TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

MEDINA

arna tabhairt an 9 Eanáir 2025 ( 1 )

Cás C‑665/23

IL

v

Veracash SAS

(Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Chúirt um Achomharc Deiridh, an Fhrainc))

(Tarchur chun réamhrialú – Seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach – Treoir 2007/64/CE – Idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe – Tuairisciú faoi idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe – Tuairisciú taobh istigh de sprioc-am – Moill ar thuairisciú a dhéanamh nach bhfuil d’aon ghnó nó mar thoradh ar mhórfhaillí – Oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta chun aisíocaíocht a dhéanamh – Dliteanas an íocóra as idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe)

I. Réamhrá

1.

Baineann an cás seo le gnéithe áirithe de dhliteanas as idirbhearta neamhúdaraithe arna leagan amach i dTreoir 2007/64/CE. ( 2 ) Ardaítear leis an gceist faoin idirchaidreamh idir forálacha na treorach sin lena rialaítear, go sonrach, oibleagáid an íocóra tuairisciú a dhéanamh gan moill mhíchuí maidir le haon idirbheart neamhúdaraithe agus na hiarmhairtí a bhaineann le mainneachtain é sin a dhéanamh, sa chás go bhfuil an t‑idirbheart neamhúdaraithe mar thoradh ar úsáid neamhúdaraithe ionstraime íocaíochta. Tar éis a breithiúnas in CRCAM, ( 3 ) tugtar leis an gcás seo deis eile chun go gcíorfadh an Chúirt an cothrom is gá a shocrú idir leas an íocóra agus leas an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta.

II. An dlí lena mbaineann

A.   Dlí an Aontais Eorpaigh

2.

D’fhoráiltí mar seo a leanas i mír 1 d’Airteagal 56 de Threoir 2007/64, dar teideal ‘Oibleagáidí úsáideoir na seirbhíse íocaíochta maidir hionstraimí íocaíochta:

‘Beidh na hoibleagáidí seo a leanas ar an úsáideoir seirbhíse atá i dteideal ionstraim íocaíochta a úsáid:

(a)

an ionstraim íocaíochta a úsáid de réir na dtéarmaí lena rialaítear an ionstraim íocaíochta a eisiúint agus a úsáid; agus

(b)

a thuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta, nó don eintiteas arna shonrú aige, gan moill mhíchuí nuair a thugann sé faoi deara gur cailleadh an ionstraim íocaíochta, go ndearnadh í a ghoid nó a mhíleithreasú nó gur baineadh úsáid neamhúdaraithe aisti.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3.

Faoi Airteagal 58 de Threoir 2007/64, dar teideal ‘Tuairisciú ar idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe nó a forghníomhaíodh go mícheart’:

‘Ní bhfaighidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ceartú ó sholáthraí na seirbhíse íocaíochta ach amháin má chuireann sé in iúl dá sholáthraí seirbhís íocaíochta gan moill mhíchuí nuair a thugann sé faoi deara aon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe nó a forghníomhaíodh go mícheart as a n‑éiríonn éileamh, lena n‑áirítear ceann faoi Airteagal 75, agus tráth nach déanaí ná 13 mhí tar éis an dáta dochair, murar rud é, má bhaineann sé le hábhar, gur mhainnigh an soláthraí seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis maidir leis an idirbheart íocaíochta sin a sholáthar nó a chur ar fáil de réir Theideal III.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.

D’fhoráiltí mar seo a leanas le mír 1 d’Airteagal 60 de Threoir 2007/64, dar teideal ‘Dliteanas an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta as idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe’:

‘Cinnteoidh Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 58, i gcás idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe, go n‑aisíocfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra leis an íocóir láithreach bonn méid an idirbhirt íocaíochta neamhúdaraithe agus, má bhaineann sé le hábhar, go gcuirfidh sé an cuntas íocaíochta ar tógadh an t‑airgead as ar ais sa staid ina mbeadh sé murach gur tharla an t‑idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.

D’fhoráiltí mar seo a leanas le hAirteagal 61 de Threoir 2007/64, dar teideal ‘Dliteanas íocóra as idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe’:

‘1.   Mar dhíolúine ó Airteagal 60 beidh an t‑íocóir thíos leis na caillteanais a bhaineann le haon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe, suas go dtí uasmhéid EUR 150, de thoradh úsáid ionstraime íocaíochta caillte nó goidte nó, más rud é gur theip ar an íocóir na feidhmeanna slándála pearsantaithe a choimeád slán ó mhíleithreasú ionstraime íocaíochta.

2.   Beidh an t‑íocóir thíos leis na caillteanais ar fad a bhaineann le haon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe má thabhaigh sé iad trí iompar calaoiseach nó trí mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chuid oibleagáidí faoi Airteagal 56 a chomhlíonadh d’aon ghnó nó le mórfhaillí. I gcásanna den chineál sin, ní bheidh feidhm leis an uasmhéid a dtagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo.

3.   I gcásanna nár ghníomhaigh an t‑íocóir go calaoiseach nó nár mhainnigh sé d’aon ghnó a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 56 a chomhlíonadh, féadfaidh Ballstáit an dliteanas a dtagraítear dó i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a laghdú, ag tógáil san áireamh, go sonrach, nádúr fheidhmeanna slándála pearsantaithe na hionstraime íocaíochta agus na cúinsí inar cailleadh í, inar goideadh í nó ina ndearnadh an míleithreasú.

4.   Ní bheidh an t‑íocóir thíos le haon iarmhairtí airgeadais de thoradh úsáid na hionstraime íocaíochta caillte, goidte nó míleithreasaithe tar éis dó tuairisciú a dhéanamh de réir Airteagal 56(1)(b), seachas sa chás inar ghníomhaigh sé go calaoiseach.

…’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.   An dlí náisiúnta

6.

Trasuíodh Treoir 2007/64 isteach sa dlí náisiúnta de bhun ordonnance no 2009-866 du 15 juillet 2009 relative aux conditions régissant la fourniture de services de paiement et portant création des établissements de paiement (Ordú Uimh 2009-866 an 15 Iúil 2009 maidir leis na coinníollacha lena rialaítear soláthar na seirbhísí íocaíochta agus maidir le bunú institiúidí íocaíochta), lenar tugadh isteach, go sonrach, Airteagail L. 133-17, L. 133-18, L. 133-19 agus L. 133-24 den code monétaire et financier (Cód Airgeadaíochta agus Airgeadais), atá infheidhme sna príomh-imeachtaí.

7.

De réir Airteagal L. 133-17(I) den Chód Airgeadaíochta agus Airgeadais, ‘nuair a thugann sé faoi deara caillteanas, gadaíocht, míleithreasú nó úsáid neamhúdaraithe na hionstraime íocaíochta nó na sonraí a bhaineann léi, cuirfidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta, gan moill mhíchuí agus chun críocha an ionstraim a bhlocáil, ar an eolas a sholáthraí seirbhísí íocaíochta, nó an t‑eintiteas arna shonrú ag a sholáthraí.’

8.

Dar le hAirteagal L. 133-18 den chód sin:

‘I gcás idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe arna thuairisciú ag an úsáideoir faoi na coinníollacha arna leagan amach in Airteagal L. 133-24, aisíocfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta láithreach bonn méid an idirbhirt íocaíochta neamhúdaraithe agus, i gcás inarb infheidhme, cuirfidh sé an cuntas íocaíochta ar tógadh an t‑airgead as ar ais sa staid ina mbeadh sé murach gur tharla an t‑idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe.

Féadfaidh an t‑íocóir agus a sholáthraí seirbhísí íocaíochta rogha a dhéanamh de chúiteamh breise ar bhonn conartha.’

9.

