|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1995 |
22.7.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1995 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Iúil 2024
maidir le beart driogtha géarchéime sealadach eisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona sa Phortaingéil sa bhliain mhargaíochta 2024/2025
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 219(1) agus in éineacht le hAirteagal 228 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun suaití sa mhargadh i margadh fíona an Aontais a chosc le haghaidh na bliana margaíochta 2023/2024, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 (2) lena n-áirítear driogadh géarchéime eisceachtúil i mBallstáit áirithe. Ba é ab aidhm don bheart leibhéil iomarcacha stoc a chláraítear i roinnt de phríomhréigiúin táirgthe fíona an Aontais a laghdú, leibhéil a mbeadh tionchar acu go háirithe ar fhíonta dearga agus rosé, mar thoradh ar thionchar carnach géarchéimeanna éagsúla le linn na mblianta roimhe sin chomh maith leis an treocht ghinearálta maidir le tomhaltas fíona san Aontas a laghdú, agus maidir le méideanna onnmhairithe i gcomhthéacs boilsciú ard do thomhaltóirí agus costais arda do tháirgeoirí fíona. |
|
(2) |
Mar thoradh air sin, baineadh níos mó ná 3,5 milliún heictilítear d’fhíonta dearga agus rosé den mhargadh i sé Bhallstát táirgthe (an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir agus an Phortaingéil). Mar gheall ar bhaint na méideanna sin, mar aon leis an laghdú ar tháirgeacht san Aontas in 2023 (–10,5 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin) agus i mBallstáit táirgthe thábhachtacha (-24 % san Iodáil agus -21 % sa Spáinn), tá margadh níos cothroime ann don bhliain mhargaíochta reatha go ginearálta, fiú má tá staid an mhargaidh fós leochaileach san Aontas ar fad. |
|
(3) |
I gcomparáid leis sin, sa Phortaingéil a bhí an méadú buainte ab airde as measc na mBallstát a tháirg fíon in 2023 (+ 10 % níos mó ná an bhliain roimhe sin, agus +15 % le haghaidh na deighleoige fíonta dearga ar a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint), agus táirgeacht iomlán de thart ar 7,5 milliún heictilítear aici. Idir an dá linn, níor tháinig ach téarnamh beag ar dhíolacháin intíre fíonta dearga de chuid na Portaingéile atá faoi chosaint ag ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach sa mhargadh náisiúnta faoi + 2,3 % go dtí mí an Mhárta 2024 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2023, agus tá laghdú –1,5 % tagtha ar onnmhairí go dtí mí Aibreáin 2024. Tá ualú ag baint leis an ngéarchéim seo go háirithe ar dheighleog mhargaidh fhíonta dearga na Portaingéile atá faoi chosaint ag ainmniúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach, agus meastar go dtiocfaidh méadú breise 29 % ar an leibhéal stoc faoi mhí Iúil 2024 i gcomparáid le 2023, agus méadú 46 % i gcomparáid le meán bearrtha na 5 bliana roimhe sin. |
|
(4) |
Cuireann carnadh stoc brú suntasach ar phraghsanna i margadh fíona na Portaingéile. Mura ndéantar aon ghníomhaíocht go tapa, tá an baol ann go gcuirfidh an staid isteach a thuilleadh ar an margadh náisiúnta le teacht fhómhar 2024, ós rud é nach mbeidh aon acmhainneacht stórála fágtha ag táirgeoirí fíona don táirgeadh nua agus go gcuirfear iallach orthu díol ar phraghsanna níos ísle fós. An brú atá ann faoi láthair i margadh fíona na Portaingéile agus an phráinn atá ann do tháirgeoirí na Portaingéile chun dóthain acmhainneachta stórála a chur ar fáil don bhuaint nua, tá riosca áirithe ann go ndéanfaidh siad difear do mhargaí fíona na mBallstát eile a d’fhéadfadh cuid den bharrachas soláthair a fháil sa Phortaingéil agus a d’fhéadfaí a dhíol ar phraghas íseal, i dteannta nó in éagmais a n-ainmniúcháin tionscnaimh bunaidh nó a dtásca gheografaigh. |
|
(5) |
