European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1788

8.9.2025

TREOIR (AE) 2025/1788 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2025

lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart vótála agus leis an gceart chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad

(athmhúnlú)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 22(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Threoir 93/109/CE ón gComhairle (2). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú.

(2)

Le hAirteagal 20(2), an chéad fhomhír, pointe (b), agus le hAirteagal 22(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar an ceart vótála do shaoránaigh den Aontas, ar saoránaigh iad a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad, agus an ceart chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa ina mBallstát cónaithe faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh. Leis an gceart sin, ar ceart é a dhearbhaítear freisin le hAirteagal 39 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), léirítear gol sonrach prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta a leagtar amach in Airteagal 21 den Chairt. Is atoradh é freisin ar an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse a chumhdaítear in Airteagal 20(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus in Airteagal 21 CFAE agus in Airteagal 45 den Chairt.

(3)

Le Treoir 93/109/CE leagtar amach na socruithe mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú an chirt vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

(4)

Sa Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá leis na rialacha maidir le feidhmiú an chirt vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a nuashonrú, a shoiléiriú agus a neartú chun a áirithiú go dtacófar leo le rannpháirtíocht leathan chuimsitheach saoránach soghluaiste den Aontas. I bhfianaise an mhéid sin, agus ag cur san áireamh na taithí a fuarthas agus Treoir 93/109/CE á cur i bhfeidhm do thoghcháin chomhleantacha agus na hathruithe a tugadh isteach leis na leasuithe ar na Conarthaí, ba cheart roinnt forálacha den Treoir sin a thabhairt cothrom le dáta.

(5)

Ní dochar Airteagal 22(2) d’Airteagal 223(1) CFAE, lena ndéantar foráil maidir le bunú nós imeachta aonfhoirmeach i ngach Ballstát i gcomhréir le prionsabail is coiteann do na Ballstáit uile do thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

(6)

Chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (‘saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad’) a gceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh dá mBallstát óstach, ba cheart na coinníollacha lena rialaítear clárú agus rannpháirtíocht i dtoghcháin den sórt sin a shoiléiriú chun cóir chomhionann a áirithiú do shaoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh iad den Bhallstát lena mbaineann agus do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad. Go háirithe, ba cheart cóir chomhionann a thabhairt do shaoránaigh den Aontas atá ag iarraidh vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa ina mBallstát cónaithe a mhéid a bhaineann le haon tréimhse chónaithe atá le comhlíonadh mar choinníoll chun an ceart a fheidhmiú, chomh maith leis an gcruthúnas a cheanglaítear chun comhlíonadh coinníll den sórt sin a thaispeáint.

(7)

Ní mór saoirse shaoránaigh den Aontas maidir le roghnú an Bhallstáit ina nglacfaidh siad páirt i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a urramú, agus na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir le duine ar bith níos mó ná vóta amháin ná seasamh mar iarrthóir i níos mó ná tír amháin.

(8)

I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha, lena n-áirítear ceanglais an Chúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus forálacha an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, ba cheart do na Ballstáit an ceart vótála atá ag saoránaigh den Aontas agus chun seasamh mar iarrthóir a aithint agus a urramú, ní hamháin sin ach rochtain éasca ar a gcearta toghchánacha a áirithiú freisin tríd an oiread bacainní ar rannpháirtíocht i dtoghcháin agus is féidir a bhaint.

(9)

Chun feidhmiú an chirt vótála atá ag saoránaigh den Aontas agus chun seasamh mar iarrthóir ina dtír chónaithe a éascú, ba cheart na saoránaigh sin a chur ar rolla na dtoghthóirí in am trátha roimh lá na vótála. Ba cheart na foirmiúlachtaí is infheidhme maidir lena gclárú a bheith chomh simplí agus is féidir. Chun a bheith cláraithe, ba cheart gur leor do na saoránaigh den Aontas lena mbaineann doiciméad aitheantais bailí agus dearbhú foirmiúil a sholáthar ina bhfuil gnéithe lena léirítear go bhfuil siad i dteideal páirt a ghlacadh sna toghcháin. Nuair a bheidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad cláraithe, ba cheart iad a fhágáil ar rolla na dtoghthóirí faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad, fad is a chomhlíonfaidh siad na coinníollacha chun an ceart vótála a fheidhmiú. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do shaoránaigh den Aontas a bheith in ann sonraí teagmhála a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, rud a chuirfidh ar chumas na n-údarás sin iad a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta.

(10)

Cé go bhfuil na Ballstáit inniúil chun an ceart vótála nó chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a chinneadh a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá gcríoch, níor cheart saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad a bhaint de rolla na dtoghthóirí ina mBallstát baile le haghaidh cineálacha eile toghcháin mar gheall gur cuireadh iad ar rolla na dtoghthóirí ina mBallstát cónaithe agus mar gheall ar an bhforas sin amháin.

(11)

Chun cóir chomhionann a áirithiú do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad atá ag féachaint leis an gceart chun seasamh mar iarrthóir lena thoghadh ina mBallstát cónaithe a fheidhmiú, ba cheart é a bheith de cheangal ar shaoránaigh den sórt sin na doiciméid tacaíochta chéanna a chur ar fáil leo siúd ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad. Mar sin féin, chun a shuí gur tairbhithe iad saoránaigh den sórt sin ar an gceart sin a leagtar síos in Airteagal 20(2), an chéad fhomhír, pointe (b), agus in Airteagal 22(2) CFAE, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go gcuirfear dearbhú foirmiúil ar fáil ina bhfuil gnéithe is gá chun a léiriú go bhfuil sé i dteideal acu seasamh sna toghcháin atá i gceist.

(12)

Chun sainaithint chruinn na vótálaithe agus na n-iarrthóirí atá cláraithe ina mBallstát baile agus ina mBallstát cónaithe araon a éascú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go n-áireofaí leis na sonraí atá le soláthar ag saoránaigh den Aontas, agus iarratas á thíolacadh acu lena chur ar rolla na dtoghthóirí nó chun seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát cónaithe, uimhir aitheantais phearsanta nó sraithuimhir doiciméid aitheantais nó taistil bhailí freisin.

