An Bhruiséil,15.3.2024

COM(2024) 139 final

2024/0073(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach, trí na Pleananna Straitéiseacha faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), earnáil talmhaíochta atá cliste, iomaíoch, athléimneach agus éagsúlaithe a chothú chun slándáil bia fhadtéarmach a áirithiú. San am céanna, tá sé d’aidhm aige tacú le cosaint an chomhshaoil agus í a neartú, lena n‑áirítear an bhithéagsúlacht agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide, agus chun rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil an Aontais agus cuspóirí an Aontais a bhaineann leis an aeráid a ghnóthú, lena n‑áirítear gealltanais faoi Chomhaontú Pháras, mar aon le creatlach shocheacnamaíoch na limistéar tuaithe a neartú.

D’fhorbair na Ballstáit 28 bPlean Straitéiseacha CBT a d’fhormheas an Coimisiún agus cuireadh i bhfeidhm ar dtús in 2023, rud a sholáthair tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí. tacaíocht le haghaidh scéimeanna comhshaoil, mar aon le tacaíocht le haghaidh earnálacha talmhaíochta áirithe, forbairt tuaithe, agus eolais agus nuálaíochta. Leis na Pleananna Straitéiseacha soláthraítear méadú suntasach ar an gcoimhdeacht i mbainistiú CBT agus treoshuíomh feidhmíochta. Leis an gcaiteachas ní mór rannchuidiú chun 10 gcuspóir shonracha eacnamaíocha, comhshaoil agus shóisialta de CBT a bhaint amach, rud a thomhaistear le sraith táscairí coiteanna.

Is éard atá sna Pleananna Straitéiseacha sin rannchuidiú le clár oibre uaillmhianach an Chomhaontaithe Ghlais ón gCoimisiún, in éineacht le tionscnaimh rialála, infheistíochtaí taighde agus gníomhaíochtaí eile, chun cuspóirí comhshaoil agus aeráide 2050 an Aontais a bhaint amach. I bhfianaise an mhéid sin, le Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT (Rialachán (AE) 2021/2115) tugadh isteach coinníollacha bunlíne níos airde le haghaidh tacaíocht feirme, agus, leis na 28 bPlean Straitéiseacha i dteannta a chéile, leithdháiltear méideanna tacaíochta i bhfad níos airde ar fheirmeoirí le haghaidh cuspóirí comhshaoil agus aeráide i gcomparáid le CBT a bhí ann roimhe seo.

Ar an iomlán, oibríonn an cur chuige nua go maith. Mar sin féin, léirigh an chéad bhliain de chur chun feidhme na bPleananna Straitéiseacha CBT go bhfuil gá le coigeartuithe chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna a áirithiú agus chun an rómhaorlathas a laghdú. Thairis sin, ní féidir cur chun feidhme na bpleananna a mheas gan an plé ar thograí reachtacha eile faoin gComhaontú Glas a chur san áireamh, rud a dhéanfaidh difear, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, d’fheirmeoirí go díreach agus do na ceanglais sna Pleananna Straitéiseacha. Ina theannta sin, comhaontaíodh Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT roimh thús chogadh foghach mórscála na Rúise san Úcráin, a leanann de thionchar láidir a imirt ar mhargaí (agus ar chorrlaigh na bhfeirmeoirí), chomh maith le comhthéacs bheartas talmhaíochta na hEorpa.

Cé gur casta agus éagsúil na cúiseanna le hagóidí forleathana feirmeoirí ar fud Bhallstáit an Aontais, is cuid thábhachtach iad na cúiseanna thuasluaite den chomhthéacs.

Phléigh an Chomhairle Eorpach an 1 Feabhra 2024 na dúshláin roimh an earnáil talmhaíochta lena n‑áirítear na hábhair imní a chuir na feirmeoirí in iúl le linn na n‑agóidí. Agus ról ríthábhachtach CBT á chur i dtábhacht ag an gComhairle Eorpach, d’iarr sí ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún leanúint den obair de réir mar is gá. Chuige sin, tá gá le meon an chomhair idir an Coimisiún Eorpach, institiúidí eile an Aontais, na Ballstáit agus na feirmeoirí. Gheall Uachtarán an Choimisiúin, Von der Leyen, anailís chríochnúil a sheoladh ar an ualach riaracháin ar fheirmeoirí chun réimsí a shainaithint a bhféadfaí feabhas a chur orthu. I measc nithe eile, bunaithe ar an ionchur a fuarthas ó na Ballstáit a bhailigh Uachtaránacht na Comhairle, agus eagraíochtaí feirmeoirí de chuid an Aontais agus Parlaimint na hEorpa, chuir Coimisiún páipéar leathoifigiúil i láthair maidir le gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar mhaithe le simpliú an 22 Feabhra 2024, mar ionchur i bplé na Comhairle.

Dhearbhaigh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an 26 Feabhra 2024 a toil pholaitiúil freagairt go héifeachtach d’ábhair imní na bhfeirmeoirí agus, mar chéad chéim, thacaigh sí le raon beart a áirítear sa pháipéar leathoifigiúil thuasluaite ón gCoimisiún mar thosaíocht le haghaidh freagairt ghearrthéarmach ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair. D’áitigh sí freisin gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar bhunghníomhartha an Chomhbheartais Talmhaíochta agus gur cheart é a thionscnamh a luaithe is féidir. Chomh maith leis sin, d’éist an Coimisiún go cúramach leis na tuairimí a cuireadh in iúl, ag an gcruinniú de Choiste Pharlaimint na hEorpa um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe an 26 Feabhra, le linn an mhalartaithe tuairimí maidir leis an bpacáiste simpliúcháin atá beartaithe le haghaidh feirmeoirí agus údarás riaracháin náisiúnta.

Cuspóir an togra

Leis na tograí sin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún coigeartuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar Rialacháin na bPleananna Straitéiseacha CBT chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí áirithe maidir lena gcur chun feidhme. Leis an gcur chuige spriocdhírithe sin, soláthraíonn an Coimisiún freagairt an-suntasach do na fadhbanna agus ábhair imní a sainaithníodh, agus san am céanna, tá sé d’aidhm aige treoshuíomh foriomlán CBT atá ann faoi láthair a choinneáil agus a chosaint mar aon leis an ról atá aige i dtaca le tacú le haistriú thalmhaíocht na hEorpa chuig an bhfeirmeoireacht inbhuanaithe. Creideann an Coimisiún go n‑éascófar glacadh tapa ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle leis na leasuithe spriocdhírithe sin.

Tá na coigeartuithe dírithe ar athruithe a théann chun tairbhe d’fheirmeoirí chun a n‑ualach riaracháin a laghdú, solúbthachtaí a chuireann ar chumas d’údarás riaracháin náisiúnta an cur chun feidhme a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar chásanna feirmeoirí, athruithe ar an gcothromaíocht idir ceanglais maidir le coinníollachta agus scéimeanna deonacha lena ndreasaítear cleachtais ghlasa, chomh maith le cobhsaíocht an bheartais le linn shaolré na bPleananna Straitéiseacha a chur iúl do thairbhithe. Mar shampla, tabharfaidh na coigeartuithe maidir le coinníollacht níos mó solúbthachta do na Ballstáit maidir le caighdeáin GAEC a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, rud a dhéanfaidh an t‑ualach ar fheirmeoirí a shimpliú, e.g. foráil a dhéanamh maidir le níos mó roghanna i dtaca le conas na ceanglais a chomhlíonadh nó díolúintí nó maoluithe sonracha dea-dhírithe a cheadú, go háirithe i gcás drochaimsire. Laghdófar an t‑ualach riaracháin a bhíonn ar fheirmeoirí beaga (suas le 10 heicteár de limistéir thalmhaíochta, i.e. 65 % d’fheirmeoirí) lena ndíolmhú ó chuairteanna rialaithe chun comhlíonadh na gceanglas coinníollachta a sheiceáil. An tráth céanna, ós rud é go mbeidh feirmeoirí beaga díolmhaithe ó phionóis, simpleofar obair riaracháin na mBallstát freisin, toisc nach mbeidh ar údaráis náisiúnta pionóis a ríomh a d’fhéadfadh teacht faoin íostairseach is infheidhme.