Trí chuid den toirt sa stoc a bhaint de mhargadh fíona na Portaingéile don deighleog mhargaidh is mó a ndéantar difear di d’fhíonta dearga atá faoi chosaint ag ainmniúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach, ba cheart go gcabhrófaí leis an bPortaingéil aghaidh a thabhairt ar an éagothroime sa mhargadh agus cosc a chur ar an suaitheadh atá ann faoi láthair a bheith ina ghéarchéim níos déine nó níos faide sa Phortaingéil, agus ar leathadh chuig margaí fíona na mBallstát eile. In ainneoin an bhirt a glacadh in 2023, maidir le stoc na bhfíonta dearga atá faoi chosaint ag ainmniúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach sa Phortaingéil, tá coinne leis go mbeidh an stoc sin 2,25 milliún heictilítear níos airde ná an leibhéal is airde riamh faoi dheireadh mhí Iúil 2024, ar leibhéal é a baineadh amach an bhliain roimhe sin agus a raibh 63 % den mheánbhuaint iomlán ag gabháil leis. Sroichfidh na stoic charnacha le haghaidh na gcatagóirí sin, faoi dheireadh na bliana margaíochta reatha, dhá oiread go leith an mhéid a tháirgtear in 2023, agus ar an meán beidh na stoic deiridh níos lú ná dhá oiread an mheánbhuainte. |
|
(6) |
Chun brú ar an margadh a laghdú, ba ghá 15 % ar a laghad de mhéadú na stoc a bhaint, méid atá thart ar 340 000 heictilítear. Agus leibhéal cúitimh 20 % faoi bhun phraghsanna an mhargaidh le déanaí ann, theastódh thart ar EUR 15 mhilliún don bheart. Dhearbhaigh an Phortaingéil nach raibh sí in ann an méid fíona de bhreis ar na híocaíochtaí náisiúnta faoi Airteagal 216 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a bhaint den mhargadh. Is cosúil nach leor bearta ar bith eile atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó nach bhfuil siad oiriúnach. Dá bhrí sin, tá sé ábhartha úsáid a bhaint as an gcúlchiste talmhaíochta chun driogadh spriocdhírithe géarchéime a chur chun feidhme sa Phortaingéil. |
|
(7) |
Chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint, níor cheart úsáid alcól a fhaightear a cheadú do thionscal an bhia agus na dí agus ba cheart úsáid an alcóil sin a theorannú chun críoch tionsclaíoch agus chucu sin amháin, lena n-áirítear dífhabhtú agus cógaisíocht, agus chun críocha fuinnimh. Chun aon mhí-úsáid nó róchúiteamh tar éis chur chun feidhme an bhirt eisceachtúil seo a sheachaint, is iomchuí a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann an beart a dhíriú go heisiach ar na catagóirí fíona a bhfuil míchothromaíocht mhór sa mhargadh acu, agus an cúiteamh atá le soláthar a theorannú do leibhéal atá faoi bhun na bpraghsanna ábhartha margaidh a bhí ann le déanaí. |
|
(8) |
Chun éifeachtacht acmhainní airgeadais an Aontais is féidir a leithdháileadh ar an driogadh géarchéime seo a mhéadú, ba cheart cead a bheith ag an bPortaingéil tacaíocht airgeadais an Aontais a chomhlánú le híocaíochtaí náisiúnta a chumhdaíonn suas le 200 % den tacaíocht ón Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
|
(9) |
Ba cheart don Phortaingéil faisnéis mhionsonraithe faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún chun go mbeidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt a thugtar isteach leis seo. |
|
(10) |
An caiteachas arna thabhú ag an bPortaingéil chun an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur chun feidhme, ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéantar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tacaíocht don bheart eisceachtúil sin a íoc faoin 30 Aibreán 2025. |
|
(11) |
Ó tharla nár cheart íocaíochtaí a dhéanamh tar éis an 30 Aibreán 2025, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (3), lena ndéantar foráil maidir le laghdú comhréireach ar na híocaíochtaí míosúla a dhéantar tar éis an sprioc-ama. |
|
(12) |
Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ní mór d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an beart eisceachtúil maidir le driogadh géarchéime i bhfeidhm seiceálacha a dhéanamh chun comhlíonadh na gcoinníollacha agus na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú. |
|
(13) |