(13)

Maidir le saoránaigh den Aontas ar baineadh a gceart vótála nó chun seasamh mar iarrthóir díobh, ar bhonn cinneadh aonair dlí shibhialta nó dlí choiriúil arna ghlacadh ag an údarás inniúil, ba cheart cosc a chur orthu an ceart sin a fheidhmiú sa Bhallstát cónaithe i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar shaoránaigh den Aontas a dhéanann iarratas ar chlárú mar vótálaithe dearbhú foirmiúil a sholáthar lena ndeimhnítear nár baineadh a gceart vótála díobh. Agus iad ag seasamh mar iarrthóirí ina dtír chónaithe, ba cheart a cheangal ar shaoránaigh den Aontas ráiteas a chur ar fáil lena ndeimhnítear nár baineadh a gceart chun seasamh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa díobh.

(14)

Ba cheart an Ballstát cónaithe a bheith in ann a sheiceáil maidir le saoránaigh den Aontas a chuir in iúl gur mian leo a gceart chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú, nár baineadh an ceart sin díobh ina mBallstát baile. I gcás ina bhfaighidh Ballstát iarraidh chuige sin ón mBallstát cónaithe, ba cheart dó an deimhniú is gá a chur ar fáil laistigh de theorainn ama a d’fhágfadh go mbeifí in ann measúnú éifeachtach a dhéanamh ar inghlacthacht na hiarrthóireachta. Ní fhéadfar na sonraí pearsanta a mhalartófar a phróiseáil ach chun na críche sin amháin. I bhfianaise thábhacht bhunúsach na gceart toghchánach, níor cheart an ceart chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe a bhaint de shaoránach den Aontas mura gcuireann an Ballstát baile faisnéis thráthúil ar fáil maidir le stádas an tsaoránaigh sin. I gcásanna ina gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil tráth is faide anonn, ba cheart don Bhallstát cónaithe a áirithiú, trí bhíthin bearta iomchuí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear lena dhlí náisiúnta, go gcuirfear cosc ar shaoránaigh den Aontas ar baineadh a gceart chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát baile díobh agus a cláraíodh mar iarrthóirí nó a toghadh cheana féin, a bheith tofa nó a sainordú a fheidhmiú.

(15)

Ós rud é go ngabhann céimeanna breise riaracháin do náisiúnach de chuid Ballstáit eile leis an nós imeachta inghlacthachta i mBallstát, sa bhreis ar na céimeanna sin do náisiúnaigh an Bhallstáit sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann sprioc-am a leagan síos le hiarratas a dhéanamh chun seasamh mar iarrthóir le haghaidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad atá difriúil ón sprioc-am le haghaidh saoránaigh ar náisiúnaigh iad. Ba cheart aon difríocht sa sprioc-am a bheith teoranta don mhéid is riachtanach agus is comhréireach chun go mbeifí in ann fógra na faisnéise ón mBallstát baile a chur san áireamh go tráthúil. Agus sprioc-am ar leithligh den sórt sin á shuí, níor cheart difear a dhéanamh do sprioc-amanna maidir leis an oibleagáid atá ar Bhallstáit eile chun fógraí a dhéanamh de bhun na Treorach seo.

(16)

Chun cosc a chur ar an ilvótáil nó ar chásanna ina seasfadh an duine céanna mar iarrthóir níos mó ná uair amháin sna toghcháin chéanna, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailítear ó na dearbhuithe foirmiúla a chuireann vótálaithe Aontais agus saoránaigh den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar fáil a mhalartú. Ós rud é go mbíonn na Ballstáit ag brath ar shonraí éagsúla chun saoránaigh a shainaithint, ba cheart tacar coiteann sonraí a bheartú chun vótálaithe Aontais agus saoránaigh den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí a shainaithint go cruinn agus chun stop a chur leo vótáil nó seasamh mar iarrthóir níos mó ná uair amháin. Ba cheart na sonraí pearsanta a mhalartófar a bheith teoranta don íosmhéid is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a sholáthar luath go leor roimh lá na vótála. Ba cheart do na Ballstáit an malartú faisnéise a dhéanamh ar bhealach nach gcruthóidh ualach riaracháin nach bhfuil gá leis dá n-údaráis inniúla. Gan dochar do na forálacha náisiúnta maidir le vótálaithe a chur ar rolla na dtoghthóirí agus iarrthóireachtaí a chur isteach, ba cheart don Bhallstát cónaithe tús a chur leis na sonraí atá ar fáil a sholáthar tráth nach déanaí ná an dáta 6 seachtain roimh an dáta ar a dtosaíonn tréimhse thoghcháin. Ba cheart na sonraí a mhalartaítear idir na Ballstáit a bheith chomh cruinn agus is féidir, agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iad a nuashonrú ag féachaint d’fhorálacha náisiúnta maidir le vótálaithe a chur ar rolla na dtoghthóirí agus iarrthóireachtaí a thíolacadh.

(17)

An malartú faisnéise idir na Ballstáit chun cosc a chur ar an ilvótáil nó ar chásanna ina seasfadh an duine céanna mar iarrthóir níos mó ná uair amháin sa toghchán céanna, níor cheart leis an malartú sin go gcuirfí cosc ar a gcuid náisiúnaigh vótáil nó seasamh mar iarrthóirí i gcineálacha eile toghcháin. Chun cumarsáid idir údaráis náisiúnta a éascú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit pointe teagmhála amháin a ainmniú don mhalartú faisnéise sin. D’fhorbair an Coimisiún creat roimhe seo nach n-úsáidfeadh ach na Ballstáit atá faoina bhfreagracht chun na sonraí ba ghá a mhalartú. Ba cheart an creat sin a ionchorprú sa Treoir seo, chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do mhalartuithe idir údaráis inniúla na mBallstát. Gníomhóidh na Ballstáit mar rialaitheoirí ar leithligh dá bpróiseáil sonraí pearsanta i dtaca leis seo. Leis an gcreat sin, níor cheart rochtain a thabhairt do na Ballstáit ach amháin ar shonraí saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ina dtoghchríoch agus a chuir in iúl go sainráite gur mian leo a bheith curtha ar a rollaí toghthóirí nó seasamh mar iarrthóirí agus sonraí a náisiúnach a chuir in iúl go sainráite gur mian leo vótáil nó seasamh mar iarrthóirí sna Ballstáit chónaithe.

