An Bhruiséil,13.7.2020

COM(2020) 309 final

2020/0140(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta saortha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Tá iarmhairtí díreacha agus indíreacha ráig COVID‑19 fós ag méadú sna Ballstáit uile. Maidir leis an staid reatha, ní fhacthas a leithéid riamh roimhe seo agus tá bearta ag teastáil chun tacú leis na Ballstáit agus na Cistí á gcur chun feidhme. I ndáil leis sin, ba cheart lánúsáid riail N+2 a áirithiú chun leordhóthain ama a sholáthar do na Ballstáit chun a leithdháiltí a chur chun feidhme agus chun a gcaiteachas a dhearbhú don Choimisiún.

Go sonrach, maidir leis an iarratas ar íocaíocht a chuirfidh na Ballstáit isteach lena gcumhdófar ina hiomláine bliain N+2, is gá sprioc-am an tsaortha a ailíniú leis an sprioc-am chun na cuntais a chur isteach le go gcuirfí san áireamh é i riail an tsaortha (N+2).

Ina theannta sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú sa chur chuige maidir le saoradh agus chun tréimhse cur chun feidhme i gcomhréir le riail N+2 a sholáthar do na Ballstáit, tá sé beartaithe saoradh na leithdháiltí breise a soláthraíodh do na cláir náisiúnta in 2018 agus 2019 a ailíniú leis na rialacha is infheidhme maidir le leithdháileadh bunúsach na gclár náisiúnta.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus an Chiste Slándála Inmheánaí agus níl de raon feidhme aige ach leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Níl de raon feidhme ag an togra ach leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4), Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Déantar sprioc-amanna na n‑iarratas ar íocaíocht agus an tsaortha a ailíniú agus dáta gealltanais na leithdháiltí breise in 2018 agus 2019 a choigeartú leis, leithdháiltí ar deonaíodh iad chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais gan choinne sna réimsí a chumhdaítear ag na Cistí um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus an Ciste Slándála Inmheánaí.

•Coimhdeacht

Is é is aidhm don togra seo an leas is fearr a bhaint as na Cistí chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díreacha agus indíreacha a eascraíonn as an ngéarchéim sláinte poiblí i gcomhthéacs ráig COVID‑19, géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

•Comhréireacht

Is éard atá sa togra athrú teoranta spriocdhírithe nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach go n‑áiritheofar gur féidir leis na Ballstáit lánúsáid a bhaint as na leithdháiltí chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna forleathana sláinte poiblí a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar réimsí a chumhdaítear leis na Cistí.

•An rogha ionstraime

Maidir leis an ionstraim iomchuí chun na hathruithe is gá a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca seo nach bhfacthas a leithéidí riamh roimhe seo, is Rialachán é.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

• Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha. Sa togra, áfach, cuirtear ceisteanna faoi shoiléiriú agus comhairle a fuarthas ó údaráis náisiúnta san áireamh maidir leis an gcaoi a ndearna siad bearta freagartha ar ghéarchéimeanna a láimhseáil.

• Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

• Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair chun na tograí a ullmhú le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na n‑athruithe teoranta spriocdhírithe reatha seo.

• Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

• Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Maidir leis an modhnú atá beartaithe, ní theastaíonn aon athrú ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh oibleagáidí agus íocaíochtaí.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí ginearálta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 de réir mar is infheidhme maidir leis an saoradh.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Moltar leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh, agus an saoradh á ríomh, gach iarratas ar íocaíocht lena gcumhdaítear bliain N+2 a chuirfidh na Ballstáit isteach laistigh de na sprioc-amanna rialála a leagtar amach in Airteagal 44 de Rialachán 514/2014. Ina theannta sin, moltar leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 chun a áirithiú go ndéanfar tréimhse cur chun feidhme na méideanna a chomhfhreagraíonn do leithdháiltí breise ar na cláir náisiúnta a soláthraíodh in 2018 agus 2019 a ailíniú le tréimhse cur chun feidhme an leithdháilte tosaigh. Leis an dá leasú déantar comhsheasmhacht a áirithiú idir forálacha agus tá siad gan dochar do riail an tsaortha N+2.

2020/0140 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta saortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4), Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá iarmhairtí phaindéim COVID‑19 tar éis dul i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe seo. Déanann sí difear don imirce, don tslándáil agus do bhainistiú teorainneacha sna Ballstáit agus, mar thoradh air sin, tá an ganntanas tromchúiseach leachtachta ar a bhfuil aghaidh á tabhairt ag na Ballstáit ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an t‑ardú tobann suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí atá ag teastáil in a lán earnálacha. Tháinig as sin staid eisceachtúil ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(2)Is gá solúbthacht bhreise a sholáthar do na Ballstáit chun é a chur ar a gcumas dóibh aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo, géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, trí chur leis an deis lánúsáid a bhaint as an tréimhse cur chun feidhme a bheidh ann go dtí go ndúnfar na cláir faoin 31 Nollaig 2023. Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá sin, ba cheart go n‑ailíneofaí sprioc-am an tsaortha leis an sprioc-am maidir le hiarratais ar an iarmhéid bliantúil a íoc a chur isteach. Is é an 15 Feabhra an sprioc-am rialála maidir le hiarratais ar an iarmhéid bliantúil a íoc a chur isteach, cé gurbh é 31 Nollaig na bliana roimhe an sprioc-am saortha dá ndearnadh foráil ar dtús. Tríd an dá sprioc-am a ailíniú leis an 15 Feabhra, cuirfear san áireamh, chun críocha an tsaortha, an t‑iarratas ar an iarmhéid bliantúil a íoc a chuirfidh na Ballstáit isteach an 15 Feabhra.

(3)Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit lánúsáid a bhaint as na leithdháiltí breise a deonaíodh in 2018 agus 2019, ba cheart bliain an ghealltanais bhuiséadaigh a choigeartú. Cuireadh na leithdháiltí breise sin san áireamh i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na mblianta airgeadais 2018 agus 2019 3 agus ina dhiaidh sin fágadh iad faoi na cláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

(4)Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do na Ballstáit maidir le sprioc-am an tsaortha ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Cuirfear nós imeachta saortha i bhfeidhm ar chláir náisiúnta, nós imeachta atá bunaithe ar an mbonn go saorfar méideanna atá nasctha le gealltanas nach gcumhdaítear leis an réamh‑mhaoiniú tosaigh agus bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 35 ná le hiarratas ar íocaíocht faoin sprioc-am a leagtar amach i mír 1 d’Airteagal 44 sa bhliain a leanann an dara bliain den ghealltanas buiséadach. Chun críocha an tsaortha, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh tríd an séú cuid den ghealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann le ranníocaíocht mhéid iomlán 2014 a chur le gach ceann de na gealltanais bhuiséadacha le haghaidh na mblianta 2015-20.

Maidir le méideanna a chomhfhreagraíonn do na leithdháiltí breise a sannadh do na cláir náisiúnta sa bhliain 2018, is é 2019 bliain an ghealltanais bhuiséadaigh. Maidir le méideanna a chomhfhreagraíonn do na leithdháiltí breise a sannadh do na cláir náisiúnta sa bhliain 2019, is é 2020 bliain an ghealltanais bhuiséadaigh. ”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    IO C , , lch. .LS
(3)

   IO L 57 lch. 317 agus IO L 67 lch. 318.