European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1502

21.7.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1502 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Iúil 2025

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Save your right, save your flight!’ [Sábháil do chearta, sábháil d’eitilt!] de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 4754)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Meitheamh 2025 rinneadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Save your right, save your flight’ [Sábháil do chearta, sábháil d’eitilt] a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(2)

Tagraíonn eagraithe an tionscnaimh do ‘athruithe ar chearta paisinéirí a laghdóidh na cosaintí a bhfuil taistealaithe ag brath orthu le 20 bliain anuas’. Measann siad go gcaillfear am, airgead agus cearta mar thoradh ar na hathruithe sin i gcomparáid leis an leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair. Is é is aidhm don tionscnamh, mar a chuir na heagraithe in iúl é, a iarraidh go ndéanfaí ‘athruithe atá naimhdeach i leith paisinéirí’ a aisiompú agus ‘tairseacha incháilitheachta cúitimh atá ann faoi láthair le haghaidh cúitimh’ a chaomhnú.

(3)

In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tugtar tuilleadh sonraí maidir lena chúlra, leis an ábhar atá ann agus leis na cuspóirí a bhaineann leis. Tagraíonn sé do thograí ón gComhairle a bhaineann le ‘sprioc-am a thabhairt isteach chun éilimh ar chúiteamh a phróiseáil (suas le 14 lá)’, lena ráthófar ‘ceart tomhaltóirí chun faisnéise faoi chúis na moille’ agus ‘liosta cinntitheach de chásanna atá incháilithe do chúiteamh a bhunú, ar bhonn chásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’.

(4)

Measann an Coimisiún go bhféadfadh sé togra a ghlacadh le haghaidh rialachán maidir le cearta paisinéirí san Aontas ar bhonn Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(5)

Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(6)

Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha.

(7)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin.

(8)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Save your right, save your flight!’ [Sábháil do chearta, sábháil d’eitilt!] a chlárú.

(10)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh arna leasú cruinn fíorasach, agus is iad an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Save your right, save your flight!’ [Sábháil do chearta, sábháil d’eitilt!].

Airteagal 2

Tá an cinneadh seo dírithe ar an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Save your right, save your flight!’ [Sábháil do chearta, sábháil d’eitilt!], grúpa a bhfuil Marian Edward FILA agus Nina-Raluca BUCᾸTARU ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Maroš ŠEFČOVIČ

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1502/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)