(18)

Chun freagrachtaí, oibleagáidí agus caighdeáin theicniúla a shainiú maidir le hoibriú an chreata, i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(19)

Príomhghné chun feidhmiú éifeachtach an chirt a chumhdaítear in Airteagal 20(2), an chéad fhomhír, pointe (b), agus in Airteagal 22(2) CFAE a áirithiú is ea inrochtaineacht ar fhaisnéis maidir le cearta agus nósanna imeachta toghchánacha. Is é is ciall leis sin, go háirithe, gur cheart an fhaisnéis sin a bheith inrochtana ní hamháin do dhaoine faoi mhíchumas, ach do dhaoine nach bhfuil scileanna digiteacha acu, daoine aosta go áirithe, trína áirithiú nach ndéanfar cumarsáid go heisiach trí aon bhealach amháin.

(20)

Déanann an easpa faisnéise leordhóthanaí, i gcomhthéacs nósanna imeachta toghcháin, difear do shaoránaigh agus iad ag feidhmiú a gceart toghchánach mar chuid dá gcearta mar shaoránaigh den Aontas. Déanann sé difear freisin d’inniúlacht na n-údarás inniúil a gcearta a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit údaráis a ainmniú a mbeidh freagrachtaí speisialta orthu chun faisnéis iomchuí a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas maidir lena gcearta faoi Airteagal 20(2), an chéad fhomhír, pointe (b), agus faoi Airteagal 22(2) CFAE agus faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus le na n-eagrú. Chun éifeachtacht na cumarsáide a áirithiú, ba cheart faisnéis a chur ar fáil i dteanga shoiléir shimplí. Is é is ciall leis sin gur cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach inar féidir an duine lena mbaineann a thuiscint nó a mbeifí ag súil le réasún go dtuigfidh sé.

(21)

Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise toghchánaí, ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil, mar shampla ar shuíomh gréasáin atá inrochtana go ginearálta, i gceann amháin eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, ar teanga í a mbeadh tuiscint leathan ag an líon is mó saoránach den Aontas is féidir a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch uirthi. Ba cheart aistriúcháin sna teangacha eile sin a bheith ann chun faisnéis a chur ar fáil, agus chun na críche sin amháin, agus níor cheart aon éifeacht dhlíthiúil a bheith acu. Má thagann aon cheist chun cinn a bhaineann le cruinneas na faisnéise atá sna haistriúcháin sin, níor cheart a mheas ach an leagan i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit sin a bheith ceangailteach ó thaobh an dlí de. Féadfaidh na Ballstáit teangacha oifigiúla éagsúla de chuid an Aontais a úsáid i gcodanna sonracha dá gcríoch nó dá gcuid réigiún ag brath ar an teanga a thuigeann an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu iontu.

(22)

Ní mór údar a bheith le haon mhaolú ar rialacha ginearálta na Treorach seo, de bhun Airteagal 22(2) CFAE, mar gheall ar fhadhbanna a bhaineann go sonrach le Ballstát agus ní mór dó a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 52 den Chairt, lena n-áirítear an ceanglas go bhforálfar leis an dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú an chirt vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus go mbeidh sé faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus an riachtanais. Ina theannta sin, ní mór aon mhaolú a bheith i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt.

(23)

D’fhéadfadh fadhbanna sonracha teacht chun cinn i mBallstát ina bhfuil an sciar de na saoránaigh den Aontas atá in aois vótála, a bhfuil cónaí orthu ann ach nach náisiúnaigh dá chuid iad, go mór os cionn an mheáin. Maoluithe maidir leis an gceart vótála, tá údar leo nuair is ionann líon na saoránach sin agus níos mó ná 20 % de chlár iomlán na dtoghthóirí. Ba cheart maoluithe den sórt sin a bheith bunaithe ar chritéar tréimhse cónaithe.

(24)

Ballstáit ina bhfuil sciar na saoránach den Aontas nach náisiúnaigh iad in aois vótála thar 20 % de líon iomlán na saoránach den Aontas atá in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann, ba cheart an deis a bheith acu forálacha sonracha maidir le comhdhéanamh liostaí na n-iarrthóirí a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 22(2) CFAE.

(25)

Ní mór a chur san áireamh go bhfuil an ceart vótála i dtoghcháin don pharlaimint náisiúnta i mBallstáit áirithe ag cónaitheoirí ar náisiúnaigh de Bhallstáit eile iad. Féadfar forálacha áirithe den Treoir seo a fhágáil ar lár sna Ballstáit sin dá thoradh sin.

(26)

D’fhéadfadh sonraí staidrimh maidir le feidhmiú ceart toghchánach agus cur bhfeidhm na Treorach seo a bheith úsáideach chun na bearta is gá a shainaithint chun feidhmiú éifeachtach chearta toghchánacha shaoránaigh den Aontas a áirithiú. Is féidir le sonraí staidrimh den sórt sin cuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar na bearta a cuireadh ar bun chun tacú le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas i dtoghcháin agus d’fhéadfadh réitigh níos éifeachtúla a bheith mar thoradh orthu. Go háirithe, i gcás ina mbeidh fáil orthu, d’fhéadfadh sonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht saoránach den Aontas nach náisiúnaigh iad i dtoghcháin, amhail sonraí maidir le clárú vótálaithe agus iarrthóirí agus maidir le ráta vótála, chomh maith le sonraí comhiomlánaithe anaithnidithe maidir le náisiúntacht, aois, teanga agus suíomh, a bheith úsáideach do bhearta beartais de chuid an Aontais agus do bhearta beartais náisiúnta lena dtacaítear le hardráta vótála agus lena éascaítear feidhmiú na gceart toghchánach. Féadfar sonraí den sórt sin a bhailiú, agus lánurraim á tabhairt do na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, trí, inter alia, shuirbhéanna nó aon mhodhanna chun faisnéis a fháil ó fhoinsí poiblí nó riaracháin. D’fhéadfadh an Líonra Comhair Eorpach um Toghcháin tacú le próiseas den sórt sin trí thagairtí coiteanna a fhorbairt chun sonraí a bhailiú maidir le rannpháirtíocht saoránach den Aontas nach náisiúnaigh iad i dtoghcháin.