Faoi Airteagal L. 133-19 den chód sin:

‘I. I gcás idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe tar éis gur cailleadh nó gur goideadh ionstraim íocaíochta, beidh an t‑íocóir, roimh an tuairisciú a shonraítear in Airteagal L. 133-17, thíos leis na caillteanais a bhaineann le húsáid na hionstraime caillte nó goidte faoi réir uasmhéid de EUR 150.

Ní bheidh an t‑íocóir faoi dhliteanas, áfach, i gcás idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe arna dhéanamh gan na feidhmeanna slándála pearsantaithe a úsáid.

II. Ní bheidh an t‑íocóir faoi dhliteanas sa chás go ndearnadh an t‑idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe mar mhíleithreasú na hionstraime íocaíochta nó na sonraí a bhaineann léi, i ngan fhios don íocóir.

Mar an gcéanna, ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas má tharlaíonn mí-úsáid na hionstraime má bhí sé i seilbh na hionstraime go fisiciúil nuair a tharla an t‑idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe.

III. Seachas sa chás inar ghníomhaigh sé go calaoiseach, ní bheidh an t‑íocóir thíos le haon iarmhairtí airgeadais mura gcuireann an soláthraí seirbhísí íocaíochta modhanna iomchuí tuairiscithe ar fáil ionas gur féidir an ionstraim íocaíochta a bhlocáil, mar a shonraítear in Airteagal L. 133-17.

IV. Beidh an t‑íocóir thíos leis na caillteanais ar fad a bhaineann le haon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe má thabhaigh sé iad trí ghníomhú go calaoiseach nó trí mhainneachtain, d’aon ghnó nó le mórfhaillí, ceann amháin nó níos mó dá chuid oibleagáidí arna bhforchur ag Airteagail L. 133-16 agus L. 133-17 a chomhlíonadh.’

10.

Ar deireadh, faoi Airteagal L. 133-24 den chód sin:

‘Déanfaidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta tuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta gan moill mhíchuí mar gheall ar aon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe nó ar aon idirbhearta íocaíochta a forghníomhaíodh go mícheart agus nach deanaí ná 13 mhí tar éis an dáta dochair, dá éagmais sin beidh sé faoi urchosc ama, mura rud é gur mhainnigh an soláthraí seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis maidir leis an idirbheart íocaíochta sin a sholáthar nó a chur ar fáil de réir Leabhar III, Teideal I, Caibidil IV.

Ach amháin nuair is duine nádúrtha é an t‑úsáideoir ag gníomhú dó seachas chun críocha gnó nó gairmiúla, féadfaidh na páirtithe a chinneadh an t‑airteagal seo a mhaolú.’

III. An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

11.

D’oscail IL cuntas taisce óir le Veracash SAS. An 24 Márta 2017, sheol Veracash chuig seoladh IL cárta nua aistarraingthe airgid agus íocaíochta. Mhaígh IL nár iarr sé agus nach bhfuair sé an cárta sin agus go ndearnadh aistarraingtí laethúla óna chuntas nár údaraigh sé ón 30 Márta go dtí an 17 Bealtaine 2017. Thionscain IL imeachtaí i gcoinne Veracash os comhair tribunal de grande instance d’Évry ( 4 ) (Cúirt Réigiúnach, Évry, an Fhrainc) ag lorg aisíocaíochta agus damáistí.

12.

Ó tharla gur díbheadh a chaingean go páirteach ag an gcéad chéim, rinne IL achomharc chuig cour d’appel de Paris (Cúirt Achomhairc, Páras, an Fhrainc). Díbheadh a achomharc le breithiúnas an 3 Eanáir 2022 ar an bhforas, go sonrach, nach bhféadfadh sé brath ar fhorálacha Airteagal L. 133-18 den Chód Airgeadaíochta agus Airgeadais toisc nár thuairiscigh sé na hidirbhearta i gceist ‘láithreach bonn’ ( 5 ) agus ‘gan moill mhíchuí’ do Veracash. Bunaíodh an cinneadh sin ar an bhfíoras gur sheol IL foirm faoi idirbheart i ndíospóid chuig Veracash an 23 Bealtaine 2017, beagnach 2 mhí tar éis an chéad aistarraingthe i ndíospóid.

13.

Rinne IL achomharc ar phointe dlí os comhair an Cour de cassation (an Chúirt um Achomharc Deiridh, an Fhrainc), an chúirt a rinne an tarchur. Tá dhá fhoras achomhairc aige. Sa chéad chuid den dara foras achomhairc aige, ( 6 ) déanann IL an gearán, gur mhainnigh an cour d’appel de Paris (an Chúirt Achomhairc, Páras) sa chinneadh a rinne sí an fíoras a thabhairt san áireamh go raibh 13 mhí ag an íocóir tar éis an dáta dochair chun an t‑idirbheart a thuairisciú agus gur sáraíodh Airteagal L. 133-24 den Chód Airgeadaíochta agus Airgeadais dá réir, mar atá infheidhme sa chás sna príomhimeachtaí.

14.

Deir an chúirt a rinne an tarchur go mbraitheann toradh na díospóide ar cé acu is féidir nó nach féidir leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta diúltú méid an idirbhirt neamhúdaraithe a aisíoc sa chás go ndéanann an t‑íocóir moill á thuairisciú, in ainneoin gur thuairiscigh sé an t‑idirbheart sin taobh istigh de 13 mhí den dáta dochair, nuair nach d’aon ghnó a bhí an mhoill sin ná mar thoradh ar mhórfhaillí dá chuid.

15.

Tá seasaimh dhifriúla ag na páirtithe sna príomhimeachtaí ina thaobh sin. Éilíonn IL, an t‑achomharcóir sna príomhimeachtaí, go príomha, go bhfuil 13 mhí ón dáta dochair ag úsáideoir na seirbhíse íocaíochta chun an t‑idirbheart neamhúdaraithe a thuairisciú. Maíonn Veracash, an freagróir sna príomhimeachtaí, gurbh é intinn an reachtais trí fhoráil a dhéanamh in Airteagal L. 133-24 den Chód Airgeadaíochta agus Airgeadais d’oibleagáid ar an úsáideoir idirbheart neamhúdaraithe a thuairisciú gan moill mhíchuí faoi réir theorainn ama 13-mhí, teorainn ama dhúbailte a bhunú agus gur sprioc-am dheireanach í an teorainn ama 13-mhí. Ina theannta sin deir sé gur gá de bhun scéim na forála sin go ngníomhódh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta, a luaithe agus a thugann sé neamhréireacht faoi deara, tríd an soláthraí seirbhísí a chur ar an eolas ina taobh.

16.

Dar leis an gcúirt a rinne a tarchur, féadfar de bhun léamh litriúil ar Airteagal 58 de Threoir 2007/64, mar a chinn an cour d’appel de Paris (Cúirt Achomhairc, Páras), teacht ar an gconclúid go bhfuil an soláthraí seirbhísí íocaíochta i dteideal diúltú méid idirbhirt íocaíochta neamhúdaraithe a aisíoc díreach ar an bhforas go ndearna úsáideoir na seirbhíse íocaíochta tuairisciú déanach, fiú má rinneadh an tuairisciú taobh istigh den teorainn ama 13-mhí.

17.

Sin ráite, measann an chúirt a rinne an tarchur gur deacair an léiriú sin a réiteach le hAirteagal 61(2) de Threoir 2007/64. Leanann sé ón bhforáil sin nach séantar a chearta aisíocaíochta ar an íocóir ach amháin, inter alia, gur mhainnigh sé ceann amháin nó níos mó dá chuid oibleagáidí faoi Airteagal 56 den Treoir sin a chomhlíonadh d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, lena n‑áirítear an oibleagáid an soláthraí seirbhísí íocaíochta a chur ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le cailliúint, goid, nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta nó a húsáid neamhúdaraithe.

18.

Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, nuair a iarradh ar an gCúirt léiriú a dhéanamh ar Airteagal 58 de Theoir 2007/64 ina breithiúnas in CRCAM, nár ghá di cinneadh a dhéanamh ar iarmhairtí neamhchomhlíonadh an íocóra maidir leis an oibleagáid an soláthraí seirbhísí íocaíochta a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi idirbheart neamhúdaraithe.

19.

In ainneoin go n‑aithníonn an chúirt a rinne an tarchur an leas a bhaineann leis an íocóir a spreagadh le bheith dícheallach maidir leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta ar chur ar an eolas, measann sí, i bhfianaise Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64, nárbh é intinn an reachtais AE pionós a ghearradh ar gach moill, beag beann ar na cúinsí a bhaineann leo, tríd an gceart aisíocaíochta a shéanadh go huile agus go hiomlán ar an íocóir.

20.

I dtuairim na cúirte a rinne an tarchur, ní ceart an ceart aisíocaíochta a shéanadh ar an íocóir maidir leis na caillteanais arna gcúisiú ag idirbheart neamhúdaraithe a d’fhéadfadh tuairisciú gan mhoill mhíchuí a chosc ach amháin má tá moill an tuairiscithe sin d’aon ghnó nó mar thoradh ar mhórfhaillí dá chuid.

21.

I bhfianaise an mhéid roimhe seo, chinn an Cour de cassation (an Chúirt um Achomharc Deiridh, an Fhrainc) bac a chur leis na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An gá Airteagail 56, 58, 60 agus 61 de [Threoir 2007/64] a léiriú mar ní a chiallaíonn go mbaintear an ceart chun méid idirbhirt neamhúdaraithe a aisíoc nuair a chuir sé moill ar thuairisciú an t‑idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe chuig a sholáthraí seirbhísí íocaíochta, cé go ndearna sé amhlaidh laistigh de [13 mhí] ón dáta dochair?

(2)

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an bhfuil an díothacht de cheart an íocóra chun aisíocaíochta faoi réir an tuairiscithe déanach d’aon ghnó nó de thoradh mórfhaillí ar thaobh an íocóra?

(3)

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an mbaintear don íocóir an ceart chun aisíocaíocht a fháil i leith gach idirbheart neamhúdaraithe nó na hidirbhearta sin amháin a d’fhéadfaí a sheachaint mura mbeadh an tuairisciú déanach?’

22.

Chuir Veracash, Rialtas na Seice, Rialtas na Fraince agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn faoi bhráid na Cúirte.

IV. Anailís

A.   An chéad cheist

23.

Ina chéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne a tarchur, go bunúsach, cé acu is gá nó nach gá Airteagal 58 de Threoir 2007/64, arna léamh i bhfianaise Airteagail 56, 60 agus 61 den treoir sin, a léiriú amhail go séantar ar an íocóir an ceart aisíocaíochta maidir le méid idirbhirt neamhúdaraithe má bhí sé déanach ag cur an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta ar an eolas faoin idirbheart sin, in ainneoin an mhéid sin a dhéanamh taobh istigh de 13 mhí ón dáta dochair.

24.

Chun an cheist sin a fhreagairt, tabharfaidh mé forléargas ginearálta ar dtús ar na forálacha lena rialaítear oibleagáidí conartha na bpáirtithe maidir le hionstraimí íocaíochta agus idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe agus na rialacha maidir le dliteanas as caillteanais a éiríonn ó idirbhearta neamhúdaraithe. ( 7 ) Tabharfaidh mé ansin roinnt soiléirithe maidir leis an idirchaidreamh idir oibleagáidí an íocóra i ndáil le tuairisciú.

1. Oibleagáidí conartha na bpáirtithe agus an dliteanas as caillteanais a éiríonn as idirbhearta neamhúdaraithe

25.

Tríd is tríd, is féidir dhá thacar forálacha a bhaineann le hábhar an cháis sna príomhimeachtaí a aithint. Bunaítear le hAirteagail 56 agus 57 de Threoir 2007/64 oibleagáidí conartha úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ( 8 ) agus an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta ( 9 ) maidir le hionstraimí íocaíochta. Baineann Airteagail 58 go 61 den treoir sin le hidirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe, lena gcuimsítear dualgas tuairiscithe úsáideoir na seirbhíse íocaíochta, an t‑ualach cruthúnais agus dliteanas an dá pháirtí.

26.

Rialaítear le hAirteagal 56 oibleagáidí conartha úsáideoir na seirbhíse íocaíochta maidir le hionstraimí íocaíochta. Mar sin, is gá d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta an ionstraim íocaíochta a úsáid de réir na dtéarmaí sonraithe, feidhmeanna slándála pearsantaithe na hionstraime íocaíochta a choimeád slán agus an soláthraí seirbhísí íocaíochta a chur ar an eolas gan moill mhíchuí nuair a thugann sé faoi deara cailliúint, goid, nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta nó a húsáid neamhúdaraithe.

27.

Óna thaobh sin de, is gá don soláthraí seirbhísí íocaíochta, de bhun Airteagal 57(1)(a) agus (b), inter alia, a chinntiú nach bhfuil feidhmeanna slándála pearsantaithe na hionstraime íocaíochta inrochtana ach amháin d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus is gá dó staonadh ó ionstraim íocaíochta gan iarraidh a sheoladh, ach amháin sa chás go bhfuil sean‑ionstraim íocaíochta le hionadú. Ina theannta sin, de bhun Airteagal 57(1)(c), is gá don soláthraí seirbhísí íocaíochta a chinntiú go bhfuil modhanna iomchuí ar fáil i rith an ama chun a chur ar chumas úsáideoir na seirbhíse íocaíochta tuairisciú a dhéanamh faoi Airteagal 56(1)(b) i gcás chailliúint, ghoid, nó mhíleithreasú na hionstraime íocaíochta nó a húsáid neamhúdaraithe. Ar deireadh, de réir Airteagal 57(1)(d), is gá don soláthraí seirbhísí íocaíochta gach úsáid den ionstraim íocaíochta a chosc tar éis go ndéantar an tuairisciú sin.

28.

Baineann Airteagal 58 le, inter alia, ( 10 ) idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe. ( 11 ) Forchuirtear dá bhun oibleagáid ghinearálta tuairiscithe ar úsáideoir na seirbhíse íocaíochta mar réamhriachtanas chun go bhfaighfí ceartú ón soláthraí seirbhísí íocaíochta. ( 12 ) Is gá d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta tuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta ‘gan moill mhíchuí nuair a thugann sé faoi deara aon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe … as a n‑éiríonn éileamh … agus tráth nach déanaí ná 13 mhí tar éis an dáta dochair’. Is é an t‑aon eisceacht don oibleagáid sin ná má mhainnigh an soláthraí seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis maidir leis an idirbheart íocaíochta sin a sholáthar nó a chur ar fáil de réir Theideal III de Threoir 2007/64.

29.

Cuimsítear le hAirteagal 59 den treoir sin, mar chuid de na rialacha ar dhliteanas i gcás idirbhearta neamhúdaraithe, forálacha lena rialaítear an t‑ualach cruthúnais atá fabhrach d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. Go bunúsach, tá an t‑ualach cruthúnais ar an soláthraí seirbhísí íocaíochta, ar gá dó a chruthú gur fíordheimhníodh an t‑idirbheart, gur taifeadadh go cruinn é agus gur iontráladh sna cuntais é. ( 13 )

30.

Go praiticiúil, is é an toradh atá ar an gcóras cruthúnais arna bhunú ag Airteagal 59 de Threoir 2007/64 ná go bhfágtar an soláthraí seirbhísí íocaíochta, a luaithe is a dhéantar an tuairisciú arna leagan amach in Airteagal 58 den treoir sin taobh istigh den tréimhse fhorordaithe inti, faoi réir oibleagáid aisíocaíochta láithreach bonn, de réir Airteagal 60(1) di. ( 14 )

31.

