|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/263 |
11.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/263 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2025
lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Ecolab CMIT-MIT BPF’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Meitheamh 2017 chuir Ecolab Deutschland GmbH iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar ‘Ecolab CMIT-MIT BPF’ de chineálacha táirgí 4, 11 agus 12, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug sé deimhniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na hÍsiltíre meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoin gcás-uimhir BC-SP032736-15 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. |
|
(2) |
Is é C(M)IT/MIT (3:1) an tsubstaint ghníomhach atá in ‘Ecolab CMIT-MIT BPF’, substaint atá sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le haghaidh chineálacha táirgí 4, 11 agus 12. |
|
(3) |
An 1 Nollaig 2023 rinne an t-údarás inniúil meastóireachta tuarascáil ar an measúnú agus conclúidí a mheastóireachta a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(4) |
An 26 Meitheamh 2024 chuir an Ghníomhaireacht tuairim uaithi (2) faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, sin agus an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (‘AST’) atá ag ‘Ecolab CMIT-MIT BPF’, maille leis an tuarascáil dheireanach ar an measúnú i ndáil leis an bhfine táirgí bithicídeacha. |
|
(5) |
Is é conclúid na tuairime sin gur fine táirgí bithicídeacha atá in ‘Ecolab CMIT-MIT BPF’ de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (s), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go bhfuil sé incháilithe le haghaidh údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-AST, go sásaíonn sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(6) den Rialachán sin. |
|
(6) |
An 15 Iúil 2024 sheol an Ghníomhaireacht an dréacht-AST, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(7) |
Comhaontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine céanna táirgí bithicídeacha ‘Ecolab CMIT-MIT BPF’. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0032881-0000 do Ecolab Deutschland GmbH maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha ‘Ecolab CMIT-MIT BPF’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Tá an t-údarú Aontais bailí ón 3 Márta 2025 go dtí an 28 Feabhra 2035.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Tuairim ó ECHA an 30 Bealtaine 2024 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh ‘Ecolab CMIT-MIT BPF’ (ECHA/BPC/436/2024), https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.
IARSCRÍBHINN
ACHOIMRE AR SHAINTRÉITHE AN TÁIRGE LE hAGHAIDH TACAR TÁIRGÍ BITHICÍDEACHA
Ecolab CMIT-MIT BPF
Cineál nó cineálacha táirge
PT11: Leasaithigh do chórais fuaraithe leachtaigh agus phróiseála
PT12: Slaimicídí
PT04: Limistéar bia agus beatha
Uimhir an údaraithe EU-0032881-0000
Uimhir sócmhainne R4BP EU-0032881-0000
CUID I
AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE
Caibidil 1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Ainm an tacair
|
Ainm |
Ecolab CMIT-MIT BPF |
1.2. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT11: Leasaithigh do chórais fuaraithe leachtaigh agus phróiseála PT12: Slaimicídí PT04: Limistéar bia agus beatha |
1.3. Sealbhóir an údaraithe
|
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
Ecolab Deutschland GmbH |
|
Seoladh |
Ecolab Allee 1 40789 Monheim am Rhein DE |
|
|
Uimhir an údaraithe |
|
EU-0032881-0000 |
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
|
EU-0032881-0000 |
|
Dáta an údaraithe |
3 Márta 2025 |
|
|
Dáta éaga an údaraithe |
28 Feabhra 2035 |
|
1.4. Monaróir/monaróirí an táirge
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab Europe GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Richtistrasse 7 8304 Walliselen An Eilvéis |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab Limited |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Brunel Way, Baglan Energy Park SA11 2GA Neath Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Laboratoires Prodene Klint |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Rue Denis Papin, 2 Z.I. Mitry Compans F-77290 Mitry Mory An Fhrainc |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab Leeds |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Lotherton Way, Garforth LS25 2JY Leeds Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab SRL |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Viale del Lavoro 10 45100 Rovigo An Iodáil |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Nalco Deutschland Manufacturing GmbH und Co.KG |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Justus-von-Liebig-Str. 11 D-64584 Biebesheim An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab NETHERLANDS BV |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
BRUGWAL 11 3432NZ NIEUWEGEIN An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab Weavergate |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Winnington Avenue, Northwich CW8 3AA Cheshire Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab Mullingar, Ireland |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Forest Park, Zone C Mullingar Ind. Estate N91 Mullingar Éire |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab d.o.o. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Vajngerlova 4 2000 Maribor An tSlóivéin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab Rozzano |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
VIA GRANDI 9/11 20089 Rozzano An Iodáil |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab BVBA |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Havenlaan 4 3980 Tessenderlo An Bheilg |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Nalco Española Manufacturing, SLU |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
C/Tramuntana s/n Polígono Industrial de Celrà 17460 CELRÀ 17460 Girona An Spáinn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab production France SAS |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
BP509, Avenue de Général Patton 51006 Châlons-en-Champagne An Fhrainc |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ecolab Mandra, Greece |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
25KLM Old National Road 19600 Attica Mandra An Ghréig |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
NALCO FINLAND MANUFACTURING OY |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Kivikummuntie 1 FIN-07955 Tesjoki An Fhionlainn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
NALCO Water Italy |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Via Ninfina II 04012 Cisterna Di Latina An Iodáil |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Manufacturing Plant Fawley Nalco |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
One business centre 1180 SO45 3NP Hardley Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Nalco Ltd Scotland |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Minto Avenue, Alten Industrial Estate AB12 3JZ Aberdeen Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Microtek Medical B.V. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Hekkehorst, 24 7207 Zutphen An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Dow Europe GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Bachtobelstrasse 3 8810 Horgen An Eilvéis |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Troy Chemical Company B.V. Troy |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Uiverlaan 12e 3145 XN Maassluis An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Thor GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Landwehrstrasse 1 67346 Speyer An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
A.F.P. GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Otto-Brenner-Strasse 16-18 21337 Lueneburg An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
ANIOS |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Pavé du moulin 59260 Lille-Hellemmes An Fhrainc |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BELINKA-LJUBLJANA |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Belinka Zasavska Cesta 95 1001 Ljubljana An tSlóivéin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Bentus Laboratories Ltd |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
RADIO STREET, 24 BLD.1 105005 Moscow Cónaidhm na Rúise |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BIO_PRODUCTIONS Ltd Inc STAPRO |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
72 VICTORIA ROAD, VICTORIA INDUSTRIAL ESTATE RH15 9LH BURGESS HILL Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BORES S.R.L. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Via Pioppa, 179 44030 Pontegradella (FE) An Iodáil |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG CEE - GUNTRAMSDORF |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Bahnstr. 13 A-2353 Guntramsdorf An Ostair |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG GmbH Duisburg |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Humboldtring 15 45472 Muehlheim An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Glauchau |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Humboldtring 15 45472 Muehlheim An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Hamburg |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Humboldtring 15 45472 Muehlheim An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Heilbronn |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Humboldtring 15 45472 Muehlheim An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Kaiserslaute |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Merkurstr. 47 67663 Kaiserslautern An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Kleinkarlbac |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Humboldtring 15 45472 Muehlheim An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Lohfelden |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Humboldtring 15 45472 Muehlheim An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Nordic - HASLEV |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Høsten Teglværksvej 47 4690 Haslev An Danmhairg |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Nordic - VEJLE |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Vivaa 7100 Vejle An Danmhairg |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Normandy |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
12 Sente des Jumelles - BP 11 76710 Montville An Fhrainc |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG PL -Zgierz |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
ul. Kwasowa 5 95-100 Zgierz An Pholainn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Quimica - Madrid |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Calle Gutemberg no 22,.Poligono Industrial El Lomo. 28906 Getafe (Madrid) C/ Gutemberg, 22 Polig. Ind. El Lomo 28906 Madrid An Spáinn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
BRENNTAG Schweizerhall |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Elsaesserstr. 231 C-4056 Basel An Eilvéis |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Budich International GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Dieselstrasse 10 32120 Hiddenhause An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Caldic Deutschland Chemie B.V |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Am Karlshof 10 D 40231 Duesseldorf An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