(27)

Chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, is gá faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme ag na Ballstáit a thabhairt isteach. Tacaíonn an Coimisiún leis an bhfaireachán agus an dtuairisciú sin trí cheistneoir maidir le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas sna toghcháin a scaipeadh i measc na mBallstát go maith roimh dháta na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart an cheistneoir sin a ullmhú i gcomhar le comhaltaí an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin. Ag an am céanna, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, agus tuarascáil ina mbeidh torthaí an mheasúnaithe sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

(28)

Ba cheart sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil chun críche sonraí staidrimh a tháirgeadh maidir le rannpháirtíocht saoránach den Aontas nach náisiúnaigh iad i dtoghcháin, chomh maith leis na sonraí sin a chur ar fáil don phobal agus don Choimisiún, ba cheart iad a dhéanamh i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) lena n-áirítear prionsabail an teorannaithe de réir cuspóra, an íoslaghdaithe sonraí, an teorannaithe stórála agus an ionracais agus na rúndachta. Go háirithe, ba cheart do phróiseáil sonraí pearsanta chun críche staidrimh a bheith faoi réir coimircí iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725. I ndáil leis an méid sin, ba cheart sonraí a chomhroinnt trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí lena méadaítear an príobháideachas, teicneolaíochtaí atá deartha go sonrach chun na prionsabail sin a chur chun feidhme. Ba cheart sonraí staidrimh a phróiseáiltear chun críche na Treorach seo a chomhiomlánú sa mhéid nach féidir daoine aonair a shainaithint agus a dhéanamh anaithnidithe sula gcomhiomlánófar iad.

(29)

Is gá don Choimisiún a mheasúnú féin a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis dhá thoghchán do Pharlaimint na hEorpa ar a laghad.

(30)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad sonraí sonracha breise a thíolacadh mar chuid de na dearbhuithe foirmiúla atá le cur ar fáil acu i gcomhthéacs a gcearta toghchánacha a bheith á bhfeidhmiú acu. Chun na riachtanais agus cleachtais náisiúnta atá ag athrú a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar liosta na sonraí sin, gan ach gnéithe a chur isteach. Ba cheart gach beart a ghlactar agus tarmligean na cumhachta sin á fheidhmiú a bheith riachtanach agus comhréireach chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6). Go sonrach, chun rochtain thráthúil ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(31)

Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit, trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú, agus ag an Aontas, tríd an gCoinbhinsiún a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 2010/48/CE ón gComhairle (7), chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún sin. Chun tacú le rannpháirtíocht chuimsitheach agus chomhionann daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin, ba cheart aird chuí a bheith ag na socruithe le haghaidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad chun an ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar riachtanais na saoránach faoi mhíchumas agus na saoránach níos sine.

(32)

Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear agus an Treoir seo á cur chun feidhme.

(33)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 17 Eanáir 2022.

(34)

Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a aithnítear, go háirithe, sa Chairt, go háirithe Airteagail 21 agus 39 di. Dá réir sin, tá sé ríthábhachtach an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin trína áirithiú go n-urramófar ina n-iomláine, inter alia, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, an ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe agus an ceart chun leighis éifeachtaigh.

(33)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis na Treoracha a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar na Treoracha a bhí ann roimhe seo.

(34)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Cuid B a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo na socruithe mionsonraithe faoina bhféadfaidh saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (‘saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad’) an ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát sin i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

2.   Ní dhéanfaidh aon ní sa Treoir seo difear d'fhorálacha gach Ballstáit maidir leis an gceart vótála ná chun seasamh mar iarrthóir dá náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá thoghchríoch.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘toghcháin do Pharlaimint na hEorpa’ toghcháin trí vótáil chomhchoiteann dhíreach do Pharlaimint na hEorpa d’fheisirí i gcomhréir leis an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom an 20 Meán Fómhair 1976 (8) (‘an Ionstraim Toghcháin’);

(2)

ciallaíonn ‘toghchríoch’ críoch Ballstáit, i gcomhréir leis an Ionstraim Toghcháin agus laistigh den chreat sin, i gcomhréir le dlí toghcháin an Bhallstáit sin, ina dtoghann muintir an Bhallstáit sin na feisirí de Pharlaimint na hEorpa;

(3)

ciallaíonn ‘Ballstát cónaithe’ Ballstát ina bhfuil cónaí ar shaoránach den Aontas ach nach náisiúnach dá chuid an saoránach den Aontas;

(4)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ar náisiúnach de saoránach den Aontas;

(5)

ciallaíonn ‘vótálaí Aontais’ aon saoránach den Aontas atá i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát cónaithe i gcomhréir leis an Treoir seo;

(6)

ciallaíonn ‘saoránach den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóir’ aon saoránach den Aontas a bhfuil sé de cheart aige seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát cónaithe i gcomhréir leis an Treoir seo;

(7)

ciallaíonn ‘rolla na dtoghthóirí’ clár oifigiúil na vótálaithe uile atá i dteideal vótáil i dtoghlach nó i gceantar ar leith, clár é arna tharraingt suas agus arna choinneáil cothrom le dáta ag an údarás inniúil faoi dhlí toghcháin an Bhallstáit chónaithe, nó an clár daonra má léirítear incháilitheacht vótála ann;

(8)

ciallaíonn ‘dáta tagartha’ an lá nó na laethanta nach mór do shaoránaigh den Aontas, faoi dhlí an Bhallstáit chónaithe, na ceanglais chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát sin a chomhlíonadh;

(9)

ciallaíonn ‘dearbhú foirmiúil’ dearbhú ón duine lena mbaineann, lena gcuirtear an duine sin faoi dhliteanas pionós mar gheall ar mhíchruinneas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 3

Coinníollacha lena rialaítear an ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir

Aon duine, ar an dáta tagartha:

(a)

ar saoránach de chuid an Aontais é de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE; agus

(b)

nach náisiúnach den Bhallstát cónaithe é, ach a shásaíonn na coinníollacha céanna i leith an chirt vótála agus chun seasamh mar iarrthóir de réir mar a chuireann an Ballstát sin an dlí i bhfeidhm maidir lena náisiúnaigh féin,

beidh an ceart aige chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát cónaithe, ach amháin má tá na cearta sin bainte den duine sin de bhun Airteagail 6 agus 7.

