|
14.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 9/13 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/44 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2022
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na critéir chun leibhéal na gceartuithe airgeadais a bhunú agus chun rátaí comhréidhe a bhaineann le neamhchomhlíonadh tromchúiseach rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a chur i bhfeidhm
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (1), agus go háirithe Airteagal 45(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Níor cheart do na Ballstáit a sháraíonn rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) an bonn a bhaint de ghnóthú chuspóirí CBI atá i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Faoi Airteagal 41(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá cúnamh airgeadais ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) coinníollach ar chomhlíonadh rialacha CBI ag na Ballstáit. De thoradh neamhchomhlíonta, d’fhéadfaí cur isteach ar íocaíochtaí nó iad a chur ar fionraí nó d’fhéadfaí ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm ar chúnamh airgeadais ón Aontas faoi CBI. |
|
(2) |
Le hAirteagal 104(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar amach na cásanna ina gcuireann an Coimisiún ceartuithe airgeadais i bhfeidhm. Thairis sin, faoi Airteagal 104(5) den Rialachán sin, leis na rialacha ciste-shonracha maidir le CEMID féadfar bunúis shonracha a leagan síos le haghaidh ceartuithe airgeadais a bhaineann le neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme faoi CBI. |
|
(3) |
Chun leasanna airgeadais an Aontais agus a cháiníocóirí a chosaint, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm trí iomlán an rannchuidithe ón Aontas leis an gclár, nó cuid de, a chur ar ceal, de bhun Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2021/1139. |
|
(4) |
Faoi Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2021/1139, i gcás nach féidir méid an chaiteachais a bhaineann le neamhchomhlíonadh tromchúiseach rialacha CBI ag Ballstát a chainníochtú go cruinn, tá ceartú airgeadais ar ráta comhréidh le cur i bhfeidhm. |
|
(5) |
Le hAirteagal 45(4) de Rialachán (AE) 2021/1139, ceadaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear na critéir maidir le leibhéal na gceartuithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a bhunú agus na critéir maidir le ceartuithe airgeadais ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm. Áirítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2021/1139 an liosta cásanna inar féidir leis an gCoimisiún ceartuithe airgeadais a fhorchur ar iomlán an rannchuidithe ón Aontas leis an gclár nó cuid de. Sna cásanna a chumhdaítear le pointe (a) d’Airteagal 45(1), tá cainníochtú an tionchair airgeadais a bhaineann le neamhchomhlíonadh an tairbhí bunaithe ar chomhaontú maoiniúcháin idir an tairbhí agus na húdaráis náisiúnta inniúla atá freagrach as clár CEMID a chur chun feidhme. Dá réir sin, ní féidir rátaí comhréidhe le haghaidh ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm ach sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 45(1) (b) de Rialachán (AE) 2021/1139. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, is gá critéir a ghlacadh chun leibhéal na gceartuithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a bhunú agus na critéir maidir le ceartuithe ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm. Áiritheofar leis sin deimhneacht dhlíthiúil agus cóir chomhionann na mBallstát a chuireann cláir CEMID chun feidhme chomh maith le trédhearcacht agus comhréireacht ceartuithe airgeadais ar ráta comhréidh. |
|
(7) |
Ní mór leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheith comhréireach maidir le cineál an neamhchomhlíonta thromchúisigh rialacha CBI a rinne an Ballstát, a thromchúisí atá sé, a mhinicíocht agus a fhad. |
|
(8) |
Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le córas grádaithe rátaí comhréidhe lena gcumasaítear cur i bhfeidhm cuí na comhréireachta. |
|
(9) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá sé cóir chomhchuibhithe chomhionann idir na Ballstáit a áirithiú ó thús na clárthréimhse, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(10) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Sa Rialachán seo leagtar síos na critéir maidir le leibhéil ceartaithe airgeadais a bhunú atá le cur i bhfeidhm i gcásanna neamhchomhlíonta thromchúisigh rialacha CBI agus na critéir maidir le rátaí comhréidhe a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/1139.