A mhéid a bhaineann leis an togra chun an líon leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a mhéadú, ba cheart a fhágáil leis sin gur féidir leis na Ballstáit a bpleananna straitéiseacha CBT a oiriúnú nuair is gá dálaí athraitheacha d’fheirmeoirí a chur san áireamh. Ar an gcaoi sin, ní fhanfadh ceanglais nach bhfuil údar maith leo a thuilleadh i bhfeidhm, ar chúiseanna riaracháin amháin, rud a fhágfaidh an córas níos simplí.

Tá na Ballstáit freagrach as leas iomlán a bhaint as na forálacha simplithe chun ualach riaracháin na bhfeirmeoirí a laghdú.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na leasuithe atá beartaithe comhsheasmhach le fealsúnacht ghinearálta na mbunghníomhartha CBT atá i bhfeidhm faoi láthair (Rialachán na bPleananna Straitéiseacha agus an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air). Dá bhrí sin, tá an togra comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann faoi láthair.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an togra dlí, déantar coigeartú ar líon teoranta forálacha i rialacháin CBT atá i bhfeidhm faoi láthair, a measadh a bheith comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Airteagal 43(2) CFAE ós rud é, leis an Rialachán, go leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus 2021/2116 atá bunaithe den chuid is mó ar an mbunús dlí sin.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go roinntear an inniúlacht le haghaidh na talmhaíochta idir an tAontas agus na Ballstáit. Feidhmeoidh an tAontas a inniúlacht trí ghníomhartha reachtacha éagsúla a ghlacadh, lena sainítear CBT AE dá bhforáiltear in Airteagail 38 go 44 CFAE agus lena gcuirtear chun feidhme é. Tá Rialacháin (AE) 2021/2115 agus 2021/2116 mar chuid de chreat reachtach CBT an Aontais. D’fhonn deacrachtaí áirithe a mhaolú, simpliú a sholáthar agus ualaí ar fheirmeoirí a bhaint, ní mór na Rialacháin sin a leasú, rud nach féidir a dhéanamh ach ar leibhéal an Aontais.

•Comhréireacht

Ní dhéanann an togra modhnú ar na Rialacháin atá ann cheana ach amháin a mhéid is fíorghá chun na cuspóirí a leagtar amach thuas a bhaint amach.

•An rogha ionstraime

Toisc gur rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad na gníomhartha reachtacha bunaidh, ní mór na leasuithe a thabhairt isteach mar rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I bhfianaise na n‑agóidí feirmeoireachta forleathana agus chun anailís a dhéanamh ar an ualach riaracháin atá ar fheirmeoirí mar aon leis na réimsí atá le feabhsú a shainaithint, scríobh an Coimisiún chuig ceithre phríomheagraíocht feirmeoireachta ar leibhéal an Aontais agus d’iarr orthu tograí le haghaidh bearta ar leibhéal an Aontais (CBT agus reachtaíocht AE eile) lena bhféadfar an t‑ualach riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú. Sheol Uachtaránacht na Beilge ar an gComhairle litir den chineál céanna chuig na hAirí Talmhaíochta, inar iarradh orthu saincheisteanna a shainaithint ar leibhéal an Aontais a lena bhféadfaí an t‑ualach riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú. Chomh maith leis sin, sheol coiste Pharlaimint na hEorpa um thalmhaíocht agus um fhorbairt tuaithe litir ina sainaithnítear sé réimse a measann siad go bhfuil gá le gníomhaíocht choincréiteach láithreach ina leith. Mar gheall ar a phráinní a bhí an togra seo, ní rabhthas in ann gnáthphróiseas comhairliúcháin a dhéanamh.

Tá réimse leathan moltaí agus tograí ann mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin ad hoc sin a mhair seachtain amháin. Tá raon feidhme leathan ag na freagairtí ó údaráis riaracháin na mBallstát uile, agus cé go dtugtar aghaidh i gcuid acu ar dhúshláin phraiticiúla roimh an gcur chun feidhme agus go bhfuil siad indéanta sa ghearrthéarma, tá go leor acu i bhfad níos leithne agus baineann siad le níos mó ná an t‑ualach riaracháin a laghdú, an cur chun feidhme a shimpliú nó cobhsaíocht beartais a chruthú le haghaidh feirmeoirí. Mar thoradh ar an gcomhairliúchán leis na heagraíochtaí feirmeoireachta, iarradh gníomhaíocht phráinneach chun an t‑ualach riaracháin ar fheirmeoirí a shimpliú, ach cuireadh i dtábhacht ann freisin an gá atá le creat beartais cobhsaí comhsheasmhach, agus moladh tuilleadh athchóirithe san fhadtéarma. Ar an gcaoi chéanna, shainaithin coiste Pharlaimint na hEorpa um thalmhaíocht agus um fhorbairt tuaithe roinnt príomhréimsí tosaíochta oibre.

Leag an Coimisiún na moltaí a fuarthas amach i gcúig réimse leathana:

1.Cumhdaíonn an chéad sraith tograí bainistiú Pleananna Straitéiseacha CBT agus baineann siad le nósanna imeachta um pleananna straitéiseacha a leasú (lena n‑áirítear an líon leasuithe ceadaithe), faireachán agus athbhreithniú feidhmíochta (lena n‑áirítear an Tuarascáil Bhliantúil ar Fheidhmíocht), agus gnéithe áirithe den Chóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (simpliú ar mhodheolaíocht measúnaithe cáilíochta an Chórais Faireacháin Limistéir, agus úsáid grianghraf geochlibeáilte, agus Feidhmchláir Gheospásúla) chomh maith leis an gcóras rialaithe agus pionóis (lena n‑áirítear cuíchóiriú na rialuithe uile ar fheirm).

Thug an Coimisiún freagra ar an tsraith tograí sin le roinnt gníomhaíochtaí neamhreachtacha agus chuir sé roinnt tionscnamh spriocdhírithe agus teoranta san áireamh sa togra seo, go háirithe chun leasuithe níos minice ar Phleananna Straitéiseacha CBT a éascú agus chun deireadh a chur le rialuithe coinníollachta le haghaidh feirmeacha beaga.

2.Baineann an dara sraith tograí le gníomhaíochtaí an Phlean Straitéisigh CBT a rachaidh chun tairbhe don chomhshaol agus don aeráid. Baineann go leor tograí le hathruithe (ollmhóra) ar cheanglais agus rialuithe coinníollachta, ach áiríodh tograí eile freisin, e.g. maidir leis an gcóir a thugtar d’fheirmeacha beaga nó bainistiú airgeadais ar idirghabhálacha comhshaoil.

Cheana féin, ghlac an Coimisiún maolú sealadach agus páirteach ar chaighdeán GAEC 8, an chéad cheanglas, le haghaidh 2024 agus leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ina bhfuil coigeartuithe le haghaidh chaighdeán GAEC 1. Ina theannta sin, tá roinnt coigeartuithe spriocdhírithe ar choinníollacht sa togra seo arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le cur chun feidhme. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an cur chuige cruinn beacht sin a úsáid d’fhonn cuspóirí beartais foriomlána Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT a choinneáil mar a léirítear sna cinntí ó na comhreachtóirí in 2021.

3.Baineann tríú sraith tograí le forálacha CBT eile lasmuigh den chomhshaol agus den aeráid, amhail tacaíocht chúpláilte a leathnú, coinníollacht shóisialta a chur siar nó deireadh a chur léi, nó athruithe ar scéimeanna tacaíochta earnála, bearta cur chun cinn agus an fheirmeoireacht orgánach. Iarrtar i moltaí eile go ndéanfaí athmhachnamh níos bunúsaí ar bheartas talmhaíochta an Aontais.

Tá níos mó i gceist le go leor de na moltaí sin ná simpliú agus cur chun feidhme feabhsaithe na bPleananna Straitéiseacha CBT. Thairis sin, seasann an Coimisiún le treoshuímh thábhachtacha Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT, amhail coinníollacht shóisialta. Ina theannta sin, tá roinnt moltaí indéanta cheana féin faoin tsolúbthacht mhéadaithe atá ag na Ballstáit a bhuí leis an tsamhail nua seachadta CBT.

