Eagrán sealadach
TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
COLLINS
arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 (1)
Cás C‑635/20 P
an Coimisiún Eorpach
v
Poblacht na hIodáile,
Ríocht na Spáinne
(Achomharc – Rialacha i dtaobh teangacha – Fógraí faoi chomórtais oscailte chun imscrúdaitheoirí gairmiúla agus ceannairí foirne imscrúdaitheoirí a earcú – Scileanna teanga – Srian a chur le rogha dhara teanga an chomórtais don Bhéarla, don Fhraincis agus don Ghearmáinis – Rialachán Uimh. 1 – Rialacháin Foirne – Idirdhealú bunaithe ar theanga – Údar – Leas na seirbhíse – An gá atá le foireann nua-earcaithe a bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach)
I. Réamhrá
1. Is cuid thábhachtach í an teanga d’fhéiniúlacht chultúrtha agus pholaitiúil shaoránaigh an Aontais, agus cumhdaítear urraim d’éagsúlacht teanga an Aontais sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh araon. (2) Formhuinítear an urraim sin le hainmniú 24 theanga oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh mar theangacha oibre a institiúidí. (3)
2. Éascaítear cumarsáid idir daoine aonair le teangacha agus ar an gcaoi sin cuireann siad ar a gcumas oibriú le chéile. Ós rud é go gcuirfeadh úsáid chomhuaineach na 24 teanga oifigiúla isteach go mór ar chumarsáid agus ar chomhoibriú den sórt sin, de réir mar atá cúrsaí faoi láthair, tá sé intuigthe go bhféachfadh institiúidí an Aontais le státseirbhísigh a earcú a bhfuil eolas oibre acu ar theanga chumarsáide amháin ar a laghad sa bhreis ar a máthairtheanga. Tá liosta fada teangacha ann a bhféadfaí cur síos a dhéanamh orthu, ag amanna éagsúla i stair na hEorpa, mar theangacha a raibh stádas cumarsáide acu ar fud na mór-roinne nó ar chodanna móra den mhór-roinn. D’fhéadfadh stádas cumarsáide a bheith ag teanga i gcomhthéacs polaitiúil agus eacnamaíoch ar leith nach maireann go deo, mar a tharlaíonn i gcaitheamh ama: ní féidir a shéanadh, áfach, go gcuireann an tuiscint ar theanga mar theanga chumarsáide leis an stádas atá aici.
3. Ós rud é go gcuireann an tAontas Eorpach a theangacha oifigiúla uile ar comhchéim, agus gur buntáiste gan amhras é do na hiarrthóirí sin a bhfuil inniúlacht acu inti teanga a ainmniú mar theanga chumarsáide chun críche ar leith, ní mór údar a thabhairt leis an rogha sin le forais oibiachtúla réasúnacha. Aithnítear i gcásdlí na Cúirte go soláthraítear an t-údar sin le riachtanais na seirbhíse, faoi réir dhá cheanglas. Dá bhrí sin, ní mór an t-údar a chuirtear chun cinn a bheith bainteach leis na dualgais a bheidh ar na daoine a earcófar a chur i gcrích. Ní mór don fhianaise a mbeifear ag brath uirthi chun údar a thabhairt leis an srian beartaithe a bheith cruinn, iontaofa agus comhsheasmhach. (4)
4. Sa chás seo, iarrann an Coimisiún Eorpach go gcuirfí ar neamhní breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2020, an Spáinn agus an Iodáil v an Coimisiún (T‑401/16, nár foilsíodh, EU:T:2020:409; ‘an breithiúnas atá faoi achomharc’), lenar chuir an Chúirt Ghinearálta fógra faoi chomórtais oscailte chun riarthóirí a earcú ar neamhní. Le EPSO/AD/323/16, bhíothas ag iarraidh earcaíocht a dhéanamh le haghaidh ‘Imscrúdaitheoirí (AD 7) do na próifílí seo a leanas: 1 – Imscrúdaitheoirí: Caiteachas an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú – 2 – Imscrúdaitheoirí: Custaim agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha’. Le EPSO/AD/324/16, féachadh le ‘[h]Imscrúdaitheoirí (AD 9): Ceannairí foirne’ a earcú. (5) I bhfógra EPSO atá faoi chonspóid (6) sa chás seo sonraítear nach mór do na hiarrthóirí na coinníollacha sonracha teanga seo a leanas a chomhlíonadh:
