|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/655 |
10.2.2025 |
MOLADH ÓN COMHAIRLE
an 21 Eanáir 2025
lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na hEastóine
(C/2025/655)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3), is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis. |
|
(2) |
Na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(3) |
Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(4) |
Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí formhuiniú ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin fhioscaigh. |
BREITHNITHE A BHAINEANN LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NA hEASTÓINE
|
(5) |
An 11 Deireadh Fómhair 2024, rinne an Eastóin a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an Eastóin. |
An próiseas sular tíolacadh an plean
|
(6) |
Chun struchtúr a thabhairt don phlé as a dtiocfadh tíolacadh na bpleananna fioscach-struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta, an 21 Meitheamh 2024 sheol an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán(AE) 2024/1263, an chonair thagartha (5) chuig an Eastóin. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 11 Deireadh Fómhair 2024 (6). Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais agus leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh. I gconair thagartha na hEastóine, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas, agus sin bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin atá mar bhonn taca leis an treoir a tugadh roimh ré i mí an Mheithimh 2024 agus ar thréimhse choigeartúcháin 4 bliana a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 3,1 % le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don Eastóin an 21 Meitheamh 2024
|
||||||||||||||||||
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Eastóin agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an Eastóin (lena n-áirítear infhaighteacht spáis fhioscaigh) agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe túsphointe fioscach éagsúil, réamh-mheastacháin OTI agus an díbhoilsceoir OTI), chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta. |
|
(8) |
Ní thuairiscítear sa phlean a chuir an Eastóin isteach ar phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha (lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta) roimh chur isteach an phlean. |
Próisis ghaolmhara eile
|
(9) |
Thíolaic an Eastóin a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 an 15 Deireadh Fómhair 2024. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024 (7). |
|
(10) |
An 21 Deireadh Fómhair 2024 chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na hEastóine i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (8). |
ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas: |
Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach
|
(12) |
Tháinig crapadh 3,0 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch san Eastóin in 2023, crapadh arb é laghdú géar ar onnmhairí agus laghdú ar thomhaltas príobháideach ba chúis leis. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh laghdú breise 1,0 % ar an ngeilleagar in 2024, mar gheall ar laghdú ar thomhaltas agus ar infheistíocht mar aon le ráta íseal onnmhairiúcháin. In 2025, meastar go dtiocfaidh méadú 1,1 % ar an bhfíor-OTI, ós rud é go bhfuil an t-éileamh eachtrach ar onnmhairí na hEastóine ag téarnamh go mall, cé go bhfuil an t-éileamh intíre fós sách lag. In 2026, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 2,6 % ar an bhfíor-OTI, ós rud é go meastar go dtiocfaidh méadú mór ar éileamh intíre, go háirithe ar thomhaltas príobháideach agus ar infheistíocht. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar fhás OTI féideartha san Eastóin ó 0,1 % in 2024 go 0,3 % in 2026, méadú arb é feabhas ar an bhfíor-OTI is cúis leis. Ba é 6,4 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 7,5 % a bheidh ann in 2024 agus 7,7 % in 2025 agus 7,2 % in 2026. Réamh-mheastar go laghdóidh an boilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 8,1 % in 2023 go 5,1 % in 2024, agus réamh-mheastar go bhfanfaidh sé ag 4,0 % in 2025 sula dtitfidh sé go 3,3 % in 2026. |
|
(13) |
(13) Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na hEastóine 2,8 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 3,0 % de OTI in 2024 agus cobhsóidh sé ag 3,0 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, go gcobhsóidh sé arís in 2026. Áirítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na hEastóine le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Mheán Fómhair. Ba é 20,2 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas fiachais go 23,2 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú air go 24,2 % de OTI ag deireadh 2025 agus go 25,5 % ag deireadh 2026. Sa réamh-mheastacháin fhioscacha ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha go dtí go mbeidh bearta beartais nithiúla a fhógrófar go hinchreidte agus a shonrófar go leormhaith ina mbonn taca leo. |
An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean
|
(14) |
Le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na hEastóine, cumhdaítear an tréimhse 2025–2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana. |
|
(15) |
Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean, cé is moite den fhaisnéis maidir leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara náisiúnta roimh chur isteach (a cheanglaítear le hAirteagal 13(g)(vi) de Rialachán (AE) 2024/1263). |
