|
6.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 71/8 |
CINNEADH (AE) 2020/372 ÓN GCOMHAIRLE
an 27 Feabhra 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, a mhéid a bhaineann le glacadh leasuithe ar Iarscríbhinní 1, 3, 4, 6, 10, 11, 13, 14, 15, 16 agus 18 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ar an Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Coinbhinsiún ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”), lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Is leis a bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). |
|
(2) |
Is páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad Ballstáit an Aontais agus is comhaltaí de ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, tá Comhairle ICAO chun caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta a ghlacadh. |
|
(4) |
Tá Comhairle ICAO, le linn a 219ú seisiún ag tosú an 2 Márta 2020, le roinnt leasuithe ar Iarscríbhinní 1, 3, 4, 6, 10, 11, 13, 14, 15, 16 agus 18 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago (“na leasuithe”) a ghlacadh, sna réimsí a bhaineann le sábháilteacht, timpeallacht agus aerloingseoireacht. |
|
(5) |
A luaithe a ghlacfar iad, beidh na leasuithe ina gceangal ar Bhallstáit uile ICAO, lena n‐áirítear Ballstáit uile an Aontais, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i gCoinbhinsiún Chicago, agus laistigh de na teorainneacha sin, agus beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais. |
|
(6) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICAO i dtaca leis na leasuithe a bhunú. |
|
(7) |
Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú chuig inneachar na leasuithe, a mhéid a thig an t-inneachar sin faoi réimse a chumhdaítear cuid mhór le comhrialacha de chuid AE cheana. Níor cheart difear a dhéanamh leis an gCinneadh seo do dháileadh na n‐inniúlachtaí idir na tAontas agus na Ballstáit i réimse na heitlíochta. |
|
(8) |
Ba cheart seasamh an Aontais i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta tacú leis na beartais a chuirtear in iúl sna leasuithe, ós rud é go gcuireann siad le caighdeáin sábháilteachta eitlíochta agus caighdeáin timpeallachta a fheabhsú. |
|
(9) |
Ba cheart Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seasamh an Aontais a chur in iúl, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfaidh Ballstáit an Aontais ar comhaltaí iad de Chomhairle ICAO, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta sa 219ú seisiún i dtaca le glacadh na leasuithe ar Iarscríbhinní 1, 3, 4, 6, 10, 11, 13, 14, 15, 16 agus 18 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a chur in iúl (1).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D.HORVAT
(1) Féach doiciméad ST 6180/20 ar http://register.consilium.europa.eu.