Rialaítear le hAirteagal 61 dliteanas an íocóra sa chás ar leith ina n‑éiríonn na caillteanais ó idirbheart neamhúdaraithe de thoradh úsáid ionstraim íocaíochta a cailleadh, a goideadh nó a rinneadh a mhíleithreasú. Leanann sé ó mhír 1 den airteagal sin go bhfuil teorainn suas go huasmhéid EUR 150 le dliteanas an íocóra as idirbhearta neamhúdaraithe. ( 15 ) Mar sin féin, tá dliteanas an íocóra neamhtheoranta sa chás gur ghníomhaigh sé go calaoiseach nó gur mhainnigh sé ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí faoi Airteagal 56 a chomhlíonadh (lena n‑áirítear an oibleagáid cailliúint, goid nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta nó a húsáid neamhúdaraithe a thuairisciú) d’aon ghnó nó le mórfhaillí. Leanann sé ó Airteagal 61(4), tar éis cailliúint, goid nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta a thuairisciú, nach bhfuil aon iarmhairtí airgeadais ar an íocóir a thuilleadh, seachas sa chás gur ghníomhaigh sé go calaoiseach.

2. An t‑idirghaol idir oibleagáidí tuairiscithe an íocóra

32.

Leanann sé ón gcreat dlíthiúil a leagtar amach thuas go bhfuil oibleagáid ghinearálta dícheallachta ar an íocóir maidir leis an ionstraim íocaíochta. Is sainléiriú ar an dualgas dícheallachta é an dualgas tuairiscithe. ( 16 ) Tá ionad lárnach ag an oibleagáid sin i gcomhthéacs na rialacha maidir le dliteanas as idirbhearta neamhúdaraithe, agus í mar ‘shlat tomhais’ maidir le leithdháileadh na freagrachta idir an t‑íocóir agus an soláthraí seirbhísí i ndáil le haon idirbhearta neamhúdaraithe. ( 17 )

33.

Is féidir trí chás ar a laghad a aithint lena ndúisítear oibleagáid an úsáideora chun tuairisciú.

34.

Is é an chéad chás ná nuair a thugann an t‑úsáideoir faoi deara cailliúint, goid, nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta nó a húsáid neamhúdaraithe. Sa chás sin, is gá de bhun Airteagal 56(1)(b) de Threoir 2007/64 go ndéanfadh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta tuairisciú don soláthraí seirbhísí gan moill mhíchuí. Is é cuspóir an tuairiscithe sin, mar is léir ó Airteagal 57(1)(d) den treoir sin, arna léamh i bhfianaise aithris 32 di, ligean don soláthraí seirbhísí íocaíochta an ionstraim íocaíochta a bhlocáil agus tuilleadh úsáid neamhúdaraithe a chosc.

35.

Is an dara cás ná nuair a thugann an t‑úsáideoir idirbheart neamhúdaraithe faoi deara. I gcás den chineál sin, de bhun Airteagal 58 den treoir sin, is gá don úsáideoir tuairisciú a dhéanamh don soláthraí seirbhísí íocaíochta gan moill mhíchuí chun ceartú an idirbhirt neamhúdaraithe a fháil. Is é an cuspóir atá leis an oibleagáid tuairiscithe faoin airteagal sin ná ligean don íocóir agóid a dhéanamh i gcoinne idirbhearta neamhúdaraithe agus aisíocaíocht a fháil ina dtaobh.

36.

San áit a bhfuil feidhm choisctheach ag Airteagal 56(1)(b) sa mhéid go gcumasaítear dá bhun an ionstraim íocaíochta a bhlocáil agus gur cosaint é ar idirbhearta neamhúdaraithe, is feidhm chúiteach atá ag Airteagal 58 den chuid is mó, sa mhéid go gcumasaítear dá bhun aisíocaíocht maidir leis an idirbheart neamhúdaraithe. ( 18 )

37.

Is é an tríú cás ná nuair a tharlaíonn an dá chás thuas (beagnach) go comhuaineach. Mar a thug an Coimisiún faoi deara ina chuid pléadálacha agus an ceart aige, agus is cosúil gurb amhlaidh atá cúrsaí sna príomhimeachtaí, is féidir leis an idirbheart neamhúdaraithe tarlúint tar éis gur cailleadh an ionstraim íocaíochta, go ndearnadh í a ghoid nó a mhíleithreasú nó gur baineadh úsáid neamhúdaraithe aisti. Sa chás sin, is gá na hoibleagáidí tuairiscithe de thoradh ar Airteagal 56(1)(b) agus Airteagal 58 a chur i bhfeidhm ar bhealach comhtháiteach. Chun comhtháiteacht a chinntiú, is gá an tuairisciú (agus an dúshlán) a thugtar maidir le hidirbheart neamhúdaraithe faoi Airteagal 58 a mheas mar rud lena gcuimsítear an tuairisciú faoi Airteagal 56(1)(b). I gcás den chineál sin comhlíontar feidhm choisctheach agus feidhm chúiteach araon leis an tuairisciú maidir leis an idirbheart neamhúdaraithe agus cuirtear é in ionad an tuairiscithe faoi Airteagal 56. ( 19 )

3. An tréimhse ama do thuairisciú faoi Airteagal 58 de Threoir 2007/64

38.

Is gá de bhun Airteagal 58 de Threoir 2007/64 go gcomhlíonfadh an t‑íocóir a dhualgas chun tuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta taobh istigh de thréimhse ama ar leith. Chun ceartú a fháil ón soláthraí, is gá an tuairisciú a dhéanamh ‘gan moill mhíchuí nuair a thugann sé faoi deara aon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe … agus tráth nach déanaí ná 13 mhí tar éis an dáta dochair’.

39.

Is í an tsaincheist a ardaítear leis an gcéad cheist ná cé acu a shéantar nó nach séantar ar úsáideoir na seirbhíse íocaíochta an ceart chun ceartú a fháil de dheasca tuairisciú déanach fiú nuair a tharlaíonn an tuairisciú taobh istigh de 13 mhí tar éis an dáta dochair. Braitheann an freagra ar an gceist sin ar cé acu is coinníoll ar leith nó nach ea an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ‘gan moill mhíchuí’ nuair a thugtar faoi deara an t‑idirbheart neamhúdaraithe, a fheidhmítear go carnach in éineacht leis an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh taobh istigh de 13 mhí ón dáta dochair.

40.

De réir cásdlí socair, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, is gá ní hamháin go measfaí an fhoclaíocht inti, ach ina theannta sin an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a bhaineann leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh. Is féidir freisin go bhfuil eolas le fáil i mbunús forála de dhlí an Aontais atá ábhartha dá léiriú. ( 20 )

41.

Maidir le foclaíocht Airteagal 58, ar an gcéad dul síos, is gá a thabhairt faoi deara ar dtús go bhfuil na coinníollacha ama don tuairisciú nasctha leis an nath cainte ‘agus tráth nach déanaí ná’. Is cosúil go dtugtar le fios leis an nath cainte sin go leagtar amach le hAirteagal 58 dhá choinníoll ar leith, ar gá cloí leo araon chun go mbeadh an ceart chun ceartú i gceist.

42.

Ina theannta sin, tá an dá choinníoll ama difriúil ó thaobh nádúir agus scóipe de.

43.

Maidir le tuairisciú ‘gan moill mhíchuí’, ba cheart a thabhairt faoi deara nach léirítear an nath cainte sin i dTreoir 2007/64. ( 21 ) Mar a leag Rialtas na Fraince amach ina chuid aighneachtaí go bunúsach, ag brath ar theanga an leagain i gceist, féadfar an nath cainte sin a léiriú ag cur béim ar nádúr láithreach bonn an tuairiscithe ( 22 ) nó ar nádúr míchuí fhad na moille. ( 23 )

44.