|
(16) |
Leis an bplean, tugtar gealltanas i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 4,7 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. An meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean le haghaidh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028), is airde é ná an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024. Sa chonair fáis glanchaiteachais sa phlean, baintear leas as an bhfíoras go bhfuil spás éigin ag an Eastóin le haghaidh dí-chomhdhlúthú fioscach, rud nár léiríodh sa treoir a thug an Coimisiún roimh ré a tarchuireadh chuig an Eastóin an 21 Meitheamh 2024. Eascraíonn an spás fioscach as an leibhéal íseal fiachais san Eastóin in éineacht in éineacht leis an gcúngú a bhfuil coinne leis ar an easnamh príomha ar bheartas gan athrú. Méadaítear leis an t-uasráta fáis glanchaiteachais lena n-áiritheofaí go bhfanfaidh fiachas rialtais ghinearálta ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun an luacha thagartha sa mheántéarma, mar a léirítear i dtábla 3. Déantar toimhde sa phlean go méadóidh fás OTI féideartha go 1 % in 2025 (ó 0,7 % in 2024), sula laghdóidh sé go 0,5 % in 2027 agus 2028. Ina theannta sin, meastar sa phlean go méadóidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI go 4,0 % in 2025 (ó 3,7 % in 2024) sula laghdóidh sé de réir a chéile go 2,8 % in 2028. Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na hEastóine
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta
|
(17) |
Dá dtiocfadh ann don chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus do na toimhdí is bonn léi, mhéadódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile, de réir an phlean, ó 23,7 % in 2024 go 28,6 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartúcháin, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), réamh-mheastar go leanfaidh an cóimheas fiachais de bheith ag fás, de réir an phlean, cé go mbeidh sé ar ráta níos moille, agus go sroichfidh sé 32,6 % faoi 2038. Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na hEastóine
Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh an fiachas rialtais ghinearálta go mór faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Tá sé sin inchreidte bunaithe ar thoimhdí an phlean, ós rud é go réamh-mheasfaí go bhfanfadh an fiachas faoi bhun 60 % de OTI faoi 2038 de réir gach tástála struis cinnteachaíche in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh a leagtar amach in Airteagail 6(a) agus 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta
|
(18) |
Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, meastar go sroichfidh an t-easnamh rialtais ghinearálta 3 % de OTI in 2025, agus go bhfeabhsóidh sé de réir a chéile go 2,1 % in 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, bheadh an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (b), agus Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh
|
(19) |
Dá dtiocfadh ann do thoimhdí agus gealltanais an phlean, d’fhanfadh an t-easnamh struchtúrach faoi bhun 1,5 % de OTI le linn na tréimhse coigeartúcháin. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, leanfar den chorrlach coiteann athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/1263 a urramú, agus dá bhrí sin ní gá feabhas breise a chur ar an gcomhardú príomha struchtúrach dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais
|
(20) |
De réir an phlean, meastar go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais. |
Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean
|
(21) |
Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an Eastóin an 21 Meitheamh. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean le haghaidh na staide fioscaí tosaigh (lena n-áirítear fiachas, fás caiteachais phríomhúil agus comhardú príomha struchtúrach le haghaidh 2024), fás fíor-OTI agus fás an díbhoilsceora OTI. Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin idir toimhdí chun a áirithiú go bhfuil argóintí fónta sonraíbhunaithe mar bhonn taca leo, go háirithe ós rud é go bhfuil an meánfhás glanchaiteachais sa phlean níos airde ná an meánfhás glanchaiteachais sa chonair thagartha. Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear ina haonar.
Ar an iomlán, is é an toradh atá ar na difríochtaí uile idir toimhdí a ghlactar le chéile, agus a chuirtear leis an spás fioscach, meánfhás glanchaiteachais sa phlean is airde ná an chonair thagartha. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfaidh sé amach anseo ar chomhlíonadh na conaire glanchaiteachais. |
Straitéis fhioscach an phlean
|
(22) |