CARBON GROUP |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Ringaskiddy P43 R772 Cork Éire |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
COMERCIAL GODO SL |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Carrer de Franca, Igualada 13 08700 Barcelona An Spáinn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
DAN MOR (DR WIPE) Natural Products and Chemicals Ltd. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Or Akiva Industrial Zone 30600 Or Akiva Iosrael |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
DETERGENTS BURGUERA |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
S.L. Joan Ballester 50 07630 CAMPOS (ILLES BALEARES) An Spáinn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
ECL MICROTEK BV |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
GESINKKAMPSTRAAT 19 705 HR VARSSEVELD An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
ECL MICROTEK MOSTA |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
SORBONNE CENTRE, F20 MOSTA TECHNOPARK MST 3000 MOSTA Málta |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Ferdinand Eimermacher GmbH & Co. KG |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Westring 24 48356 Nordwalde An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
GALLOWS GREEN SERVICES LTD |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Cod Beck Mill Industrial Estate Dalton Lane YO7 3HR Thirsk Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
GIRASOL NATURAL PRODUCTS BV |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
De Veldoven 12-14 3342 GR Hendrik-Ido-Ambacht An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
HENKEL ENGELS |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Prospekt Stroitelei 413116 Engels Cónaidhm na Rúise |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
imeco GmbH & Co. KG |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Boschstraße 5 D-63768 Hösbach An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
INNOVATE GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Am Hohen Stein 11 06618 Naumburg An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
INTERFILL LLC-TOSNO |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Moskovskoye shosse 1 Tosno 187000 Leningradskaya oblast Cónaidhm na Rúise |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Kleinmann GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Am Trieb 13 72820 Sonnenbühl An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
KOMPAK NEDERLAND BV |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Ambachtsweg 4 4854 Bavel An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
La Antigua Lavandera SL |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Ctra. Antigua Sevilla-Alcalá Km.1,5 (SE-410) Apartado de Correos, 58 41500 Alcal de Guadaira, Seville An Spáinn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
LICHTENHELDT GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Lichtenheldt Industriestrasse 7-9 23812 Wahlstedt An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Multifill B.V. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Constructieweg 25-A 3641 SB Mijdrecht An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
PAL INTERNATIONAL LTD |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Sandhurst Street LE2 5AR Leicester Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
PLANOL GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Maybachstr. 17 63456 Hanau An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
PLUM A/S |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Frederik Plums Vej 2 DK 5610 Assens An Danmhairg |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
QUIMICAS MORALES |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Misiones, 11 - Urb. El Sebadal 05005 LAS PALMAS DE GRAN CANARIA An Spáinn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
RNM PRODUCTOS QUIMICOS |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Lda Rua da Fabrica, 123, Segada 4765-080 Carreira Vila Nova de Famalicao An Phortaingéil |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
ROQUETTE & BARENTZ |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Roquette Freres Route De La Gorgue F-62136 Lestrem An Fhrainc |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
RUTPEN LTD. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
MEMBURY AIRFIELD RG16 7TJ Lambourn Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
SOLIMIX Montseny |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
17-19 Pol. Ind. Sant Pere Molanta 08799 Olerdola, Barcelona An Spáinn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
STAUB & CO - SILBERMAN GMBH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Industriestraße 3 86456 Gablingen An Ghearmáin |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
SYNERLOGIC BV ( - IN2FOOD) |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
L.J. Costerstraat 5 6827 Arnhem An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Univar Ltd |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Argyle House, Epsom Avenue SK9 3RN Wilmslow. Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
VAN DAM BODEGRAVEN |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Postbus 48 NL 2410 AA Bodegraven An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
1.5. Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
|
Substaint ghníomhach |
C(M)IT/MIT (3:1) |
||
|
Ainm an mhonaróra |
Microbial Control (Switzerland) GmbH |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Hungerbüelstrasse 22 8500 Frauenfeld An Eilvéis |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
Caibidil 2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
C(M)IT/MIT (3:1) |
Mais frithgnímh de 5-chlóra-2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon agus 2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon (3:1) |
substaint ghníomhach |
55965-84-9 |
|
2,6 - 7,51 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe
|
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
AL Aon leacht eile |
CUID II.
AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE MEITEA-SPC(ANNA)
Caibidil 1. MEITEA-SPC 1 FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. MEITEA-SPC 1 aitheantóir
|
Aitheantóir |
Meitea-SPC: MEAT-A 1 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
|
Uimhir |
1-1 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT11: Leasaithigh do chórais fuaraithe leachtaigh agus phróiseála PT12: Slaimicídí |
Caibidil 2. COMHDHÉANAMH META SPC 1
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 1
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
C(M)IT/MIT (3:1) |
Mais frithgnímh de 5-chlóra-2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon agus 2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon (3:1) |
substaint ghníomhach |
55965-84-9 |
|
2,6 - 2,9 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 1
|
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
AL Aon leacht eile |
Caibidil 3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 1
|
Ráitis ghuaise |
H290: D’fhéadfadh sé a bheith creimneach do mhiotail. H314: Ina chúis le dónna tromchúiseacha craicinn agus le damáiste don tsúil. H317: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn. H410: An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha. |
|
Ráitis réamhchúraim |
P391: Bailigh doirteadh. P234: Coimeád i bpacáistiú bunaidh amháin. P260: Ná hanálaigh ceo. P272: Níor cheart éadaí éillithe oibre a ligean amach as an láthair oibre. P273: Ná scaoiltear amach sa chomhshaol. P280: Caith lámhainní/éadaí cosanta/cosaint súile/cosaint aghaidhe. P301+P330+P331: MÁ SHLOGTAR É: sruthlaítear an béal. NÁ spreagtar urlacan. P303+P361+P353: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh]. P310: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach. P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. P333+P313: I gcás greannú nó grís craicinn: Faigh IONAD NIMHE nó ar dhochtúir liachta. P362+P364: Bain díot láithreach na héadaí éillithe agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid. P390: Ionsúigh doirteadh chun damáiste d’ábhar a chosc. P405: Stóráil faoi ghlas. P501: Diúscair ábhair i seirbhís dramhaíola ghuaisí i gcomhréir leis na rialacháin reactúla. P501: Diúscair coimeádán i seirbhís dramhaíola guaisí i gcomhréir leis na rialacháin reactúla. |
Caibidil 4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1
Úsáid 1.1 Leasaithigh i gcomhair fuarú leachta agus córas próiseála (Leasaithigh)
|
An cineál táirge |
PT11: Leasaithigh do chórais fuaraithe leachtaigh agus phróiseála |
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: fungais Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: algaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Legionella pneumophila Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: biothscannán Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh Leasú leachtanna i gcórais fuaraithe a bhfuil sceitheadh acu isteach sa séarach bardasach i: Córais oscailte athshruthaithe fuaraithe, córas dúnta fuaraithe. Leasú leachtanna próiseála i: Sáslaigh paistéartha agus steirileoirí, niteoirí aeir agus sciúrthóirí. |
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: closed system Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Is ceart é a chur isteach trí chóras dúnta curtha isteach. Táirge forchurtha trí phróiseas uathoibrithe le húsáid caidéal nó insteallta. Is féidir an táirge a chur isteach agus an próiseas ar siúl. |
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: Cothabháil: Baictéir Táirge 100-200 ppm (1,.5-3 mg sg/l) (substaint ghníomhach in aghaidh an lítir sreabháin atá le caomhnú)) Legionella Táirge 50-200 ppm (0,.75-3 mg sg/l) Biothscannán Táirge 200 ppm (3 mg sg/l) Íceach: Baictéir Táirge 400 ppm am teagmhála 6 huaire (6 mg sg/l) Legionella Táirge 100-400 ppm am teagmhála 6 huaire (1,.5-6 mg sg/l) Giosta agus fungais Táirge 200-400 ppm am teagmhála 6 huaire (3-6 mg sg/l) Algaí Táirge 100-400 ppm am teagmhála 6 huaire (1,.5-6 mg sg/l) - Airí uainithe: Minicíocht cothabhála: ceithre uair sa lá go dtí uair sa tseachtain. Íceach: Is féidir é seo a chur i bhfeidhm nuair a chailltear rialú nó nuair a bhíonn sé le tuiscint ó na sonraí monatóireachta gur gá feidhmiú íceach, ní ceart áfach go dtarlódh sé seo níos minice ná uair gach dhá mhí ar eagla tachtadh trom. |
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
tionsclaíoch ; gairmiúil |
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buicéid 20-100 kg teimhneacha poileitiléine Drumaí 50-500 kg teimhneacha poileitiléine Coimeádán bulc 1 000 -2 000 kg teimhneach poileitiléine Idirmheánach (IBC) |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Is ceart an táirge a chur isteach mar shluga ar mhaithe le huisce a athshruthlú, a fhuarú agus a phróiseáil sa chaoi go mbaintear amach an t-easrú is mó is féidir mar aon le nochtadh do na réimsí den chóras a bhfuil an leibhéal is airde miocrorgánach iontu. Is ceart an táirge a chur isteach de réir mhéid an chórais, mar shampla chun tiúchan de 100 ppm a bhaint amach i gcóras 10 000 l, caithfear 1 000 ml (1 l) de tháirge a chur isteach.