4.Baineann an ceathrú sraith moltaí le hábhair imní maidir le hioncam feirme agus go háirithe le bainistiú riosca agus géarchéime, ina bhfuil moltaí chun tuilleadh cistí CBT a leithdháileadh ar bhainistiú géarchéime, athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha CBT maidir le tacaíocht d’ionstraimí bainistithe riosca agus beart a dhéanamh chun staid na bhfeirmeoirí sa bhiashlabhra a fheabhsú.

Cé gur cheart athruithe ar ghnéithe airgeadais CBT a phlé i gcomhthéacs ullmhú an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile, tá an imní chéanna ar an gCoimisiún maidir le hioncam feirme agus tá sé beartaithe aige gníomhaíochtaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar staid na bhfeirmeoirí sa bhiashlabhra i sruth oibre ar leith.

5.Baineann an cúigiú sraith moltaí, an ceann deiridh, le rialacháin lasmuigh de CBT, amhail dífhoraoisiú, faireachán ar fhoraoisí, rialacha sláintíochta, nó foinsí fuinnimh in-athnuaite.

Tá roinnt athruithe poncúlachta ar ghníomhartha lasmuigh de CBT á meas ag an gCoimisiún, agus tá sé ag obair ar bhearta neamhreachtacha arb é is aidhm dóibh rialacha a shimpliú, agus ní mór athruithe beartais eile a chaibidliú le linn nósanna imeachta reachtacha leanúnacha.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar (níor úsáideadh saineolas seachtrach).

•Measúnú tionchair

I bhfianaise na práinne polaitiúla a bhaineann leis an togra seo a chur síos, arb é is aidhm dó freagairt do ghéarchéim in earnáil talmhaíochta an Aontais, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair, mar a fhoráiltear in Uirlis #1 de threoirlínte an Choimisiúin maidir le ‘rialáil níos fearr’ ina sonraítear an tábhacht a bhaineann le cur i bhfeidhm solúbtha comhréireach. Baineann an togra seo le roinnt leasuithe spriocdhírithe ar Rialacháin (AE) 2021/2115 agus 2021/2116. Ní chuirtear san áireamh go leor de na tograí níos déine chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann leis an ualach riaracháin agus le cur chun feidhme cobhsaí agus éifeachtach CBT, mar a leagadh síos le linn an phróisis chomhairliúcháin ad hoc. Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil cobhsaíocht beartas tábhachtach agus áitíonn sé go bhfuil ag CAP athchóirithe ‘ról tábhachtach chun tacú le hearnáil talmhaíochta an Aontais san aistriú i dtreo samhail feirmeoireachta inbhuanaithe, agus san am céanna, chun tacú le hioncam feirmeoirí mar aon leis an tslándáil bia.’ Tá sé sin bunaithe ar an measúnú seachtrach fairsing sna 28 bPlean straitéiseacha CBT arna bhformheas a choimisiúnaigh an Coimisiún agus a bhí mar bhonn leis an tuarascáil uaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 23 Samhain 2023: “Achoimre ar Phleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh 2023-2027: comhiarracht agus uaillmhian chomhchoiteann” 1 , inar féidir an meastachán thuasluaite a aimsiú. Sa tuarascáil sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin ‘gur uirlis iomchuí iad pleananna straitéiseacha CBT nua chun cuspóirí beartas CBT a shaothrú ar bhealach comhtháite de réir mar a úsáideann na Ballstáit iad chun freagairtí ar na dúshláin ar fud a gcríoch a ullmhú agus a sholáthar, agus tosaíocht á tabhairt san am céanna do chuspóirí agus d’úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.’.

Mar sin féin, léirigh an chéad bhliain de chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT roinnt fadhbanna praiticiúla cur chun feidhme. Ar an gcúis sin, tá gá le coigeartuithe teoranta áirithe ar chreat dlíthiúil an Aontais le haghaidh CBT, anuas ar bhearta neamhreachtacha, chun cur chun feidhme éifeachtach Pleananna Straitéiseacha CBT a áirithiú agus, go háirithe, chun an t‑ualach riaracháin a bhaineann lena gcur chun feidhme a laghdú a thuilleadh.

Comhaontaíodh measúnú tionchair críochnúil ar athchóiriú CBT in 2021 agus rinneadh é. Bhí an measúnú sin ag gabháil leis na tograí a thíolaic an Coimisiún in 2018 2 . Sa mheasúnú tionchair sin tugtar cúlra tábhachtach freisin maidir leis na coigeartuithe atá sa togra seo. Go sonrach, bhain na príomhdhifríochtaí idir na roghanna a ndearnadh measúnú orthu in 2018 le cothromaíocht na gceanglas comhshaoil deonach (‘éiciscéim’) nó éigeantach (‘coinníollacht’). Cé gur meascán den dá chur chuige é an Rialachán a glacadh ar deireadh, léiríonn an measúnú tionchair (lch. 35) na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an dá chur chuige. Ar bhonn an athraithe ar chúrsaí agus ar bhonn na taithí a fuarthas le linn na chéad bhliana den chur i bhfeidhm, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athchothromú a dhéanamh i dtreo cur chuige níos deonaí.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Laghdóidh na tograí go sonrach an t‑ualach ar fheirmeacha beaga, ar micrifhiontair iad. Maidir leis an togra le haghaidh feirmeacha faoi bhun 10 heicteár a dhíolmhú ó rialuithe coinníollachta, déantar difear do 65 % de thairbhithe CBT.

•Cearta bunúsacha 

Urramaítear leis an togra na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar buiséadach ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe 

Mar a leagtar síos in Airteagal 128 de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT, bunaíodh creat feidhmíochta faoi fhreagracht chomhroinnte na mBallstát agus an Choimisiúin. Leis an gcreat feidhmíochta, is féidir tuairisciú, faireachán, agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT le linn chur chun feidhme an phlean. Chumhdófaí na hathruithe sa togra seo leis an gcreat sin.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar (is rialachán é an téacs dlíthiúil).

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Molann an Coimisiún roinnt athruithe ar an gcoinníollacht.

Áirítear foráil ghinearálta lena gceadaítear do na Ballstáit maoluithe sealadacha agus spriocdhírithe ó cheanglais coinníollachta áirithe a cheadú i bhfianaise dálaí aimsire atá ag éirí níos dothuartha agus a d’fhéadfadh cosc a chur ar fheirmeoirí ceanglais a chomhlíonadh, amhail sprioc-amanna i mbliain ar leith. Ar mhaithe le hiomláine an chreata feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta, measfaidh an Coimisiún go gcuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas uair sa bhliain faoi chur chun feidhme maoluithe sealadacha den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 143 de Rialachán (AE) 2021/2115, go háirithe mír 4 den Airteagal sin.

Ceadófar do na Ballstáit freisin díolúintí sonracha a sholáthar ó chaighdeáin 5, 6, 7 agus 9 maidir le Dea-riocht Talmhaíochta agus Comhshaoil Talún(GAEC) lena gcumhdaítear cásanna ina bhfuil baol ann go mbeadh na ceanglais ag teacht salach ar a gcuspóirí, mar shampla mar gheall ar chásanna agranamaíocha sonracha maidir le barra áirithe ar chineálacha sonracha ithreach agus faoi dhálaí peidichlíomacha nó mar gheall ar dhamáiste d’fhéarthailte buana, i measc nithe eile, de dheasca creachadóirí nó speicis ionracha. Maidir le GAECanna aonair, molann an Coimisiún go mbainfí de chaighdeán GAEC 8 an oibleagáid sciar íosta de thalamh arúil a chaitheamh ar limistéir neamhtháirgiúla (talamh ceadaithe) nó ar ghnéithe (fálta, crainn...), agus cosaint na ngnéithe tírdhreacha atá ann cheana a choinneáil an tráth céanna. Ina ionad sin, ceanglaítear ar na Ballstáit éiciscéim a bhunú lena gcuirfear tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí chun sciar de thalamh arúil a choinneáil i riocht neamhtháirgiúil nó chun gnéithe tírdhreacha nua a chruthú. D’áiritheofaí leis sin go dtabharfaí luach saothair sonrach d’fheirmeoirí as na limistéir agus na gnéithe neamhtháirgiúla sin atá tairbheach don bhithéagsúlacht ar thalamh feirme agus ar bhonn níos ginearálta do cheantair thuaithe.