– Teanga 1: leibhéal C1 ar a laghad i gceann de na 24 theanga oifigiúla atá ag an Aontas Eorpach;
– Teanga 2: leibhéal B2 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis; teanga nach í teanga 1 í. (7)
5. Aithnítear go sonrach ansin i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid go bhfuil ardchaighdeán Béarla mar riachtanas chun bheith in ann na dualgais ábhartha a chomhlíonadh:
‘Tá tuiscint mhaith ar an mBéarla (idir scríobh agus labhairt) ag teastáil don dá chomórtas seo. Is é an Béarla an teanga is minice a úsáideann imscrúdaitheoirí agus iad ag obair i réimse an fhrith-éillithe agus na coireachta airgeadais i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Tá eolas maith ar an mBéarla riachtanach, dá bhrí sin, bíodh sé chun cuir i láthair a thabhairt, plé a dhéanamh nó tuarascálacha a scríobh d’fhonn comhar éifeachtach agus malartú faisnéise a chinntiú le húdaráis náisiúnta na mBallstát agus tíortha nach ballstát den Aontas Eorpach iad.’
6. De réir an bhreithiúnais atá faoi achomharc, níor léirigh an Coimisiún go bhfuil údar oibiachtúil le rogha an dara teanga atá ag iarrthóirí a shrianadh don Bhéarla, don Fhraincis nó don Ghearmáinis agus go bhfuil sé comhréireach leis an bpríomhaidhm a bhfuiltear ag féachaint lena mbaint amach leis, is é sin riarthóirí a bheidh ábalta dul i mbun oibre láithreach a earcú. Níl sé léirithe ag an gCoimisiún ach oiread go bhfuil údar maith leis an srian teanga trí thagairt faoi threoir srianta buiséadacha agus oibríochtúla agus/nó chineál an phróisis roghnúcháin. (8) Ina achomharc os comhair na Cúirte seo, áitíonn an Coimisiún go bhfuil an t-ualach a chuir an Chúirt Ghinearálta air maidir leis an údar arna thabhairt leis an srian teanga míréasúnta ard. Tá fadhb aige freisin le measúnú na Cúirte Ginearálta ar an bhfianaise a thug an Coimisiún ar aird chun tacú leis an srian sin.
II. An dlí lena mbaineann
A. Rialachán Uimh. 1/58
7. Le Rialachán Uimh. 1/58, d’fheidhmigh an Chomhairle an chumhacht a thugtar di leis an rud is Airteagal 342 CFAE anois ann chun rialacha a leagan síos lena rialaítear, inter alia, úsáid teangacha ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus laistigh díobh. Sa leagan atá i bhfeidhm faoi láthair, foráiltear, i gcuid ábhartha, an méid seo a leanas:
‘Airteagal 1
Is iad teangacha oifigiúla agus teangacha oibre institiúidí an Aontais an Bhulgáiris, an Chróitis, an tSeicis, an Danmhairgis, an Ollainnis, an Béarla, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Ungáiris, an Ghaeilge, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Spáinnis agus an tSualainnis.
…
Airteagal 6
Féadfaidh institiúidí an [Aontais Eorpaigh] a ordú ina rialacha nós imeachta cé acu de na teangacha atá le húsáid i gcásanna sonracha.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
B. Na Rialacháin Foirne
8. A mhéid a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne (9):
‘1. Agus na Rialacháin Foirne seo á gcur i bhfeidhm, toirmiscfear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.