Airteagal 2
Critéir maidir le leibhéil ceartaithe airgeadais a bhunú
Bunófar leibhéil ceartuithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b) de Rialachán (AE) 2021/1139 ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
|
(a) |
suntas an dochair a d’fhéadfadh a bheith ann d’acmhainní bitheolaíocha na mara a eascraíonn as neamhchomhlíonadh rialacha CBI; |
|
(b) |
minicíocht an neamhchomhlíonta; |
|
(c) |
fad an neamhchomhlíonta; |
|
(d) |
na gníomhaíochtaí leasúcháin arna ndéanamh ag an mBallstát atá i gceist. |
Airteagal 3
Critéir maidir le ráta comhréidh a chur i bhfeidhm
1. Is éard a bheidh sna rátaí comhréidhe dá dtagraítear in Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2021/1139 2 %, 5 %, 10 %, 25 %, 50 % nó 100 % den rannchuidiú ón Aontas a leithdháiltear ar chuspóirí sonracha CEMID ábhartha, nó ar an gcuid ábhartha díobh, i clár oibríochtúil an Bhallstáit lena mbaineann.
2. An raon ina bhfuil rátaí comhréidhe le cur i bhfeidhm i gcásanna aonair neamhchomhlíonadh rialacha CBI, leagtar amach san Iarscríbhinn é. Cinnfear an ráta atá le húsáid i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2.
3. I gcás ina nglacann an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 45(1)(b) de Rialachán (AE) 2021/1139 lena ndéantar ceartuithe airgeadais faoin gcuspóir sonrach CEMID céanna i gcás roinnt cásanna de neamhchomhlíonadh tromchúiseach mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 43(4) den Rialachán céanna, ní dhéanfar na rátaí comhréidhe a charnadh, ach socrófar an ceartú airgeadais laistigh den raon is airde is infheidhme maidir leis na cásanna sin mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.
4. I gcás ina gcuireann an Coimisiún ceartú airgeadais i bhfeidhm maidir le neamhchomhlíonadh rialacha CBI agus nach ndéanann an Ballstát beart feabhais iomchuí, féadfar an ráta comhréidh a ardú go dtí an chéad leibhéal eile is airde laistigh den raon is infheidhme maidir leis an gcás neamhchomhlíonadh rialacha CBI sin a bhunaítear san Iarscríbhinn.
5. Sa bhreis ar na cásanna a dhéantar foráil maidir leo go sonrach san Iarscríbhinn, féadfar ráta comhréidh 100 % de rannchuidiú ón Aontas a leithdháiltear ar chuspóirí sonracha CEMID ábhartha nó don chuid ábhartha díobh laistigh de chlár oibríochtúil an Bhallstáit lena mbaineann a chur i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas
|
(a) |
má tá neamhchomhlíonadh rialacha CBI chomh bunúsach, déantar chomh minic agus chomh forleathan é go léiríonn sé teip iomlán ar an gcóras lena mbaineann agus go gcuireann sé dlíthiúlacht ghníomhaíochtaí an Bhallstáit nó rialtacht mhaoiniú CBI i mbaol; nó |
|
(b) |
má tá fianaise ann go bhfuil faillí á déanamh d’aon turas ag an mBallstát maidir le bearta a ghlacadh a bhfuil sé d’aidhm acu neamhchomhlíonadh rialacha CBI a leigheas. |
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
IARSCRÍBHINN
NA CÁSANNA NEAMHCHOMHLÍONTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1 (1)
|
Cásanna neamhchomhlíonta |
Raon na rátaí comhréidhe |
|
|
Catagóir 1: Mainneachtain maidir lena áirithiú go n-urramaítear na deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh ar na Ballstáit de bhun Airteagail 16 go 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
||
|
1.1 |
Mainneachtain maidir leis na rialacha maidir le ceadúnas agus údarú iascaireachta a urramú. |
10-50 % |
|
1.2 |
Mainneachtain maidir le faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as deiseanna iascaireachta, go háirithe, trí mhainneachtain maidir le taifead na sonraí uile atá cláraithe sa logleabhar iascaireachta, sna dearbhuithe trasloingsithe, sna dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, sna nótaí díolacháin, nó sna dearbhuithe glactha freagrachta agus/nó trí mhainneachtain maidir le faireachán a dhéanamh ar an iarracht iascaireachta, agus trí mhainneachtain maidir lena áirithiú go gcuirtear na sonraí sin isteach go cruinn, go hiomlán agus go tráthúil. |