In ainneoin na miondifríochtaí ag brath ar theanga an leagain i gceist, is gá a chur in iúl nach dtagraítear in Airteagal 58 do ghníomh láithreach bonn. Tugann sé sin solúbthacht áirithe le fios maidir le tapúlacht fhreagra an íocóra a mheas ar bhonn cás ar chás. Mar sin, is gá don íocóir gníomhú a luaithe agus is féidir, i bhfianaise na gcúinsí. I gcás ar bith, ní féidir a mheas go bhfuil an t‑íocóir déanach mura raibh sé ar an eolas i ndáiríre mar gheall ar an eachtra ba chúis leis an idirbheart neamhúdaraithe. ( 24 )

45.

Deimhnítear an léiriú sin le haithris 31 de Threoir 2007/64, áit a ndeirtear gur cheart d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta an soláthraí seirbhísí íocaíochta a chur ar an eolas ‘a luaithe agus is féidir’ mar gheall ar aon dúshlán a thugtar faoi idirbhearta neamhúdaraithe líomhnaithe.

46.

I bhfianaise aithris 31, is gá an nath cainte ‘gan moill mhíchuí’ a thuiscint mar riachtanas go ngníomhódh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta go mear, rud atá le measúnú, mar a thug an Coimisiún faoi deara go bunúsach, agus na cúinsí á dtabhairt san áireamh.

47.

Tugtar le fios leis an riachtanas cúinsí gach cás a chur san áireamh, mar a d’aighnigh Rialtas na Seice go bunúsach, gur riachtanas suibiachtúil é an riachtanas tuairisciú a dhéanamh ‘gan moill mhíchuí’. Tá a nádúr suibiachtúil mar thoradh freisin ar a phointe tosaigh, eadhon, eolas ar an idirbheart neamhúdaraithe.

48.

Murab ionann agus an coinníoll ama suibiachtúil sin, is coinníoll oibiachtúil é an coinníoll gur gá go ndéanfaí an tuairisciú tráth nach déanaí ná 13 mhí tar éis an dáta dochair. Go deimhin, is féidir imeacht 13 mhí a mheas go hoibiachtúil agus ní bhraitheann sé ar chúinsí an cháis. Ina theannta sin, ní bhraitheann an dáta a dtosaíonn na 13 mhí ar an íocóir a bheith ar an eolas maidir leis an idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe (a d’fhéadfadh a bheith, i gcás ar bith, deacair a chinneadh), ( 25 ) ach ar an dáta dochair.

49.

Rinne an Chúirt soiléir ina breithiúnas in CRCAM gur ‘tréimhse uasta’ í an tréimhse 13 mhí sin ar gá tuairisciú a dhéanamh taobh istigh di. ( 26 ) Ní féidir le húsáideoir nár thuairiscigh idirbheart neamhúdaraithe dá sholáthraí seirbhísí íocaíochta taobh istigh den teorainn ama sin dliteanas an tsoláthraí seirbhísí sin a dhúiseacht, fiú ar bhonn an dlí ghinearálta, agus, dá bhrí sin, ní féidir leis aisíocaíocht a fháil don idirbheart neamhúdaraithe sin. ( 27 ) Faoi mar a d’aighnigh Veracash, is sprioc-am deiridh é an tréimhse 13 mhí (‘délai butoir’) ar gá tuairisciú a dhéanamh taobh istigh di.

50.

Leanann sé ón méid thuas gur oibleagáid ar leith í an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ‘gan moill mhíchuí’ seachas an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh taobh istigh den sprioc-am de 13 mhí. Ní féidir mainneachtain úsáideoir na seirbhíse íocaíochta tuairisciú a dhéanamh ‘gan moill mhíchuí’ nuair a thugann sé faoi deara an t‑idirbheart neamhúdaraithe a ‘fhritháireamh’ le tuairisciú a tharlaíonn taobh istigh de 13 mhí tar éis an dáta dochair.

51.

Sa dara háit, deimhnítear léiriú litriúil na forála sin le léiriú comhthéacsúil ar Airteagal 58 de Threoir 2007/64.

52.

Chinn an Chúirt ina breithiúnas in CRCAM go bhforchuirtear le hAirteagal 58, a dtagraítear dó in Airteagal 60(1) den treoir sin, oibleagáid ghinearálta tuairiscithe ar úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. ( 28 ) Mar a chuir mé in iúl thuas, ( 29 ) tá ionad lárnach ag an tuairisciú i gcomhthéacs na rialacha maidir le dliteanas lena rialaítear idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe. Má ghlactar leis gur féidir leis an íocóir fanacht ar feadh 13 mhí sula dtugann sé agóid i gcoinne idirbheart atá tugtha faoi deara aige lagaítear éifeachtúlacht na hoibleagáide chun tuairisciú a dhéanamh ‘gan moill mhíchuí’. Sa chás ar leith go bhfuil an t‑idirbheart neamhúdaraithe mar thoradh ar chailliúint, goid nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta, cuireann tuairisciú déanach an idirbhirt sin moill ar an soláthraí seirbhísí íocaíochta céimeanna a ghlacadh de réir Airteagal 57(1)(d) de Threoir 2007/64. Ina theannta sin, cuireann tuairisciú déanach ar idirbhearta neamhúdaraithe atá tugtha faoi deara ag an íocóir moill ar dhliteanas an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta a dhúiseacht faoi Airteagal 60 den treoir sin. Mar sin, mar a d’aighnigh an Coimisiún go bunúsach, baineann tuairisciú déanach ar idirbhearta atá tugtha faoi deara ag an íocóir an bonn freisin de chuspóirí Airteagal 57(1)(d) agus Airteagal 60 di.

53.

Sa tríú háit, tacaíonn léiriú teileolaíoch ar Airteagal 58 de Threoir 2007/64 leis an léiriú litriúil agus an léiriú comhthéacsúil ar an bhforáil sin. Sa chás ar leith go bhfuil na caillteanais a bhaineann le hidirbheart neamhúdaraithe mar thoradh ar chailliúint, goid nó míleithreasú ionstraime íocaíochta, coisctear de dheasca tuairisciú déanach ar an soláthraí seirbhísí íocaíochta ó chéimeanna a ghlacadh láithreach bonn agus géaraítear an riosca go ndéanfar idirbhearta neamhúdaraithe. Mar sin, baintear an bonn den fheidhm choisctheach a bhaineann le tuairisciú nuair a bhoinn moill mhíchuí ann tuairisciú a dhéanamh leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta. ( 30 )

54.

Ina theannta sin, mar a chuir an Coimisiún in iúl go bunúsach, baineann léiriú faoina bhfuil an t‑íocóir i dteideal ceartú a fháil fiú má mhainnigh sé tuairisciú a dhéanamh gan moill mhíchuí an bonn de chinnteacht dhlíthiúil agus de chothrom na leasanna idir an soláthraí seirbhísí íocaíochta agus úsáideoir na seirbhíse íocaíochta.

55.

Sa cheathrú háit, tacaíonn cúlra Threoir 2007/64 leis an léiriú a leanann ón léiriú litriúil, comhthéacsúil agus teileolaíoch ar Airteagal 58 den treoir sin.

56.