Más rud é, chun seasamh mar iarrthóir, nach mór do náisiúnaigh an Bhallstáit chónaithe a bheith ina náisiúnaigh ar feadh íostréimhse áirithe, measfar go gcomhlíonann saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad an coinníoll sin i gcás ina raibh siad ina náisiúnaigh de Bhallstát ar feadh na tréimhse céanna.

Airteagal 4

Toirmeasc ar vótáil níos mó ná uair amháin nó ar sheasamh mar iarrthóir i níos mó ná Ballstát amháin

1.   Feidhmeoidh vótálaithe Aontais a gceart vótála sa Bhallstát cónaithe nó ina mBallstát baile. Ní fhéadfaidh aon duine vótáil níos mó ná uair amháin sa toghchán céanna.

2.   Ní fhéadfaidh aon duine seasamh mar iarrthóir i níos mó ná Ballstát amháin sa toghchán céanna.

Airteagal 5

Ceanglais chónaithe

Más rud é, chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóirí, nach mór do náisiúnaigh an Bhallstáit chónaithe íostréimhse áirithe a bheith caite acu mar chónaitheoir i dtoghchríoch an Bhallstáit sin, measfar an coinníoll sin a bheith comhlíonta ag vótálaithe Aontais agus saoránaigh den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí i gcás ina raibh cónaí orthu i mBallstáit eile ar feadh tréimhse choibhéiseach. Ní dochar an tAirteagal seo d’aon choinníollacha sonracha maidir le fad cónaithe i dtoghlach nó i gceantar ar leith.

Airteagal 6

Neamh-incháilitheacht

1.   Saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad agus ar baineadh a gceart díobh, trí chinneadh breithiúnach aonair nó trí chinneadh riaracháin aonair, ar choinníoll gur féidir leis an gcinneadh riaracháin a bheith faoi réir leigheasanna breithiúnacha, seasamh mar iarrthóir faoi dhlí an Bhallstáit chónaithe nó faoi dhlí an Bhallstáit baile, cuirfear bac orthu an ceart sin a fheidhmiú sa Bhallstát cónaithe i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

2.   Maidir le saoránaigh den Aontas a chuir in iúl gur mian leo a gceart chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát cónaithe, seiceálfaidh an Ballstát sin nár baineadh an ceart sin díobh sa Bhallstát baile trí chinneadh breithiúnach aonair nó trí chinneadh riaracháin aonair, ar choinníoll gur féidir an cinneadh riaracháin a bheith faoi réir leigheasanna breithiúnacha.

3.   Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, tabharfaidh an Ballstát cónaithe fógra don Bhallstát baile maidir leis an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 10(1). Chuige sin, déanfar an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil ón mBallstát baile a sholáthar ar aon bhealach iomchuí laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra a fháil nó, i gcás inar féidir, laistigh de theorainn ama níos giorra, má iarrann an Ballstát cónaithe amhlaidh. Ní fhéadfar ach sonraí a bhfuil fíorghá leo chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme a áireamh san fhaisnéis sin agus is chun na críche sin amháin a fhéadfar iad a úsáid.

Mura bhfaighidh an Ballstát cónaithe an fhaisnéis laistigh den teorainn ama, ligfear isteach an t-iarrthóir mar sin féin.

4.   Má chuireann an fhaisnéis a soláthraíodh inneachar an dearbhaithe ó bhail, déanfaidh an Ballstát cónaithe, is cuma cé acu a fhaigheann sé an fhaisnéis laistigh den teorainn ama nó níos déanaí, na bearta iomchuí i gcomhréir lena dhlí náisiúnta chun cosc a chur ar an duine lena mbaineann seasamh mar iarrthóir nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, chun cosc a chur ar an duine sin a bheith tofa nó chun an sainordú a fheidhmiú.

5.   Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun an fhaisnéis is gá chun mír 3 a chur i bhfeidhm a fháil agus a tharchur. Cuirfidh siad ainm agus sonraí teagmhála an phointe teagmhála in iúl don Choimisiún chomh maith le haon fhaisnéis nuashonraithe nó athruithe a bhaineann leis Coimeádfaidh an Coimisiún liosta de phointí teagmhála agus cuirfidh sé ar fáil do na Ballstáit é.

Airteagal 7

Dícháiliú ó vótáil

1.   Maidir le saoránaigh den Aontas a chuir a mian in iúl a gceart vótála a fheidhmiú sa Bhallstát cónaithe, féadfaidh an Ballstát sin a sheiceáil nár baineadh an ceart sin díobh sa Bhallstát baile trí chinneadh aonair den dlí sibhialta nó den dlí coiriúil.

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát cónaithe fógra a thabhairt don Bhallstát baile maidir leis an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Chuige sin, déanfar an fhaisnéis ábhartha agus atá ar fáil de ghnáth ón mBallstát baile a sholáthar ar bhealach tráthúil agus iomchuí; ní fhéadfar a áireamh san fhaisnéis sin ach sonraí a bhfuil fíorghá leo chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme san fhaisnéis sin agus is chun na críche sin amháin a fhéadfar iad a úsáid. Má dhéanann an fhaisnéis a soláthraíodh inneachar an dearbhaithe neamhbhailí, déanfaidh an Ballstát cónaithe na bearta iomchuí chun cosc a chur ar an duine lena mbaineann vótáil.

3.   Féadfaidh an Ballstát baile aon fhaisnéis is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, a chur faoi bhráid an Bhallstáit chónaithe go tráthúil agus go hiomchuí.

Airteagal 8

An tsaoirse chun rogha a dhéanamh vótáil sa Bhallstát cónaithe

1.   Feidhmeoidh vótálaithe Aontais a gceart vótála sa Bhallstát cónaithe má chuir siad in iúl gur mian leo é sin a dhéanamh.

2.   Má tá vótáil éigeantach sa Bhallstát cónaithe, beidh ar vótálaithe Aontais a chuir a mian in iúl vótáil sa Bhallstát sin vótáil.