Maidir le caighdeán GAEC 7 lena n‑éilítear uainíocht barr, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún uainíocht na mbarr a choinneáil ach ligean do na Ballstáit an fhéidearthacht a chur leis an gceanglas sin a chomhlíonadh le héagsúlú barr. Cuidíonn éagsúlú barr freisin le hacmhainneacht ithreach a chaomhnú, trí éagsúlacht barr laistigh de bhliain a áirithiú agus, dá bhrí sin, trí uainíocht barr ó bhliain go bliain a chur chun cinn go hindíreach. Creideann an Coimisiún go gcuirfidh an tsolúbthacht sin ar chumas d’fheirmeoirí a ndéanann triomach rialta nó báisteach iomarcach difear dóibh an coinníoll sin a chomhlíonadh ar bhealach atá níos comhoiriúnaí le réaltachtaí na feirmeoireachta. San am céanna, aithníonn an Coimisiún na tairbhí agranamaíocha a bhaineann le huainíocht na mbarr agus cuireann sé sin i dtábhacht. Sin é an fáth a dtugtar cúiteamh, agus ar cheart leanúint de sin, trí éiciscéimeanna, d’uainíocht agus d’ éagsúlú barr níos uaillmhianaí, lena n‑áirítear go háirithe chun barra próitéine a áireamh san uainíocht, chun feabhas a chur ar cháilíocht na hithreach agus ar athléimneacht na feirmeoireachta barr.

Tá cur i bhfeidhm an chaighdeáin chun ithir a chumhdach i dtréimhsí íogaire (caighdeán GAEC 6) ina chúis le déine agus éiginnteacht shuntasach riaracháin d’fheirmeoirí, a thagraíonn go minic do ‘fheirmeoireacht féilire’ nach dtugtar aitheantas leis d’inathraitheacht (mhéadaithe) na haimsire. Chun meon sholúbthacht na bPleananna Straitéiseacha CBT a urramú, molann an Coimisiún a shoiléiriú gur faoi na Ballstáit den chuid is mó a bheidh cur chun feidhme an chaighdeáin coinníollachta sin.

Tá sé beartaithe freisin an líon iarrataí ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT a fhéadfaidh Ballstát a chur isteach a mhéadú, suas le dhá iarraidh in aghaidh na bliana (méadú ó aon cheann amháin in aghaidh na bliana faoi láthair). Tá gá leis sin chun aghaidh a thabhairt níos tapa ar chásanna athraitheacha feirmeoirí, lena n‑áirítear cásanna arb iad teagmhais dhíobhálacha aimsire is cúis leo.

Ar mhaithe leis an ualach a laghdú agus le hintuarthacht mhéadaitheach na tacaíochta faoi CBT d’fheirmeoirí, an oibleagáid atá ar na Ballstáit a bPleananna Straitéiseacha CBT a leasú i gcás modhnuithe ar reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid agus fógra a thabhairt don Choimisiún faoin measúnú sin laistigh de sprioc-am áirithe, tá sé beartaithe í a theorannú do leasuithe ar ghníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, a thiocfaidh i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí. An oibleagáid atá ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlíontar an rannchuidiú níos mó ar an iomlán leis an gcuspóir comhshaoil agus aeráide a leagtar amach in Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/2115, agus ar an gcaoi a rannchuidíonn ailtireacht ghlas CBT le baint amach na spriocanna náisiúnta fadtéarmacha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII den Rialachán sin nó a eascraíonn astu, tá sí fós i bhfeidhm. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún meastachán ar acmhainneacht na bPleananna Straitéiseacha CBT maidir le maolú ar an athrú aeráide le linn na tréimhse 2023-2027.

Tá sé beartaithe Rialachán (AE) 2021/2116 a leasú chun feirmeoirí beaga nach bhfuil níos mó ná 10 heicteár de limistéir thalmhaíochta acu a dhíolmhú ó rialuithe coinníollachta agus ó phionóis. Is é an cuspóir atá ann an t‑ualach riaracháin a laghdú, le haghaidh riaracháin náisiúnta agus feirmeoirí araon, ar ualach é atá nasctha le rialuithe agus bailiú pionós, rud atá níos airde d’fheirmeacha beaga i gcomparáid le cinn níos mó. Ní dhéanfaidh an díolúine d’fheirmeoirí beaga ó rialuithe coinníollachta agus ó phionóis difear do na rialuithe a dhéantar faoi reachtaíocht eile atá mar chuid de na Ceanglais Reachtúla Bhainistíochta (CRBanna). Ina theannta sin, tairbhithe a fhaigheann íocaíochtaí limistéarbhunaithe faoi Phlean Straitéiseach CBT de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 agus faoi chlár forbartha tuaithe a chuirtear chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 go dtí an 31 Nollaig 2025 agus, dá bhrí sin, a chuirtear faoi réir seiceálacha ar choinníollacht de bhun Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart na tairbhithe sin a dhíolmhú ó sheiceálacha tras-chomhlíonta agus ó chur i bhfeidhm pionós de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na mBallstát agus na bhfeirmeoirí cheana féin maidir leis an mbliain éilimh 2024, tá sé beartaithe go mbeidh feidhm chúlghabhálach ag leasuithe ar chaighdeáin GAEC 6, 7 agus 8 chomh maith le díolúine ó phionóis ar fheirmeoirí beaga nach bhfuil níos mó ná 10 heicteár de limistéir thalmhaíochta acu. I bhfianaise an mhéid sin, moltar forálacha idirthréimhseacha le haghaidh na bliana éilimh 2024 chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit leasuithe a chur i bhfeidhm ar a bPleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le caighdeáin GAEC 6, 7 agus 8 sula bhformheasfaidh an Coimisiún na hathruithe sin i gcomhréir le hAirteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115. A mhéid a bhaineann le caighdeán GAEC 8, ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith faoi réir éiciscéimeanna a bheith ann lena gcumhdófar cleachtais chun limistéir neamhtháirgiúla a chothabháil, amhail talamh atá gan chur nó éiciscéimeanna chun gnéithe tírdhreacha nua a bhunú ar thalamh arúil. Mar sin féin, maidir leis an bhféidearthacht, lena n‑áirítear ó thaobh an dlí de, foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar chaighdeáin GAEC 6, 7 agus 8, beidh sí ag brath ar inneachar beacht agus ar dháta theacht i bhfeidhm na leasuithe a áirítear sa Rialachán seo. Ní féidir a chinneadh faoi láthair an féidir foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den sórt sin. Dá bhrí sin, áirítear forálacha gaolmhara Airteagal 3 agus Airteagal 4, an dara fomhír, idir lúibíní sa togra. Ba cheart a n‑indéantacht a phlé leis na comhreachtóirí i bhfianaise inneachar deiridh agus dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2024/0073 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 4 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , bunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Le Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , bunaítear rialacha maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air.

(2)D’ainneoin go dtugtar solúbthacht shubstaintiúil do na Ballstáit leis na Rialacháin sin agus go bhféadfadh sé go laghdófaí ualaí riaracháin ar fheirmeoirí mar gheall orthu, léiríodh go soiléir sa chéad bhliain de chur i bhfeidhm coinchréiteach na Rialachán sin trí Phleananna Straitéiseacha CBT go bhfuil gá le coigeartuithe teoranta áirithe ar chreat dlíthiúil an Aontais le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) chun cur chun feidhme éifeachtach na bPleananna Straitéiseacha CBT a áirithiú agus chun an t‑ualach riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme na bPleananna sin agus le rialú ceanglas áirithe a laghdú.

