|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1799 |
9.9.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1799 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Lúnasa 2025
lena mbunaítear comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha i dtaca le híocaíocht an cheathrú tráthchuid den tacaíocht iasachta faoi Phlean na hÚcráine den tSaoráid don Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 26(4) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Colún I den tSaoráid don Úcráin (‘an tSaoráid’), cuirtear tacaíocht airgeadais suas le EUR 38 270 000 000 ar fáil don Úcráin le haghaidh na tréimhse 2024-2027 i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus iasachta. Déantar maoiniú faoi Cholún I a leithdháileadh go príomha ar bhonn Phlean na hÚcráine den tSaoráid don Úcráin (‘an Plean’). Leagtar amach sa Phlean clár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine, agus na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá nasctha le cistiú faoi Cholún I den tSaoráid. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/792, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 (2) maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bPlean. Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin an tráthchlár chun faireachán a dhéanamh ar an bPlean agus chun é a chur chun feidhme, lena n-áirítear na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá nasctha le cistiú faoi Cholún I den tSaoráid. |
|
(3) |
Is é EUR 32 270 000 000 suim iomlán na n-acmhainní airgeadais a chuirtear ar fáil le haghaidh an Phlean faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447, as a bhfuil EUR 5 270 000 000 i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus suas le EUR 27 000 000 000 i bhfoirm iasachta. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2024/792, eisíocadh EUR 6 000 000 000 leis an Úcráin mar mhaoiniú idirlinne eisceachtúil, agus EUR 1 890 000 000 i bhfoirm réamh-mhaoinithe ar réamhíocaíocht 7 % é den tacaíocht iasachta a bhfuil an Úcráin incháilithe lena fháil faoin bPlean. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2024/792, eisíocadh EUR 11 939 263 363 leis an Úcráin sna chéad trí thráthchuid faoin bPlean, EUR 3 400 000 000 de i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus EUR 8 307 021 428 i bhfoirm iasachta. I gcomhréir leis an gComhaontú Iasachta a tugadh i gcrích idir an tAontas agus an Úcráin de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/792, úsáideadh méid EUR 625 259 677 ó na chéad trí thráthchuid chun réamh-mhaoiniú na hiasachta a imréiteach. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/792, an 6 Meitheamh 2025, chuir an Úcráin iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí léi isteach ar chuid den cheathrú tráthchuid den tacaíocht iasachta a íoc, is é sin EUR 3 286 218 317. Bhí sraith doiciméad ag gabháil leis an iarraidh lenar léiríodh comhlíonadh sásúil 13 chéim cáilíochtúla agus cainníochtúla, chomh maith le gach doiciméad eile a cheanglaítear faoi Airteagal 12 den Chreat-Chomhaontú, Airteagal 5 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 6 den Chomhaontú Iasachta a tugadh i gcrích idir an tAontas agus an Úcráin de bhun Airteagail 9, 10 agus 22, faoi seach, de Rialachán (AE) 2024/792. |
|
(7) |
Baineann na 13 chéim le hathchóirithe éagsúla a leagtar amach sa Phlean faoi na caibidlí maidir le hathchóiriú an riaracháin phoiblí, bainistíocht sócmhainní poiblí, caipiteal daonna, dílárú agus beartas réigiúnach, an earnáil agraibhia, bainistíocht amhábhar criticiúil, an claochlú digiteach agus an t-aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil. Tá reachtaíocht maidir le luach saothair na státseirbhíse, oideachas réamh-bhunscoile, comhairliúcháin phoiblí maidir le beartas poiblí, cumais chibearshlándála acmhainní faisnéise stáit agus bonneagair faisnéise criticiúla a neartú agus maidir le Beartas Aeráide an Stáit tagtha i bhfeidhm. Glacadh straitéis maidir le cultúr na hÚcráine a fhorbairt chomh maith le plean gníomhaíochta chun seirbhísí poiblí a dhigitiú go dtí 2026 agus plean gníomhaíochta chun córas náisiúnta trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunú. Ghlac an Úcráin freisin treochlár maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí (PSO) agus gníomhaíochtaí neamh-PSO a dheighilt, plean fadtéarmach maidir leis an gcóras uiscithe, plean athbhreithnithe maidir le leithdháileadh agus úsáid speictrim raidió. Cuireadh ríomhchaibinéad uasghrádaithe ar bun freisin d’úsáideoirí fo-ithreach. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2024/792, rinne an Coimisiún measúnú mionsonraithe ar iarraidh na hÚcráine agus rinne sé measúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil 13 cinn de na 16 chéim atá riachtanach don cheathrú tráthchuid, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. Rinneadh an measúnú dearfach sin i gcomhthéacs chur chun feidhme an Phlean. Déanfar ailíniú breise le acquis an Aontais a éascú trí phróiseas aontachais an Aontais. |
|
(9) |
Níor aisiompaigh an Úcráin bearta a bhaineann leis na céimeanna a raibh comhlíonadh sásúil bainte amach ag an Úcráin ina leith sna tráthchodanna den Phlean roimhe seo. |
|
(10) |
Mheas an Coimisiún freisin go leanann an Úcráin den réamhchoinníoll maidir le tacaíocht ón Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/792 a chomhlíonadh. Go háirithe, leanann an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha a choinneáil ar bun agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus d’urraim a ráthú do chearta an duine, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart a bhunú leis an gCinneadh seo gur comhlíonadh go sásúil na coinníollacha ábhartha maidir leis an gceathrú tráthchuid a íoc i ndáil le 13 cinn de na 16 chéim faoin bPlean. |
|
(12) |
I bhfianaise na staide fioscaí deacra atá os comhair na hÚcráine, tá sé ríthábhachtach na cistí a eisíoc a luaithe is féidir. I bhfianaise phráinn na staide agus d’fhonn dlús a chur leis an bpróiseas, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ó dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunaítear leis seo comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ábhartha maidir le híocaíocht pháirteach an cheathrú tráthchuid den tacaíocht iasachta dar luach EUR 3 286 218 317 i gcomhréir leis an measúnú arna sholáthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/792, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Lúnasa 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj).
IARSCRÍBHINN
Measúnú ar chomhlíonadh sásúil na gcéimeanna a bhaineann leis an gceathrú tráthchuid de Phlean na hÚcráine
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN
An 6 Meitheamh 2025, chuir an Úcráin iarraidh isteach ar íocaíocht pháirteach den cheathrú tráthchuid de Phlean na hÚcráine, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Chun tacú leis an iarraidh ar íocaíocht, thug an Úcráin údar le comhlíonadh sásúil na 13 chéim a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/1447 ón gComhairle (2).
Ar bhonn na faisnéise a chuir an Úcráin ar fáil, meastar go bhfuil na 13 chéim comhlíonta go sásúil.
Mar chuid de chaibidil 1 maidir le hathchóiriú ar an riarachán poiblí, tháinig an reachtaíocht maidir le hathchóiriú luach saothair na státseirbhíse i bhfeidhm.
Mar chuid de chaibidil 6 maidir le sócmhainní poiblí a bhainistiú, glacadh an treochlár maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus gníomhaíochtaí neamh-PSO (oibleagáid seirbhíse poiblí) a dheighilt.
Mar chuid de chaibidil 7 maidir le caipiteal daonna, tháinig an reachtaíocht maidir le hoideachas réamh-bhunscoile i bhfeidhm agus glacadh an straitéis maidir le cultúr na hÚcráine a fhorbairt.
Mar chuid de chaibidil 9 maidir le dílárú agus beartas réigiúnach, tháinig an reachtaíocht maidir le comhairliúcháin beartais phoiblí i bhfeidhm.
Mar chuid de chaibidil 12 maidir leis an earnáil agraibhia, bunaíodh córas uathoibrithe chun faireachán poiblí a dhéanamh ar an gcaidreamh talún agus cuireadh i bhfeidhm é, agus glacadh an plean fadtéarmach maidir leis an gcóras uiscithe.
Mar chuid de chaibidil 13 maidir le hamhábhair chriticiúla a bhainistiú, bunaíodh ríomhchaibinéad uasghrádaithe d’úsáideoirí fo-ithreach agus cuireadh i bhfeidhm é.
Mar chuid de chaibidil 14 maidir leis an gclaochlú digiteach, tháinig an reachtaíocht maidir leis an gcibearshlándáil a neartú i bhfeidhm agus glacadh na pleananna gníomhaíochta maidir le húsáid speictrim raidió agus digitiú seirbhísí poiblí.