CAIBIDIL II

AN CEART VÓTÁLA AGUS AN CEART CHUN SEASAMH MAR IARRTHÓIR A FHEIDHmiú

Airteagal 9

Daoine a chur le rolla na dtoghthóirí agus a bhaint de rolla na dtoghthóirí

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun vótálaí Aontais a chuir a mhian in iúl a bheith cláraithe mar vótálaí a chur ar rolla na dtoghthóirí luath go leor roimh lá na vótála.

2.   Chun go gcuirfear a n-ainm ar rolla na dtoghthóirí, soláthróidh vótálaithe Aontais na doiciméid chéanna is a sholáthródh vótálaithe ar náisiúnaigh iad. Soláthróidh siad dearbhú foirmiúil freisin, ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

(a)

ainm náisiúntacht, dáta agus áit bhreithe, agus seoladh an duine i dtoghchríoch an Bhallstáit chónaithe;

(b)

i gcás inarb infheidhme, an ceantar nó an toghlach i mBallstát baile an duine inar cuireadh ainm an duine ar rolla na dtoghthóirí go deireanach; agus

(c)

ráiteas nach bhfeidhmeoidh an duine a cheart vótála ach sa Bhallstát cónaithe amháin.

3.   Féadfaidh an Ballstát a cheangal ar vótálaithe Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

(a)

doiciméad aitheantais a thaispeáint;

(b)

an méid seo a leanas a lua ina ndearbhú faoi mhír 2:

(i)

nár baineadh a gceart vótála ina mBallstát baile díobh;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, an uimhir aitheantais phearsanta arna heisiúint ag an mBallstát baile nó ag an mBallstát cónaithe;

(iii)

cineál agus sraithuimhir an doiciméid aitheantais nó an doiciméid taistil arna eisiúint ag an mBallstát baile;

(iv)

dáta an dearbhaithe; agus

(v)

a sonraí teagmhála, amhail uimhir theileafóin nó seoladh ríomhphoist;

(c)

an dáta óna raibh cónaí orthu sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile a shonrú.

4.   Fanfaidh vótálaithe Aontais atá curtha ar rolla na dtoghthóirí ar an rolla sin, faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad, go dtí go n-iarrfaidh siad go mbainfear den rolla iad nó go dtí go mbainfear den rolla iad toisc nach gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le feidhmiú an chirt vótála a thuilleadh. I gcás ina bhfuil forálacha i bhfeidhm chun fógra a thabhairt do náisiúnaigh gur baineadh iad de rolla na dtoghthóirí, beidh feidhm ag na forálacha sin maidir le vótálaithe Aontais ar an mbealach céanna.

5.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun críocha an dearbhaithe dá dtagraítear i mír 2.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an liosta dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), den Airteagal seo trí ghnéithe a chur leis agus tríd an méid sin amháin.

Airteagal 10

Clárú mar iarrthóir

1.   Nuair a chuireann saoránaigh den Aontas iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóir, soláthróidh siad na doiciméid chéanna is a sholáthródh iarrthóirí ar náisiúnaigh iad. Soláthróidh siad dearbhú foirmiúil freisin ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

(a)

ainm, náisiúntacht, dáta breithe agus áit bhreithe an duine, seoladh deiridh a bhí ag an duine sa Bhallstát baile agus seoladh an duine sa toghchríoch sa Bhallstát cónaithe

(b)

dearbhú nach bhfuil siad ag seasamh mar iarrthóir lena dtoghadh do Pharlaimint na hEorpa in aon Bhallstát eile;

(c)

i gcás inarb infheidhme, an ceantar nó an toghlach ina mBallstát baile ar rolla na dtoghthóirí inar cuireadh a n-ainm go deireanach; agus

(d)

dearbhú nár baineadh den duine sin an ceart chun seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát baile trí chinneadh breithiúnach aonair nó trí chinneadh riaracháin aonair, ar choinníoll gur féidir an cinneadh riaracháin a bheith faoi réir leigheasanna breithiúnacha.

2.   Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar shaoránaigh den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

doiciméad aitheantais bailí a thaispeáint;

(b)

an méid a leanas a lua ina ndearbhú faoi mhír 1:

(i)

i gcás inarb infheidhme, an uimhir aitheantais phearsanta arna heisiúint ag an mBallstát baile nó ag an mBallstát cónaithe;

(ii)

cineál agus sraithuimhir an doiciméid aitheantais nó an doiciméid taistil arna eisiúint ag an mBallstát baile;

(iii)

dáta an dearbhaithe; agus

(iv)

a sonraí teagmhála, amhail uimhir theileafóin nó seoladh ríomhphoist;

(c)

cuir in iúl an dáta óna raibh siad ina náisiúnaigh de Bhallstát.

3.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun críocha an dearbhaithe dá dtagraítear i mír 1.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an liosta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a leasú trí ghnéithe a chur leis agus tríd an méid sin amháin.

Airteagal 11

Cinneadh maidir le clárú agus leigheasanna dlí

1.   Cuirfidh an Ballstát cónaithe an duine lena mbaineann ar an eolas go tráthúil agus i dteanga shoiléir shimplí faoin gcinneadh a glacadh maidir le hiarratas an duine sin go gcuirfí ar rolla na dtoghthóirí an duine sin nó faoin gcinneadh i leith inghlacthacht iarratas an duine sin maidir le seasamh mar iarrthóir.

2.   Má dhiúltaítear saoránach den Aontas a chur ar rolla na dtoghthóirí, nó má dhiúltaítear d’iarratas ó shaoránach den Aontas chun seasamh mar iarrthóir, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna dlí ar na téarmaí céanna a fhorordaítear le dlí an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

3.   I gcás ina bhfuil earráidí i rollaí na dtoghthóirí nó i liostaí na n-iarrthóirí lena dtoghadh do Pharlaimint na hEorpa, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna dlí ar na téarmaí céanna leis na téarmaí a fhorordaítear le dlí an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an duine lena mbaineann ar an eolas go soiléir agus go tráthúil faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na leigheasanna dlí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 12

Faisnéis a sholáthar

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis arna n-ainmniú de bhun mhír 1 an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil go tráthúil do vótálaithe Aontais cláraithe agus do shaoránaigh chláraithe de chuid an Aontais atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí:

(a)

stádas a gcláraithe, arna iarraidh sin;

(b)

dáta an toghcháin agus conas agus cá háit le vótáil;

(c)

na rialacha ábhartha maidir le cearta agus oibleagáidí vótálaithe agus iarrthóirí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le toirmisc agus neamh-chomhoiriúnachtaí agus smachtbhannaí as rialacha toghcháin a shárú, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an ilvótáil;

(d)

bealaí chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le heagrú an toghcháin, lena n-áirítear liosta na n-iarrthóirí.