Ar mhórchúiseanna práinne, i bhfianaise an tsuaite leanúnaigh ar an margadh chomh maith leis an tréimhse ghearr ama atá ar fáil don Phortaingéil chun tús a chur le cur chun feidhme an bhirt a áirítear sa Rialachán seo roimh an mbuaint atá le teacht i mí Mheán Fómhair 2024, is gá gníomhú láithreach agus barrachas an tsoláthair a bhaint den mhargadh a luaithe is féidir. Murach sin, rachadh staid an mhargaidh in olcas a thuilleadh, agus thabharfaí an éagothroime atá ann faoi láthair anonn go dtí an bhliain mhargaíochta nua, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le géarchéim fhada sa Phortaingéil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh freisin do mhargaí fíona Ballstát eile. Dá bhrí sin, dá gcuirfí moill ar ghníomhaíocht, bheadh an baol ann go laghdófaí a éifeachtúlacht chun margadh fíona na Portaingéile a chobhsú. |
|
(14) |
I bhfianaise na mórchúiseanna práinne dá dtagraítear thuas, ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh de bhun an nós imeachta práinne a leagtar síos in Airteagal 228 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(15) |
I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maoiniú ón Aontas agus íocaíochtaí náisiúnta
1. Beidh tacaíocht airgeadais EUR 15 000 000 ón Aontas ar fáil don Phortaingéil chun tacú leis an mbeart sealadach eisceachtúil maidir le driogadh géarchéime dá bhforáiltear in Airteagal 2 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Leithdháilfear an tacaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus áiritheofar nach mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh as sin ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.
3. Caiteachas a sheasfaidh an Phortaingéil dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na híocaíochtaí i leith an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 2, ní bheidh sé incháilithe do chúnamh airgeadais ón Aontas ach amháin má dhéantar na híocaíochtaí sin faoin 30 Aibreán 2025.
4. Féadfaidh an Phortaingéil an beart dá bhforáiltear in Airteagal 2 a mhaoiniú a thuilleadh le híocaíochtaí náisiúnta suas le 200 % de thacaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 2
Driogadh sealadach géarchéime fíona
1. Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair driogadh fíonta dearga a tháirgtear i gcríoch ilchríochach na Portaingéile agus atá faoi chosaint ag ainmniúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach i gcomhréir le Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
2. An t-alcól a thagann ón driogadh a fhaigheann tacaíocht dá dtagraítear i mír 1, úsáidfear an t-alcól sin chun críoch tionsclaíoch amháin, lena n-áirítear dífhabhtú nó chun chríoch cógaisíochta, nó chun críoch fuinnimh chun saobhadh iomaíochta a sheachaint.
3. Fiontair fíona a tháirgeann nó a mhargaíonn na táirgí fíniúna dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, eagraíochtaí táirgeoirí fíona, comharchumainn fíona, comhlachais de dhá tháirgeoir nó níos mó, eagraíochtaí idirchraoibhe nó driogairí táirgí fíniúna, is iad na heintitis seo a bheidh i dtairbhithe na tacaíochta dá dtagraítear i mír 1.
4. Ní bheidh ach na costais a bhaineann le fíon a sholáthar do dhriogairí agus na costais a bhaineann le driogadh an fhíona sin incháilithe le haghaidh tacaíochta. Ní bheidh cáin bhreisluacha incháilithe le haghaidh tacaíochta. An fíon atá le driogadh faoin mbeart seo, beidh sé i gcomhréir leis na ceanglais atá le margú laistigh den Aontas agus i gcomhréir le sonraíochtaí táirge ábhartha ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint na bhfíonta sin.
5. Féadfaidh an Phortaingéil critéir thosaíochta a bhunú do thairbhithe an bhirt seo. Beidh na critéir thosaíochta sin oibiachtúil agus ní bheidh siad idirdhealaitheach.
6. Féadfaidh an Phortaingéil foráil a dhéanamh maidir le suas le 80 % den tacaíocht d’oibríocht áirithe driogtha géarchéime, a chumhdaítear le hiarratas ar thacaíocht a bhfuil glacadh leis faoin Airteagal seo agus atá le cur ar aghaidh i bhfoirm airleacain chuig tairbhithe, ar choinníoll gur thaisc an tairbhí ráthaíocht bainc nó urrús coibhéiseach i bhfabhar an Bhallstáit, ar ráthaíocht í arb ionann ar a laghad an méid a ghabhann léi agus méid an airleacain sin. Chun go mbeidh oibríocht den sórt sin incháilithe, déanfar íocaíocht deiridh na tacaíochta roimh an dáta dá dtagraítear in Airteagal 1(3).