Mar chuid de chaibidil 15 maidir leis an aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil, tháinig an reachtaíocht maidir le beartas aeráide stáit i bhfeidhm agus glacadh an plean gníomhaíochta maidir le córas náisiúnta trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunú.
Céim 1.1
|
Ainm na céime: Teacht i bhfeidhm n-athruithe reachtacha ar athchóiriú ar luach saothair na státseirbhíse |
||||||||||||||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 1. Luach saothair na státseirbhíse a athchóiriú |
||||||||||||||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||||||||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 1.1 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Teacht i bhfeidhm reachtaíochta (lena n-áireofar glacadh na ngníomhartha tánaisteacha dlíthiúla agus normatacha is gá), a chomhlíonfaidh prionsabail ábhartha SIGMA ECFE maidir le riarachán poiblí. Leis an reachtaíocht dírítear ar na príomhréimsí seo:
Is í Céim 1.1 an t-aon chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 1 i gCaibidil 1 (athchóiriú ar an riarachán poiblí). |
||||||||||||||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||||||||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 1.1. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 1 i gCaibidil 1 (athchóiriú ar an riarachán poiblí) córas luacha saothair trédhearcach, cothrom agus intuartha a thabhairt isteach don státseirbhís, i gcomhréir le prionsabail ábhartha ECFE/SIGMA maidir le riarachán poiblí. Chuige sin, ghlac Parlaimint na hÚcráine Dlí Uimh. 4282-IX an 11 Márta 2025, a shínigh Uachtarán na hÚcráine an 4 Meitheamh 2025. Tháinig an Dlí i bhfeidhm an 1 Aibreán 2025, agus ritheadh an reachtaíocht thánaisteach ábhartha faoin 6 Meitheamh 2025. Bunaítear leis an dlí córas éigeantach feidhmiúil um aicmiú post le haghaidh gach poist sa státseirbhís ar fud na gcomhlachtaí stáit uile. Déantar poist a ghrúpáil i bhfinte a bhfuil fócas feidhmiúil comhroinnte acu, agus déantar gach fine a dheighilt ina leibhéil éagsúla castachta agus freagrachta. Formheasann Comh-Aireacht na nAirí catalóg náisiúnta de ghnáthphoist sa státseirbhís agus na critéir chun poist a shannadh di, agus eisítear modheolaíocht cheangailteach. Ní mór do gach údarás stáit an mhodheolaíocht sin a úsáid agus a bpoist á mapáil acu sa chatalóg. Tá an t-aicmiú post seo nasctha go díreach le pá, toisc go socraítear méideanna tuarastail oifigiúla ar bhonn na catalóige. Déantar gach post a thagarmharcáil in aghaidh róil choibhéiseacha in earnáil phríobháideach na hÚcráine, agus déantar na táblaí tuarastail a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Chomh maith leis sin, cuireann an dlí uasteorainn 30 % dá thuarastal míosúil agus bliantúil le comhpháirt athraitheach phá an státseirbhísigh, rud a áirithíonn gur 70 % ar a laghad dá thuarastal míosúil agus bliantúil a bheidh sa chomhpháirt sheasta. Ar deireadh, tugtar isteach leis an dlí teorainn le pá sinsearachta: 2 % de thuarastal státseirbhíseach le haghaidh gach bliana féilire de thaithí sa státseirbhís, ach méid nach mó ná 30 % den tuarastal oifigiúil san iomlán. Leis na hathruithe reachtacha sin, bogadh córas luacha saothair státseirbhís na hÚcráine i dtreo ailíniú níos dlúithe le prionsabail ábhartha ECFE/SIGMA maidir le riarachán poiblí, go háirithe Prionsabal 11: ‘Tá seirbhísigh phoiblí spreagtha, íoctar go cothrom agus go hiomaíoch iad agus tá dálaí maithe oibre acu’. Sonraítear sa phrionsabal sin gur cheart do riarachán poiblí ‘pá comhionann as obair chomhionann a chur chun cinn… tríd an mbuntuarastal a chinneadh ar aicmiú post. Bunaíonn sé liúntais agus sochair eile ar chritéir oibiachtúla arna mbunú sa dlí agus áirithíonn sé nach bhfuil aon chineál idirdhealaithe ann maidir le luach saothair.’ |
||||||||||||||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 6.6
|
Ainm na céime: An Treochlár um oibleagáidí seirbhíse poiblí (PSO) agus gníomhaíochtaí neamh-PSO a dheighilt óna chéile a ghlacadh |
||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 3. Deighilt cuntas idir oibleagáidí seirbhíse poiblí (PSO) agus gníomhaíochtaí neamh-PSO i bhfiontair faoi úinéireacht stáit |
||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 6.6 a dtugtar tuairisc air san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘An Treochlár a ghlacadh agus a fhoilsiú ina saineofar na bearta is gá chun cuntais a dheighilt go struchtúrach ar bhonn éigeantach idir gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO le haghaidh gach cuideachta faoi úinéireacht stáit atá ag gabháil do PSOnna. Tá an Treochlár bunaithe ar an leibhéal reatha glactha le cuir chuige cuntasaíochta is gá a sainaithníodh agus áirítear ann bearta oibríochtúla chun cuntais a dheighilt le haghaidh cuideachtaí atá ag céimeanna éagsúla de chur chun feidhme na n-athruithe is gá. Déantar cur síos sa Treochlár ar an gcaoi a ndéanfar deighilt na gcuntas idir gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO i ngach príomhfhiontar faoi úinéireacht stáit a formheasadh leis an gcinneadh prótacail ón gComh-Aireacht.’ Is é Céim 6.6 an chéad cheann de thrí chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 3 i gCaibidil 6 (sócmhainní poiblí a bhainistiú). Ina dhiaidh sin tá Céim 6.7 (atá dlite in R3 2025) maidir le teacht i bhfeidhm na n-athruithe reachtacha a sainaithníodh sa treochlár agus Céim 6.8 (atá dlite in R4 2027) maidir le tuarascáil iniúchóireachta neamhspleách a chur isteach maidir le deighilt struchtúrach na gcuntas i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a bhfuil baint acu le PSOnna. |
||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 6.6. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 3 i gCaibidil 6 (sócmhainní poiblí a bhainistiú) coinníollacha iomaíochta a dhéanamh níos cothroime agus tuilleadh cóineasaithe a dhéanamh le acquis an Aontais, trí chuntais a dheighilt idir gníomhaíochtaí a bhaineann le hoibleagáidí seirbhíse poiblí (OSPanna) ó ghníomhaíochtaí neamh-PSO i bhfiontair faoi úinéireacht stáit. Chuige sin, ghlac agus d’fhoilsigh Comh-Aireacht Airí na hÚcráine plean gníomhaíochta chun cuntais a dheighilt i bhfiontair faoi úinéireacht stáit atá ag gabháil do PSOnna, i bhfoirm Ordú Uimh. 308-r an 4 Aibreán 2025. Tugtar isteach leis an bplean gníomhaíochta sainmhíniú cothrománach ar PSOnna atá le cur i bhfeidhm ar fud fiontair faoi úinéireacht stáit chomh maith le cuideachtaí príobháideacha atá gníomhach in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, lena n-áirítear fuinneamh, iompar agus seirbhísí poist. Tá an sainmhíniú sin comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar PSOnna a leagtar síos i mBeartas Úinéireachta Stáit na hÚcráine, a glacadh i mí na Samhna 2024, agus ionchorpraítear leis coincheap na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Tá coinne leis go ndéanfar an sainmhíniú sin a thrasuí sa dlí príomha faoi R3 2025, mar chuid de spriocanna insoláthartha Phlean na hÚcráine atá ar na bacáin. Ar an iomlán, sainaithnítear sa phlean gníomhaíochta na hathruithe reachtacha is gá chun deighilt cuntas a chur chun feidhme, lena n-áirítear oibleagáid dhlíthiúil ar fhiontair faoi úinéireacht stáit a bhfuil baint acu le PSOnna cuntais a dheighilt. Chomh maith le hathruithe reachtacha, leagtar amach sa phlean gníomhaíochta céimeanna oibríochtúla sonracha d’fhiontair faoi úinéireacht stáit chun cuntais a dheighilt faoi 2027. Áirítear ar na céimeanna sin an ceanglas atá ar fhiontair faoi úinéireacht stáit anailís a dhéanamh ar ioncaim, costais, sócmhainní agus dliteanais a bhaineann le PSOnna agus gníomhaíochtaí tráchtála. Ina theannta sin, ní mór d’fhiontair faoi úinéireacht stáit liosta de na PSOnna a chuirtear ar a n-iontaoibh a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Tá feidhm ag na céimeanna oibríochtúla sin maidir le gach fiontar faoi úinéireacht stáit a bhfuil baint acu le PSOnna, go háirithe na 33 fhiontar faoi úinéireacht stáit is mó a shainaithnítear i gCinneadh Uimh. 122 ó Chomh-Aireacht na nAirí an 29 Nollaig 2024. |