Is léir ó na travaux préparatoires nach bhforchuirtí de bhun thogra bunaidh an Choimisiúin le haghaidh treorach ( 31 ) aon teorainn ama inchomparáide leis an gceann a leagtar síos in Airteagal 58 de Threoir 2007/64, a tugadh isteach le linn na próise reachtaí. ( 32 ) Ní raibh an intinn ann, áfach, go mbeadh sé mar thoradh ar thabhairt isteach na tréimhse aonfhoirmí 13 mhí, go gcuirfí í in ionad na hoibleagáide tuairisciú a dhéanamh gan moill mhíchuí. Mar a chuir an Chúirt in iúl ina breithiúnas in CRCAM, ba léir sula i bhfad go raibh sé riachtanach go dtabharfaí isteach an tréimhse sin chun cinnteacht dhlíthiúil a chinntiú d’úsáideoir na seirbhísí sin agus dá soláthraí. ( 33 ) Cinntítear de bhun uastréimhse 13 mhí go n‑éiríonn an t‑idirbheart íocaíochta críochnúil agus an tréimhse sin caite. ( 34 ) Ní chuirtear as don oibleagáid ar leith atá ar an úsáideoir, áfach, tuairisciú a dhéanamh gan moill mhíchuí leis an gcuspóir go gcinnteofaí go n‑éiríonn idirbheart críochnaitheach.

57.

Fágann sé sin gur gá d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta an dá choinníoll atá leagtha amach in Airteagal 58 de Threoir 2007/64 a chomhlíonadh. Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 61(2) den treoir sin, lena rialaítear dliteanas an íocóra nuair atá na caillteanais a bhaineann le hidirbheart neamhúdaraithe mar thoradh, inter alia, ar mhainneachtain cailliúint, goid nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta a thuairisciú d’aon ghnó nó le mórfhaillí, atá mar ábhar an dara ceist a tarcuireadh.

58.

I bhfianaise gach a bhfuil thuas, ní mór Airteagal 58 de Threoir 2007/64, arna léamh i bhfianaise Airteagail 56, 60 agus 61 di, a léiriú amhail go séantar ar an íocóir, i bprionsabal, an ceart chun aisíocaíochta i méid an idirbhirt neamhúdaraithe má bhí sé déanach ag tuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta faoin idirbheart sin, in ainneoin go ndearnadh amhlaidh taobh istigh de 13 mhí ón dáta dochair. Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 61(2) den treoir sin.

B.   An dara ceist

59.

Cé nach luann an chúirt a rinne an tarchur sa dara ceist uaithi foráil ar leith de Threoir 2007/64, is léir mar sin féin ón ordú tarchuir go lorgaítear léiriú ar Airteagal 61(2) den treoir sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 56(1)(b) di. Ina theannta sin, cuirtear an dara ceist má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist.

60.

Mar sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa dara ceist uaithi, go bunúsach, cé acu is gá nó nach gá Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64, arna léamh i bhfianaise Airteagal 56(1)(b) den treoir sin a léiriú amhail nach séantar ar an íocóir, i gcás caillteanais a bhaineann le hidirbheart neamhúdaraithe mar thoradh ar chailliúint, goid nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta nó ar a húsáid neamhúdaraithe, an ceart aisíocaíochta ach amháin má mhainnigh sé tuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta d’aon ghnó nó le mórfhaillí.

61.

Bunaítear le hAirteagal 61 de Threoir 2007/64 forálacha ar leith atá infheidhme ar na rialacha maidir le dliteanas as caillteanais a bhaineann le hidirbheart neamhúdaraithe mar thoradh úsáid ionstraimí íocaíochta a cailleadh, a goideadh nó a rinneadh a mhíleithreasú. ( 35 ) Go sonrach, leanann sé ó Airteagal 61(2) den treoir sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 56(1)(b) di, go bhfuil dliteanas ar an íocóir as na caillteanais go léir a bhaineann le haon idirbhearta neamhúdaraithe má thabhaigh sé iad, inter alia, trí mhainneachtain tuairisciú don soláthróir seirbhíse íocaíochta maidir le cailliúint, goid nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta nó lena húsáid neamhúdaraithe, d’aon ghnó nó le mórfhaillí.

62.

Ní thagraítear go sainráite in Airteagal 61(2) don oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 58. Mar a chuirtear in iúl thuas, ( 36 ) áfach, ag brath ar an gcás agus mar a thiteann cúrsaí amach, nuair atá an t‑idirbheart neamhúdaraithe mar thoradh ar chailliúint, goid nó míleithreasú ionstraime íocaíochta, cuimsítear an tuairisciú faoi Airteagal 56(1)(b) le tuairisciú idirbhirt neamhúdaraithe faoi Airteagal 58. Sna cásanna sin, chun léiriú comhsheasmhach ar Airteagal 61(2), Airteagal 56(1)(b) agus Airteagal 58 a chinntiú, is gá don tuairisciú faoi Airteagal 58 a bheith faoi réir ag na coinníollacha arna leagan amach in Airteagal 61(2).

63.

Mar sin, séantar an ceart aisíocaíochta ar an íocóir má mhainnigh sé ‘d’aon ghnó nó le mórfhaillí’ tuairisciú a dhéanamh ar an idirbheart neamhúdaraithe tar éis gur cailleadh an ionstraim íocaíochta, gur goideadh í nó go ndearnadh í a mhíleithreasú.

64.

Leanann sé ó aithris 33 de Threoir 2007/64 gur cheart na cúinsí ar fad a thabhairt san áireamh, chun faillí fhéideartha a mheasúnú. De réir na haithrise sin, ba cheart an fhianaise agus méid na faillí líomhnaithe a mheasúnú de réir an dlí náisiúnta.

65.

Tar éis go dtugtar le fios le coincheap na faillí gníomh neamhbheartaithe nó easnamh neamhbheartaithe lena sáraíonn an duine freagrach a dhualgas cúraim, ní féidir a bheith i gceist le coincheap na ‘mórfhaillí’ ach sárú follasach ar a leithéid de dhualgas cúraim. ( 37 ) Deimhnítear le Treoir 2015/2366, cé nach bhfuil sí infheidhme sa chás sna príomhimeachtaí, an léiriú sin ar choincheap na ‘mórfhaillí’. Deirtear in aithris 72 di ‘ba cheart mórfhaillí a thuiscint mar rud níos mó ná gnáth-fhaillí, lena mbaineann iompar lena léirítear leibhéal suntasach neamhchúraim’.

66.

I gcás ar bith, leanann sé ó Airteagal 59(2) de Threoir 2007/64 nach leor go díreach úsáid na hionstraime íocaíochta aisti féin le cruthú gur ghníomhaigh an t‑íocóir go calaoiseach nó gur mhainnigh sé d’aon ghnó nó le mórfhaillí ceann amháin nó níos mó dá chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 56 di.

67.

Dá bhrí sin, chun críocha Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64, ní leor go díreach sárú ar an dualgas cúraim, nó ‘faillí shimplí’ mar a dúirt an Coimisiún, chun aisíocaíocht don íocóir a chosc. ( 38 ) Mar sin, mar a thug an chúirt a rinne a tarchur faoi deara agus an ceart aici, ní fhorchuirtear le hAirteagal 61(2) ‘pionós’ as gach moill maidir le tuairisciú beag beann ar na cúinsí agus ar iompar an íocóra. Is é an mhoill maidir le tuairisciú, mar gheall gur ghníomhaigh an t‑íocóir d’aon ghnó nó le mórfhaillí, an t‑aon chás amháin a gcailltear an ceart chun aisíocaíochta dá dheasca.

68.

I bhfianaise an mhéid thuas, is gá Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64, arna léamh i bhfianaise Airteagal 56(1)(b) den treoir sin, a léiriú amhail nach séantar ar an íocóir, i gcás caillteanais a bhaineann le hidirbheart neamhúdaraithe mar thoradh ar chailliúint, goid nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta nó ar a húsáid neamhúdaraithe, an ceart aisíocaíochta ach amháin má mhainnigh sé tuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta d’aon ghnó nó le mórfhaillí.

C.   An tríú ceist

69.

