agus, i gcás ina gcuirfí isteach sonraí pearsanta dá ainneoin sin, go bhfolófar na sonraí pearsanta sin.

Ní bhaineann le hábhar

Ticbhosca

Éigeantach.