Braitheann an t-eatramh idir dhá dháileog chomh maith ar aga coinneála hiodrálach an chórais agus baint na substainte gníomhaí trí e.g. díghrádú agus séideadh-anuas. Féadann an táirge carnadh i sreabháin leasaithe má thugtar dáileog de go rómhinic. Is í freagracht an úsáideora deiridh an dáileog éifeachtach a dhearbhú ar an láthair (m.sh. trí thastálacha ceimiceacha nó micribhitheolaíochta) don láthair shonrach/córas sonrach le cinnntiú go bhfuil an córas éifeachtach faoina coinníollacha úsáide. Más gá, téigh i gcomhairle le sealbhóir an údaraithe (mar a shonraítear sa lipéad).
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach:
Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin agus a shásaíonn riachtanais Chaighdeán Eorpach EN ISO 374 (nó a chomhionann) le linn na céime láimhseála táirge (ábhar na lámhainní lena shainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge).
Caith clúdach cosanta de chineál 6, atá comhsheasmhach leis an gCaighdeán Eorpach EN 13034 nó a chomhionann.
Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid atá i gcomhréir le chaighdeán Eorpach EN ISO 166 nó a choibhéis le linn láimhseáil an táirge.
Tá sé seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíochta eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ar láthair na hoibre. Féach cuid 6 le haghaidh na dtagairtí iomlána don Acht seo agus do na Caighdeáin Eorpacha.
Tá an úsáid teoranta do chórais bheaga fuaraithe a bhfuil séideadh-anuas de 2 m3/h ar a mhéid acu. Ní mór fuíolluisce a sceitheadh sa séarach bardasach nó a íonú i ngléasra cóireála camrais tionsclaíoch ar an suíomh ar a n-áirítear céim cóireála bitheolaíche.
Ní féidir an táirge a fhorchur ach nuair a bhíonn na túir fuaraithe trealmhaithe le díbreoirí driofta a laghdaíonn driofta le 99% ar a laghad.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

4.2. Tuairisc úsáide
Tábla 2
Úsáid 1.2 Slaimicíd sa tionscal laín agus páipéir (Leasaithigh)
|
An cineál táirge |
PT12: Slaimicídí |
||||
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
||||
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: fungais Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: biothscannán Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
||||
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh Le húsáid mar shlaimicíd sa tionscal laín agus páipéir, próiseas dí-dhúchana, ceann fliuch / uisce bán, laíon, próiseas le linn scor an mheaisín san áireamh. Stoc tiubh (ar a n-áirítear cófraí cumaisc agus cófraí meaisín mar aon leis an laíon athchúrsáilte). Uisce bán, uisce modartha agus uisce glan. Stoc tanaí. Rialú Creimthe arna Spreagadh go Micribithheolaíoch agus biothachtadh dí-aerthóirí agus scagairí. Rialú fáis slaim i mbreiseáin atá beartaithe go sainiúil lena n-úsáid sa phróiseas táirgthe páipéir. |
||||
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: closed system Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Is ceart é a chur isteach trí chóras dúnta curtha isteach. Táirge forchurtha trí phróiseas uathoibrithe le húsáid caidéal nó insteallta. Is féidir an táirge a chur isteach agus an próiseas ar siúl. |
||||
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: I gcás an tionscail laín agus páipéir, cuir an táirge isteach go huaineach (sluga): Breiseáin a úsáidtear sa táirgeadh páipéir: Cothabháil: Baictéir Táirge 50-400 ppm (0,.75-6 mg sg/l)(substaint ghníomach sa lítear)) Giosta Táirge 100-400 ppm (1,.5-6 mg sg/l) Íceach: Baictéir Táirge 50-400 ppm am teagmhála 24 huaire (0,.75-6 mg sg/l) Giosta agus fungais Táirge 200-400 ppm am teagmhála 6 huaire (3-6 mg sg/l) Córas meaisín páipéir (ceann fliuch, uisce bán agus laíon san áireamh) Cothabháil: Baictéir agus giosta Táirge 25-400 ppm (0,.38-6 mg sg/l) Biothscannán Táirge 200-400 ppm (3-6 mg sg/l) Íceach: Baictéir Táirge 200-400 ppm am teagmhála 24 huaire (3-6 mg sg/l) Giosta Táirge 25-400 ppm am teagmhála 24 huaire (0,.38-6 mg sg/l) Fungais Táirge 400 ppm am teagmhála 6 huaire (6 mg sg/l) - Airí uainithe: I gcás an tionscail laín agus páipéir, cuir an táirge isteach go huaineach (sluga). Breiseáin a úsáidtear i dtáirgeadh páipéir agus i gcóras meaisín páipéir (ceann fliuch, uisce bán agus laíon san áireamh):
|
||||
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
tionsclaíoch ; gairmiúil |
||||
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buicéid 20-100 kg teimhneacha poileitiléine Drumaí 50-500 kg teimhneacha poileitiléine IBCanna 1 000 -2 000 kg teimhneacha poileitiléine |
4.2.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Cuir an táirge isteach go huaineach chun áirimh miocróbacha inghlactha (leibhéal íseal) a leasú i gcóras an mheaisín pháipéir. Cuir an táirge isteach ag an gceann fliuch go huaineach i gcófra an mheaisín nó i gcófra stoic dá leithéid nó i mbreiseáin a úsáidtear i dtáirgeadh páipéir. Ní ceart riamh a úsáid leis féin sa lúb ghearr ach ar ais sa chóras.
Braitheann an dáileog go mór ar an bhfoirmliú agus ar an úsáid atá beartaithe don mhaitrís a bhfuil an leasaitheach curtha leis. Braitheann an t-eatramh idir dhá dháileog chomh maith ar aga coinneála hiodrálach an chórais agus baint na substainte gníomhaí trí e.g. díghrádú agus maolú. Féadann an táirge carnadh i sreabháin próiseála má thugtar dáileog de go rómhinic. Is í freagracht an úsáideora deiridh an dáileog éifeachtach a dhearbhú ar an láthair (m.sh. trí thastálacha ceimiceacha nó micribhitheolaíochta) don láthair shonrach/córas sonrach le cinnntiú go bhfuil an córas éifeachtach faoina coinníollacha úsáide. Más gá, téigh i gcomhairle le sealbhóir an údaraithe (mar a shonraítear sa lipéad).
Is ceart an táirge a chur isteach de réir thoirt an chórais, mar shampla chun tiúchan de 100 ppm a bhaint amach i gcóras 10 000 l, caithfear 1 000 ml (1 l) de tháirge a chur isteach.
4.2.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Sláinte Dhaonna:
Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach:
Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin agus a shásaíonn riachtanais Chaighdeán Eorpach EN ISO 374 (nó a chomhionann) le linn na céime láimhseála táirge (ábhar na lámhainní lena shainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge).
Caith clúdach cosanta de chineál 6, atá comhsheasmhach leis an gCaighdeán Eorpach EN 13034 nó a chomhionann.
Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid atá i gcomhréir le chaighdeán Eorpach EN ISO 166 nó a choibhéis le linn láimhseáil an táirge.
Tá sé seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíochta eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ar láthair na hoibre. Féach cuid 6 le haghaidh na dtagairtí iomlána don Acht seo agus do na Caighdeáin Eorpacha.
Timpeallacht:
Ní cheadaítear forchur ach i monarchana páipéir a chloíonn le Treoir 2010/75/AE maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha ina n-íonaítear fuíolluisce; i ngléasra cóireála camrais tionsclaíoch ar an suíomh ar a n-áirítear céim cóireála bitheolaíche i gcomhréir leis na Teicnící Is Fearr le Fáil (BAT) de réir mar a fhorordaítear sa doiciméad tagartha BAT (BREF) maidir le táirgeadh laín, páipéir agus cláir. ní mór an t-eisilteach a mhaolú 200 uair ar a laghad. Caithfidh monarchana páipéir atá díolúnaithe ón Treoir um Astaíochtaí Tionsclaíocha sceitheadh isteach sa séarach bardasach.
4.2.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.2.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

4.2.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Caibidil 5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 1
5.1. Treoracha úsáide
Is ceart gnásanna bainistíochta frithsheasmhachta a ghlacadh san úsáid mar seo a leanas:
|
— |
is ceart táirgí a úsáid i gcónaí de réir na moltaí lipéid |
|
— |
is ceart iarracht a dhéanamh an fás miocróbach a dhíothú trí rátaí forchuir a úsáid a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil siad éifeachtúil |
|
— |
is ceart leibhéil éifeachtúlachta a mhonatóiriú agus is ceart cásanna d’éifeachtúlacht laghdaithe a iniúchadh féachaint an bhfuil fianaise frithsheasmhachta ann. |
San úsáid tráchtála, is minic a úsáidtear C(M)IT/MIT in éineacht nó i sealaíocht le bithicídí eile i bhforchuir éagsúla. Is féidir frithsheasmhacht mhiocróbach in aghaidh C(M)IT/MIT a sheachaint trí bhithicídí a mhalartú nó a úsáid go huaineach nó trí chuingreacha a úsáid le gníomhacha eile.