(3)Ina theannta sin, tá raon eisceachtúil deacrachtaí agus éiginnteachtaí roimh fheirmeoirí. Go háirithe, bhí líon mór teagmhas meitéareolaíoch foircneach ann le cúpla bliain anuas, lena n‑áirítear triomaigh agus tuilte i gcodanna éagsúla den Aontas. Déanann na teagmhais sin difear d’aschur agus d’ioncam, agus bíonn tionchar mór acu freisin ar chur i gcrích agus féilire na ngnáthchleachtas agranamaíoch. Mar gheall ar na praghsanna arda fuinnimh agus ionchuir agus neamhchinnteachtaí a d’eascair as cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, na costais mhaireachtála, boilsciú, laghdú 2023 ar luach táirgthe gránach agus an t‑athrú ar shreafaí trádála idirnáisiúnta, tá feirmeoirí ag dul i ngleic le tuilleadh neamhchinnteachtaí agus brú. Ós rud é go bhfuil na teagmhais sin ag titim amach an tráth céanna, cuirtear brú mór ar fheirmeoirí bainistiú a ngabháltas agus cur i gcrích na gcleachtas agranamaíoch a oiriúnú, mar bhainisteoirí acmhainní nádúrtha agus mar ghníomhaithe eacnamaíocha.

(4)Mar thoradh air sin, is gá athbhreithniú agus simpliú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2021/2115 agus de Rialachán (AE) 2021/2116 chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit a bPleananna Straitéiseacha CBT a oiriúnú níos fearr do riachtanais feirmeoirí agus níos mó solúbthachta a thabhairt d’fheirmeoirí chun a ngníomhaíochtaí talmhaíochta a dhéanamh agus dúshláin mhéadaitheacha, éiginnteachtaí aimsire agus éiginnteachtaí eacnamaíocha á gcur san áireamh.

(5)Le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/2115, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcoinneofar gach limistéar talmhaíochta, lena n‑áirítear talamh nach n‑úsáidtear a thuilleadh chun críoch táirgthe, i ndea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil. Socróidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, na híoschaighdeáin d’fheirmeoirí agus tairbhithe eile le haghaidh gach ceann de na caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún (GAEC) a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin i gcomhréir le príomhchuspóir na gcaighdeán dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. Bíonn tionchar ag go leor tosca ar chuspóir na cosanta ithreach agus na cáilíochta ithreach a shaothraítear le caighdeáin GAEC 5, 6 agus 7, amhail cineál ithreach, na barra a roghnaítear, dálaí aeráide agus aimsire nó an úsáid talún faoi láthair agus san am atá caite agus córais feirmeoireachta, cuir i gcás feirmeoireacht orgánach a éilíonn cur chuige difriúil i leith oibríochtaí áirithe. Is léir ón taithí a fuarthas, i gcás ina bhforchuirtear ceanglais áirithe, gan aird chuí a thabhairt ar na tosca sin, amhail srianta ar churaíocht nó oibleagáidí cur le linn tréimhse shonrach, go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach aige sin ar ithreacha áirithe nó ar bharra áirithe, agus go mbeadh riosca ann go fiú go gcuirfí in aghaidh chuspóir na cosanta ithreach. Le caighdeán GAEC 9, cuirtear toirmeasc ar fhéarthailte buana a thiontú nó a threabhadh, ar féarthailte buana iad atá ainmnithe mar fhéarthailte buana íogaire comhshaoil i laithreáin Natura 2000. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh sé go mbeadh cásanna eisceachtúla ann ina ndéanann creachadóirí nó speicis ionracha, mar shampla, damáiste don fhéarthalamh buan íogair comhshaoil sin, agus ina bhféadfadh gá a bheith le bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin, lena n‑áirítear eisceachtaí ón toirmeasc ar threabhadh na limistéar lena mbaineann, chun an féarthalamh buan sin a athbhunú, chun a áirithiú go mbeidh ceanglais chaighdeán GAEC 9 ina rannchuidiú le cosaint na ngnáthóg agus na speiceas.

(6)Mar thoradh ar an líon teagmhas meitéareolaíoch foircneach agus cásanna ina ndéantar damáiste d’fhéarthailte buana atá ainmnithe mar fhéarthailte buana íogaire comhshaoil, líon atá ag dul i méid mar gheall ar thosca amhail creachadóirí nó speicis ionracha, éiríonn fadhbanna sonracha a bhaineann le cur i bhfeidhm cheanglais chaighdeáin GAEC 5, 6, 7 agus 9 níos coitianta, ar fadhbanna iad nach mór do na Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu. Tá baol ann freisin go mbeadh na ceanglais sin díréireach i bhfianaise a rannchuidithe iarbhír le cuspóir na cosanta ithreach i gcás chaighdeáin GAEC 5, 6 agus 7 agus an cuspóir maidir le cosaint gnáthóg agus speiceas i gcás chaighdeán GAEC 9. Chun cásanna den sórt sin a sheachaint, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit díolúintí sonracha ó chaighdeáin GAEC 5, 6, 7 agus 9 a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcaighdeán GAEC sin, díolúintí a bheadh bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, cuir i gcás cineálacha ithreach, barr nó córas feirmeoireachta, nó damáiste d’fhéarthailte buana, i measc nithe eile, mar gheall ar chreachadóirí nó speicis ionracha. Ba cheart na díolúintí sin a theorannú i dtéarmaí a gcumhdaigh limistéir agus níor cheart iad a bheith ina mbac ar rannchuidiú na gcaighdeán sin lena bpríomhchuspóirí, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115.

(7)Maidir le dálaí aimsire agus an tionchar a bheadh acu sin ar dhálaí limistéar talmhaíochta, d’fhéadfadh sé sin cosc a chur ar fheirmeoirí agus ar thairbhithe eile ceanglais na gcaighdeán GAEC a chomhlíonadh, amhail teorainneacha ama agus tréimhsí le haghaidh oibríochtaí, in aon bhliain ar leith. Ionas nach mbeidh ar fheirmeoirí aghaidh a thabhairt ar na ceanglais sin agus nach mbeidh orthu, mar shampla, barra a chur faoi dháta áirithe cé nach féidir na hoibríochtaí is gá a dhéanamh mar gheall ar na dálaí aimsire sa bhliain áirithe sin, nó dá ndéanfaidís é sin, bheadh tionchar diúltach aige ar an ithir, amhail balcadh ithreach, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit, agus na híoschaighdeáin a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/2115 á gcur chun feidhme acu, foráil a dhéanamh maidir le maoluithe sealadacha ar na ceanglais sin. Ba cheart na maoluithe sealadacha sin a bheith teoranta i dtéarmaí a raoin feidhme d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile nó do limistéir dá ndéantar difear mar gheall ar na dálaí aimsire, agus níor cheart do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm ach ar feadh na tréimhse a mbeidh fíorghá leo.

(8)Le Rialachán (AE) 2021/2115, déantar foráil maidir le roinnt eilimintí agus uirlisí do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir sonrach, mar atá rannchuidiú le deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus í a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú, cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), den Rialachán sin. Ceann de na heilimintí sin is ea an córas coinníollachta. Go háirithe, i gcaighdeán GAEC 8, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, tá roinnt ceanglas, lena n‑áirítear oibleagáid sciar áirithe de thalamh arúil a dhíriú ar limistéir agus gnéithe neamhtháirgiúla. Is é príomhchuspóir chaighdeán GAEC 8, gnéithe agus limistéir neamhtháirgiúla a chothabháil chun bithéagsúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú. Féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha a dhearadh freisin lena dtacaítear leis an gcuspóir sin, mar shampla, éiciscéimeanna, dá dtagraítear in Airteagal 31(4), pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/2115. I gcomhthéacs na ndúshlán agus na neamhchinnteachtaí a eascraíonn as teagmhais dhíobhálacha agus neamhchinnteachtaí eacnamaíocha a bheith ann an tráth céanna, is léir ón taithí a fuarthas gur gá an chothromaíocht idir na huirlisí beartais éagsúla a chuireann le cosaint agus le feabhsú na bithéagsúlachta a choigeartú chun níos mó solúbthachta a thabhairt d’fheirmeoirí chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin ag brath ar chás sonrach a ngabháltais agus chun cúiteamh airgeadais feabhsaithe a sholáthar as an rannchuidiú sin.