7. Leagfaidh an Phortaingéil síos rialacha maidir leis an nós imeachta um iarratas don tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus maidir leis an mbeart a rialú an, lena n-áireofar rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a fhéadfaidh iarratais a chur isteach; |
|
(b) |
iarratais a chur isteach agus a roghnú, lena n-áireofar ar a laghad na spriocdhátaí le haghaidh iarratais a chur isteach, le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht gach gníomhaíochta atá beartaithe agus le haghaidh fógra a thabhairt do na hoibreoirí faoi thorthaí an nós imeachta roghnúcháin; |
|
(c) |
comhlíonadh na bhforálacha maidir le táirgí incháilithe agus na costais dá dtagraítear i mír 4 agus critéir thosaíochta i gcás ina gcuirtear critéir thosaíochta i bhfeidhm, é sin a fhíorú; |
|
(d) |
roghnú na n-iarratas, ina n-áireofar ar a laghad an t-ualú a shanntar do gach critéar tosaíochta i gcás ina gcuirtear critéir tosaíochta i bhfeidhm; |
|
(e) |
comhshocraíochtaí chun réamhíocaíochtaí a íoc agus urrúis a sholáthar; |
|
(f) |
faireachán agus rialú a dhéanamh ar oibríochtaí an driogtha, ar incháilitheacht na bhfíonta driogtha agus ar úsáid an alcóil táirgthe. |
8. Socróidh an Phortaingéil méid na tacaíochta do thairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha ar leibhéal réigiúnach nó náisiúnta. Ní fhéadfaidh an méid tacaíochta a bheith níos mó ná 80 % den mheánphraghas míosúil is ísle a taifeadadh ar an leibhéal táirgthe le linn na bliana margaíochta 2023/2024 maidir leis na catagóirí fíona incháilithe i réigiún áirithe nó i gcríoch na Portaingéile, de réir mar is iomchuí. I gcás nach bhfuil na praghsanna taifeadta margaidh ar fáil, féadfaidh údarás inniúil na Portaingéile meastachán a dhéanamh orthu bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil.
Airteagal 3
Fógraí agus rialuithe
1. Faoin 31 Lúnasa 2024, cuirfidh an Phortaingéil fógra chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na réigiúin ina mbeidh feidhm ag an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 2; |
|
(b) |
méideanna an chúitimh atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus (8), in aghaidh an réigiúin agus an chineáil fíona incháilithe nuair is iomchuí, agus an t-údar atá leo; |
|
(c) |
na toirteanna faoi seach a mheastar a dhriogfar; |
|
(d) |
méid na n-íocaíochtaí náisiúnta atá le caitheamh i gcomhréir le hAirteagal 1(4). |
2. Faoin 30 Meitheamh 2025, cuirfidh an Phortaingéil fógra chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
cainníochtaí an fhíona a tarraingíodh siar ón margadh do gach réigiún agus do gach cineál fíona incháilithe; |
|
(b) |
na toirteanna alcóil a tháirgtear ón bhfíon a sheachadtar agus a dhriogtar i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
an tacaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 1(1); |
|
(d) |
na híocaíochtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), a chomhfhreagraíonn do na híocaíochtaí fíona a tarraingíodh siar ón margadh. |
3. Na fógraí don Choimisiún dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfar iad i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (4).
4. Maidir leis an driogadh éigeandála eisceachtúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát gach seiceáil is gá chun incháilitheacht fíonta a fhíorú agus chun a fhíorú go n-urramaítear na coinníollacha agus na ceanglais uile is infheidhme.
5. Na seiceálacha ar an láthair tar éis chur chun feidhme na n-oibríochtaí driogtha géarchéime a fhaigheann tacaíocht faoin Rialachán seo, beidh na seiceálacha sin córasach.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/ojb.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona i mBallstáit áirithe agus lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (IO L 160, 26.6.2023, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1225/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1183/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1995/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)