|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7191 |
26.11.2024 |
Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/2933 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 36/2012 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2934 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
(C/2024/7191)
Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/2933 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 36/2012 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2934 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria.
Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 36/2012. Tugtar na forais leis na daoine sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 36/2012, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 16 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 1 Feabhra 2025, ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 34 de Chinneadh 2013/255/CBES agus Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 36/2012, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.
(2) IO L, 2024/2933, 25.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2933/oj.
(3) IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.
(4) IO L, 2024/2934, 25.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2934/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7191/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)