Cuirfear oiliúint ar gach oibrí agus duine aonair a bheidh ag láimhseáil an táirge, beidh rochtain acu ar na Bileoga Sonraí Sábháilteachta (SDS) agus ar na Bileoga Sonraí Teicniúla (TDS)
5.2. Bearta maolaithe riosca
Tagair do bhearta maolaithe riosca atá sainiúil d’úsáid áirithe
Bearta bainistíochta riosca eagraíochtúil:
|
— |
Is ceart lódáil a theorannú do phróisis uathoibrithe. |
|
— |
Is ceart d’oibrithe atá gafa le deisiúcháin nó obair ghlanta an córas a shruthlú roimh é a oscailt agus a ghlanadh. |
|
— |
Is gá stáisiún níocháin súl agus cithfholcadán sábháilteachta. |
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Cosaint garchabhróirí: Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach.
Treoracha garchabhrach:
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh craiceann láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin, bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad sula n-úsáidfidh tú iad arís. Lean ort ag nigh an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. I gcás greannú nó grís craicinn: Faigh comhairle leighis.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
Réamhchúraimí timpeallachta:
Sa chás go mbíonn doirteadh ann, cuir cosc ar ábhar ó dhul isteach i séaraigh nó i mbealaí uisce. Ná lig don ábhar an córas uisce talún a éilliú. Cuir cosc ar an táirge ó dhul isteach i ndraenacha. Más rud é go n-éiríonn draenacha, sruthanna, ithir nó séaraigh éillithe, tabhair fógra don údarás áitiúil. Féadann táirge doirte bheith ina riosca don éiceachóras uisciúil má scaoiltear é.
Modhanna agus ábhar sriantaí agus glanta suas:
DOIRTÍ BEAGA: Cuir díog leis agus déan é a ionsú le hábhar támh (e.g. ithir, gaineamh thirim), sluaisteáil gach solad éillithe isteach i mbuicéad nó druma agus ansin déan dóthain tuaslagáin díghníomhachtaithe a oibriú orthu chun na solaid a fhliuchadh go críochnúil. Fág na coimeádáin seo ar oscailt ar feadh 48 uaire chun carnadh brú a chosc agus séalaigh ansin iad chun a ndiúscartha. Is ceart trealamh ina mbeidh iarmhair a dhí-éilliú roimh obair cothabhála nó deisithe a chur i gcrích nó iad a úsáid chun críche seirbhíse eile. Is ceart mapaireacht a dhéanamh ar dhromchlaí éillithe le tuaslagán díghníomhachtaithe, fan go socróidh an frithghníomhú agus sruthlaigh go críochnúil le huisce glan.
DOIRTEADH MÓR: Súigh isteach le hábhar támh ionsúiteach. Aistrigh ábhar éillithe go dtí coimeádáin oiriúnacha chun a dhiúscartha. Is ceart mapaireacht a dhéanamh ar dhromchlaí éillithe le tuaslagán díghníomhachtaithe, fág ar feadh 30 nóiméad agus sruthlaigh go críochnúil le huisce glan.
NÁ CUIR tuaslagán díghníomhachtaithe leis an gcoimeádán dramhaíola chun an t-ábhar ionsúite a dhíghníomhachtú.
|
* |
TUASLAGÁN DÍGHNÍOMHACHTAITHE - ullmhaigh tuaslagán úr de 5% Décharbónáit sóidiam agus 5% Hipeaclóirít sóidiam in uisce. Bain úsáid as cóimheas de 10 dtoirt de thuaslagán dí-éillithe in aghaidh gach toirte measta de dhoirteadh iarmharach. Déan teagmháil le hiompróir faofa dramhaíola i gcomhair diúscartha ábhair éillithe athghafa. Déan ábhar a dhiúscairt i gcomhréir leis na rialacháin arna leagan amach sa Bhileog Sonraí Sábháilteachta. |
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Diúscair é i gcomhréir leis na Treoracha Eorpacha maidir le dramhaíl agus dramhaíl ghuaiseach. Is ceart don úsáideoir cóid dramhaíola a shannadh, i gcomhairle leis na húdaráis diúscartha dramhaíola más féidir.
Ní mór nach scaoiltear an táirge ar chré, cúrsaí uisce nó aon chinéal séaraigh. Áit is féidir is fearr athchúrsáil ná diúscairt. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa.
Pacáistiú truaillithe: Diúscair aon táirge nár úsáideadh. Is ceart coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh faofa láimhseála dramhaíola. Ná athúsáid coimeádáin fholmha.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Seilfré: 24 mí.
Ná stóráil ag teocht os cionn 40 °C.
Coimeád an coimeádán dúnta go docht. Stóráil i gcoimeádáin oiriúnacha, le lipéad.
Caibidil 6. FAISNÉIS EILE
Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán EN dá dtagraítear in alt ‘Bearta maolaithe riosca úsáid sonrach’:
EN ISO 374 - Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach.
EN ISO 166 – Caighdéan cosanta súile pearsanta
EN 13034 - Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtach - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta ar cheimiceáin lena dtugtar feidhmíocht chosanta theoranta ar cheimiceáin leachtacha (Trealamh de Chineál 6 agus de Chineál PB)
Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).
Maidir le ‘Catagói(í) úsáideoirí’ tabhair faoi deara: “Ciallaíonn gairmithe (lena n-áirítear úsáideoirí tionsclaíoch) gairmithe oilte má theastaíonn sin de réir reachtaíochta náisiúnta.
Caibidil 7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
|
Trádainm/trádainmneacha |
NALCO® WT-735 |
Réimse margaidh: AE |
|||||
|
NALCO® 77352 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Uimhir an údaraithe |
|
EU-0032881-0001 1-1 |
|||||
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
||
|
C(M)IT/MIT (3:1) |
Mais frithgnímh de 5-chlóra-2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon agus 2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon (3:1) |
substaint ghníomhach |
55965-84-9 |
|
2,9 % (w/w) |
||
7.2. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
|
Trádainm/trádainmneacha |
NALCO® WT-730 |
Réimse margaidh: AE |
|||||
|
NALCO® 7330 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Uimhir an údaraithe |
|
EU-0032881-0002 1-1 |
|||||
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
||
|
C(M)IT/MIT (3:1) |
Mais frithgnímh de 5-chlóra-2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon agus 2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon (3:1) |
substaint ghníomhach |
55965-84-9 |
|
2,6 % (w/w) |
||
Caibidil 1. MEITEA-SPC 2 FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. MEITEA-SPC 2 aitheantóir
|
Aitheantóir |
Meitea-SPC: MEAT-A 2 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
|
Uimhir |
1-2 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT04: Limistéar bia agus beatha PT12: Slaimicídí |
Caibidil 2. COMHDHÉANAMH META SPC 2
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 2
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
C(M)IT/MIT (3:1) |
Mais frithgnímh de 5-chlóra-2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon agus 2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon (3:1) |
substaint ghníomhach |
55965-84-9 |
|
5,2 - 5,2 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 2
|
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
AL Aon leacht eile |
Caibidil 3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 2
|
Ráitis ghuaise |
H290: D’fhéadfadh sé a bheith creimneach do mhiotail. H314: Ina chúis le dónna tromchúiseacha craicinn agus le damáiste don tsúil. H317: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn. H410: An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha. |
|
Ráitis réamhchúraim |
P391: Bailigh doirteadh. P234: Coimeád i bpacáistiú bunaidh amháin. P260: Ná hanálaigh ceo. P272: Níor cheart éadaí éillithe oibre a ligean amach as an láthair oibre. P273: Ná scaoiltear amach sa chomhshaol. P280: Caith lámhainní/éadaí cosanta/cosaint súile/cosaint aghaidhe. P301+P330+P331: MÁ SHLOGTAR É: sruthlaítear an béal. NÁ spreagtar urlacan. P303+P361+P353: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh]. P310: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach. P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. P333+P313: I gcás greannú nó grís craicinn: Faigh IONAD NIMHE nó ar dhochtúir liachta. P362+P364: Bain díot láithreach na héadaí éillithe agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid. P390: Ionsúigh doirteadh chun damáiste d’ábhar a chosc. P405: Stóráil faoi ghlas. P501: Diúscair ábhair i seirbhís dramhaíola ghuaisí i gcomhréir leis na rialacháin reactúla. P501: Diúscair coimeádán i seirbhís dramhaíola guaisí i gcomhréir leis na rialacháin reactúla. |
Caibidil 4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1
Úsáid 2.4 Leasaitheach as líne do sheicní RO nó UF sa tionscal bia agus beathaithe
|
An cineál táirge |
PT04: Limistéar bia agus beatha |
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: biothscannán Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh Le húsáid mar chaomhnú as-líne ar sheicní scagacháin glanta agus osmóis droim ar ais (RO) sa tionscal bia agus beatha. Beartaithe chun iarmhairt biothstatach a chruthú. |
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: closed system Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Cuir an táirge isteach sa chóras scagtha thuas ó threalamh forimeallach ar bith a d’fhéadfadh fás bitheolaíoch bheith ann. Is ceart é a chur isteach trí chóras dúnta curtha isteach. Táirge forchurtha trí phróiseas uathoibrithe le húsáid caidéal nó insteallta. |
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: Cothabháil: Baictéir Táirge 50 ppm (1,.5 mg sg/l(substaint ghníomach sa lítear)) Giosta Táirge 12.5 ppm (0,.38 mg sg/l) Biothscannán Táirge 100 ppm (3 mg sg/l) - Airí uainithe: Mar leasaitheach seicne i rith tréimhsí faidréiseacha suas go 6 mhí, dáileogacht mar a dúradh thuas bunaithe ar inneachar gníomhach de 3% agus dlús táirge de 1.199 g/mL (ag brath ar an bhfad ama a bheidh na córais as líne). |
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
tionsclaíoch ; gairmiúil |
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buicéid 20-100 kg teimhneacha poileitiléine Drumaí 50-500 kg teimhneacha poileitiléine IBCanna 1 000 -2 000 kg teimhneacha poileitiléine |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Ní mór do sheicní bheith glan roimh stóráil as líne.