3.   An fhaisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, cuirfear ar fáil í i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit chónaithe.

Faisnéis ghinearálta maidir leis an gcreat náisiúnta chun toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a eagrú, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le clárú mar vótálaí nó iarrthóir, dáta an toghcháin agus conas agus cá háit le vótáil, beidh sí ar fáil freisin i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad a bhfuil tuiscint leathan ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch uirthi. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh a sholáthar le haghaidh na n-aistriúchán sin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/1724. Is ar bhonn faisnéise amháin a bheidh na haistriúcháin sin agus ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil acu.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas go háirithe trí bhealaí, modhanna agus formáidí cumarsáide iomchuí a úsáid.

Airteagal 13

Sásra malartaithe faisnéise

1.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagail 9 agus 10 a mhalartú, in am trátha roimh lá na vótála. Chuige sin, gan dochar d’fhorálacha naisiúnta maidir le vótálaithe a chur ar rolla na dtoghthóirí agus maidir le hiarrthóirí a chur isteach, tosóidh an Ballstát cónaithe ar an bhfaisnéis sin a sholáthar don Bhallstát baile tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh an gcéad lá den tréimhse thoghcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Ionstraim Toghcháin. Soláthróidh an Ballstát cónaithe an dáta clárúcháin ar a rolla na dtoghthóirí freisin le haghaidh iarrataí ar chlárúcháin a dhéanfar tar éis dháta trasuí na Treorach seo. Déanfaidh an Ballstát baile, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, bearta iomchuí chun a áirithiú nach gcaithfidh náisiúnaigh dá chuid vóta níos mó ná uair amháin ná nach seasfaidh siad mar iarrthóirí i níos mó ná Ballstát amháin.

2.   Áiritheoidh an Ballstát baile nach gcuirfidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 cosc ar a náisiúnaigh vótáil nó seasamh mar iarrthóirí i gcineálacha eile toghcháin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún creat ar fáil lena dtacófar leis na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú. Leis an gcreat, beidh na Ballstáit chónaithe in ann an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfoirm chriptithe.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na caighdeáin theicniúla a shainiú maidir le hoibriú an chreata dá dtagraítear i mír 3 agus na freagrachtaí agus na hoibleagáidí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 14

Modhanna sonracha vótála

Ballstáit a dhéanann foráil maidir le féidearthachta na réamhvótála, na vótála poist, nó na vótála leictreonaí nó idirlín i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, áireoidh na Ballstáit sin go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil do vótálaithe Aontais faoi choinníollacha a bheidh comhchosúil leis na coinníollacha is infheidhme maidir lena náisiúnaigh féin.

Airteagal 15

Soláthar sonraí staidrimh

Cumasóidh na Ballstáit bailiú sonraí staidrimh ábhartha, maidir le rannpháirtíocht saoránach den Aontas nach náisiúnaigh iad i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil don phobal agus don Choimisiún.

CAIBIDIL III

MAOLUITHE AGUS FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 16

Maoluithe

1.   Más rud é, i mBallstát ar leith, go dtéann an cion de shaoránaigh den Aontas in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann ach nach náisiúnaigh dá chuid iad thar 20 % den líon iomlán de shaoránaigh náisiúnta den Aontas agus de shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad a bhfuil cónaí orthu ann agus atá in aois vótála, féadfaidh an Ballstát, de mhaolú ar Airteagail 3, 9 agus 10:

(a)

an ceart vótála a theorannú do vótálaithe Aontais a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh íostréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná 5 bliana;

(b)

an ceart chun seasamh mar iarrthóir a theorannú do shaoránaigh den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí, a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh íostréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná 10 mbliana.

Ní dochar an chéad fhomhír do bhearta iomchuí a fhéadfaidh an Ballstát sin a dhéanamh maidir le comhdhéanamh liostaí na n-iarrthóirí agus arb é is aidhm dóibh, go háirithe, comhtháthú shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad a spreagadh.

Mar sin féin, vótálaithe Aontais agus saoránaigh den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí toisc go bhfuil siad tar éis dul chun cónaithe lasmuigh dá mBallstát baile nó mar gheall ar fhad an chónaithe sin, nach bhfuil an ceart vótála ná chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát baile acu, ní bheidh siad faoi réir na gcoinníollacha maidir le fad cónaithe a leagtar amach sa chéad fhomhír.

2.   I gcás ina bhforordaítear le dlí Ballstáit go bhfuil an ceart vótála do pharlaimint náisiúnta an Bhallstáit sin ag náisiúnaigh Ballstáit eile a bhfuil cónaí orthu ann agus, chun na críche sin, go bhféadfar iad a chur ar rolla na dtoghthóirí an Bhallstáit sin faoi na coinníollacha ceannann céanna le vótálaithe náisiúnta, féadfaidh an chéad Bhallstát, de mhaolú ar an Treoir seo, staonadh ó Airteagail 6 go 13 a chur i bhfeidhm i leith na náisiúnach sin.

3.   18 mí roimh gach toghchán do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé measúnú an bhfuil údar fós le maolú de bhun Airteagal 22(2) CFAE a dheonú do na Ballstáit lena mbaineann agus molfaidh sé go ndéanfar aon choigeartuithe is gá.

Tabharfaidh na Ballstáit a agraíonn maoluithe faoi mhír 1 gach faisnéis chúlra is gá don Choimisiún.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Tuairisciú

1.   Laistigh de 6 mhí tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, seolfaidh gach Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina chríoch. Beidh sonraí staidrimh sa tuarascáil maidir le rannpháirtíocht i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, go háirithe, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, rannpháirtíocht vótálaithe Aontais agus saoránach den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí agus achoimre ar na bearta arna ndéanamh chun tacú leis.