||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 7.2
|
Ainm na céime: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an oideachas réamh-bhunscoile |
||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 2. Oideachas réamh-bhunscoile feabhsaithe |
||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 7.2 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine “Maidir le hOideachas Réamh-bhunscoile” i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le hOideachas Luath-Óige ar Ardchaighdeán. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo:
Is é Céim 7.2 an t-aon chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 2 i gCaibidil 7 (caipiteal daonna). |
||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 7.2. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 2 i gCaibidil 7 (caipiteal daonna) rochtain ar oideachas réamh-bhunscoile ar ardchaighdeán a áirithiú agus é mar aidhm leis rannpháirtíocht na mban a bhfuil leanaí réamh-bhunscoile acu sa lucht saothair a mhéadú. Chuige sin, ghlac Parlaimint na hÚcráine Dlí Uimh. 3788-IX maidir le hOideachas Réamh-bhunscoile an 6 Meitheamh 2024. Tháinig an dlí seo, arna leasú le hAirteagal 31(2) de Dhlí Uimh. 4059-IX, i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025. Ceann de bhunphrionsabail an dlí is ea inrochtaineacht, lena n-áirithítear go bhfuil oideachas luath-óige agus réamh-bhunscoile ar fáil do leanaí gan beann ar a suíomh agus ar a leibhéal ioncaim. Cuirfear oideachas réamh-bhunscoile saor in aisce ar fáil in institiúidí stáit agus bardasacha do gach leanbh, gan beann ar stádas. Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht, leagtar amach sa dlí príomhbhreithnithe do na gníomhaithe agus do na comhlachtaí éagsúla a bhfuil baint acu le hoideachas réamh-bhunscoile a sholáthar, lena n-áirítear údaráis stáit, rialtais áitiúla agus bainisteoirí institiúidí réamh-bhunscoile. Tá siad sin nasctha le hinrochtaineacht chríochach, gaireacht, agus leordhóthanacht foirgneamh chun seirbhísí oideachais a sholáthar. Tugtar isteach leis an dlí creat ginearálta chun an córas oideachais réamh-bhunscoile a rialáil agus chun cothrom iomaíochta a chruthú idir comhlachtaí oibriúcháin éagsúla trí phrionsabail dhlíthiúla, eagraíochtúla agus eacnamaíocha an chórais a shainiú. Baineann na rialacha nua sin le gach comhlacht (poiblí agus príobháideach) a sholáthraíonn seirbhísí oideachais réamh-bhunscoile. Ar an leibhéal lárnach, tá sé de cheangal ar an rialtas caighdeáin náisiúnta oideachais réamh-bhunscoile a fhorbairt. Ar an leibhéal áitiúil, forbróidh gach institiúid réamh-bhunscoile cláir oideachais lena n-urramaítear agus lena gcomhlíontar caighdeáin náisiúnta. Chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an chórais oideachais réamh-bhunscoile agus chun a chinntiú go gcomhlíonann sé caighdeáin náisiúnta, bunaítear leis an dlí córas dearbhaithe cáilíochta inmheánach agus seachtrach. Feabhsaíonn an dlí na dálaí oibre do gach fostaí in earnáil an oideachais réamh-bhunscoile, lena n-áirítear forálacha lena rialaítear an caidreamh idir foireann agus cinn institiúidí. Rialaíonn sé uaireanta oibre d’fhonn ualach oibre na foirne teagaisc a laghdú. Ina theannta sin, bunaítear leis an dlí an deis do bhainisteoirí oideachais réamh-bhunscoile tuarastail agus luaíochtaí airgid a chur ar fáil dá bhfostaithe, thar na méideanna a shocraítear go lárnach. Sainítear sa dlí freagrachtaí, cearta agus oibleagáidí soiléire do sholáthraithe oideachais réamh-bhunscoile. Chun malartuithe agus líonraí a chur chun cinn, tá an deis ag institiúidí réamh-bhunscoile comhairlí comhpháirteacha oideolaíocha a bhunú, ina dtabharfar le chéile foireann teagaisc ó institiúidí éagsúla. Leis an dlí, cuirtear chun cinn agus spreagtar comhar i measc soláthraithe oideachais réamh-bhunscoile san Úcráin agus iad siúd ar an gcoigríoch. Ar an iomlán, tá an dlí maidir le hoideachas réamh-bhunscoile i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an Mholta ón gComhairle maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardcháilíocht. Áirítear leis sin cuspóir foriomlán an dlí creat dlíthiúil a bhunú chun an t-oideachas réamh-bhunscoile san Úcráin a rialáil, chomh maith leis an aidhm chun inrochtaineacht, inacmhainneacht agus cuimsitheacht na seirbhísí oideachais agus cúraim luath-óige a fheabhsú. |
||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 7.11
|
Ainm na céime: Glacadh na Straitéise um Chultúr na hÚcráine a Fhorbairt |
||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 9. Forbairt fheabhsaithe cultúir |
||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 7.11 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Ordú ón gComh-Aireacht a ghlacadh lena bhformheastar an Straitéis um Chultúr na hÚcráine a Fhorbairt. Leis an straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo:
Is é Céim 7.11 an t-aon chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 9 i gCaibidil 7 (caipiteal daonna). |
||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 7.11. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 9 i gCaibidil 7 (caipiteal daonna) oidhreacht chultúrtha na hÚcráine a chur chun cinn. Chuige sin, glacadh an Straitéis maidir le Cultúr na hÚcráine a Fhorbairt don tréimhse suas go dtí 2030 trí Ordú Uimh. 293-r an 28 Márta 2025. Leagtar amach sa straitéis na spriocanna agus na bearta gaolmhara chun cultúr na hÚcráine a fhorbairt faoi 2030. Is iad seo a leanas na spriocanna straitéiseacha: (i) oidhreacht chultúrtha agus luachanna cultúrtha mhuintir na hÚcráine a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn, (ii) caipiteal daonna a neartú trí sheirbhísí cultúrtha uasghrádaithe, (iii) cumas institiúideach earnálacha thionscal an chultúir agus na cruthaitheachta a fheabhsú, agus (iv) cultúr na hÚcráine a chomhtháthú a thuilleadh i bpróisis chultúrtha Eorpacha agus dhomhanda. Chun an oidhreacht chultúrtha a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn, áirítear sa straitéis bearta lena bhfeabhsaítear bainistiú na hoidhreachta cultúrtha le haghaidh sócmhainní cultúrtha inláimhsithe (inchorraithe agus dochorraithe) agus doláimhsithe araon. Is éard atá i gceist leis na bearta sin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialála maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chosaint, córas éifeachtach a thabhairt isteach maidir le measúnú caillteanais agus riosca do mhaoin chultúrtha agus feabhas a chur ar an bpróiseas aslonnaithe le haghaidh bailiúcháin músaeim i gcás bagairtí slándála. Is éard atá i gceist le bearta breise bonneagar digiteach nua-aimseartha a fhorbairt chun oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe a dhoiciméadú, feabhas a chur ar mhodhanna athchóirithe do mhaoin chultúrtha dhochorraithe a ndearnadh damáiste di nó a scriosadh le linn na cogaíochta, cleachtais chultúrtha a chomhtháthú san oideachas chun caomhnú an chuimhneacháin náisiúnta a áirithiú agus cláir oideachais a thabhairt isteach do chleachtóirí oidhreachta cultúrtha. Chun caipiteal daonna a neartú, beartaítear bearta sa straitéis chun feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí cultúrtha agus chun féinréadú cruthaitheach daoine a chur chun cinn. Díríonn bearta den sórt sin ar inrochtaineacht ar sheirbhísí cultúrtha ardcháilíochta na hÚcráinise a leathnú trí theicneolaíocht dhigiteach, rochtain ar chistiú tionscadail in earnáil na cruthaitheachta a éascú, cláir oiliúna thiomnaithe a bhunú chun tacú le fiontraíocht chruthaitheach agus feasacht a mhúscailt maidir le cearta maoine intleachtúla le haghaidh táirgí cruthaitheacha. Chun