17.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/31


CINNEADH (AE) 2022/935 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, maidir le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte 2021-2027 a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), síníodh é an 25 Meitheamh 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2004.

(2)

De bhun an Chomhaontaithe, tá sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais a bunaíodh leis (“Comhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte”) cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach agus tá sí in ann moltaí iomchuí a dhéanamh.

(3)

D’fhonn an caidreamh láidir ilghnéitheach idir an dá chomhpháirtí a neartú a thuilleadh, sainaithníodh tosaíochtaí comhpháirtíochta chun tacú le cur chun feidhme an Chomhaontuithe agus chun comhpháirtíocht an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte le haghaidh thréimhse 2021-2027 a threorú agus chun í a chur ar an eolas (“Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte 2021-2027”).

(4)

Tá moladh le glacadh ag Comhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte maidir le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta 2021-2027 idir an tAontas agus an Éigipt le linn an naoú cruinniú a bheidh aici.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte a bhunú ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an moladh a bhaineann le Comhpháirtíocht an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte 2021-2027.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh seasamh an Aontais laistigh de Chomhairle Comhlachais AE-an Éigipt bunaithe ar an dréachtmholadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le linn an naoú cruinniú de Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte, beidh sé bunaithe ar an dréachtmholadh ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 13 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. FESNEAU


(1)  An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile (IO L 304, 30.9.2004, lch. 39).


DRÉACHT

DRÉACHTMHOLADH UIMH. 1/2022 DE CHOMHAIRLE COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH AGUS NA hÉIGIPTE

an …

maidir le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte 2021–2027

TÁ COMHAIRLE COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH AGUS NA hÉIGIPTE,

Ag féachaint don Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) síníodh é an 25 Meitheamh 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2004.

(2)

Le hAirteagal 76 den Chomhaontú, tugtar de chumhacht do Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte cinntí iomchuí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach, agus moltaí iomchuí a dhéanamh.

(3)

De bhun Airteagal 86 den Chomhaontú, déanfaidh na Páirtithe na bearta ginearálta nó sonracha is gá chun a n-oibleagáidí faoin gComhaontú a chomhlíonadh agus féachfaidh siad chuige go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú.

(4)

Leis an athbhreithniú ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa, moladh céim nua rannpháirtíochta le comhpháirtithe, rud a d’fhágfadh gur mhó an bhraistint úinéireachta a bheadh ag an dá thaobh.

(5)

Chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Éigipt a gcomhpháirtíocht a chomhdhlúthú trí shraith tosaíochtaí a chomhaontú le haghaidh na tréimhse 2021–2027 (‘Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte 2021–2027’) agus é mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna atá roimh an Aontas agus an Éigipt agus leasanna comhpháirteacha a chur chun cinn.

(6)

Chomhaontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú ar théacs Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte 2021–2027, rud a bheidh ina thaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena ndíreofar ar chomhar i ndáille leasanna coiteanna a sainaithníodh go comhpháirteach,

AG MOLADH LEIS SEO:

Airteagal 1

Molann an Chomhairle Comhlachais go gcuirfidh na Páirtithe sa Chomhaontú chun feidhme Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte 2021–2027 mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh seo (+).

Airteagal 2

Cuirfear Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte 2021–2027 in ionad Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte ar moladh iad a chur chun feidhme trí bhíthin Moladh Uimh. 1/2017 ón gComhairle Comhlachais (1).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Moladh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh i/in/sa …, ….

Thar ceann na Comhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte

An tUachtarán


(+)  Toscaireachtaí: féach doiciméad ST 8663/2022 ADD1.

(1)  Moladh Uimh. 1/2017 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte an 25 Iúil 2017 lena gcomhaontaítear Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte (IO AE L 255, 3.10.2017, lch. 26).