An Bhruiséil,19.6.2023

COM(2023) 324 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle

maidir le Faoiseamh Níos Tapúla agus Níos Sábháilte ó Fharasbarr Cánacha Siarchoinneálacha





{SEC(2023) 243 final} - {SWD(2023) 215 final} - {SWD(2023) 216 final} - {SWD(2023) 217 final}


IARSCRÍBHINN I

DEIMHNIÚ DIGITEACH UM CHÓNAÍ CÁNACH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4

Ceanglais theicniúla

1.Is amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an deimhniú digiteach um chónaí cánach:

–eiseofar é agus ríomhshéala air i gcomhréir le rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 ;

–beidh an deis ann leaganacha den deimhniú digiteach um chónaí cánach a chur i láthair i bhformáid a bheidh inléite ag an duine agus ag meaisín araon agus doiciméid PDF nó formáidí eile comhchosúla ann ar féidir iad a úsáid sna córais uathoibrithe;

–beifear in ann é a phriontáil;

–beidh bosca téacs oscailte sa deimhniú chun faisnéis a áireamh ann faoi Airteagal 4(g).

2.Féadfaidh na Ballstáit próiseas fíorúcháin a thabhairt isteach trí dhintiúir infhíoraithe má chomhlíontar na ceanglais theicniúla san Aontas.

Tabharfaidh Coiste tacaíocht don Choimisiún maidir leis an deimhniú digiteach um chónaí cánach a bheith á chur chun feidhme ag na Ballstáit. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste tacaíocht theicniúil a sholáthar maidir le haon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhonn teicniúil an deimhnithe dhigitigh um chónaí cánach nó forbairtí teicniúla nua.

IARSCRÍBHINN II

TUAIRISCIÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 9 agus 15

Soláthróidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid xml chomhfhreagrach:

An cineál faisnéise

Sonraíocht

A. Faisnéis maidir leis an duine atá ag soláthar na faisnéise

Ainm an idirghabhálaí airgeadais

EUID, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) nó rogha eile

Seoladh oifigiúil

Sonraí ábhartha eile

Uimhir aitheantais chánach (TIN) agus seoladh ríomhphoist

B. Faisnéis maidir le faighteoir na híocaíochta díbhinne nó úis

Aitheantas an idirghabhálaí airgeadais nó an cháiníocóra deiridh a fhaigheann an íocaíocht díbhinne nó úis

I.Duine aonair

Ainm, uimhir aitheantais chánach, dáta breithe, seoladh

II.Duine dlítheanach

Ainm, LEI, TIN, seoladh, EUID

Uimhir chuntais na hinfheistíochta

Uimhir an chuntais slánchoimeádta i gcás ina bhfuil na hurrúis i seilbh an idirghabhálaí airgeadais/an cháiníocóra a fhaigheann an íocaíocht

C. Faisnéis maidir le híocóir na híocaíochta díbhinne nó úis

Aitheantas an idirghabhálaí airgeadais óna bhfaigheann an tuairisceoir an íocaíocht díbhinne nó úis

I.Duine aonair

Ainm, uimhir aitheantais chánach, dáta breithe, seoladh

II.Duine dlítheanach

Ainm, LEI, TIN, seoladh, EUID

Uimhir chuntais na hinfheistíochta

Uimhir an chuntais slánchoimeádta i gcás ina raibh na hurrúis i seilbh an idirghabhálaí airgeadais a sheolann an íocaíocht

D. Faisnéis maidir leis an íocaíocht díbhinne nó úis

Eisitheoir

Ainm, LEI nó TIN nó EUID, seoladh oifigiúil

Uimhir ISIN

Sainaithint an eisitheora agus an urrúis

Cineál urrúis

Díbhinní airgid, díbhinní comhchineáil, díbhinní comhchineáil measctha agus díbhinní airgid agus ús

COAF (Sainaitheantóir Imeachta Oifigiúil um Ghníomhaíocht Chorparáideach)

Sainaithint an imeachta (dáileadh díbhinní/úis)

Dátaí ábhartha

Dáta ex-dhíbhinne, dáta an taifid, dáta socraíochta (má rinneadh é nó marc i gcás nach ndearnadh go fóill é), dáta na híocaíochta, an dáta cúpóin

Méid na díbhinne nó an úis a fuarthas/atá le fáil agus an t‑airgeadra

Ollmhéid, glanmhéid, an ráta cánach siarchoinneálaí a cuireadh i bhfeidhm nó atá le cur i bhfeidhm, an méid a coinníodh siar

Uimhir an chuntais airgid

Uimhir chuntais ar aistríodh an íocaíocht chuici

E. Faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart frith‑mhí‑úsáide

Faisnéis maidir le tréimhse sealbhaíochta scaireanna foluiteacha arna dtrádáil go poiblí

Dhá bhosca: 1) i gcás scaireanna foluiteacha a fuarthas 2 lá nó níos mó roimh an dáta ex-dhíbhinne – an líon scaireanna
2) i gcás scaireanna foluiteacha a fuarthas laistigh de thréimhse 2 lá roimh an dáta
ex-dhíbhinne – an líon scaireanna

(Foirmle an ceann is túisce isteach, is túisce amach (FIFO) le húsáid i gcás gnáthshuíomhanna trádála)

Faisnéis maidir le socrú airgeadais

Sonraigh fianaise ar aon socrú airgeadais lena mbaineann scair fholuiteach arna trádáil go poiblí nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile ar an dáta exdhíbhinne

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)