feabhas a chur ar acmhainneacht institiúideach in earnáil an chultúir, áirítear sa straitéis bearta lena ndéantar athbhreithniú ar éifeachtacht chórais bhainistíochta agus chistiúcháin na n-institiúidí cultúrtha, lena bhfeabhsaítear an rochtain atá acu ar sheirbhísí digiteacha, agus lena gcothaítear comhpháirtíochtaí trasearnála. Beartaítear leis an straitéis freisin bearta chun cultúr na hÚcráine a chomhtháthú a thuilleadh ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Áirítear leis sin comhar le hinstitiúidí cultúrtha i dtíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn trí chláir mhalartaithe agus trí tháirgí cruthaitheacha a chómhaoiniú, láithreacht oibreoirí thionscal cruthaitheach na hÚcráine i margaí idirnáisiúnta a leathnú agus rannpháirtíocht ghníomhach na hÚcráine i ngníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a áirithiú, mar shampla trí Chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Ar deireadh, áirítear ar na bearta chun tacú le hearnáil na dtionscal cruthaitheach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras cáilíochtaí gairmiúla agus ealaín chomhaimseartha a chur chun cinn mar spreagadh don nuálaíocht shóisialta trí rochtain níos fearr ar chistiú do thionscadail ealaíne comhaimseartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil. Dírítear leis na bearta freisin ar fheabhas a chur ar na córais acmhainneachta, bhainistíochta agus chistiúcháin do phríomhinstitiúidí poiblí na hÚcráine in earnáil na cruthaitheachta, amhail Gníomhaireacht Scannánaíochta Stáit na hÚcráine agus Institiúid Leabhar na hÚcráine. |
||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 9.4
|
Ainm na céime: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta le haghaidh comhairliúcháin phoiblí maidir le beartas poiblí agus cur i bhfeidhm moillithe ag gabháil leis |
||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 2. Rannpháirtíocht mhéadaithe na saoránach sa phróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil |
||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 9.4 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine “Maidir le Comhairliúcháin Phoiblí” lena chur i bhfeidhm laistigh de 12 mhí ón dáta a ndéantar an dlí airm san Úcráin a fhoirceannadh nó a dhíothú. Leis an Dlí, lainseálfar sásra dlíthiúil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí le linn cheapadh agus chur chun feidhme an bheartais phoiblí, agus tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht áitiúil ag baint leo, lena leagfar síos réamhchoinníollacha le haghaidh ceapadh beartas agus cinnteoireachta atá comhleanúnach, éifeachtach agus éifeachtúil.’ Is í Céim 9.4 an t-aon chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 2 i gCaibidil 9 (dílárú agus beartas réigiúnach). |
||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 9.4. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 2 i gCaibidil 9 (dílárú agus beartas réigiúnach) rannpháirtíocht na saoránach agus rannpháirtíocht ghníomhach i bpróisis chinnteoireachta áitiúla a mhéadú. Chuige sin, tháinig an dlí ‘Maidir le Comhairliúcháin Phoiblí’ i bhfeidhm an 20 Meitheamh 2024, lena chur i bhfeidhm laistigh de 12 mhí tar éis dháta foirceanta nó cealaithe an dlí airm san Úcráin. Bunaítear leis an dlí an sásra dlíthiúil do chomhairliúcháin phoiblí i) chun beartas stáit a fhorbairt, a bhunú agus a chur chun feidhme; ii) chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht áitiúil ag baint leo trí dhoiciméid chláir; agus iii) chun gníomhartha dlí a fhorbairt. Sainaithnítear sa dlí na comhlachtaí a bhfuil sé d’oibleagáid orthu comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil, na prionsabail ghinearálta lenar cheart an próiseas a rialú, agus liosta na n-eisceachtaí ón oibleagáid sin. Sonraítear a thuilleadh sa dlí na nósanna imeachta ar cheart feidhm a bheith acu maidir le comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil, lena n-áirítear na formáidí inar cheart iad a reáchtáil, na híostréimhsí ama le haghaidh rannpháirtíocht phoiblí agus an nós imeachta speisialta is infheidhme maidir le comhairliúcháin arna ndéanamh ag Parlaimint na hÚcráine. Bunaítear leis an dlí freisin na ceanglais maidir le faireachán, tuairisciú agus scaipeadh a dhéanamh ar aighneachtaí chuig comhairliúchán poiblí agus ar thorthaí comhairliúcháin phoiblí. |
||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 12.3
|
Ainm na céime: Córas uathoibrithe a chur ar bun chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidrimh talún |
||||||||||||||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 2. Margadh talún feidhmiúil a áirithiú |
||||||||||||||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||||||||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 12.3 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Cuireadh córas uathoibrithe i bhfeidhm chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidreamh talún, agus tá sé ag feidhmiú faoi chuimsiú Chlár Talún an Stáit a choinneáil ar bun. Cuireadh córas geofhaisnéise i bhfeidhm chun ollmheasúnú talún a dhéanamh mar chuid de bhogearraí Chlár Talún an Stáit.’ Is í Céim 12.3 an t-aon chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 2 i gCaibidil 12 (an earnáil agraibhia). |
||||||||||||||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||||||||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 12.3. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 2 i gCaibidil 12 (an earnáil agraibhia) feabhas a chur ar an margadh talún feidhmiúil. Chuige sin, cuireadh i bhfeidhm córas uathoibrithe chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidreamh talún agus córas geofhaisnéise le haghaidh ollmheasúnú talún . Le hidirghníomhú an dá chóras le córais faisnéise stáit eile atá ann cheana, cuirtear tuilleadh feabhais ar na sásraí rialaithe agus cinnteoireachta i réimse an chaidrimh talún. Leis an dá chóras, is féidir praghsanna idirbheart le haghaidh caidreamh talún a chinneadh (talamh a cheannach, a léasú agus a fholéasú) agus leagtar síos an bealach chun feabhas breise a chur ar an gcóras cánachais i gcomhréir le cleachtais dhomhanda maidir le cánachas réadmhaoine. Sa ‘Nós Imeachta maidir le Faireachán Poiblí a Dhéanamh ar Chaidreamh Talún agus Faireachán ar an Margadh Talún mar chuid de’ (dá ngairtear an Nós Imeachta maidir le Faireachán ar Thalamh anseo feasta) mar a formheasadh le Rún Uimh. 474 ó Chomh-Aireacht na nAirí ‘Maidir le Faireachán Poiblí ar Chaidreamh Talún’ an 12 Bealtaine 2023, sonraítear go gceadaítear leis an gcóras uathoibrithe chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidreamh talún bailiú, stóráil, comhiomlánú agus foilsiú uathoibrithe faisnéise maidir le staid an chaidrimh talún. I gcomhréir leis an Nós Imeachta maidir le Faireachán ar Thalamh, formheasadh le hOrdú Gheochadastar an Stáit Uimh. 120 an 31 Márta 2025 liosta sonraí atá le foilsiú i bhfoirm ghinearálaithe (téacs, grafaic, cartagrafaíocht nó tábla) laistigh de bhogearraí an chórais uathoibrithe chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidreamh talún. Is féidir teacht ar an gcóras tríd an suíomh gréasáin: https://monitoring.land.gov.ua/. Tá rochtain ag an bpobal ar phríomhfheidhmiúlachtaí an chórais. Tugtar feidhmiúlachtaí breise d’úsáideoirí cláraithe. Cuireadh i bhfeidhm an córas uathoibrithe chun faireachán poiblí a dhéanamh ar an gcaidreamh talún ach tabharfar isteach ina chéimeanna é. Tráth an mheasúnaithe, bhí an córas ar siúl i gcéim na hoibríochta turgnamhaí, agus é ag feidhmiú faoi fhíordhálaí chun na feidhmiúlachtaí a sheiceáil agus earráidí nó leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. Sa ‘Nós Imeachta maidir le Cur Chun Feidhme an Treoirthionscadail chun Ollmheasúnú Talún a Sheoladh’, mar a formheasadh leis an Rún ó Chomh-Aireacht na nAirí Uimh. 1078 ‘Saincheisteanna Áirithe maidir le Cur Chun Feidhme an Treoirthionscadail maidir le hOll-luacháil Talún’, sainítear an córas geofhaisnéise le haghaidh ollmheasúnú talún mar uirlis chun an próiseas chun luachálacha talún a dhéanamh agus a nuashonrú le haghaidh dáileachtaí talún aonair a uathoibriú, agus chun rochtain phoiblí ar na torthaí a áirithiú. Ceanglaítear leis freisin go ndéanfar an córas geofhaisnéise a chomhtháthú le bogearraí Chlár Talún an Stáit . Le hOrdú Geochadastar an Stáit Uimh. 121 ‘Maidir le Foilsiú Thorthaí an Treoirthionscadail maidir le hOllmheastóireacht ar Thailte’ an 31 Márta 2025, údaraítear na torthaí is déanaí maidir le holl-luacháil talún le haghaidh talamh talmhaíochta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Gheochadastar an Stáit, ar bhonn samhail chúlchéimnithe. Is féidir rochtain a fháil ar an gcóras geofhaisnéise le haghaidh ollmheasúnú talún ar shuíomh gréasáin Geochadastar an Stáit: https://e.land.gov.ua/services. |
