28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 56/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/340 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2022

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe bhfianaise na staide sa tSomáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Aibreán 2010, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 356/2010.

(2)

An 18 Feabhra 2022, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 751 (1992) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine amháin a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)   IO L 105, 27.4.2010, lch 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirfear na daoine a liostaítear thíos leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010:

I.

Daoine

“ 21. Ali Mohamed RAGE (dá ngairtear freisin: a) Ali Mohammed Rage b) Ali Dheere c) Ali Dhere d) Ali Mohamed Rage Cali Dheer e) Ali Mohamud Rage).

Ainmniúchán: Urlabhraí Al-Shabaab

Dáta breithe: 1966

Áit bhreithe: An tSomáil

Náisiúntacht: An tSomáil

Seoladh: An tSomáil

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 18 Feabhra 2022

Faisnéis eile:

Liostaithe de bhun mhír 43(a) de rún 2093 (2013) as ‘Bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann an próiseas síochána agus athmhuintearais i mbaol, nó a bhagraíonn foréigean ar Rialtas Cónaidhme na Somáile nó AMISOM. Mar urlabhraí le haghaidh Al-Shabaab, bíonn Rage rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta an ghrúpa a chur chun cinn agus tacú leo.”