(9)Go sonrach, an oibleagáid maidir le sciar de thalamh arúil a dhíriú ar limistéir agus gnéithe neamhtháirgiúla, ós rud é go bhfuil an oibleagáid sin ina cuid de chaighdeán GAEC 8, an chéad cheanglas, faoi láthair, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, ní mór d’fheirmeoirí atá ag cur isteach ar íocaíochtaí díreacha agus idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagail 70, 71 agus 72 den Rialachán sin, an ceanglas sin a urramú gan aon chúiteamh ar na costais a tabhaíodh ná ar an ioncam a tarscaoileadh. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh ualach airgeadais tábhachtach a bheith i gceist leis sin ar na feirmeoirí agus ar na tairbhithe lena mbaineann, go háirithe ós rud é nach féidir aon táirgeadh barr ná ainmhithe a dhéanamh ar an talamh arúil atá dírithe ar limistéir nó gnéithe neamhtháirgiúla faoi chaighdeán GAEC 8, an chéad cheanglas. I bhfianaise an ualaigh agus na n‑iarmhairtí d’fheirmeoirí áirithe agus raon eisceachtúil na ndeacrachtaí agus na n‑éiginnteachtaí atá rompu, is fearr aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le limistéir agus gnéithe neamhtháirgiúla a bheith ar thalamh arúil trí uirlis lena dtabharfaí níos mó solúbthachta, agus níos tábhachtaí ná sin, lena dtabharfaí dreasacht trí chúiteamh a sholáthar, ar a laghad, as cuid de na costais a tabhaíodh agus den ioncam a tarscaoileadh a bhaineann le limistéir agus gnéithe neamhtháirgiúla den sórt sin. Dá réir sin, ba cheart Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun a áirithiú go dtabharfaidh na Ballstáit tacaíocht d’éiciscéimeanna lena gcumhdaítear cleachtais chun limistéir neamhtháirgiúla a chothabháil, amhail talamh atá gan chur, agus chun gnéithe tírdhreacha nua a bhunú, ar thalamh arúil.

(10)An tráth céanna, ba cheart an córas coinníollachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/2115 a choigeartú tríd an gcéad cheanglas de chaighdeán GAEC 8, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, a scriosadh. An oibleagáid gnéithe tírdhreacha a chosaint chomh maith leis an gcosc ar fhálta agus crainn a ghearradh le linn shéasúr goir agus tógála na n‑éan, atá ina cuid de na ceanglais faoi chaighdeán GAEC 8, ba cheart í a choinneáil ar bun mar chuid den chóras coinníollachta chun a áirithiú go gcosnófar gnéithe tírdhreacha atá ann cheana i limistéir talmhaíochta.

(11)Ba cheart solúbthacht bhreise a thabhairt do na Ballstáit chun a bPleananna Straitéiseacha CBT a leasú agus, an tráth céanna, cobhsaíocht na straitéise, inbhainistitheacht na bPleananna Straitéiseacha CBT, mar aon le héifeachtúlacht riaracháin an phróisis leasaithe a áirithiú. Is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh sé a bheith dúshlánach aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha CERT agus CETFT araon in aon iarraidh amháin ar leasú. An tráth céanna, ba cheart teorainn a chur le líon na leasuithe in aghaidh na bliana féilire chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain ama ag na feirmeoirí agus ag na tairbhithe eile chun na leasuithe a chur san áireamh, agus chun an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit a theorannú agus é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na leasuithe le creat dlíthiúil an Aontais a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa chreat dlíthiúil sin. Ar na cúiseanna sin, ba cheart uaslíon na n‑iarrataí ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a mhéadú go dtí dhá iarraidh ar leasú in aghaidh na bliana féilire.

(12)De réir Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2021/2115, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar cé acu is gá nó nach gá a bPleananna Straitéiseacha CBT a leasú i gcás modhnuithe ar ghníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus fógra a thabhairt don Choimisiún faoina measúnú laistigh de sprioc-am áirithe. Ós rud é go raibh ualach mór ar na Ballstáit mar gheall ar an oibleagáid sin agus gur cheart na hiarrachtaí a bheadh ar na Ballstáit a chur isteach sa mheasúnú ar feadh a bhfuil fágtha de chlárthréimhse na bPleananna Straitéiseacha CBT reatha a bheith teoranta, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid maidir le leasuithe ar ghníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2025.

(13)Is léir ón taithí a fuarthas go gcruthaítear dúshláin d’fheirmeoirí i gcás ina dtarlaíonn roinnt teagmhas díobhálach go comhuaineach, rud a éilíonn solúbthacht mhéadaithe agus simpliú a dhéanamh ar chur chun feidhme na bPleananna Straitéiseacha CBT, maidir le caighdeáin GAEC áirithe, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115.

(14)Is é príomhchuspóir chaighdeán GAEC 6 cosaint ithreach a áirithiú sna tréimhsí is íogaire trí bhíthin cumhdach íosta ithreach chun ithreacha loma a sheachaint i dtréimhsí íogaire den sórt sin. Níos tábhachtaí fós ná i gcás caighdeáin GAEC eile, bíonn tionchar ag raon leathan tosca ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na gceanglas faoin gcaighdeán GAEC sin. Go háirithe, féadfar an cumhdach íosta ithreach a áirithiú ar bhealaí éagsúla, a bhraitheann ní hamháin ar dhálaí aeráide agus ithreach, ach freisin ar thosca amhail an barr a roghnaítear agus fad an tséasúir fáis in aon bhliain ar leith. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tréimhsí íogaire éagsúla a bheith ann ag brath go háirithe ar dhálaí sonracha ithreach agus aeráide. Thairis sin, agus roghanna táirgeachta á ndéanamh acu agus go háirithe cinntí curtha, ní mór d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile a bheith in ann réiteach a dhéanamh idir urramú cheanglais chaighdeán GAEC 6 agus dálaí aimsire nach féidir a thuar. I bhfianaise na dtosca sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na ceanglais sin de chaighdeán GAEC 6 a bhainistiú ar bhealach níos solúbtha, i gcomparáid le caighdeáin GAEC eile, ar bhealach lena n‑áirithítear rannchuidiú na gceanglas sin le príomhchuspóir an chaighdeáin sin agus raon tosca, amhail dálaí ithreach agus aeráide, á gcur san áireamh.

(15)Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit príomheilimintí chaighdeán GAEC 6 a chinneadh agus achoimre a dhéanamh orthu sna Pleananna Straitéiseacha CBT, i gcomhréir le hAirteagal 109(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagail 13(1) agus 109(2) agus Airteagail 118 agus 119 den Rialachán sin, go mbeidh caighdeán GAEC 6 arna chinneadh ag na Ballstáit, ar an iomlán, i gcomhréir le príomhchuspóir an chaighdeáin GAEC sin.

(16)Is é príomhchuspóir chaighdeán GAEC 7 a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 acmhainn na hithreach a chaomhnú. Ós rud é go bhféadfadh éagsúlú barr a bheith ina rannchuidiú freisin le hacmhainn na hithreach a chaomhnú agus, an tráth céanna, a bheith níos simplí d’fheirmeoirí áirithe a chur chun feidhme i gcomhthéacs an iliomad brúnna agus dúshlán atá rompu faoi láthair, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a cheadú d’fheirmeoirí caighdeán GAEC 7 a chomhlíonadh freisin trí éagsúlú barr. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart íoscheanglais maidir le héagsúlú barr a leagan síos.

(17)Tá sé tábhachtach go leanfaidh an Comhbheartas Talmhaíochta de bheith ina rannchuidiú leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (d) go (g) de Rialachán (AE) 2021/2115 trí na ceanglais coinníollachta. Tá sé tábhachtach freisin go n‑áiritheofar cobhsaíocht na gceanglas sin mar bhonnlíne choiteann do na Ballstáit agus d’fheirmeoirí. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais coinníollachta fós maidir le gach feirmeoir. Mar sin féin, an t‑ualach riaracháin a bhaineann le rialuithe na gceanglas coinníollachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2116, d’fhéadfadh sé a bheith díréireach ard ar fheirmeoirí beaga agus ar an riarachán náisiúnta. Dá bhrí sin, i dteannta na solúbthachtaí a mhéid a bhaineann le caighdeáin GAEC 6, 7 agus 8, ba cheart an t‑ualach ar fheirmeoirí beaga agus ar riaracháin náisiúnta a bhaineann le rialuithe dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2021/2116 a laghdú. Maidir le feirmeoirí a bhfuil uasmhéid gabháltais nach mó ná 10 heicteár acu de limistéar talmhaíochta, níor cheart, dá bhrí sin, iad a rialú faoin gcóras coinníollachta a mhéid a bhaineann le hurramú na gceanglas reachtúil bainistíochta faoi dhlí an Aontais agus na ceanglais maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún. Ós rud é gur 65 % de thairbhithe CBT atá sna feirmeoirí beaga sin ach nach bhfuil acu ach thart ar 10 % den limistéar talmhaíochta iomlán, dhéanfadh sé sin an obair a shimpliú le haghaidh roinnt mhaith feirmeoirí agus riaracháin náisiúnta ach ní chuirfeadh sé isteach go mór ar ról na gceanglas coinníollachta maidir le rannchuidiú lena gcuspóirí mar gheall ar an limistéar talmhaíochta measartha beag atá á bhainistiú ag feirmeoirí beaga.