||||||||||||||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 12.7
|
Ainm na céime: Glacadh an phlean fhadtéarmaigh um chóras uisciúcháin |
||||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 5. Forbairt fhadtéarmach an chórais uisciúcháin chun athléimneacht na hearnála in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú |
||||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 12.7 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘“Plean fadtéarmach maidir le forbairt an chórais uiscithe” a ghlacadh.’ Leis an bplean dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:
Is í Céim 12.7 an t-aon chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 5 i gCaibidil 12 (an earnáil agraibhia). |
||||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 12.7. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 5 i gCaibidil 12 (an earnáil agraibhia) pleanáil fhadtéarmach an bhonneagair uiscithe a áirithiú ar bhealach inbhuanaithe, chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú san earnáil agraibhia. Chuige sin, ghlac Comh-Aireacht na nAirí an Plean Fadtéarmach chun Coimpléasc Uiscithe na hÚcráine a Fhorbairt go dtí 2050 (dá ngairtear ‘an Plean’ anseo feasta) trí Ordú Uimh. 280-p an 25 Márta 2025. Sainítear sa Phlean na príomhthosaíochtaí d’earnáil an uiscithe, bunaithe ar anailís ar na tairbhí eacnamaíocha iomlána lena ngabhann. Leagtar amach ann an treo chun an bonneagar uiscithe a fhorbairt faoi 2050, le cuspóirí agus gníomhaíochtaí don chéad chéim cur chun feidhme go dtí 2030. Díreoidh an chéim thosaigh seo ar threoirthionscadail i réigiúin Odesa, Mykolaiv agus Zaporizhzhia. Áirítear sa Phlean freisin gníomhaíochtaí chun talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn agus tionchar an athraithe aeráide a mhaolú. Meastar ann na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann leis an gcéad chéim den chur chun feidhme i dtrí phríomhréimse: UAH 2 371,6 milliún (thart ar EUR 51,3 milliún) in ioncam ó thorthaí méadaithe ar thalamh uiscithe breise; UAH 587,5 milliún (thart ar EUR 12,7 milliún) i gcoigilteas ó chaillteanais uisce a laghdú, agus UAH 445 mhilliún (thart ar EUR 9,6 milliún) i gcoigilteas ó choigilteas fuinnimh ag stáisiúin chaidéalaithe. Tá an Plean ailínithe le Straitéis Uisce na hÚcráine don tréimhse suas go dtí 2050, a d’fhormheas Comh-Aireacht na nAirí in 2022, agus le prionsabail bhainistíochta uisce atá bunaithe ar imchuacha uisce. Déanfar bonneagar uiscithe a fhorbairt i gcomhréir leis na pleananna bainistithe abhantraí, lena n-áiritheofar caomhnú acmhainní uisce. Leagtar béim sa Phlean ar an ngá atá le hinfheistíocht phoiblí agus le hinfheistíocht eile, agus le príobháidiú breise. Beidh gá le hinfheistíocht UAH 4 644,3 milliún (thart ar EUR 100,5 milliún) chun an Plean a chur chun feidhme. Léirítear i réamh-mheastacháin an Phlean go mbeidh gá le UAH 24 360,9 milliún breise (thart ar EUR 527,2 milliún) ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ó infheisteoirí príobháideacha chun an bonneagar athshlánaithe a fhorbairt. Beartaítear leis an bPlean go bhfanfaidh na príomháiseanna bonneagair faoi úinéireacht stáit agus go ndéanfaidh an stát iad a bhainistiú, ar mhaithe le leas an phobail. Beartaítear leis freisin go n-aistreofar 60 % de na córais uiscithe réigiúnacha agus 100 % de na córais uiscithe áitiúla chuig eagraíochtaí úsáideoirí uisce nó chuig úinéirí príobháideacha. Cuirfidh sé sin ar a gcumas d’fheirmeoirí infheistíocht neamhspleách a dhéanamh i mbonneagar uiscithe. Tabharfar na hullmhúcháin chun stáisiúin chaidéalaithe a phríobháidiú i gcrích faoi 2030. Dírítear sa Phlean ar fheabhas a chur ar struchtúr rialachais agus bainistíochta na hearnála uiscithe. Déanfar bonneagar uiscithe a bhainistiú mar chóras aontaithe, comhtháite ó thaobh na teicneolaíochta de, a bheidh i gcomhréir le teorainneacha éiceolaíocha. Déanfar feidhmeanna bainistíochta uisce a dheighilt ó fheidhmeanna bonneagair uiscithe. Beartaítear leis an bPlean eagraíochtaí úsáideoirí uisce a bhunú, a mbeidh ról níos láidre acu i rialachas na hearnála. Áirítear ann freisin bearta chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí na gcomhlachtaí féinrialtais áitiúla, na riarachán stáit áitiúil agus na dtáirgeoirí talmhaíochta maidir le córais uiscithe a bhainistiú agus teicneolaíochtaí nua-aimseartha a chur chun feidhme in earnáil an uiscithe. Déanfar faireachán náisiúnta ar chur chun feidhme an Phlean gach bliain, agus déanfar athbhreithniú cuimsitheach ar a spriocanna agus ar a thosaíochtaí gach 5 bliana. Déanfar measúnuithe comhshaoil le haghaidh tionscadail athshlánaithe nó tógála i gcomhréir le moltaí an Aontais sa réimse, ós rud é go gcuirfear an Plean chun feidhme i gcomhréir le Dlíthe na hÚcráine ‘Maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil’ agus ‘Maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol.’ |
||||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 13.5
|
Ainm na céime: Ríomhchaibinéad uasghrádaithe d’úsáideoirí fo-ithreach a bhunú |
||||||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 2. Nósanna imeachta feabhsaithe riaracháin |
||||||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 13.5 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Tá ríomhchaibinéad uasghrádaithe d’úsáideoirí fo-ithreach ag feidhmiú, ar ríomhchaibinéad é ag a bhfuil feidhmiúlachtaí breise rochtana ar chlár stáit na gceadanna speisialta le haghaidh úsáid fo-ithreach lena gceadaítear ríomhcheadúnais a iarraidh agus a fháil (sliocht ón gClár) agus lena dtugtar rochtain ar shonraí digiteacha geolaíocha.’ Is é Céim 13.5 an chéad cheann de thrí chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 2 i gCaibidil 13 (amhábhair chriticiúla a bhainistiú). Ina dhiaidh sin tá Céim 13.3 (atá dlite faoi R2 2025) maidir le foilsiú píblíne tionscadal infheistíochta chun amhábhair chriticiúla a eastóscadh agus Céim 13.4 (atá dlite faoi R2 2025) maidir le seoladh tairiscintí idirnáisiúnta an Chomhaontaithe um Chomhroinnt Táirgí lena n-áirithítear a dtrédhearcacht. |