10-50 % |
|
1.3 |
Mainneachtain maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na sonraí comhiomlánaithe maidir le gabhálacha a thugtar i dtír agus leis an iarracht iascaireachta. |
10-50 % |
|
1.4 |
Mainneachtain maidir le hiascaigh a dhúnadh nuair a ídítear cuótaí, lena n-áirítear cuótaí faoi chomhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe (SFPAnna) agus eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), agus/nó iarracht iascaireachta |
10-50 % |
|
Catagóir 2: Mainneachtain maidir le bearta caomhnaithe a urramú agus/nó speicis íogaire agus gnáthóga íogaire a chosaint chun gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaint amach go fadtéarmach mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
||
|
2.1 |
Mainneachtain maidir le doiciméadú mionsonraithe cruinn a áirithiú i dtaobh na dturas iascaireachta uile agus maidir le hacmhainn leordhóthanach agus modhanna leordhóthanacha a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcomhréir le prionsabal na héifeachtúlachta agus na comhréireachta |
10-50 % |
|
2.2 |
Mainneachtain maidir leis an toirmeasc a chur chun feidhme ar na speicis éisc nó sliogéisc dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír (ach amháin i gcás ina ndeonaítear maoluithe faoi Airteagal 16 den Treoir sin). |
10-50 % |
|
2.3 |
Mainneachtain maidir leis an toirmeasc a chur chun feidhme ar na mamaigh mhuirí nó na reiptílí muirí dá dtagraítear in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speicis d’éanlaith mhara a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír. |
10-50 % |
|
2.4 |
Mainneachtain maidir le sonraí eolaíocha a bhailiú maidir le foghabhálacha speiceas íogair agus speiceas áirithe d’éanlaith mhara. |
10-50 % |
|
2.5 |
I gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, mainneachtain maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart maolaithe arna gcur chun feidhme. |
10-50 % |
|
2.6 |
Mainneachtain maidir le cosc a chur ar imscaradh an trealaimh iascaireachta a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le Bearta Teicniúla chun gnáthóga íogaire a chosaint. |
10-50 % |
|
2.7 |
Mainneachtain maidir leis na rialacha maidir le taighde eolaíoch a urramú. |
10-50 % |
|
2.8 |
Mainneachtain maidir le pleananna bainistíochta eascann a bhunú agus a chur chun feidhme. |
2-25 % |
|
2.9 |
Mainneachtain maidir le bearta caomhnaithe eascann a urramú (laghdú ar an iarracht iascaireachta i gcás inarb infheidhme agus spriocanna a bhaint amach). |
2-25 % |
|
2.10 |
Mainneachtain maidir le tuairisciú don Choimisiún maidir le faireachán ar na bearta caomhnaithe eascann agus le héifeachtacht agus toradh na mbeart sin. |
2-25 % |
|
2.11 |
Mainneachtain maidir le tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil le cur chun feidhme na rialacha maidir le teascadh eití siorca. |
2-25 % |
|
Catagóir 3: Mainneachtain maidir leis an gcaidreamh seachtrach iascaigh a sheoladh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus cuspóirí beartais agus prionsabail mar a leagtar amach in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
||
|
3.1 |
Mainneachtain maidir lena áirithiú go bhfuil soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi bhratach Ballstáit agus a oibríonn lasmuigh d’uiscí an Aontais in ann doiciméadú mionsonraithe cruinn a thabhairt i ndáil leis na gníomhaíochtaí iascaireachta agus próiseála uile. |
10-50 % |
|
3.2 |
Mainneachtain maidir lena áirithiú go bhfuil soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá lasmuigh d’uiscí an Aontais údaraithe i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le Bainistiú Inbhuanaithe ar an gCabhlach Iascaireachta Seachtrach. |