De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin smacht ar chaiteachas agus méaduithe lánroghnacha ar ioncam araon. Áirítear leis na bearta éagsúla ioncaim a liostaítear sa phlean athruithe ar an Acht um Cháin Ioncaim agus méaduithe ar rátaí dleachta máil, cáin mhótarfheithicle a thabhairt isteach chomh maith le formhuirear slándála téarma sheasta a thabhairt isteach (a bhaileofar trí mhéadú CBL ó lár 2025 agus trí mhéadú ar chánachas ar ioncaim uile daoine nádúrtha agus ar bhrabúis chorparáideacha ó 2026 ar aghaidh). Ó thaobh an chaiteachais de, tá sé beartaithe ag an Eastóin athbhreithniú buiséid a dhéanamh le haghaidh 2023-2027 chun éifeachtúlacht úsáid chistí buiséid an stáit agus soláthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí ábhartha a mhéadú ar na costais is fearr is féidir bunaithe ar spriocanna an stáit. An tráth céanna, tá sé beartaithe ag an Eastóin caiteachas cosanta agus infheistíochtaí cosanta a mhéadú freisin. Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. An tráth céanna, tá rioscaí ann maidir le cur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, rud a eascraíonn as an gcoigeartú fioscach a bheith bunaithe go páirteach ar mhéaduithe ioncaim lánroghnacha. I bhfianaise an téarnaimh mhall a thuartar ar an bhfás, tá an baol ann go mbeidh bailiú an ioncaim ó cháin níos ísle ná mar a thoimhdítear sa phlean. Ina theannta sin, leis an Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025, sonraítear na gníomhaíochtaí beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025. |
Cuspóirí athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais
|
(23) |
Déantar cur síos sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Cuimsítear sa phlean 11 athchóiriú agus infheistíocht, a bhfaigheann 6 cinn díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a bhfaigheann 4 cinn díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an bheartais chomhtháthaithe. |
|
(24) |
Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear leis an bplean roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí, mar aon le cur chun feidhme na mbeart i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hEastóine. Ar an gcéad dul síos, áirítear sa phlean an t-athchóiriú dar teideal Taastuvenergia 100 [Leictreachas In-athnuaite 100], lena n-éilítear aistriú chuig tomhaltas leictreachais in-athnuaite faoi 2030. Ar an dara dul síos, áirítear sa phlean glacadh an Dlí maidir le Geilleagar atá Athléimneach ó thaobh na hAeráide de. Leis an dlí atá le glacadh, leagfar síos an bhunchloch le haghaidh geilleagar aeráid-díonach trí spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a leagan síos, rud a spreagfaidh glacadh teicneolaíochtaí glana agus luachshocrú acmhainní níos mó. Tá an dá bheart sin ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2024 (agus ar mholtaí tírshonracha na mblianta roimhe sin ó 2023, 2022 agus 2020), ina n-iarrtar ar an Eastóin gníomhaíocht a dhéanamh chun sciar an scealla ola sa mheascán fuinnimh a laghdú agus táirgiúlacht acmhainní a ardú trí nuálaíocht bhithbhunaithe. |
|
(25) |
Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta,, mar aon le cur chun feidhme na mbeart i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hEastóine, tá roinnt athchóirithe sa phlean. Ar an gcead dul síos, áirítear sa phlean bearta lena bhfeabhsaítear cáilíocht agus infhaighteacht an chúraim speisialta, trí ghníomhaireachtaí agus láithreacha seirbhíse a atheagrú chun dálaí maireachtála nua-aimseartha a áirithiú do dhaoine a bhfuil neamhoird mheabhracha orthu. Ar an dara dul síos, déanfar an córas athshlánaithe a atheagrú chun a áirithiú go bhfaighidh daoine a bhfuil athshlánú de dhíth orthu seirbhísí de réir a riachtanas féin, go mbeidh sé éasca rochtain a fháil ar sheirbhísí agus go dtacófar leo, agus go soláthrófar seirbhísí ar bhealach comhtháite trí chomhar ildisciplíneach. Ar an tríú dul síos, déanfar feabhsuithe éagsúla ar an gcóras cúraim sláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ar an gceathrú dul síos, áirítear sa phlean athchóiriú breise ar an gcúram fadtéarmach. Aistreofar eagrú agus maoiniú na seirbhíse altranais 24/7 chuig an gCiste Árachais Sláinte ó 2025 ar aghaidh. Ar an gcúigiú dul síos, áirítear sa phlean athchóiriú ar shochair dhífhostaíochta agus ar árachas dífhostaíochta, agus tá leathnú an chumhdaigh árachais dífhostaíochta chuig cineálacha nua oibre á phlé. Tá na cúig bheart sin ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2024 (agus go hintuigthe na moltaí tírshonracha ó 2023, 2022 agus 2020) ina n-iarrtar ar an Eastóin gníomhaíocht a dhéanamh chun cosaint shóisialta a neartú, inter alia chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht seanaoise agus trí chumhdach na sochar dífhostaíochta a leathnú, go háirithe chucu siúd a bhfuil tréimhsí gearra oibre acu agus i bhfoirmeacha neamhchaighdeánacha oibre. Tá siad ceaptha freisin chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2024 (agus go hintuigthe moltaí tírshonracha na mblianta roimhe sin ó 2023, 2022 agus 2020), ina n-iarrtar ar an Eastóin feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach, agus feabhas a chur ar mhaoiniú an dá chineál cúraim sin. Áirítear sa phlean freisin athchóiriú a bhaineann le gairmoideachas. Baineann an beart sin le moladh tírshonrach 2024 (agus go hintuigthe fochuid de mholadh tírshonrach na bliana roimhe sin ó 2019), ina n-iarrtar ar an Eastóin feabhas a chur ar an soláthar scileanna trí athsciliú agus uas-sciliú agus trí thallann a mhealladh agus a choinneáil ar bhealach níos fearr. |
|
(26) |
Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le slándáil fuinnimh, cuimsítear leis an bplean an t-athchóiriú dar teideal Taastuvenergia 100 [Leictreachas In-athnuaite 100], ina n-iarrtar aistriú chuig tomhaltas leictreachais in-athnuaite faoi 2030, mar aon leis na bearta i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hEastóine a chur chun feidhme. Tá an beart sin ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2024 (agus ar mholtaí tírshonracha na mblianta roimhe sin ó 2023, 2022 agus 2020), ina n-iarrtar ar an Eastóin gníomhaíocht a dhéanamh chun sciar an scealla ola sa mheascán fuinnimh a laghdú agus táirgiúlacht acmhainní a ardú trí nuálaíocht bhithbhunaithe. |