(18)Ós rud é go bhfuil an limistéar talmhaíochta atá á bhainistiú ag feirmeoirí beaga teoranta agus go mbíonn na pionóis íseal i gcoitinne d’fheirmeoirí beaga, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh cur i bhfeidhm pionós ualach díréireach ar riarachán na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart feirmeoirí beaga, atá díolmhaithe ó na rialuithe, a dhíolmhú freisin ó chur i bhfeidhm pionós riaracháin i gcás neamh-chomhlíonadh na gceanglas coinníollachta.

(19)Chun costais riaracháin iomarcacha agus ualaí riaracháin iomarcacha a bhaineann le coinníollacht agus seiceálacha tras-chomhlíonta a sheachaint, tairbhithe a fhaigheann íocaíochtaí limistéarbhunaithe faoi Phlean Straitéiseach CBT de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 agus faoi chlár forbartha tuaithe a chuirtear chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 go dtí an 31 Nollaig 2025 agus, dá bhrí sin, a chuirtear faoi réir seiceálacha ar choinníollacht de bhun Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart na tairbhithe sin a dhíolmhú ó sheiceálacha tras-chomhlíonta agus ó chur i bhfeidhm pionós de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

(20)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 2021/2115 agus (AE) Uimh. 2021/2116 a leasú dá réir.

(21)[Chun a áirithiú go gcuirfear na bearta a leagtar síos in Airteagal 1(6), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo chun feidhme go rianúil, is gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT arna gcur isteach ag na Ballstáit lena bhformheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 in 2024 agus a mhéid a bhaineann le héifeachtaí na leasuithe sin in 2024 sula bhformheasfaidh an Coimisiún na leasuithe sin.]

(22)Chun cur chun feidhme rianúil na mbeart atá beartaithe a áirithiú agus ar bhonn práinne i bhfianaise raon eisceachtúil na ndeacrachtaí agus na n‑éiginnteachtaí atá roimh fheirmeoirí, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(23)[Chun ualach riaracháin díréireach ar fheirmeoirí beaga agus ar údaráis náisiúnta a sheachaint, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an díolúine ó phionóis a bhaineann le neamh-chomhlíonadh na gceanglas coinníollachta nó na gceanglas tras-chomhlíonta a mhéid a bhaineann leis an mbliain éilimh 2024.]

(24)[Ós rud é gur thosaigh an bhliain éilimh 2024 an 1 Eanáir 2024, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 1(6), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo maidir leis an mbliain éilimh 2024, chun an deis a thabhairt do na Ballstáit na leasuithe dá dtagraítear ann a chur i bhfeidhm le haghaidh na bliana éilimh 2024.]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2115

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:

(1)leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) is é a bheidh i gceist le “talamh arúil” talamh a shaothraítear le haghaidh táirgeadh barr nó na limistéir atá ar fáil le haghaidh táirgeadh barr ach ar talamh é atá gan chur; sa bhreis air sin, is é a bheidh inti, ar feadh fhad an ghealltanais, talamh a shaothraítear do tháirgeadh barr nó limistéir atá ar fáil le haghaidh táirgeadh barr ach ar talamh é atá gan chur a cuireadh i leataobh i gcomhréir le hAirteagal 31 nó le hAirteagal 70 den Rialachán seo, nó le hAirteagal 22, Airteagal 23 nó Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle(*), nó le hAirteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle(**), nó le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(***);

________________

(*) Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Rialacháin áirithe ( IO L 160, 26.6.1999, lch. 80 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/1999/1257/oj ).

(**)Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ( IO L 277, 21.10.2005, lch. 1 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2005/1698/oj ).

(***)Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle ( IO L 347, 20.12.2013, lch. 487 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj ).’;

(b)i mír 4, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) aon limistéar den ghabháltas:

(i)a chumhdaítear le gnéithe tírdhreacha atá faoi réir na hoibleagáide coinneála faoi chaighdeán GAEC 8 a liostaítear in Iarscríbhinn III; nó

(ii)a bhunaítear nó a choimeádtar, fad a mhaireann gealltanas ábhartha an fheirmeora, mar thoradh ar éiciscéim dá dtagraítear in Airteagal 31.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit amhlaidh, féadfaidh gnéithe tírdhreacha eile a bheith i ‘heicteár incháilithe’, ar choinníoll nach bhfuil siad ceannasach agus nach gcuirfidh siad bac suntasach ar fheidhmíocht na gníomhaíochta talmhaíochta i ngeall ar an limistéar ina bhfuil siad ar an dáileacht talmhaíochta. Agus an prionsabal sin á chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit sciar uasta den dáileacht talmhaíochta a chumhdaítear leis na gnéithe tírdhreacha eile sin a shocrú.

A mhéid a bhaineann le féarthailte buana a bhfuil gnéithe scaipthe neamh-incháilithe iontu, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh comhéifeachtaí laghdaithe seasta a chur i bhfeidhm chun an limistéar a mheastar a bheith incháilithe a chinneadh.’;

(2)leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar gach limistéar talmhaíochta, lena n‑áirítear talamh nach n‑úsáidtear a thuilleadh chun críoch táirgthe, i ndea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil. Socróidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, na híoschaighdeáin d’fheirmeoirí agus tairbhithe eile le haghaidh gach ceann de na caighdeáin GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcomhréir le príomhchuspóir na gcaighdeán dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. Agus na caighdeáin á socrú ag na Ballstáit, cuirfidh siad san áireamh, i gcás inarb ábhartha, saintréithe na limistéar lena mbaineann lena n‑áirítear dálaí ithreach agus aeráide, na córais feirmeoireachta atá ann cheana, úsáid na talún amhail cleachtais feirmeoireachta, méid feirme agus struchtúir feirme, agus sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí.

Agus caighdeáin GAEC 5, 6, 7 nó 9 a liostaítear in Iarscríbhinn III á socrú ag na Ballstáit, féadfaidh siad díolúintí sonracha ó cheanglais na gcaighdeán sin a bhunú. Na díolúintí sonracha ó chaighdeáin GAEC 5, 6, 7 nó 9, beidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, cuir i gcás barra, cineálacha ithreach agus córas feirmeoireachta, nó damáiste d’fhéarthailte buana, i measc nithe eile, mar gheall ar chreachadóirí nó speicis ionracha, agus beidh siad teoranta i dtéarmaí a gcumhdaigh limistéir. Ní bhunófar na díolúintí sonracha ach amháin i gcás ina bhfuil gá leo agus a mhéid atá gá leo chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcaighdeán sin agus ní chuirfear isteach go mór ar rannchuidiú gach ceann de na caighdeáin sin lena bpríomhchuspóirí mar gheall ar na díolúintí, príomhchuspóirí a liostaítear in Iarscríbhinn III.’;

(b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

‘2a. Agus na híoschaighdeáin a shocraítear i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 á gcur chun feidhme ag na Ballstáit, féadfaidh siad maoluithe sealadacha a cheadú ar cheanglais amhail teorainneacha ama agus tréimhsí a leagtar síos sna caighdeáin sin i gcás dálaí aimsire lena gcuirtear cosc ar fheirmeoirí agus ar thairbhithe eile na ceanglais sin a chomhlíonadh in aon bhliain ar leith. Beidh na maoluithe sealadacha sin teoranta i dtéarmaí a raoin feidhme d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile nó do limistéir dá ndéantar difear mar gheall ar na dálaí aimsire, agus ní chuirfear i bhfeidhm iad ach ar feadh na tréimhse a mbeidh fíorghá leo.’;