Níl an táirge beartaithe ach amháin chun seicní scagacháin a chaomhnú as líne nó chun seicní scagacháin a chaomhnú le linn múchta suas le 6 mhí (lena n-áirítear membrane RO i dtáirgeadh uisce inólta). Is ceart an tseicin stóráilte agus an tuaslagán stórála cóireáilte a sheiceáil go ar bhonn rialta (seachtainiúil). Déanfar an tuaslagán a mheasúnú chun an t-inneachar iomlán miocróbach a fháil amach. Is ceart bithicíd bhreise a chur leis más gá. Tar éis an dá tharlú is ceart go gcomhlíonfaí gnásanna cearta sruthlaithe (5x ar a laghad) agus/nó glanta (ar leasú faidréiseach bheith déanta) sula n-atosaítear an córas. Déan cinnte de nach mbíonn aon bhithicíd iarmharach i láthair san uisce deiridh sruthlaithe déan cinnte de go neodraítear an bhithicíd san uisce sceite.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach:
Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin agus a shásaíonn riachtanais Chaighdeán Eorpach EN ISO 374 (nó a chomhionann) le linn na céime láimhseála táirge (ábhar na lámhainní lena shainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge).
Caith clúdach cosanta de chineál 6, atá comhsheasmhach leis an gCaighdeán Eorpach EN 13034 nó a chomhionann.
Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid de réir an Chaighdeáin Eorpaigh EN ISO 166 nó a chomhionann agus an táirge á láimhseáil.
Tá sé seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíochta eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ar láthair na hoibre. Féach cuid 6 le haghaidh na dtagairtí iomlána don Acht seo agus do na Caighdeáin Eorpacha.
Tá sé éigeantach 5 ghnás sruthlaithe ar a laghad a chomhlíonadh sula n-atosaítear an córas.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.2. Tuairisc úsáide
Tábla 2
Úsáid 2.2 Slaimicíd i gcórais uisce neamh-inólta
|
An cineál táirge |
PT12: Slaimicídí |
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: biothscannán Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh Arna úsáid ar mhaithe le cothabháil ar líne córas uisce neamh-inólta (uisce nach uisce óil é) trí fhás slaim ar threalamh a chosc |
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: closed system Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Cuir an táirge isteach sa chóras RO nó UF thuas ó threalamh forimeallach ar bith a d’fhéadfadh fás bitheolaíoch bheith ann. Is ceart é a chur isteach trí chóras dúnta curtha isteach. Táirge forchurtha trí phróiseas uathoibrithe le húsáid caidéal nó insteallta. |
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: Cothabháil: Baictéir Táirge 50 ppm (1,.5 mg sg/l(substaint ghníomach sa lítear)) Giosta Táirge 12.5 ppm (0,.38 mg sg/l) Biothscannán Táirge 100 ppm (3 mg sg/l) Íceach: Baictéir Táirge 200 ppm am teagmhála 6 huaire (6 mg sg/l) Giosta Táirge 25 ppm 6 hours contact timeam teagmhála 6 huaire (0,.75 mg sg/l) - Airí uainithe: Cuir an táirge isteach go huaineach (sluga) nó go leanúnach. Minicíocht cothabhála: uair sa lá go dtí uair sa tseachtain Íceach: is féidir é seo a chur i bhfeidhm nuair a chailltear rialú nó nuair a bhíonn sé le tuiscint ó na sonraí monatóireachta gur gá feidhmiú íceach, ní ceart áfach go dtarlódh sé seo níos minice ná uair gach dhá mhí ar eagla tachtadh trom. |
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
tionsclaíoch ; gairmiúil |
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buicéid 20-100 kg teimhneacha poileitiléine Drumaí 50-500 kg teimhneacha poileitiléine IBCanna 1 000 -2 000 kg teimhneacha poileitiléine |
4.2.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Chun críche na dtorthaí is fearr, is den tábhacht é tosú le seicní glana.
Clár ar líne coisctheach cothabhála i gcórais uisce neamh-inólta d’fhonn cosc a chur ar bhrú méadaitheach difreálach (ionraon agus asraon an chórais) mar gheall ar fhás biothscannáin.
Nuair a úsáidtear an clár ar líne coisctheach cothabhála bithicíde i gceart, is féidir leis an tseicin RO brú difreálach a choinneáil, agus dá bhrí sin, feidhmíocht thar am. Bíonn raon minicíochta don chur isteach idir uair sa lá i gcás córas tachta go trom agus uair gach 7 lá i gcás córas tachta go héadrom. Nuair a thagann méadú de 10% go 15% ar an mbrú ag an tseicin dhifreálach ó na coinníollacha tionscanta, is ceart tabhairt faoi ghníomh ceartaithe.
Is ceart an táirge a chur isteach de réir mhéid an chórais, mar shampla chun tiúchan de 100 ppm a bhaint amach i gcóras 10 000 l, caithfear 1 000 ml (1 l) de tháirge a chur isteach.
4.2.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach:
Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin agus a shásaíonn riachtanais Chaighdeán Eorpach EN ISO 374 (nó a chomhionann) le linn na céime láimhseála táirge (ábhar na lámhainní lena shainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge).
Caith clúdach cosanta de chineál 6, atá comhsheasmhach leis an gCaighdeán Eorpach EN 13034 nó a chomhionann.
Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid de réir an Chaighdeáin Eorpaigh EN ISO 166 nó a chomhionann agus an táirge á láimhseáil.
Tá sé seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíochta eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ar láthair na hoibre. Féach cuid 6 le haghaidh na dtagairtí iomlána don Acht seo agus do na Caighdeáin Eorpacha.
Úsáid an táirge ach amháin i bhfoirgnimh nasctha le hionad cóireála séarachais.
4.2.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.2.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.2.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
Caibidil 5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 2
5.1. Treoracha úsáide
Is ceart gnásanna bainistíochta frithsheasmhachta a ghlacadh san úsáid mar seo a leanas:
|
— |
is ceart táirgí a úsáid i gcónaí de réir na moltaí lipéid |
|
— |
is ceart iarracht a dhéanamh an fás miocróbach a dhíothú trí rátaí forchuir a úsáid a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil siad éifeachtúil |
|
— |
is ceart leibhéil éifeachtúlachta a mhonatóiriú agus is ceart cásanna d’éifeachtúlacht laghdaithe a iniúchadh féachaint an bhfuil fianaise frithsheasmhachta ann. |
San úsáid tráchtála, is minic a úsáidtear CMIT/MIT in éineacht nó i sealaíocht le bithicídí eile i bhforchuir éagsúla. Is féidir frithsheasmhacht mhiocróbach in aghaidh CMIT/MIT a sheachaint trí bhithicídí a mhalartú nó a úsáid go huaineach nó trí chuingreacha a úsáid le gníomhacha eile.
5.2. Bearta maolaithe riosca
Tagair do bhearta maolaithe riosca atá sainiúil d’úsáid áirithe
Bearta bainistíochta riosca eagraíochtúil:
|
— |
Is ceart lódáil a theorannú do phróisis uathoibrithe. |
|
— |
Is ceart d’oibrithe atá gafa le deisiúcháin nó obair ghlanta an córas a shruthlú roimh é a oscailt agus a ghlanadh. |
|
— |
Is gá stáisiún níocháin súl agus cithfholcadán sábháilteachta. |
Cuirfear oiliúint ar gach oibrí agus duine aonair a bheidh ag láimhseáil an táirge, beidh rochtain acu ar na Bileoga Sonraí Sábháilteachta (SDS) agus ar na Bileoga Sonraí Teicniúla (TDS).
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Cosaint garchabhróirí: Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach.
Treoracha garchabhrach:
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh craiceann láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin, bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad sula n-úsáidfidh tú iad arís. Lean ort ag nigh an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. I gcás greannú nó grís craicinn: Faigh comhairle leighis.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
Réamhchúraimí timpeallachta:
Sa chás go mbíonn doirteadh ann, cuir cosc ar ábhar ó dhul isteach i séaraigh nó i mbealaí uisce. Ná lig don ábhar an córas uisce talún a éilliú. Cuir cosc ar an táirge ó dhul isteach i ndraenacha. Más rud é go n-éiríonn draenacha, sruthanna, ithir nó séaraigh éillithe, tabhair fógra don údarás áitiúil. Féadann táirge doirte bheith ina riosca don éiceachóras uisciúil má scaoiltear é.
Modhanna agus ábhar sriantaí agus glanta suas:
DOIRTÍ BEAGA: Cuir díog leis agus déan é a ionsú le hábhar támh (e.g. ithir, gaineamh thirim), sluaisteáil gach solad éillithe isteach i mbuicéad nó druma agus ansin déan dóthain tuaslagáin díghníomhachtaithe a oibriú orthu chun na solaid a fhliuchadh go críochnúil. Fág na coimeádáin seo ar oscailt ar feadh 48 uaire chun carnadh brú a chosc agus séalaigh ansin iad chun a ndiúscartha. Is ceart trealamh ina mbeidh iarmhair a dhí-éilliú roimh obair cothabhála nó deisithe a chur i gcrích nó iad a úsáid chun críche seirbhíse eile. Is ceart mapaireacht a dhéanamh ar dhromchlaí éillithe le tuaslagán díghníomhachtaithe, fan go socróidh an frithghníomhú agus sruthlaigh go críochnúil le huisce glan.
DOIRTEADH MÓR: Súigh isteach le hábhar támh ionsúiteach. Aistrigh ábhar éillithe go dtí coimeádáin oiriúnacha chun a dhiúscartha. Is ceart mapaireacht a dhéanamh ar dhromchlaí éillithe le tuaslagán díghníomhachtaithe, fág ar feadh 30 nóiméad agus sruthlaigh go críochnúil le huisce glan.
NÁ CUIR tuaslagán díghníomhachtaithe leis an gcoimeádán dramhaíola chun an t-ábhar ionsúite a dhíghníomhachtú.
|
* |
TUASLAGÁN DÍGHNÍOMHACHTAITHE - ullmhaigh tuaslagán úr de 5% Décharbónáit sóidiam agus 5% Hipeaclóirít sóidiam in uisce. Bain úsáid as cóimheas de 10 dtoirt de thuaslagán dí-éillithe in aghaidh gach toirte measta de dhoirteadh iarmharach. Déan teagmháil le hiompróir faofa dramhaíola i gcomhair diúscartha ábhair éillithe athghafa. Déan ábhar a dhiúscairt i gcomhréir leis na rialacháin arna leagan amach sa Bhileog Sonraí Sábháilteachta. |
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Diúscair é i gcomhréir leis na Treoracha Eorpacha maidir le dramhaíl agus dramhaíl ghuaiseach. Is ceart don úsáideoir cóid dramhaíola a shannadh, i gcomhairle leis na húdaráis diúscartha dramhaíola más féidir.
Ní mór nach scaoiltear an táirge ar chré, cúrsaí uisce nó aon chinéal séaraigh. Áit is féidir is fearr athchúrsáil ná diúscairt. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa.
Pacáistiú truaillithe: Diúscair aon táirge nár úsáideadh. Is ceart coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh faofa láimhseála dramhaíola. Ná athúsáid coimeádáin fholmha.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Seilfré: 24 mí
Coimeád an coimeádán dúnta go docht. Stóráil i gcoimeádáin oiriúnacha, le lipéad.
Caibidil 6. FAISNÉIS EILE
Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán EN dá dtagraítear in alt ‘Bearta maolaithe riosca úsáid sonrach’:
EN ISO 374 - Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach
EN ISO 166 – Caighdéan cosanta súile pearsanta
EN 13034 - Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtach - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta ar cheimiceáin lena dtugtar feidhmíocht chosanta theoranta ar cheimiceáin leachtacha (Trealamh de Chineál 6 agus de Chineál PB)
Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).
Maidir le ‘Catagói(í) úsáideoirí’ tabhair faoi deara: “Ciallaíonn gairmithe (lena n-áirítear úsáideoirí tionsclaíoch) gairmithe oilte má theastaíonn sin de réir reachtaíochta náisiúnta.
Caibidil 7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 2
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
|
Trádainm/trádainmneacha |
PermaClean® PC-55 |
Réimse margaidh: AE |
|||||
|
Uimhir an údaraithe |
|
EU-0032881-0003 1-2 |
|||||
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
||
|
C(M)IT/MIT (3:1) |
Mais frithgnímh de 5-chlóra-2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon agus 2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon (3:1) |
substaint ghníomhach |
55965-84-9 |
|
5,2 % (w/w) |
||
Caibidil 1. MEITEA-SPC 3 FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. MEITEA-SPC 3 aitheantóir
|
Aitheantóir |
Meitea-SPC: MEAT-A 3 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
|
Uimhir |
1-3 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT11: Leasaithigh do chórais fuaraithe leachtaigh agus phróiseála PT12: Slaimicídí |
Caibidil 2. COMHDHÉANAMH META SPC 3
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 3
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
C(M)IT/MIT (3:1) |
Mais frithgnímh de 5-chlóra-2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon agus 2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon (3:1) |
substaint ghníomhach |
55965-84-9 |
|
7,51 - 7,51 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 3
|
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
AL Aon leacht eile |
Caibidil 3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 3
|
Ráitis ghuaise |
H290: D’fhéadfadh sé a bheith creimneach do mhiotail. H302: Díobhálach má shlogtar é. H332: Díobhálach má ionanálaítear é. H314: Ina chúis le dónna tromchúiseacha craicinn agus le damáiste don tsúil. H317: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn. H410: An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha. |
|
Ráitis réamhchúraim |
P391: Bailigh doirteadh. P234: Coimeád i bpacáistiú bunaidh amháin. P260: Ná hanálaigh ceo. P270: Ná hith, ná hól nó ná caith tobac nuair atá an táirge seo in úsáid agat. P271: Úsáid amuigh faoin aer nó i limistéar dea-aerálaithe amháin. P272: Níor cheart éadaí éillithe oibre a ligean amach as an láthair oibre. P273: Ná scaoiltear amach sa chomhshaol. P280: Caith lámhainní/éadaí cosanta/cosaint súile/cosaint aghaidhe. P301+P330+P331: MÁ SHLOGTAR É: sruthlaítear an béal. NÁ spreagtar urlacan. P303+P361+P353: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh]. P310: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach. P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. P333+P313: I gcás greannú nó grís craicinn: Faigh ábhair liachta. P362+P364: Bain díot láithreach na héadaí éillithe agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid. P390: Ionsúigh doirteadh chun damáiste d’ábhar a chosc. P405: Stóráil faoi ghlas. P501: Diúscair ábhair i seirbhís dramhaíola ghuaisí i gcomhréir leis na rialacháin reactúla. P501: Diúscair coimeádán i seirbhís dramhaíola guaisí i gcomhréir leis na rialacháin reactúla. |
Caibidil 4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1
Úsáid 3.1 Leasaithigh i gcomhair fuarú leachta agus córas próiseála (Leasaithigh)
|
An cineál táirge |
PT11: Leasaithigh do chórais fuaraithe leachtaigh agus phróiseála |
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: fungais Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: algaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Legionella pneumophila Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: biothscannán Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh Leasú leachtanna i gcórais fuaraithe a bhfuil sceitheadh acu isteach sa séarach bardasach i: Córais oscailte athshruthaithe fuaraithe, córas dúnta fuaraithe. Leasú leachtanna próiseála i: Sáslaigh paistéartha agus steirileoirí, niteoirí aeir agus sciúrthóirí. |
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: closed system Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Is ceart é a chur isteach trí chóras dúnta curtha isteach. Táirge forchurtha trí phróiseas uathoibrithe le húsáid caidéal nó insteallta. Is féidir an táirge a chur isteach agus an próiseas ar siúl. |
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: Cothabháil: Baictéir Táirge 34-69 ppm (1,.5-3 mg sg/l) (substaint ghníomach sa lítear)) Legionella Táirge 17-69 ppm (0,.75-3 mg sg/l) Biothscannán Táirge 69 ppm (3 mg sg/l) Íceach: Baictéir Táirge 137 ppm am teagmhála 6 huaire (6 mg sg/l) Legionella Táirge 33-137 ppm am teagmhála 6 huaire (1,.5-6 mg sg/l) Giosta agus fungais Táirge 69-137 ppm am teagmhála 6 huaire (3-6 mg sg/l) Algaí Táirge 33-137 ppm am teagmhála 6 huaire (1,.5-6 mg sg/l) - Airí uainithe: Minicíocht cothabhála: uair sa lá go dtí uair sa tseachtain. Íceach: is féidir é seo a chur i bhfeidhm nuair a chailltear rialú nó nuair a bhíonn sé le tuiscint ó na sonraí monatóireachta gur gá feidhmiú íceach, ní ceart áfach go dtarlódh sé seo níos minice ná uair gach dhá mhí ar eagla tachtadh trom. |
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
tionsclaíoch ; gairmiúil |
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buicéid 20-100 kg teimhneacha poileitiléine Drumaí 50-500 kg teimhneacha poileitiléine IBCanna 1 000 -2 000 kg teimhneacha poileitiléine |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Is ceart an táirge a chur isteach mar shluga ar mhaithe le huisce a athshruthlú, a fhuarú agus a phróiseáil sa chaoi go mbaintear amach an t-easrú is mó is féidir mar aon le nochtadh do na réimsí den chóras a bhfuil an leibhéal is airde miocrorgánach iontu.
Is ceart an táirge a chur isteach de réir mhéid an chórais, mar shampla chun tiúchan de 100 ppm a bhaint amach i gcóras 10 000 l, caithfear 1 000 ml (1 l) de tháirge a chur isteach.
Braitheann an t-eatramh idir dhá dháileog chomh maith ar aga coinneála hiodrálach an chórais agus baint na substainte gníomhaí trí e.g. díghrádú agus séideadh-anuas. Féadann an táirge carnadh i sreabháin leasaithe má thugtar dáileog de go rómhinic. Is í freagracht an úsáideora deiridh an dáileog éifeachtach a dhearbhú ar an láthair (m.sh. trí thastálacha ceimiceacha nó micribhitheolaíochta) don láthair shonrach/córas sonrach le cinnntiú go bhfuil an córas éifeachtach faoina coinníollacha úsáide. Más gá, téigh i gcomhairle le sealbhóir an údaraithe (mar a shonraítear sa lipéad).
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach:
Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin agus a shásaíonn riachtanais Chaighdeán Eorpach EN ISO 374 (nó a chomhionann) le linn na céime láimhseála táirge (ábhar na lámhainní lena shainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge).
Caith clúdach cosanta de chineál 6, atá comhsheasmhach leis an gCaighdeán Eorpach EN 13034 nó a chomhionann.
Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid de réir an Chaighdeáin Eorpaigh EN ISO 166 nó a chomhionann agus an táirge á láimhseáil.
Tá sé seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíochta eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ar láthair na hoibre. Féach cuid 6 le haghaidh na dtagairtí iomlána don Acht seo agus do na Caighdeáin Eorpacha.
Tá an úsáid teoranta do chórais bheaga fuaraithe a bhfuil séideadh-anuas de 2 m3/h ar a mhéid acu. Ní mór fuíolluisce a sceitheadh sa séarach bardasach nó a íonú i ngléasra cóireála camrais tionsclaíoch ar an suíomh ar a n-áirítear céim cóireála bitheolaíche.
Ní féidir an táirge a fhorchur ach nuair a bhíonn na túir fuaraithe trealmhaithe le díbreoirí driofta a laghdaíonn driofta le 99% ar a laghad.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2. Tuairisc úsáide
Tábla 2
Úsáid 3.2 Slaimicíd sa tionscal laín agus páipéir (Leasaithigh)
|
An cineál táirge |
PT12: Slaimicídí |
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: fungais Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: biothscannán Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh Le húsáid mar shlaimicíd sa tionscal laín agus páipéir, próiseas dí-dhúchana, ceann fliuch / uisce bán, laíon, próiseas le linn scor an mheaisín san áireamh. Stoc tiubh (ar a n-áirítear cófraí cumaisc agus cófraí meaisín mar aon leis an laíon athchúrsáilte). Uisce bán, uisce modartha agus uisce glan. Stoc tanaí. Rialú Creimthe arna Spreagadh go Micribithheolaíoch agus biothachtadh dí-aerthóirí agus scagairí. Rialú fáis slaim i mbreiseáin atá beartaithe go sainiúil lena n-úsáid sa phróiseas táirgthe páipéir. |
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: closed system Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Is ceart é a chur isteach trí chóras dúnta curtha isteach. Táirge forchurtha trí phróiseas uathoibrithe le húsáid caidéal nó insteallta. Is féidir an táirge a chur isteach agus an próiseas ar siúl. |
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: Breiseáin a úsáidtear sa táirgeadh páipéir Cothabháil: Baictéir Táirge 17-137 ppm (0,.75-6 mg sg/l)(substaint ghníomach sa lítear)) Giosta Táirge 34-137 ppm (1,.5-6 mg sg/l) Íceach: Baictéir Táirge 17-137 ppm am teagmhála 24 huaire (0,.75-6 mg sg/l) Giosta agus fungais Táirge 68-137 ppm am teagmhála 6 huaire (3-6 mg sg/l) Córas meaisín páipéir (ceann fliuch, uisce bán agus laíon san áireamh) Cothabháil: Baictéir agus giosta Táirge 9-137 ppm (0,.38-6 mg sg/l) Biothscannán Táirge 69-137 ppm (3-6 mg sg/l) Íceach: Baictéir Táirge 69-137 ppm am teagmhála 24 huaire (3-6 mg sg/l) Giosta Táirge 9-137 ppm am teagmhála 24 huaire (0,.38-6 mg sg/l) Fungais Táirge 137 ppm 6 hours contact timeam teagmhála 6 huaire (6 mg sg/l) - Airí uainithe: I gcás an tionscail laín agus páipéir, cuir an táirge isteach go huaineach (sluga): Breiseáin a úsáidtear i dtáirgeadh páipéir agus i gcóras meaisín páipéir (ceann fliuch, uisce bán agus laíon san áireamh) Minicíocht cothabhála: ceithre uair sa lá go dtí uair sa tseachtain. Íceach: I gcásanna tachtadh trom is féidir é seo a chur i bhfeidhm nuair a chailltear rialú nó nuair a bhíonn sé le tuiscint ó na sonraí monatóireachta gur gá feidhmiú íceach, ní ceart áfach go dtarlódh sé seo níos minice ná uair gach dhá mhí. |
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
tionsclaíoch ; gairmiúil |
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buicéid 20-100 kg teimhneacha poileitiléine Drumaí 50-500 kg teimhneacha poileitiléine IBCanna 1 000 -2 000 kg teimhneacha poileitiléine |
4.2.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Cuir an táirge isteach go huaineach chun áirimh miocróbacha inghlactha (leibhéal íseal) a leasú i gcóras an mheaisín pháipéir. Cuir an táirge isteach ag an gceann fliuch go huaineach i gcófra an mheaisín nó i gcófra stoic dá leithéid nó i mbreiseáin a úsáidtear i dtáirgeadh páipéir. Ní ceart riamh a úsáid leis féin sa lúb ghearr ach ar ais sa chóras.
Braitheann an dáileog go mór ar an bhfoirmliú agus ar an úsáid atá beartaithe don mhaitrís a bhfuil an leasaitheach curtha leis. Braitheann an t-eatramh idir dhá dháileog chomh maith ar aga coinneála hiodrálach an chórais agus baint na substainte gníomhaí trí e.g. díghrádú agus maolú. Féadann an táirge carnadh i sreabháin próiseála má thugtar dáileog de go rómhinic. Is í freagracht an úsáideora deiridh an dáileog éifeachtach a dhearbhú ar an láthair (m.sh. trí thastálacha ceimiceacha nó micribhitheolaíochta) don láthair shonrach/córas sonrach le cinnntiú go bhfuil an córas éifeachtach faoina coinníollacha úsáide. Más gá, téigh i gcomhairle le sealbhóir an údaraithe (mar a shonraítear sa lipéad).
Is ceart an táirge a chur isteach de réir thoirt an chórais, mar shampla chun tiúchan de 100 ppm a bhaint amach i gcóras 10 000 l, caithfear 1 000 ml (1 l) de tháirge a chur isteach.
4.2.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Sláinte Dhaonna:
Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach
Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin agus a shásaíonn riachtanais Chaighdeán Eorpach EN ISO 374 (nó a chomhionann) le linn na céime láimhseála táirge (ábhar na lámhainní lena shainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge).
Caith clúdach cosanta de chineál 6, atá comhsheasmhach leis an gCaighdeán Eorpach EN 13034 nó a chomhionann.
Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid de réir an Chaighdeáin Eorpaigh EN ISO 166 nó a chomhionann agus an táirge á láimhseáil.
Tá sé seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíochta eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ar láthair na hoibre. Féach cuid 6 le haghaidh na dtagairtí iomlána don Acht seo agus do na Caighdeáin Eorpacha.
Timpeallacht:
Ní cheadaítear forchur ach i monarchana páipéir a chloíonn le Treoir 2010/75/AE maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha ina n-íonaítear fuíolluisce; i ngléasra cóireála camrais tionsclaíoch ar an suíomh ar a n-áirítear céim cóireála bitheolaíche i gcomhréir leis na Teicnící Is Fearr le Fáil (BAT) de réir mar a fhorordaítear sa doiciméad tagartha BAT (BREF) maidir le táirgeadh laín, páipéir agus cláir. ní mór an t-eisilteach a mhaolú 200 uair ar a laghad. Caithfidh monarchana páipéir atá díolúnaithe ón Treoir um Astaíochtaí Tionsclaíocha sceitheadh isteach sa séarach bardasach.
4.2.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.2.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
4.2.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Déan tagairt le do thoil do na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.
Caibidil 5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 3
5.1. Treoracha úsáide
Is ceart gnásanna bainistíochta frithsheasmhachta a ghlacadh san úsáid mar seo a leanas:
|
— |
is ceart táirgí a úsáid i gcónaí de réir na moltaí lipéid |
|
— |
is ceart iarracht a dhéanamh an fás miocróbach a dhíothú trí rátaí forchuir a úsáid a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil siad éifeachtúil |
|
— |
is ceart leibhéil éifeachtúlachta a mhonatóiriú agus is ceart cásanna d’éifeachtúlacht laghdaithe a iniúchadh féachaint an bhfuil fianaise frithsheasmhachta ann. |
San úsáid tráchtála, is minic a úsáidtear CMIT/MIT in éineacht nó i sealaíocht le bithicídí eile i bhforchuir éagsúla. Is féidir frithsheasmhacht mhiocróbach in aghaidh CMIT/MIT a sheachaint trí bhithicídí a mhalartú nó a úsáid go huaineach nó trí chuingreacha a úsáid le gníomhacha eile.
Cuirfear oiliúint ar gach oibrí agus duine aonair a bheidh ag láimhseáil an táirge, beidh rochtain acu ar na Bileoga Sonraí Sábháilteachta (SDS) agus ar na Bileoga Sonraí Teicniúla (TDS).
5.2. Bearta maolaithe riosca
Tagair do bhearta maolaithe riosca atá sainiúil d’úsáid áirithe
Bearta bainistíochta riosca eagraíochtúil:
|
— |
Is ceart lódáil a theorannú do phróisis uathoibrithe. |
|
— |
Is ceart d’oibrithe atá gafa le deisiúcháin nó obair ghlanta an córas a shruthlú roimh é a oscailt agus a ghlanadh. |
|
— |
Is gá stáisiún níocháin súl agus cithfholcadán sábháilteachta. |
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach rannán 4.1.3 agus 4.2.3 ‘De réir mar a shonraítear le haghaidh na húsáide, sonraí na dtionchar dóchúil díreach nó indíreach, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun cosaint a thabhairt don chomhshaol’.
Cosaint garchabhróirí: Caith trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach.
Treoracha garchabhrach:
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. Faisnéis do phearsanra Sláinte/dochtúir: Cuir tús le bearta tacaíochta beatha más gá, agus ina dhiaidh sin cuir glao ar IONAD NIMHE.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Faisnéis do phearsanra Sláinte/dochtúir: Cuir tús le bearta tacaíochta beatha más gá, agus ina dhiaidh sin cuir glao ar IONAD NIMHE.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh craiceann láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin, bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad sula n-úsáidfidh tú iad arís. Lean ort ag nigh an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. I gcás greannú nó grís craicinn: Faigh comhairle leighis.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
Réamhchúraimí timpeallachta:
Sa chás go mbíonn doirteadh ann, cuir cosc ar ábhar ó dhul isteach i séaraigh nó i mbealaí uisce. Ná lig don ábhar an córas uisce talún a éilliú. Cuir cosc ar an táirge ó dhul isteach i ndraenacha. Más rud é go n-éiríonn draenacha, sruthanna, ithir nó séaraigh éillithe, tabhair fógra don údarás áitiúil. Féadann táirge doirte bheith ina riosca don éiceachóras uisciúil má scaoiltear é.
Modhanna agus ábhar sriantaí agus glanta suas:
DOIRTÍ BEAGA: Cuir díog leis agus déan é a ionsú le hábhar támh (e.g. ithir, gaineamh thirim), sluaisteáil gach solad éillithe isteach i mbuicéad nó druma agus ansin déan dóthain tuaslagáin díghníomhachtaithe a oibriú orthu chun na solaid a fhliuchadh go críochnúil. Fág na coimeádáin seo ar oscailt ar feadh 48 uaire chun carnadh brú a chosc agus séalaigh ansin iad chun a ndiúscartha. Is ceart trealamh ina mbeidh iarmhair a dhí-éilliú roimh obair cothabhála nó deisithe a chur i gcrích nó iad a úsáid chun críche seirbhíse eile. Is ceart mapaireacht a dhéanamh ar dhromchlaí éillithe le tuaslagán díghníomhachtaithe, fan go socróidh an frithghníomhú agus sruthlaigh go críochnúil le huisce glan.
DOIRTEADH MÓR: Súigh isteach le hábhar támh ionsúiteach. Aistrigh ábhar éillithe go dtí coimeádáin oiriúnacha chun a dhiúscartha. Is ceart mapaireacht a dhéanamh ar dhromchlaí éillithe le tuaslagán díghníomhachtaithe, fág ar feadh 30 nóiméad agus sruthlaigh go críochnúil le huisce glan.
NÁ CUIR tuaslagán díghníomhachtaithe leis an gcoimeádán dramhaíola chun an t-ábhar ionsúite a dhíghníomhachtú.
|
* |
TUASLAGÁN DÍGHNÍOMHACHTAITHE - ullmhaigh tuaslagán úr de 5% Décharbónáit sóidiam agus 5% Hipeaclóirít sóidiam in uisce. Bain úsáid as cóimheas de 10 dtoirt de thuaslagán dí-éillithe in aghaidh gach toirte measta de dhoirteadh iarmharach. Déan teagmháil le hiompróir faofa dramhaíola i gcomhair diúscartha ábhair éillithe athghafa. Déan ábhar a dhiúscairt i gcomhréir leis na rialacháin arna leagan amach sa Bhileog Sonraí Sábháilteachta. |
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Diúscair é i gcomhréir leis na Treoracha Eorpacha maidir le dramhaíl agus dramhaíl ghuaiseach. Is ceart don úsáideoir cóid dramhaíola a shannadh, i gcomhairle leis na húdaráis diúscartha dramhaíola más féidir.
Ní mór nach scaoiltear an táirge ar chré, cúrsaí uisce nó aon chinéal séaraigh. Áit is féidir is fearr athchúrsáil ná diúscairt. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa.
Pacáistiú truaillithe: Diúscair aon táirge nár úsáideadh. Is ceart coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh faofa láimhseála dramhaíola. Ná athúsáid coimeádáin fholmha.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Seilfré: 24 mí.
Ná stóráil os cionn teocht chomhthimpeallach stórála (25 céim C).
Coimeád an coimeádán dúnta go docht. Stóráil i gcoimeádáin oiriúnacha, le lipéad.
Caibidil 6. FAISNÉIS EILE
Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán EN dá dtagraítear in alt ‘Bearta maolaithe riosca úsáid sonrach’:
EN ISO 374 - Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach
EN ISO 166 – Caighdéan cosanta súile pearsanta
EN 13034 - Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtach - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta ar cheimiceáin lena dtugtar feidhmíocht chosanta theoranta ar cheimiceáin leachtacha (Trealamh de Chineál 6 agus de Chineál PB)
Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).
Maidir le ‘Catagói(í) úsáideoirí’ tabhair faoi deara: “Ciallaíonn gairmithe (lena n-áirítear úsáideoirí tionsclaíoch) gairmithe oilte má theastaíonn sin de réir reachtaíochta náisiúnta.
Caibidil 7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 3
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
|
Trádainm/trádainmneacha |
NALCO® BACTOLYSE 74824 |
Réimse margaidh: AE |
|||||
|
NALCO® 74824 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Uimhir an údaraithe |
|
EU-0032881-0004 1-3 |
|||||
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
||
|
C(M)IT/MIT (3:1) |
Mais frithgnímh de 5-chlóra-2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon agus 2-meitil-2H-iseathiasól-3-a haon (3:1) |
substaint ghníomhach |
55965-84-9 |
|
7,51 % (w/w) |
||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/263/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)