|
(27) |
Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le cumais chosanta, cuimsítear leis an bplean liosta d’athchóirithe cánach faoin scáth-théarma ‘formhuirear slándála’. Cé go bhfuil an t-ioncam cánach a bhailítear le cánacha nua nó cánacha modhnaithe idirmhalartach, tugtar le tuiscint leis an réasúnú a úsáideann an rialtas gur beart é chun cumais chosanta a mhéadú. Mar sin féin, cé is moite den ‘fhormhuirear slándála’ thuasluaite, ní áirítear sa phlean plé sainráite ar athchóirithe agus infheistíochtaí a bhaineann le cosaint. |
|
(28) |
Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na hEastóine. Luaitear sa phlean go rannchuidítear le sprioc P04 de Chomhaontú Comhpháirtíochta an Bheartais Chomhtháthaithe (An Eastóin Shóisialta) agus le comhchuid 6 den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (cúram sláinte agus cosaint shóisialta) trí fheabhas a chur ar cháilíocht agus inrochtaineacht an chúraim speisialta, an córas athshlánaithe a atheagrú, agus an cúram fadtéarmach a athchóiriú. Leis an athchóiriú ar shochar dífhostaíochta agus ar árachas dífhostaíochta, agus le leathnú an chumhdaigh árachais dífhostaíochta chuig cineálacha nua oibre, rannchuidítear freisin le comhchuid 6 den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (cúram sláinte agus cosaint shóisialta). Is rannchuidiú é an t-athchóiriú dar teideal Taastuvenergia 100 [Leictreachas In-athnuaite 100] le comhchuid 4 (fuinneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh) agus comhchuid 8 (REPowerEU) den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. |
|
(29) |
Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na hEastóine a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, sainaithnítear sa phlean an gá atá le hinfheistíochtaí breise a bhaineann le cur chun feidhme an Ghnímh um Gheilleagar atá Athléimneach ó thaobh na hAeráide de. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, sainaithnítear sa phlean an gá atá le hinfheistíochtaí breise a bhaineann le comhtháthú na hearnála sóisialta agus sláinte. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le slándáil fuinnimh, sainaithnítear sa phlean an gá atá le hinfheistíochtaí breise is gá chun sioncrónú a dhéanamh le córas leictreachais na hEorpa agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le cumais chosanta, sainaithnítear sa phlean an gá atá le hinfheistíochtaí breise a bhaineann le cumais chosanta a fheabhsú. |
Conclúid an mheasúnaithe ón gCoimisiún
|
(30) |
Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na hEastóine ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE
|
(31) |
Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hEastóine agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach. |
|
(32) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle. |
|
(33) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear maidir leis an treoir a thug an Coimisiún roimh ré, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Go háirithe, is díol sásaimh don Chomhairle freisin go ndeachthas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha sular tíolacadh an plean cé nár tuairiscíodh é sin sa phlean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta. |
|
(34) |
Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an Eastóin réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean. |
|
(35) |
Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach. |
|
(36) |
Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(37) |
Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón Eastóin ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(38) |
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh don Eastóin. |
AG MOLADH LEIS SEO don Eastóin
|
1. |
a áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(2) Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).
(3) Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).
(4) Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan: (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5) Cuimsítear le treoir arna tabhairt roimh ré a tarchuireadh chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conairí le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan é (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-stainability-monitor-2023_en). Tá sí bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2024 ón gCoimisiún agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033, agus tá costais fhadtéarmacha fáis OTI agus aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le hAosú (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en).
(6) https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#estonia.
(7) Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na hEastóine, 26.11.2024, C(2024) 9052 final.
(8) Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na hEastóine.
IARSCRÍBHINN I
Uasrátaí fáis glanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)
an Eastóin
|
Blianta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
|
|
Rátaí fáis (%) |
Bliantúil |
7,1 |
5,1 |
3,6 |
3,2 |
|
Carnacha (*1) |
9,2 |
14,8 |
18,9 |
22,6 |
|
(*1) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex postsa chuntas rialaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/655/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)