(3)in Airteagal 31, cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a. Mar chuid de na héiciscéimeanna dá dtagraítear i mír 1, bunóidh na Ballstáit scéimeanna lena gcumhdaítear cleachtais chun limistéir neamhtháirgiúla a chothabháil, cuir i gcás talamh branair, agus chun gnéithe tírdhreacha nua a bhunú, ar thalamh arúil, agus cuirfidh siad tacaíocht ar fáil do na scéimeanna sin. Beidh na scéimeanna sin deonach d’fheirmeoirí gníomhacha agus do ghrúpaí feirmeoirí gníomhacha.’;

(4)in Airteagal 119, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7. Féadfar iarraidh ar leasú an Phlean Straitéisigh CBT a thíolacadh dhá uair in aghaidh na bliana féilire faoi réir díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó arna gcinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 122. Ina theannta sin, féadfar trí iarraidh bhreise ar leasú an Phlean Straitéisigh CBT a thíolacadh le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le hiarrataí ar leasuithe chun na heilimintí atá in easnamh a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 118(5).’;

(5)in Airteagal 120, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le leasuithe ar ghníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2025.’

(6)leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)sa tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘GAEC 6’:

‘

GAEC 6

Cumhdach iosta ithreach chun nach mbeidh an ithir lom ann le linn na dtréimhsí is íogaire, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit****.

Cosaint ithreacha le linn na dtréimhsí is íogaire

(****) Féadfaidh na Ballstáit, go háirithe, an tréimhse fáis ghearr a eascraíonn as fad agus déine thréimhse an gheimhridh sna réigiúin lena mbaineann a chur san áireamh.’



(b)sa tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘GAEC 7’:

‘

GAEC 7

Uainíocht na mbarr i dtalamh arúil, seachas i gcás barra a fhásann faoi uisce. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cead a thabhairt d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile an caighdeán sin a chomhlíonadh le héagsúlú barr(*****).

Acmhainn na hithreach a chaomhnú

(*****) Is é a bheidh san uainíocht athrú barr ar leibhéal na dáileachta talún (seachas i gcás barra ilbhliantúla, féar agus foráiste luibheach eile, agus talamh atá gan chur), lena n‑áirítear na barra tánaisteacha a bhainistítear go hiomchuí.

Ar bhonn éagsúlacht na modhanna feirmeoireachta agus na ndálaí agra-aeráide, féadfaidh na Ballstáit a údarú sna réigiúin lena mbaineann cleachtais eile maidir le huainíocht fheabhsaithe barr le barra léagúmacha nó le héagsúlú barr a bhfuil sé d’aidhm acu acmhainn na hithreach a fheabhsú agus a chaomhnú i gcomhréir le cuspóirí an chaighdeáin GAEC sin.

Agus ceanglais éagsúlaithe barr á sainiú acu, urramóidh na Ballstáit na híoscheanglais seo a leanas:

- i gcás ina mbeidh méid na talún arúla i ngabháltas idir 10 heicteár agus 30 heicteár, is é a bheidh san éagsúlú barr talamh arúil gabháltais a shaothrú le dhá bharr éagsúla ar a laghad. Ní bheidh níos mó ná 75 % den talamh arúil sin faoin bpríomhbharr.

- i gcás ina mbeidh méid na talún arúla i ngabháltas níos mó ná 30 heicteár, is é a bheidh san éagsúlú barr talamh arúil gabháltais a shaothrú le trí bharr éagsúla ar a laghad ar an talamh arúil sin. Ní bheidh níos mó ná 75 % den talamh arúil sin faoin bpríomhbharr agus ní bheidh níos mó ná 95 % den talamh arúil sin faoin dá phríomhbharr le chéile.

Féadfaidh na Ballstáit gabháltais talún a dhíolmhú ó na hoibleagáidí sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil níos mó ná 75 % den talamh arúil in úsáid chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, gan chur, nó in úsáid chun barraí léagúmacha a shaothrú, nó faoi réir teaglaim de na húsáidí sin;

(b) i gcás ina bhfuil níos mó ná 75 % den talamh arúil in úsáid chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, gan chur, nó in úsáid chun barra a bhíonn faoi uisce ar feadh cuid shuntasach den bhliain nó cuid shuntasach de thimthriall na mbarr a shaothrú, nó faoi réir teaglaim de na húsáidí sin; nó

(c) i gcás ina bhfuil suas le 10 heicteár de thalamh arúil sa ghabháltas.

Féadfaidh na Ballstáit uasteorainn a thabhairt isteach maidir leis an limistéar a chumhdaítear le barr aonair chun monashaothrú mór a chosc.

Measfar go gcomhlíonann feirmeoirí a dheimhnítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848(******) an caighdeán GAEC sin.

________________

(******) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj) .’;

(c)sa tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘GAEC 8’:

‘

GAEC 8

— Gnéithe den tírdhreach a choinneáil

—·Cosc ar fhálta agus crainn a ghearradh le linn shéasúr goir agus tógála na n‑éan

—·Mar rogha, bearta chun speicis ionracha phlandaí a chosc

Gnéithe neamhtháirgiúla a chothabháil chun an bhithéagsúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú

’ 

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2116

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2116 mar a leanas:

(1)in Airteagal 83, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. De mhaolú ar mhír 1, feirmeoirí a bhfuil uasmhéid gabháltas acu nach mó ná 10 heicteár de limistéar talmhaíochta arna dhearbhú i gcomhréir le hAirteagal 69(1), beidh siad díolmhaithe ó rialuithe faoin gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.’

(2)in Airteagal 84, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 3 agus ar Airteagal 85, feirmeoirí a bhfuil uasmhéid gabháltas acu nach mó ná 10 heicteár de limistéar talmhaíochta arna dhearbhú i gcomhréir le hAirteagal 69(1), beidh siad díolmhaithe ó na pionóis dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 agus in Airteagal 85;’

(3)in Airteagal 104, (1), an dara fomhír, pointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

‘(iv) a mhéid a bhaineann le CETFT, i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, cé is moite d’Airteagail 96 agus 97 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann le tairbhithe a chuirtear faoi réir an chórais rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 83 den Rialachán seo;’

[Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

(1)De mhaolú ar Airteagal 119(8), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115, an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis na leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le CERT arna gcur isteach ag na Ballstáit lena bhformheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 119(2) den Rialachán sin i leith na bliana éilimh 2024 i ndáil le heilimintí a leagtar síos in Airteagal 1(6), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo, ní bheidh an dáta sin faoi réir fhormheas an Choimisiúin.

(2)De mhaolú ar Airteagal 119(11) de Rialachán (AE) 2021/2115, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh le haghaidh na bliana éilimh 2024 go bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le heilimintí a leagtar síos in Airteagal 1(6), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo, sula bhformheasfaidh an Coimisiún iad. Maidir leis an eilimint a leagtar síos in Airteagal 1(6), pointe (c), den Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit an cinneadh sin a dhéanamh ach amháin má dhéanann siad scéim a chur i bhfeidhm maidir leis an mbliain éilimh 2024 lena gcumhdaítear cleachtais chun limistéir neamhtháirgiúla, amhail talamh atá gan chur, nó chun gnéithe tírdhreacha nua a bhunú, ar thalamh arúil, dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115.

Agus an cinneadh sin á dhéanamh ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go n‑urramófar prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha feirmeoirí agus tairbhithe eile a chosaint, agus go gcuirfear san áireamh an gá atá ann go mbeadh a ndóthain ama ag feirmeoirí agus tairbhithe eile chun na leasuithe a chomhlíonadh.]

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

[Beidh feidhm ag Airteagal 1(6), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 2, pointí (2) agus (3), maidir leis an mbliain éilimh 2024.]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2023) 707 final an 23.11.2023.
(2)    SWD(2018) 301 final an 1.6.2018.
(3)    IO C […], […], lch. […].
(4)    IO C […], […], lch. […].
(5)    Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj ).
(6)    Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj ).
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj ).