8.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 155/49


CINNEADH (AE) 2022/896 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Meitheamh 2022

lena gceaptar comhalta amháin agus comhalta malartach amháin de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don Rómáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

Ag féachaint do liosta na n-iarrthóirí a chuir Rialtais na mBallstát agus eagraíochtaí na bhfostaithe agus eagraíochtaí na bhfostóirí faoi bhráid na Comhairle,

Ag féachaint do liostaí comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh an 9 Aibreán 2019 (2) uaithi, cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Aibreán 2019 go dtí an 31 Márta 2023.

(2)

Tá dhá ainmniúchán tíolactha ag an eagraíocht fostóirí BusinessEurope le haghaidh dhá phost atá le líonadh don Rómáin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar na daoine a leanas mar chomhalta agus mar chomhalta malartach de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse dar críoch an 31 Márta 2023:

IONADAITHE EAGRAÍOCHTAÍ FOSTÓIRÍ

Tír

Comhalta

Comhalta malartach

an Rómáin

Marius OLARIU

Victorița Mihaela GRIGORE

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 2 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DE MONTCHALIN


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) (IO C 135, 11.4.2019, lch. 7).