|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1541 |
25.7.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1541 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2025
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Eacuadór, den pháirt eile, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 88, i gcomhar le hAirteagal 218(5), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), déantar foráil gur féidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír ar bhonn, inter alia, comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. |
|
(2) |
An 15 Bealtaine 2023, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Eacuadór maidir le comhaontú i ndáil le sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. |
|
(3) |
Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích go rathúil idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Eacuadór, den pháirt eile, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (‘an Comhaontú’), agus cuireadh inisealacha le téacs an Chomhaontaithe an 3 Márta 2025. |
|
(4) |
Leis an gComhaontú bunaítear caidreamh comhoibritheach idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór, agus ceadaítear leis sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a aistriú eatarthu, d’fhonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil an Aontais agus a chuid saoránach a chosaint. |
|
(5) |
Áirithítear leis an gComhaontú go n-urramófar ina hiomláine Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), lena n-áirítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt. Áirítear sa Chomhaontú coimircí leordhóthanacha chun sonraí pearsanta arna n-aistriú ag Europol faoin gComhaontú a chosaint. |
|
(6) |
Ní dhéanann an Comhaontú difear d’aistriú sonraí pearsanta nó cineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus tá sé gan dochar don aistriú sin. |
|
(7) |
Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2016/794 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(9) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim uaidh an 17 Iúil 2025. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Eacuadór, den pháirt eile, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac a údarú thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/oj).
(2) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(3) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1541/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)