2.   Laistigh de bhliain amháin tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo.

Airteagal 18

Meastóireacht

Laistigh de 2 bhliain tar éis thoghcháin 2034 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo na cuspóirí atá inti a bhaint amach. Leis an meastóireacht áireofar freisin athbhreithniú ar fheidhmiú Airteagal 13.

Airteagal 19

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 9(6) agus 10(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 28 Meán Fómhair 2025.

3.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 9(6) agus 10(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 9(6) agus 10(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.

7.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi ghníomhartha tarmligthe a bheith glactha ag an gCoimisiún, faoi aon agóid a bheith déanta ina leith, nó faoi chúlghairm na gcumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle.

Airteagal 21

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 9(2) agus (4), Airteagal 10(1), Airteagal 11(1), (3) agus (4), Airteagal 12, Airteagal 13(1), (2) agus (3), Airteagail 14 agus 15, agus Airteagal 17 (1) a chomhlíonadh, a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 29 Mean Fómhair 2027. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 22

Aisghairm

Déantar Treoir 93/109/CE, arna leasú leis an Treoir a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn III, a aisghairm le héifeacht ón 30 Meán Fómhair 2027, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Cuid B a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 8, Airteagal 9(1) agus (3), Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(2) ón 30 Meán Fómhair 2027.

Airteagal 24

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. NIEMCZYCKI


(1)  Tuairim an 17 Meitheamh 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (IO L 329, 30.12.1993, lch. 34).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch 39).

(6)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(7)  Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

(8)   IO L 278, 8.10.1976, lch. 5.

(9)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Teimpléad don dearbhú foirmiúil arna chur isteach ag vótálaithe Aontais

Dearbhaímse ……………………………………………… (ainm) an méid seo a leanas go sollúnta agus go fíreata:

Tá an fhaisnéis seo a leanas cruinn:

Náisiúntacht

 

Áit bhreithe

 

Dáta breithe

 

Uimhir aitheantais arna heisiúint ag an mBallstát baile (i gcás inarb infheidhme) (*1)

 

Cineál an doiciméid aitheantais nó an doiciméid taistil arna eisiúint ag an mBallstát baile agus a shraithuimhir (mar rogha mhalartach mura bhfuil uimhir aitheantais ar fáil) (*1)

 

Seoladh i dtoghchríoch an Bhallstáit chónaithe

 

Ceantar nó toghlach an Bhallstáit baile ar a rolla na dtoghthóirí a cuireadh isteach m’ainm go deireanach (i gcás inarb infheidhme)

 

Uimhir theileafóin (*1)

 

Seoladh ríomhphoist (*1)

 

Tá sé ar intinn agam mo cheart vótála a fheidhmiú ag toghchán do Pharlaimint na hEorpa sa tír seo a leanas agus sa tír sin amháin: ………………………………… (ainm an Bhallstáit chónaithe).

Táim i mo chónaí sa tír seo a leanas: ……………………………………… (ainm an Bhallstáit chónaithe), le ………………….. (tréimhse) (*1)

Dáta (*1)

 

Síniú

 


(*1)  I gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí náisiúnta, agus sa chás sin amháin.


IARSCRÍBHINN II

Teimpléad don dearbhú foirmiúil arna chur isteach ag saoránaigh den Aontais atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí

Dearbhaímse ……………………………………………… (ainm) méid seo a leanas go sollúnta agus go fíreata an:

Tá an fhaisnéis seo a leanas cruinn:

Náisiúntacht

 

Áit bhreithe

 

Dáta breithe

 

Seoladh deiridh sa Bhallstát baile

 

Uimhir aitheantais arna heisiúint ag an mBallstát baile (i gcás inarb infheidhme) (*1)

 

Cineál an doiciméid aitheantais nó an doiciméid taistil arna eisiúint ag an mBallstát baile agus a shraithuimhir (mar rogha mhalartach mura bhfuil uimhir aitheantais ar fáil) (*1)

 

Seoladh i dtoghchríoch an Bhallstáit chónaithe

 

Ceantar nó toghlach an Bhallstáit baile ar a rolla na dtoghthóirí a cuireadh isteach m’ainm go deireanach (i gcás inarb infheidhme)

 

Uimhir theileafóin (*1)

 

Seoladh ríomhphoist (*1)

 

An dáta óna raibh mé i mo náisiúnach den Bhallstát baile (*1)

 

Nílim ag seasamh mar iarrthóir i dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa in aon Bhallstát eile.

Níor baineadh an ceart díom seasamh mar iarrthóir i mo Bhallstát baile.

Dáta (*1)

 

Síniú

 


(*1)  I gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí náisiúnta, agus sa chás sin amháin


IARSCRÍBHINN III

Cuid A

An Treoir Aisghairthe agus an leasú a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 20)

Treoir 93/109/CE ón gComhairle

(IO L 329, 30.12.1993, lch. 34)

Treoir 2013/1/AE ón gComhairle

(IO L 026, 26.1.2013, lch. 27.)

Cuid B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta

(dá dtagraítear in Airteagal 20)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Treoir 93/109/CE

An 1 Feabhra 1994

Treoir 2013/1/AE

An 28 Eanáir 2014


IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

Treoir 93/109/CE

An Treoir seo

Airteagail 1 go 8

Airteagail 1 go 8

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(2), pointí (a), (b) agus (c)

—

Airteagal 9(3) agus (4)

Airteagal 9(3) agus (4)

—

Airteagal 9(5)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 10(1) agus (2)

—

Airteagal 10(3)

Airteagal 11(1) agus (2)

Airteagal 11(1) agus (2)

—

Airteagal 11(3)

—

Airteagal 11(4)

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(1)

—

Airteagal 12(2)

—

Airteagal 12(3)

—

Airteagal 12(4)

Airteagal 13

Airteagal 13(1)

—

Airteagal 13(2)

—

Airteagal 13(3)

—

Airteagal 13(4)

—

Airteagal 13(5)

—

Airteagal 14

—

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

—

—

Airteagal 17(1)

Airteagal 16

Airteagal 17(2)

—

Airteagal 18

—

Airteagal 19

—

Airteagal 20

Airteagal 17

Airteagal 21

—

Airteagal 22

Airteagal 18

Airteagal 23

Airteagal 19

Airteagal 24

—

Iarscríbhinní I go IV


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1788/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)