10-50 % |
|
Catagóir 4: Mainneachtain maidir lena áirithiú go bhfuil acmhainn iascaireachta an chabhlaigh ag teacht leis na hacmhainní nádúrtha mar a cheanglaítear le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
||
|
4.1 |
Mainneachtain maidir le bearta a chur i bhfeidhm chun acmhainn iascaireachta an chabhlaigh a choigeartú do na deiseanna iascaireachta, agus treochtaí agus an chomhairle eolaíoch is fearr á gcur san áireamh, agus é mar chuspóir cothromaíocht chobhsaí sheasmhach a bhaint amach eatarthu. |
10-50 % |
|
4.2 |
Mainneachtain maidir le measúnuithe ar leith a tharraingt suas le haghaidh na gcabhlach sna réigiúin is forimeallaí agus le haghaidh soithí a oibríonn lasmuigh d’uiscí an Aontais amháin. |
10-50 % |
|
4.3 |
Mainneachtain maidir lena áirithiú go ndéantar an ceadúnas iascaireachta sonrach agus na húdaruithe iascaireachta sonracha a tharraingt siar roimh aon imeacht ón gcabhlach le tacaíocht ó chabhair phoiblí agus nach ndéantar an acmhainn a tarraingíodh siar a ionadú. |
10-50 % |
|
4.4 |
Mainneachtain maidir lena áirithiú go n-urramaítear uasteorainn na hacmhainne iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. |
10-50 % |
|
4.5 |
Mainneachtain maidir leis an scéim iontrála/imeachta a chur chun feidhme sa chaoi go ndéantar iontráil acmhainne nua sa chabhlach gan cabhair phoiblí a chúiteamh le scoir acmhainne roimh ré gan cabhair phoiblí den mhéid céanna ar a laghad. |
10-50 % |
|
4.6 |
Mainneachtain maidir leis an bhfaisnéis atá le taifeadadh i gclár cabhlaigh an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh agus sa Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
10-50 % |
|
4.7 |
Mainneachtain maidir le hacmhainn iascaireachta agus cumhacht innill na soithí iascaireachta a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu. |
10-50 % |
|
Catagóir 5: Mainneachtain maidir le rannchuidiú le cuspóir CBI chun sonraí eolaíocha a bhailiú mar a leagtar amach in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
||
|
5.1 |
Mainneachtain maidir le sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha a bhailiú agus a bhainistiú. |
10-50 % |
|
5.2 |
Mainneachtain maidir le gníomhaíochtaí bailithe sonraí a chomhordú le Ballstáit eile sa réigiún céanna. |
2-25 % |
|
5.3 |
Mainneachtain maidir le cur chun feidhme cuí chúraimí na gcomhfhreagraithe náisiúnta a áirithiú. |
2-5 % |
|
5.4 |
Mainneachtain maidir le tuarascáil bhliantúil a chur isteach ar chur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta chun sonraí a bhailiú sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe. |
2-10 % |
|
5.5 |
Mainneachtain maidir leis na rialacha maidir le húsáid sonraí a chomhlíonadh. |
2-25 % |
|
Catagóir 6: Mainneachtain maidir le córas rialaithe éifeachtach a oibriú chun a áirithiú go gcomhlíontar rialacha CBI mar a cheanglaítear le hAirteagal 36(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
||
|
6.1 |
Mainneachtain maidir le rialú na ngníomhaíochtaí a dhéanann aon duine nádúrtha nó dlítheanach laistigh de raon feidhme an chomhbheartais iascaigh ina gcríoch agus sna huiscí iascaireachta faoina gceannasacht nó faoina ndlínse. |
10-50 % |
|
6.2 |
Mainneachtain maidir le rochtain ar uiscí agus acmhainní agus gníomhaíochtaí a rialú lasmuigh d’uiscí an Aontais a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi bhratach Ballstáit. |
10-50 % |
|
6.3 |
Mainneachtain maidir le bearta iomchuí a ghlacadh agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla a leithdháileadh le haghaidh rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe. |
10-50 % |
|
6.4 |
Mainneachtain maidir lena áirithiú go ndéantar rialú, cigireacht agus forfheidhmiú ar bhonn neamh-idirdhealaitheach maidir le hearnálacha, soithí nó daoine, agus go ndéanfar iad ar bhonn bainistithe riosca. |