||||||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 13.5. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 2 i gCaibidil 13 (amhábhair chriticiúla a bhainistiú) an nós imeachta a bharrfheabhsú agus an t-ualach riaracháin ar infheisteoirí féideartha a laghdú. Is é an phríomhsprioc trédhearcacht, luas agus cost-éifeachtúlacht a fheabhsú le haghaidh cinntí infheistíochta nua. Chuige sin, scaoileadh an ríomhchaibinéad uasghrádaithe (Clár Stáit na gCeadanna Speisialta le haghaidh Úsáid Fo-ithreach) le haghaidh úsáid tráchtála agus cuireadh i bhfeidhm é trí Ord Sheirbhís Stáit Gheolaíochta agus Fo-ithreach na hÚcráine Uimh. 109. Tá sé le fáil ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Stáit Gheolaíochta agus Fo-ithreach na hÚcráine: Ríomhchaibinéad Thairseach Gheolaíochta an Stáit. Leis an ríomhchaibinéad uasghrádaithe, soláthraítear feidhmiúlachtaí breise chun rochtain a fháil ar shonraí digiteacha geolaíocha agus is féidir faisnéis a chlárú maidir le ceadanna speisialta le haghaidh úsáid fo-ithreach. Áirítear sa chlár faisnéis maidir leis an dáta, an tréimhse bhailíochta, agus na forais chun cead úsáide fo-ithreach speisialta a eisiúint, chomh maith lena shíntí agus lena leasuithe. Leagtar amach ann freisin cineál agus cuspóir na húsáide fo-ithreach, faisnéis ar an láithreán fo-ithreach, foinse an mhaoinithe don obair atá le déanamh ag an úsáideoir fo-ithreach le linn úsáid fo-ithreach (cistí poiblí nó príobháideacha), coinníollacha speisialta, sonraí úinéireachta, faisnéis fhormheasa ceada agus sonraí maidir leis an gcomhaontú úsáide fo-ithreach nó maidir leis an gcomhaontú comhroinnte táirgeachta. Ón 1 Aibreán 2025, déantar cead speisialta le haghaidh úsáid fo-ithreach a eisiúint go leictreonach (ríomhcheadúnas) mar shliocht ón gclár, sliocht a ghintear trí ríomhchaibinéad an Chórais Gheofhaisnéise Aontaithe, trí ríomhchaibinéad an úsáideora fo-ithreach, agus trí ríomhchaibinéid an Ardáin Comhshaoil Aontaithe ‘EcoSystem’. Tráth an mheasúnaithe, tá an fhaisnéis sa sliocht ón gclár cothrom le dáta. |
||||||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 14.1
|
Ainm na céime: Glacadh an Phlean athbhreithnithe um an speictream raidió san Úcráin a leithdháileadh agus a úsáid |
||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 1. Bonneagar digiteach slán éifeachtúil |
||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 14.1 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘An Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir le leasú a dhéanamh ar an Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine “maidir leis an bPlean i dtaca le Leithdháileadh agus Úsáid an Speictrim Raidió san Úcráin a fhormheas.” Sainítear sa Rún na teicneolaíochtaí raidió a cheadaítear a úsáid san Úcráin, leis an sainmhíniú ar na bandaí minicíochta raidió agus na seirbhísí raidió a gcomhfhreagraíonn siad dóibh, chomh maith leis na téarmaí a bhaineann lena bhforbairt agus lena n-úsáid a fhoirceannadh, mar aon le liosta na dteicneolaíochtaí raidió a bhfuil gealladh fúthu lena gcur chun feidhme san Úcráin leis an sainmhíniú ar na bandaí minicíochta raidió agus na seirbhísí raidió a gcomhfhreagraíonn siad dóibh, chomh maith leis na téarmaí a bhaineann lena gcur chun feidhme i gcomhréir le acquis an Aontais.’ Tá Céim 14.1 ar cheann de dhá chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 1 i gCaibidil 14 (an claochlú digiteach). Cuirtear chun feidhme í i gcomhthráth le Céim 14.2 (atá dlite in R1 2025 freisin) maidir le teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cumais chibearshlándála acmhainní faisnéise stáit agus bonneagair faisnéise criticiúla a neartú. |
||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 14.1. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 1 i gCaibidil 14 (an claochlú digiteach) an chibearshlándáil a neartú i bpróiseas an chlaochlaithe dhigitigh. Chuige sin, ghlac Comh-Aireacht na nAirí Rún ina bhfuil Plean athbhreithnithe um leithdháileadh agus úsáid an speictrim raidió. Leis an Rún a glacadh, leasaítear Rún Uimh. 1340 ó Chomh-Aireacht na nAirí ‘Maidir leis an bPlean i dtaca le Leithdháileadh agus Úsáid an Speictrim Raidió san Úcráin a fhormheas’, dar dáta an 19 Nollaig 2023. Sainítear sa Phlean athbhreithnithe na teicneolaíochtaí raidió incheadaithe lena n-úsáid san Úcráin, lena sonraítear na bandaí agus seirbhísí radaimhinicíochta comhfhreagracha. Leagtar síos ann freisin téarmaí chun deireadh a chur lena bhforbairt agus lena n-úsáid, agus liosta de theicneolaíochtaí raidió a bhfuil gealladh fúthu á shainaithint an tráth céanna mar aon leis na bandaí minicíochta agus na seirbhísí raidió a bhaineann leo, rud a chuidíonn leis an Úcráin feabhas a chur ar a tírdhreach teileachumarsáide i gcomhréir le acquis an Aontais. Le hailíniú straitéiseach na hÚcráine, ba cheart tuilleadh nuálaíochta a chothú in earnáil na teileachumarsáide. Thairis sin, tá glacadh an Phlean leasaithe ríthábhachtach chun beartas speictrim raidió éifeachtúil a bhunú a bheidh dírithe ar thrasnaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú, ar shlándáil a fheabhsú agus ar úsáid na radaimhinicíochtaí atá ar fáil a bharrfheabhsú. Ar an iomlán, cuidíonn an Rún sin le tiomantas na hÚcráine paireacht theicneolaíoch leis an Aontas a bhaint amach, rud a chuireann a claochlú digiteach chun cinn. |
||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 14.2
|
Ainm na céime: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cumais chibearshlándála acmhainní faisnéise stáit agus bonneagar faisnéise criticiúil a neartú |
||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 1. Bonneagar digiteach slán éifeachtúil |
||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 14.2 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Teacht i bhfeidhm na ngníomhartha reachtacha faoi seach chun ailíniú le creat NIS agus NIS2 (is é sin Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148. Leis na gníomhartha dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:
Is í Céim 14.2 an dara céim agus an chéim dheireanach i gcur chun feidhme Athchóiriú 1 i gCaibidil 14 (an claochlú digiteach). Déantar í i gcomhthráth le Céim 14.1 (atá dlite in R1 2025 freisin) maidir le Plean athbhreithnithe a ghlacadh maidir le leithdháileadh agus úsáid an speictrim raidió san Úcráin. |
||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 14.2. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 1 i gCaibidil 14 (an claochlú digiteach) an chibearshlándáil a neartú i bpróiseas an chlaochlaithe dhigitigh. Chuige sin, ghlac Parlaimint na hÚcráine Dlí Uimh. 4336-IX na hÚcráine ‘Maidir le Leasuithe ar Dhlíthe Áirithe de chuid na hÚcráine maidir le Cosaint Faisnéise agus Cibearchosaint Acmhainní Faisnéise Stáit, Réada an Bhonneagair Faisnéise Chriticiúil’ an 27 Márta 2025. Tháinig an Dlí i bhfeidhm an 18 Aibreán 2025. Leis an Dlí, tugtar isteach bearta cibearshlándála, agus leas á bhaint as prionsabail Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS). Leis an Dlí, ba cheart feabhas a chur ar acmhainneacht fhoriomlán an chórais náisiúnta cibearshlándála aghaidh a thabhairt ar chibearbhagairtí agus iad a mhaolú. Bunaítear leis creat náisiúnta athléimneach comhleanúnach arb é is aidhm dó cibirionsaí a chosc, a bhrath agus a chomhrac i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin. Chuige sin, bunaítear leis an Dlí córas náisiúnta malartaithe faisnéise maidir le cibirtheagmhais, cibirionsaithe agus cibearbhagairtí. Déantar foráil sa Dlí maidir le príomhpháirtithe leasmhara a shainaithint amhail comhlachtaí a bhainistíonn bonneagar criticiúil agus acmhainní faisnéise stáit, agus maidir lena n-oibleagáidí a leagan amach. Leagtar amach ann freisin freagrachtaí na bhFoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) agus na n-údarás inniúil i ndáil le faisnéis ábhartha a bhailiú, a chosaint agus a nochtadh. Thairis sin, cruthaítear leis an Dlí córas náisiúnta freagartha do theagmhais chibearshlándála, ina leagtar amach róil agus freagrachtaí soiléire ar an leibhéal náisiúnta, earnála, réigiúnach agus feidhmiúil, mar aon le nósanna imeachta chun comhordú éifeachtach a áirithiú i measc na ngníomhaithe sin. Is é is aidhm don Dlí cosaint acmhainní faisnéise stáit agus bonneagair faisnéise chriticiúil ar chibirionsaithe a threisiú. Sainordaítear leis córas braite leochaileachta a thabhairt isteach go sonrach le haghaidh córais faisnéise agus cumarsáide lena mbainistítear acmhainní faisnéise stáit nó lena bhfreastalaítear ar shaoráidí bonneagair chriticiúil. Tá na bearta sin ceaptha chun tacú le bagairtí a shainaithint