|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1966 |
29.9.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1966 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meán Fómhair 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Airí Chomhairle na hEorpa i ndáil le síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1) maidir leis na hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus le Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle (2) i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. Tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún faoi láthair, an tAontas agus 22 Bhallstát san áireamh. |
|
(2) |
Is é Coiste Airí Chomhairle na hEorpa (‘an Coiste Airí’) comhlacht cinnteoireachta Chomhairle na hEorpa. Tá gach duine de 46 chomhalta de Chomhairle na hEorpa i dteideal ionadaí amháin ar angCoiste Airí, agus tá gach ionadaí i dteideal vóta amháin. Tá na Ballstáit uile ina gcomhaltaí de Chomhairle na hEorpa agus, dá bhrí sin, tá ionadaíocht acu ar an gCoiste Airí. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 76(1) den Choinbhinsiún, féadfaidh an Coiste Airí, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe sa Choinbhinsiún agus toiliú d’aon toil a fháil uathu, a iarraidh ar Stát nach comhalta de Chomhairle na hEorpa é aontú don Choinbhinsiún. Chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh, is gá tromlach dhá thrian den Choiste Airí agus vóta d’aon toil ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún atá i dteideal suí ar an gCoiste Airí. |
|
(4) |
An 22 Aibreán 2020, chinn an Coiste Airí a iarraidh ar an gCasacstáin aontú don Choinbhinsiún. De bhun an chinnidh sin, bhí an iarraidh bailí ar feadh 5 bliana ó dháta a ghlactha, is é sin, go dtí an 23 Aibreán 2025. |
|
(5) |
Le litir dar dáta an 3 Aibreán 2025, d’iarr an Chasacstáin síneadh 2 bhliain a chur leis an spriocdháta le haghaidh aontachas na Casacstáine leis an gCoinbhinsiún, go dtí an 23 Aibreán 2027, chun go mbeidh sí in ann a nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt i gcrích. |
|
(6) |
Tá coinne leis go nglacfaidh an Coiste Airí, ag an gcruinniú a bheidh aige i mí Mheán Fómhair 2025, cinneadh lena gcuirfear síneadh 2 bhliain leis an spriocdháta le haghaidh aontachas na Casacstáine leis an gCoinbhinsiún. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Airí a leagan síos maidir le síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh aontachas na Casacstáine leis an gCoinbhinsiún ós rud é go bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag an síneadh sin ar an Aontas. Is é an éifeacht a bheadh ag an síneadh sin na athnuachan a dhéanamh ar an iarraidh éagtha ar an gCasacstáin aontú don Choinbhinsiún agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh bunú caidrimh chonarthaigh idir an tAontas agus an Chasacstáin a bheith mar thoradh air faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin. D’fheadfadh an cinneadh tionchar a imirt freisin ar an gcaoi a ndéantar cinntí i gCoiste na bPáirtithe sa Choinbhinsiún. |
|
(8) |
Rachadh aontachas na Casacstáine don Choinbhinsiún chun tairbhe don Aontas ós rud é go leathnófaí leis caighdeáin uaillmhianacha an Choinbhinsiúin chuig an tír sin. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais síneadh 2 bhliain a chur leis an spriocdháta le haghaidh aontachas na Casacstáine leis an gCoinbhinsiún chun go mbeidh sí in ann a nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt i gcrích. |
|
(9) |
Ós rud é nach comhalta de Chomhairle na hEorpa é an tAontas ach gur comhaltaí iad na Ballstáit uile, tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú Choiste Airí Chomhairle na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2025 tacú le síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac go dtí an 23 Aibreán 2027.
Airteagal 2
Na Ballstáit sin is comhaltaí de Choiste Airí Chomhairle na hEorpa, cuirfidh siad an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1966/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)