Cé nach luann an chúirt a rinne an tarchur sa tríú ceist uaithi foráil ar leith de Threoir 2007/64, is léir mar sin féin ón ordú tarchuir go lorgaítear léiriú ar Airteagal 61(2) den treoir sin agus go sonrach ar scóip na n‑idirbheart neamhúdaraithe a mbíonn an riosca ar an íocóir ina dtaobh. Ina theannta sin, fiafraítear an tríú ceist má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist.

70.

Mar sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa tríú ceist uaithi, go bunúsach, an gá Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64 a léiriú amhail, i gcás caillteanais a bhaineann le hidirbhearta neamhúdaraithe a thuairiscigh an t‑íocóir go déanach d’aon ghnó nó le mórfhaillí, go séantar ar an íocóir sin an ceart chun aisíocaíochta maidir leis na hidirbhearta neamhúdaraithe go léir nó díreach na hidirbhearta sin a d’fhéadfaí a chosc murach go raibh an tuairisciú déanach.

71.

Maidir leis sin, de réir an chásdlí shocair arna lua thuas, ( 39 ) agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, is gá ní hamháin go measfaí an fhoclaíocht inti, ach ina teannta sin an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a bhaineann leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh.

72.

Ar dtús, maidir le foclaíocht Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64, deirtear san fhoráil sin go mbeidh an t‑íocóir thíos leis ‘na caillteanais ar fad a bhaineann le haon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe’ má thabhaigh sé iad, inter alia, trí mhainneachtain ina chuid oibleagáidí tuairiscithe d’aon ghnó nó le mórfhaillí. Ar thaobh amháin, is cosúil go dtugtar le fios leis na nathanna ‘na caillteanais ar fad’ agus ‘aon idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe’ gur gá scóip na n‑idirbheart ina mainníonn an t‑íocóir a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh a fhorléiriú go leathan. Níl aon idirdhealú idir idirbhearta a d’fhéadfaí a sheachaint agus idirbhearta nach bhféadfaí a sheachaint dá ndéanfaí tuairisciú tráthúil.

73.

Ar an taobh eile, bunaítear leis an nath ‘caillteanais [a] thabhaigh [sé]’ nasc cúisíoch idir na caillteanais agus iompar an íocóra a ‘thabhaigh’ iad inter alia trí mhainneachtain tuairisciú a dhéanamh. D’fhéadfaí riachtanas an naisc chúisíoch sin a léiriú, mar a d’aighnigh an Coimisiún go bunúsach, nach gcuimsítear ach caillteanais mar thoradh ar idirbhearta a d’fhéadfaí a chosc le tuairisciú tráthúil.

74.

Mar sin féin, measaim go dtugtar le fios ina ionad sin le comhthéacs agus cuspóirí Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64 go mbíonn an t‑íocóir thíos leis na caillteanais ar fad a bhaineann leis na hidirbhearta neamhúdaraithe go léir má mhainnigh sé iad a thuairisciú d’aon ghnó nó le mórfhaillí.

75.

Sa dara háit, maidir le comhthéacs na forála sin, is gá a thabhairt chun cuimhne, ar an gcéad dul síos, go gcasann dliteanas neamhtheoranta an íocóra ar ghníomh calaoiseach nó ar intinn nó ar mhórfhaillí i ndáil leis an mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chuid oibleagáidí faoi Airteagal 56 de Threoir 2007/64 a chomhlíonadh. Leanann sé ón bhforáil sin gur gá go mbeadh iarmhairtí i gceist don íocóir as iompar mar sin, is é sin le rá go gcaillfí an ceart chun aisíocaíochta.

76.

Ansin, mar a chuir mé in iúl cheana, ( 40 ) tá áit lárnach ag tuairisciú sa chóras maidir le dliteanas as idirbhearta neamhúdaraithe. Go sonrach nuair atá an t‑idirbheart i ndíospóid mar thoradh ar úsáid neamhúdaraithe ionstraime íocaíochta, tá feidhm choisctheach ag tuairisciú, lena gcumasaítear don soláthraí seirbhísí íocaíochta an ionstraim íocaíochta a bhlocáil agus an riosca maidir le hidirbheart íocaíochta neamhúdaraithe a laghdú. Braitheann na rialacha maidir le dliteanas d’idirbhearta neamhúdaraithe dá leithéid ar an toimhde go bhféadfaí iad a sheachaint le tuairisciú tráthúil. Bheadh sé i gcontrárthacht le loighic an chórais dliteanais idirdhealú a dhéanamh, chun críocha an chirt chun aisíocaíochta, idir dhá chatagóir idirbheart, is é sin, iad sin a d’fhéadfaí a sheachaint agus iad sin nach bhféadfaí a sheachaint.

77.

Sa tríú háit, tacaíonn cuspóir Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64 agus na forálacha a bhfuil sé mar chuid díobh leis an gconclúid sin. Féachtar leis na rialacha maidir le dliteanas as idirbhearta neamhúdaraithe atá mar thoradh ar chailliúint, goid nó míleithreasú ionstraime íocaíochta teacht ar chothrom idir leasanna an íocóra agus an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta. Bheadh sé i gcontrárthacht le teacht ar chothrom idir leasanna na bpáirtithe conartha dá gcaolófaí scóip an dliteanais ionas nach gcuimsítear léi ach cuid de na hidirbhearta neamhúdaraithe. Ina theannta sin, bhainfeadh sé an bonn den chuspóir an t‑íocóir a spreagadh le tuairisciú a dhéanamh don soláthraí seirbhísí íocaíochta gan moill mhíchuí.

78.

I bhfianaise an mhéid thuas, measaim gur gá Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64 a léiriú amhail go séantar ar an íocóir, i gcás caillteanais a bhaineann le hidirbheart neamhúdaraithe a thuairiscigh an t‑íocóir go déanach d’aon ghnó nó le mórfhaillí, an ceart chun aisíocaíochta maidir leis na hidirbhearta neamhúdaraithe ar fad, seachas díreach na hidirbhearta sin a d’fhéadfaí a chosc murach go raibh an tuairisciú déanach.

V. Conclúid

79.

I bhfianaise an mhéid thuas ar fad, molaim go bhfreagródh an Chúirt na ceisteanna arna dtarchur ag an Cour de cassation (an Chúirt um Achomharc Deiridh, an Fhrainc) mar seo a leanas:

(1)

Ní mór Airteagal 58 de Threoir 2007/64/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/EC, 2002/65/EC, 2005/60/EC agus 2006/48/EC agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/5/EC, arna léamh i bhfianaise Airteagail 56, 60 agus 61 di,

a léiriú amhail go séantar, i bprionsabal, ar an íocóir, an ceart chun aisíocaíochta i méid an idirbhirt neamhúdaraithe má sé déanach ag tuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta faoin idirbheart sin, in ainneoin go ndearnadh amhlaidh taobh istigh de 13 mhí ón dáta dochair. Tá sé sin gan dochar d’fheidhmiú Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64.

(2)

Ní mór Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64, arna léamh i bhfianaise Airteagal 56(1)(b) den treoir sin,

a léiriú amhail nach séantar ar an íocóir, i gcás caillteanais a bhaineann le hidirbheart neamhúdaraithe mar thoradh ar chailliúint, goid nó míleithreasú na hionstraime íocaíochta nó ar a húsáid neamhúdaraithe, an ceart aisíocaíochta ach amháin má mhainnigh sé tuairisciú don soláthraí seirbhísí íocaíochta d’aon ghnó nó le mórfhaillí.

(3)

Ní mór Airteagal 61(2) de Threoir 2007/64,

a léiriú amhail go séantar ar an íocóir, i gcás caillteanais a bhaineann le hidirbhearta neamhúdaraithe a thuairiscigh an t‑íocóir go déanach d’aon ghnó nó le mórfhaillí, an ceart chun aisíocaíochta maidir leis na hidirbhearta neamhúdaraithe ar fad, seachas díreach na hidirbhearta sin a d’fhéadfaí a chosc murach go raibh an tuairisciú déanach.


( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

( 2 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO 2007 L 319, lch. 1). Aisghaireadh í agus cuireadh ina háit Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO 2015 L 337, lch. 35). I bhfianaise fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí agus mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur le fios freisin, rialaítear an cás seo le Treoir 2007/64.

( 3 ) Breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021 (C‑337/20, EU:C:2021:671; ‘an breithiúnas in CRCAM’).

( 4 ) Arna athainmniú ‘tribunal judiciaire d’Évry’ (Cúirt Évry, an Fhrainc) an 1 Eanáir 2020.

( 5 ) Tá an dóchúlacht ann go bhfuil an tagairt sa bhreithiúnas sin don oibleagáid an t‑idirbheart a thuairisciú ‘láithreach bonn’ toisc go bhfuil an téarma sin san áireamh sna téarmaí agus coinníollacha ginearálta lena rialaítear úsáid an chárta ‘Veracard’, arna leagan amach arís sa bhreithiúnas sin.

( 6 ) Ní bhaineann an tarchur chun réamhrialú ach leis an gcéad chuid den dara foras achomhairc.

( 7 ) Féach Μavromati, D., The Law of Payment Services in the EU: The EC Directive on Payment Services in the Internal Market, Kluwer Law International, Alphen aan den Rijn, 2008, lch. 220 et seq.

( 8 ) De réir Airteagal 4(10), de Threoir 2007/64, ciallaíonn ‘úsáideoir seirbhíse íocaíochta’ duine nadúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta ina cháil mar íocóir nó mar íocaí, nó iad araon. Sainmhínítear na coincheapa ‘íocóir’ agus ‘íocaí’ ag míreanna 7 agus 8 den airteagal sin.

( 9 ) Mar a shainmhínítear in Airteagal 4,(9), de Threoir 2007/64.

( 10 ) Cuimsítear leis an bhforáil sin freisin ‘idirbhearta íocaíochta arna bhforghníomhú go mícheart’. Toisc go mbaineann an cás sna príomhimeachtaí le hidirbhearta nach raibh údaraithe ag an íocóir, seachas idirbhearta nach gcloíonn le treoracha an íocóra, díreoidh mé ar chúinse na n‑idirbheart íocaíochta neamhúdaraithe.

( 11 ) Leagtar amach in Airteagal 54 de Threoir 2007/64 na cúinsí faoina bhfuil idirbheart íocaíochta le meas mar cheann neamhúdaraithe.

( 12 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas in CRCAM (mír 33).

( 13 ) An breithiúnas in CRCAM (mír 40).

( 14 ) Ibid.

( 15 ) Féach, Geva, B., ‘The EU payment services directive: An outsider’s view’, Yearbook of European Law, Iml. 28, Uimh 1, 2009, lgh. 177 go 215, ag lch. 200, ag cur in iúl gurb ann don dliteanas teoranta sin fiú sa chás go bhfuil an t‑íocóir gan locht agus dall ar na cúinsí inar gá tuairisciú a dhéanamh faoi Airteagal 56 de Threoir 2007/64.

( 16 ) Féach, Bourguignon, C., ‘L’utilisateur dans la nouvelle loi sur les services de paiement: entre protection et responsabilisation’, in Jacquemin, H., Michaux, B. agus Bourguignon, C., Actualités en droit du numérique, Anthemis, Limal, 2019, lgh. 153 go 215, ag lch. 206.

( 17 ) Ibid., ag lch. 207, lena ndéantar cur síos ar an oibleagáid tuairiscithe mar ‘curseur de la répartition des responsabilités’. Ar an dul céanna, féach Guimarães, M.R. agus Steennot, R., ‘Allocation of liability in case of payment fraud: who bears the risk of innovation? A comparison of Belgian and Portuguese law in the context of PSD2’, European Review of Private Law, Kluwer Law International, 2022, Iml. 30, Uimh 1, lgh. 29 go 72, ag lch. 46, dar leo ‘tagann deireadh leis an gcúisíocht iarmhartach idir iompar [an úsáideora] agus idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe leis an tuairisciú’.

( 18 ) Torck, S., ‘Délai de contestation des opérations de paiement non autorisées: renvoi préjudiciel de la Cour de Cassation’, Revue de droit bancaire et financier, no 2, 2024, commentaire 28.

( 19 ) Ibid.; Tugann Torck, S. faoi deara go nglacann agóid bunaithe ar Airteagal 58 ionad tuairisciú faoi Airteagal 56, atá gan éifeacht mar gheall ar na cúinsí (‘la contestation fondée sur l’article 58 prend le relais du signalement fondé sur l’article 56, rendu inefficace par les circonstances’).

( 20 ) An breithiúnas in CRCAM (mír 31 agus an cásdlí a dtagraítear dó).

( 21 ) Ina chuid aighneachtaí, chuir Rialtas na Fraince anailís ar fáil maidir leis an nath cainte ‘gan moill mhíchuí’, ag cur san áireamh na n-oibleagáidí arna bhforchur ar an gCoimisiún nó ar na Ballstáit i ngníomhartha eile de dhlí AE. Mar sin féin, measaim nach ceadmhach analóg mar sin toisc na difríochtaí idir institiúidí AE nó údarás de chuid Ballstáit agus duine príobháideach, is é sin le rá an t‑íocóir.

( 22 ) Tá an chuma air gur mar sin atá sna leaganacha Fraincise (‘sans tarder’), Ollainnise (‘onverwijld’), Gearmáinise (‘unverzüglich’), Gréigise (‘αμελλητί’) agus Iodáilise (‘senza indugio’).

( 23 ) Tá an chuma air gur mar sin atá sna leaganacha Béarla (‘without undue delay’), Spáinnise (‘sin tardanza injustificada’) agus Laitvise (‘bez liekas kavēšanās’).

( 24 ) Féach Storck, M. et al., Code Monétaire et Financier. Annoté et commenté, 14ú heagrán, Dalloz, Páras, 2024, lch. 170, agus Hennard, G., ‘Loi sur les services de paiement: l’exécution des opérations de paiement – Responsabilités en cas d’inexécution ou d’exécution incorrecte des opérations de paiement’, in Betalingsdiensten/Services de paiement, 1ú eagrán, Intersentia, an Bhruiséil, 2011, lgh. 137 go 194, ag lch. 172.

( 25 ) Féach, Guimarães, M.R. agus Steennot, R., op. cit., fonóta 17, ag lch. 48.

( 26 ) Féach, chuige sin, an breithiúnas in CRCAM (míreanna 38 agus 50).

( 27 ) An breithiúnas in CRCAM (mír 36).

( 28 ) Ibid., mír 33.

( 29 ) Féach mír 32 den Tuairim seo.

( 30 ) Féach míreanna 34 agus 36 den Tuairim seo.

( 31 ) Ag cur i bhfeidhm chlár Liospóin an Chomhphobail: Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasófar Treoracha 97/7/CE, 2000/12/CE agus 2002/65/CE (COM(2005) 603 final).

( 32 ) Féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Saugmandsgaard Øe in CRCAM (C‑337/20, EU:C:2021:564, míreanna 44 go 46).

( 33 ) An breithiúnas in CRCAM (mír 48).

( 34 ) Ibid., mír 49.

( 35 ) Féach mír 31 den Tuairim seo.

( 36 ) Mír 37 den Tuairim seo.

( 37 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Meitheamh 2008, Intertanko agus páirtithe eile (C‑308/06, EU:C:2008:312, míreanna 75 agus 76).

( 38 ) Féach, Guimarães, M.R. agus Steennot, R., op. cit., fonóta 17, ag lch. 50, le samplaí ón gcásdlí náisiúnta.

( 39 ) Mír 40 den Tuairim seo.

( 40 ) Míreanna 32 agus 52 den Tuairim seo.