10-50 % |
|
6.5 |
Mainneachtain maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann leis na Cláir Náisiúnta Gníomhaíochta um Rialú agus cláir rialaithe agus chigireachta arna mbunú ag an gCoimisiún a áirithiú. |
10-50 % |
|
6.6 |
Mainneachtain maidir le comhlíonadh na rialacha maidir le margaíocht, inrianaitheacht, céad-díol agus meá táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a áirithiú. |
10-50 % |
|
6.7 |
Mainneachtain maidir leis na bearta arna gcinneadh ag an gCoimisiún a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit cuspóirí CBI, a bhaineann le pleananna gníomhaíochta arna mbunú i ndiaidh fíoruithe nó cigireachtaí uathrialacha, lena n-áirítear dúnadh iascach, fíorú, tuarascálacha cigireachta agus iniúchóireachta uathrialacha, asbhaint agus aistrithe cuótaí, bearta iarrachta iascaireachta agus éigeandála. |
10-50 % |
|
6.8 |
Mainneachtain maidir leis na ceanglais maidir le hanailís, bailíochtú, rochtain, malartú sonraí agus faisnéis a chomhlíonadh. |
2-25 % |
|
Catagóir 7: Mainneachtain maidir le córas éifeachtach cigireachta agus forfheidhmithe a oibriú mar a cheanglaítear le hAirteagal 36(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
||
|
7.1 |
Mainneachtain maidir le faireachas éifeachtach agus cigireachtaí éifeachtacha a dhéanamh. |
10-50 % |
|
7.2 |
Mainneachtain maidir le comhoibriú leis an gCoimisiún chun cur i gcrích chúraimí oifigigh an Choimisiúin a éascú le linn a misean fíoraithe, cigireachtaí féinrialaitheacha agus iniúchtaí. |
2-50 % |
|
7.3 |
Mainneachtain maidir leis na critéir a leagan síos chun a thromchúisí atá an sárú ar rialacha CBI a chinneadh. |
10-50 % |
|
7.4 |
Mainneachtain maidir lena áirithiú go nglacfar go córasach bearta iomchuí agus smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha mar aon le smachtbhannaí a ghabhann leo mar gheall ar sháruithe ar rialacha CBI. |
10-50 % |
|
7.5 |
Mainneachtain maidir leis an gcóras pointí a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe tromchúiseacha ag sealbhóirí ceadúnas iascaireachta agus ag máistrí. |
10-50 % |
|
7.6 |
Mainneachtain maidir le clár náisiúnta na sáruithe a bhainistiú. |
10-50 % |
|
Catagóir 8: Mainneachtain maidir le gníomhú i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (NNN) dá bhforáiltear le hAirteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
||
|
8.1 |
Mainneachtain maidir le bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíchur i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 |
5-50 % |
|
8.2 |
Mainneachtain maidir le fíoruithe a dhéanamh a bhaineann leis an scéim deimhniúcháin gabhála |
10-50 % |
|
8.3 |
Mainneachtain maidir le rialacha a urramú a bhaineann le hOibreoirí Eacnamaíocha Formheasta (AEOPanna) |
10-50 % |
|
Catagóir 9: Mainneachtain maidir leis na rialacha a urramú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arna mbunú chun rannchuidiú le cuspóirí CBI mar a leagtar amach in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach |
||
|
9.1 |
Mainneachtain maidir leis na critéir maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus d’eagraíochtaí idirchraoibhe a chomhlíonadh |
10-50 % |
|
9.2 |
Mainneachtain maidir le seiceálacha riachtanacha a dhéanamh ar chomheagraíochtaí aitheanta |
10-50 % |
(1) Tá an liosta cásanna a liostaítear thíos mar an gcéanna leis an gceann sa Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe maidir le cásanna neamhchomhlíonta agus cásanna neamhchomhlíonta thromchúisigh i dtaobh rialacha an chomhbheartais iascaigh, neamhchomhlíonadh as a bhféadfadh briseadh i spriocdháta íocaíochta nó fionraí íocaíochtaí faoin gciste sin a eascairt, i gcás ina bhfuil tagairt don bhunús dlí ábhartha ar fáil.