|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2495 |
23.9.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2495 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meán Fómhair 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (Koordinaciona uprava)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh (‘an ceanglas víosa’) agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá (‘an díolúine víosa’). |
|
(2) |
Trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle (3), aistríodh an tSeirbia chuig liosta na dtíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa. Leis an Rialachán sin, eisiadh ón díolúine víosa sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava). |
|
(3) |
Tar éis Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a ghlacadh, lenar aistríodh an Chosaiv (*1) ó Chuid 2 d’Iarscríbhinn I go Cuid 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, is iad sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú na haon saoránaigh amháin i réigiún na mBalcán Thiar atá faoi réir an cheanglais víosa. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go mbeidh réigiún iomlán na mBalcán Thiar faoi réir an chórais víosa chéanna, ba cheart sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú a áireamh sa tagairt don tSeirbia i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806. |
|
(5) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
|
(6) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8). |
|
(7) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10). |
|
(8) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (11); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(9) |
Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘An tSeirbia (ach amháin sealbhóirí pasanna na Seirbia a d’eisigh Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava)) (2)’:
‘An tSeirbia (lena n-áirítear sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava (*2)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2024.
(2) Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 336, 18.12.2009, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv) (IO L 110, 25.4.2023, lch. 1).
(*1) Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(9) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(11) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2495/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)