agus a fheabhsú go réamhghníomhach ar fud sócmhainní teicneolaíochta fíor-riachtanacha. Leis an Dlí, tugtar isteach athchóiriú ar an gcóras rialála lena rialaítear cibearshlándáil agus cosaint faisnéise. Áirítear sa chreat rialála ceanglais maidir le cibearchosaint agus cosaint faisnéise, mar aon le nósanna imeachta chun bearta slándála a chur chun feidhme i gcórais faisnéise agus cumarsáide lena bpróiseáiltear faisnéis stáit nó sonraí a bhfuil rochtain theoranta orthu. Ina theannta sin, leagtar amach sa Dlí ceanglais ghinearálta maidir le cáilíochtaí gairmiúla agus fíorú cúlra an phearsanra atá ag gabháil d’fheidhmeanna cibearshlándála, go háirithe iad siúd a bhainistíonn faisnéis íogair nó chriticiúil. Sainordaítear leis freisin cláir oiliúna struchtúrtha, cleachtaí tráthrialta agus faisnéisiú spriocdhírithe a chur chun feidhme do ghairmithe cibearshlándála. Baineann na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta sin le daoine aonair a bhfuil sé de chúram orthu bonneagar criticiúil agus iad siúd a dhéanann feidhmeanna sinsearacha laistigh den riarachán stáit a chosaint, agus ar an gcaoi sin áirithítear ardleibhéal ullmhachta agus athléimneachta. Tagraíonn an tuairisc ar Athchóiriú 1 i gCaibidil 14 (an claochlú digiteach) freisin do ghníomhartha reachtacha a ghlacadh lena réitítear an bealach i dtreo chur chun feidhme Bhosca Uirlisí an Aontais le haghaidh Shlándáil 5G. Chuige sin, glacadh Prótacal Intinne idir na húdaráis inniúla an 28 Bealtaine 2025. Bunaítear leis an bPrótacal treochlár struchtúrtha chun tús a chur le cur chun feidhme mholtaí cibearshlándála 5G an Choimisiúin Eorpaigh, trí rioscaí atá ann faoi láthair agus rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus a mheasúnú, tríd an reachtaíocht náisiúnta a ailíniú le ceanglais an Aontais, agus trí dhul i mbun comhairliúcháin leis an gCoimisiún Eorpach, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus leis na Ballstáit. Sainordaítear leis an bPrótacal na hathruithe reachtacha is gá a ghlacadh, soláthróirí ardriosca a bhfuil srianta úsáide comhfhreagracha acu a ainmniú agus treoirlínte mionsonraithe a eisiúint d’oibreoirí cumarsáide leictreonaí. |
||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 14.3
|
Ainm na céime: Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um dhigitiú seirbhísí poiblí go dtí 2026 |
||||||||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 2. Digitiú seirbhísí poiblí |
||||||||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 14.3 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Reacht ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir leis an bplean gníomhaíochta um dhigitiú seirbhísí poiblí go dtí 2026 a fhormheas. Leis an bplean gníomhaíochta dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:
Is í Céim 14.3 an chéad cheann de dhá chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 2 i gCaibidil 14 (an claochlú digiteach). Ina dhiaidh sin tá Céim 14.4 (atá dlite faoi R2 2026) maidir le teacht i bhfeidhm an ghnímh dlí lena dtacaítear le scéimeanna ríomh-shainaitheantais atá ailínithe le Rialachán eIDAS. |
||||||||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 14.3. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 2 i gCaibidil 14 (claochlú digiteach) idirghníomhaíocht idir an stát agus saoránaigh a shimpliú trí sheirbhísí poiblí a dhigitiú. Chuige sin, d’fhormheas Comh-Aireacht na nAirí plean gníomhaíochta trí Reacht Uimh. 263-p an 21 Márta 2025, lena ndírítear ar na príomhréimsí seo a leanas: téarnamh, oideachas, cúram sláinte, seirbhísí d’iarshaighdiúirí, fir seirbhíse mhíleata, custaim agus an réimse ríomhshóisialta. Déantar foráil sa phlean gníomhaíochta maidir le haistriú seirbhísí poiblí áirithe chuig formáid leictreonach sna príomhréimsí sin faoi 2026. Maidir le téarnamh, is é is aidhm don phlean gníomhaíochta rochtain a thabhairt ar fhaisnéis maidir le damáistí do chearta neamh-réadmhaoine daoine aonair, agus ar an gcaoi sin éifeachtúlacht a fheabhsú. Maidir le hoideachas, tugtar isteach leis an bplean eisiúint leictreonach deimhnithe, lena n-áirithítear aitheantas slán inrochtana ar ghnóthachain oideachais. Maidir le cúram sláinte, féachann an plean le feabhas a chur ar an digitiú trí dhea-chleachtais mhonaraíochta le haghaidh táirgí íocshláinte a fhorfheidhmiú agus trí eisiúint leictreonach ceadúnas chun cógais a tháirgeadh agus a dhíol a chumasú. Dírítear sa phlean gníomhaíochta freisin ar sheirbhísí d’iarshaighdiúirí a fheabhsú trí phróiseáil leictreonach ar stádas iarshaighdiúra agus ar phinsin mhíchumais a éascú. I gcás pearsanra míleata, áirítear sa phlean bainistíocht dhigiteach sochar, amhail tithíocht agus pinsin. Ina theannta sin, is é is aidhm don phlean nósanna imeachta custaim a chuíchóiriú trí cheadúnais agus ceadanna a chur isteach agus a bhainistiú go leictreonach. Ar deireadh, sa réimse sóisialta, leagtar béim sa phlean ar sholáthar digiteach seirbhísí riachtanacha, amhail clárú ar líne agus bainistíocht teidlíochtaí tithíochta. |
||||||||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 15.2
|
Ainm na céime: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Beartas an Stáit don Athrú Aeráide |
||||||||||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 2. An beartas don athrú aeráide |
||||||||||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 15.2 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine “Maidir le Bunphrionsabail Bheartas an Stáit don Athrú Aeráide”. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo:
Is í Céim 15.2 an chéad cheann de thrí chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 2 i gCaibidil 15 (an t-aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil). Ina dhiaidh sin tá Céim 15.4 (atá dlite faoi R3 2025) maidir le glacadh an dara Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta de chuid na hÚcráine le Comhaontú Pháras agus Céim 15.3 (atá dlite faoi R4 2025) maidir le glacadh an Rúin maidir leis an gComhairle Eolaíochta agus Saineolaithe um an Athrú Aeráide agus um Chaomhnú an Chisil Ózóin. |
||||||||||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 15.2. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 2 i gCaibidil 15 (an t-aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil) ollstruchtúr aeráide a chruthú chomh maith le sásra iomchuí chun beartas stáit a fhorbairt agus a chur chun feidhme i réimse an athraithe aeráide san Úcráin. Chuige sin, sainítear i mbeartas aeráide stáit na hÚcráine a dtugtar tuairisc air i nDlí Uimh. 3991-IX na príomhshásraí agus na príomhspriocanna maidir le rialachas aeráide. Is é is aidhm do bheartas aeráide stáit na hÚcráine aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus sprioc idirmheánach ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 65 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Áirítear ar na huaillmhianta meántéarmacha astaíochtaí antrapaigineacha ceaptha teasa a laghdú, úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, déine fhoriomlán fuinnimh a laghdú agus teicneolaíochtaí ísealcharbóin a chur chun cinn. Díríonn cuspóirí fadtéarmacha, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, ar an ardú teochta domhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 chéim Celsius, agus iarracht a dhéanamh cloí le teorainn 1,5 céim Celsius. Leagtar béim i dtreoirphrionsabail bheartas aeráide stáit na hÚcráine ar chomhionannas inscne, ar fhreagracht dhifreáilte agus ar an aeráidneodracht. Áirítear ar na príomhphrionsabail bhreise tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh agus an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ a chur chun feidhme. Is iad Parlaimint na hÚcráine, Comh-Aireacht na nAirí, agus comhlachtaí feidhmiúcháin lárnacha tiomnaithe, amhail an chomhairle eolaíochta agus saineolaithe, príomhchomhlachtaí rialaithe bheartas aeráide an stáit. Tá an Pharlaimint freagrach as bunphrionsabail bheartas aeráide an stáit a shainiú agus as formhaoirseacht pharlaiminteach a fheidhmiú ar a chur chun feidhme. Áirítear leis sin tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a fháil ó Chomh-Aireacht na nAirí. Bunaítear leis an mbeartas córas náisiúnta ina ndéanann údaráis lárnacha feidhmiúcháin tuairisciú bliantúil ar chur chun feidhme agus ar thorthaí na mbeart maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide do Chomh-Aireacht na nAirí, lena n-áirithítear ailíniú le hoibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Déanann an Chomhairle Eolaíochta agus Saineolaithe meastóireacht ar na beartais sin maidir le héifeachtacht agus comhlíontacht, rud lena soláthraítear réamhaisnéisiú, agus an tráth céanna déantar torthaí an fhaireacháin a chomhtháthú i dtuarascálacha rialtais agus úsáidtear iad chun beartais a choigeartú nuair is gá. Tá sé de chúram ar Chomh-Aireacht na nAirí tosaíocht a thabhairt do bheartas aeráide trasearnála an stáit agus é a chur i bhfeidhm, iarrachtaí a chomhordú i measc aireachtaí líne agus gníomhartha dlí a thacaíonn leis an mbeartas a eisiúint, amhail rannchuidiú na hÚcráine le Comhaontú Pháras. Tá sé de chúram ar na comhlachtaí lárnacha feidhmiúcháin beartais stáit a cheapadh agus a chur chun feidhme i réimsí sonracha a shainítear i mbeartas aeráide an stáit. Ní mór do Chomh-Aireacht na nAirí ‘Straitéis fhadtéarmach maidir le forbairt ísealcharbóin na hÚcráine’ a nuashonrú gach 5 bliana chun cur chuige dinimiciúil agus freagrúil i leith an athraithe aeráide a áirithiú. I measc na sásraí chun spriocanna aeráide a bhaint amach tá ionstraimí fioscacha atá ceaptha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, amhail cánacha, fóirdheontais agus dreasachtaí chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin a ghlacadh. Thairis sin, bunaítear sásraí tacaíochta sonracha chun cabhrú le gnólachtaí a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, lena mbaineann cúnamh airgeadais nó teicniúil chun aistriú chuig oibríochtaí níos inbhuanaithe a spreagadh. Déanann an Chomhairle Eolaíochta agus Saineolaithe measúnú ar bheartais stáit de réir spriocanna agus phrionsabail bheartas aeráide an stáit. Déanann sí measúnú freisin ar éifeachtacht na n-ionstraimí fioscacha chun an t-athrú aeráide a mhaolú. Le beartas aeráide stáit na hÚcráine, daingnítear a thuilleadh an córas náisiúnta atá ann cheana chun fardal a dhéanamh d’astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó thaobh an dlí de mar phróiseas faoi stiúir an chomhlachta lárnaigh feidhmiúcháin um chosaint an chomhshaoil, lena n-áirithítear trédhearcacht, cruinneas agus comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta. Sainordaítear leis tuarascálacha náisiúnta bliantúla maidir le hastaíochtaí agus aistrithe, arna bhforbairt agus arna bhfoilsiú ag an gcomhlacht sin nó ag institiúid údaraithe, le rannchuidithe sonraí ó údaráis phoiblí agus ó ghnólachtaí. |
||||||||||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
Céim 15.5
|
Ainm na céime: Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um Chóras Náisiúnta Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Bhunú |
||||||||
|
Athchóiriú gaolmhar/infheistíocht ghaolmhar: Athchóiriú 3. Meicníochtaí margaidh na praghsála carbóin |
||||||||
|
Arna maoiniú ó: iasacht |
||||||||
|
Comhthéacs Is é seo a leanas an ceanglas le haghaidh Chéim 15.5 ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: ‘An Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh “Maidir le Formheas an Phlean Gníomhaíochta i dtaca le Córas Náisiúnta Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Bhunú”. Áiritheofar le glacadh an Phlean Gníomhaíochta go saineofar na nithe seo a leanas:
Is é Céim 15.5 an chéad cheann de dhá chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 3 i gCaibidil 15 (an t-aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil). Ina dhiaidh sin tá Céim 15.6 (atá dlite faoi R2 2025) maidir leis an gcóras éigeantach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a atosú. |
||||||||
|
An fhianaise a cuireadh ar fáil
|
||||||||
|
Anailís Cumhdaítear leis an réasúnú agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de Chéim 15.5. Is é is cuspóir d’Athchóiriú 3 i gCaibidil 15 (an t-aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil) forbairt sásraí margaidh le haghaidh praghsáil carbóin a chothú. Chuige sin, is céim é an plean gníomhaíochta chun ‘Córas Náisiúnta Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Bhunú’ i dtreo sásraí margaidh a chur chun feidhme le haghaidh praghsáil carbóin san Úcráin. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta chun Córas Náisiúnta Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Bhunú san Úcráin dhá phríomhchéim den chur chun feidhme, agus cúraimí sonracha, tráthchláir, freagrachtaí agus nuashonruithe ar dhul chun cinn ag gach ceann acu. Díríonn an chéim ullmhúcháin ar chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus ar an reachtaíocht is gá a fhorbairt agus a ghlacadh, agus feabhas á chur an tráth céanna ar bhonneagar teicniúil – go háirithe an córas Faireacháin, Tuairiscithe agus Fíorúcháin (MRV), ar réamhriachtanas ríthábhachtach é don Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA). Áirítear leis an gcéim seo tograí reachtacha tosaigh CTA a dhréachtú chun ailíniú le ceanglais an Aontais, agus saintréithe náisiúnta á n-áireamh an tráth céanna, chomh maith le gluais téarmaí a bhunú, institiúid a ainmniú atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlacht cur chun feidhme agus as comhlacht cur chun feidhme a shainaithint. Forbrófar dréachtdlí CTA idir 2025 agus 2028, agus déanfar leasuithe ar rialacháin MRV ó 2025 go 2027. Ullmhófar doiciméid mhodheolaíochta ina leagfar amach creat CTA idir 2026 agus 2028. Is éard atá i gceist leis an gcéim oibriúcháin feidhmiú iomlán an chórais, ag tosú tráth nach luaithe ná 3 bliana tar éis fhoirceannadh nó chealú an dlí airm san Úcráin. Leagtar béim sa phlean gníomhaíochta ar bhonneagar fíor-riachtanach a fhorbairt chun comhlíontacht cheanglais an Aontais a áirithiú. Áirítear leis sin feidhmiúlacht oibríochtúil an chórais MRV a áirithiú laistigh de 2 bhliain tar éis an dlí airm a fhoirceannadh nó a chur ar ceal, arb é atá i gceist leis sonraí fíoraithe a fháil maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó na suiteálacha uile a chumhdaítear. Ina theannta sin, bunófar clár aontaithe a bhaineann leis an gcóras MRV idir 2025 agus 2026. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, cuirfear tús le cláir oiliúna in 2026. Is é is aidhm do na feabhsuithe bonneagair sin an chéad chéim oibríochtúil de CTA san Úcráin a éascú faoi 2028, agus ailíniú a dhéanamh le spriocanna níos leithne maidir le bainistíocht chórasach éifeachtúil astaíochtaí. Áirítear sa phlean gníomhaíochta roinnt bearta eagraíochtúla chun tacú lena chur chun feidhme. Dírítear leis na bearta sin ar ardán cuimsitheach trédhearcach a chothú chun páirtithe leasmhara a mhealladh, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go gcuirfidh peirspictíochtaí agus saineolas éagsúil le forbairt an chórais. Ina theannta sin, leagtar béim sa phlean gníomhaíochta ar an gcomhar leanúnach leis an Aontas, go háirithe i gcomhthéacs phróiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas, chun iarrachtaí a ailíniú le caighdeáin agus cleachtais an Aontais. |
||||||||
|
Measúnú an Choimisiúin: comhlíonta go sásúil |
(1) Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj). Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CONSIL%3AST_9492_2024_ADD_1&qid=1716536456361 ón gComhairle
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1799/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)