European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/505

23.1.2024

P9_TA(2023)0235

An Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Oileán Mhuirís: prótacal cur chun feidhme

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal a thabhairt i gcrích lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026) (12787/2022 – C9-0001/2023 – 2022/0249(NLE))

(Toiliú)

(C/2024/505)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12787/2022),

—

ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026) (12785/2022),

—

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0001/2023),

—

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

—

ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Buiséid,

—

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0196/2023),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Oileán Mhuirís.

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/505/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)