…
6. Agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal na comhréireachta á n-urramú, ní mór bonn cirt a bheith le haon teorannú ar chur i bhfeidhm na Rialacha Foirne sin ar fhorais oibiachtúla réasúnacha agus ní mór é a bheith dírithe ar chuspóirí dlisteanacha ar mhaithe leis an leas ginearálta i gcreat an bheartais foirne …’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
9. Tá Caibidil 1 de Theideal III de na Rialacháin Foirne, dar teideal ‘Earcaíocht’, comhdhéanta d’Airteagail 27 go 34. Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 27:
‘Beidh earcaíocht dírithe ar sheirbhísí oifigeach den chaighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais a fháil don institiúid, a earcófar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais. Ní choimeádfar aon phoist do náisiúnaigh d’aon Bhallstát ar leith. …’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
10. De réir Airteagal 28(f):
‘Ní fhéadfar oifigeach a cheapadh ach amháin ar choinníoll:
… go gcuireann sé fianaise ar fáil go bhfuil eolas fíormhaith aige ar cheann amháin de theangacha an Aontais agus go bhfuil eolas sásúil aige ar theanga eile de chuid an Aontais a mhéid is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
11. In Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, dar teideal ‘Comórtais’, foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 1 di:
‘1. Déanfaidh an t-údarás ceapacháin fógra faoi chomórtais a tharraingt suas tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhchoiste.
Luafar san fhógra:
…
(f) más infheidhme, an t-eolas ar theangacha a éilítear i bhfianaise chineál speisialta na bpost atá le líonadh;
…’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
III. Fíorais, nós imeachta agus an t-ordú atá á lorg
12. I míreanna 1 go 15 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, tugtar achoimre ar fhíorais an cháis agus ar théarmaí fhógra EPSO atá faoi chonspóid.
13. Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:
– an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;
– má mheasann sí go gceadaítear sin le staid na n-imeachtaí, an chaingean a dhíbhe ag an gcéad chéim mar chaingean gan bhunús;
– a ordú do Ríocht na Spáinne agus do Phoblacht na hIodáile costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim a íoc.
14. Mar thaca leis an ordú sin, maíonn an Coimisiún trí fhoras.
15. Tá trí ghéag sa chéad fhoras achomhairc. Leis an gcéad ghéag, líomhnaítear go bhfuil earráid dlí agus earráid réasúnaíochta i míreanna 157 agus 181 go 183 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.
16. Leis an dara géag, cuirtear i gcoinne na habairte deiridh de mhíreanna 133, 158 agus 164, na habairte deiridh de mhír 167, agus mhíreanna 180 go 183, 201 agus 205 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Áitíonn an Coimisiún go gcuirtear ualach míréasúnta ard air leis na míreanna sin, i dtaca leis an oibleagáid cúiseanna a thabhairt leis an srian teanga i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid, agus i dtaca leis an measúnú a rinne sé ar an bhfianaise a thug sé ar aird chun tacú leis na cúiseanna ar a bhfuil EPSO ag brath ann.
17. Leis an tríú géag, áitíonn an Coimisiún go bhfuil earráid dlí i míreanna 152 go 155 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a mhéid nach gcuirtear ceangal ar an gCoimisiún leis an gcásdlí gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a shainaithint ina rialacha inmheánacha mar bhonn le srian teanga.
18. Leis an dara foras achomhairc, féachtar le sé chás a aithint ar a ndearna an Chúirt Ghinearálta saobhadh ar an bhfianaise os a comhair. Leis an tríú foras achomhairc, líomhnaítear go bhfuil anailís na Cúirte Ginearálta ar theangacha cumarsáide na n-iarrthóirí neamhdhleathach.
19. Cuireann Ríocht na Spáinne agus Poblacht na hIodáile i gcoinne argóintí an Choimisiúin. Iarrann siad ar an gCúirt Bhreithiúnais:
– an t-achomharc a dhíbhe;
– a ordú don Choimisiún na costais a íoc.
20. Rinneadh an cás seo a uamadh le Cás C‑623/20 chun críche éisteacht an 2 Márta 2022, inar chuir na páirtithe argóint ó bhéal i láthair agus inar fhreagair siad na ceisteanna scríofa agus ó bhéal a chuir an Chúirt.
21. I gcomhréir le hiarratas na Cúirte, tá mo Thuairim teoranta don chéad fhoras achomhairc.
IV. Measúnú ar an gcéad fhoras achomhairc
A. An chéad ghéag
22. Measann an Coimisiún go bhfuil earráid dlí i mír 157 den bhreithiúnas atá faoi achomharc toisc go dtagtar ar an gconclúid inti nach féidir a thoimhdiú, gan a thuilleadh mínithe, nach mbeadh oifigeach nua-earcaithe nach bhfuil inniúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis ná ar an nGearmáinis in ann obair úsáideach a dhéanamh láithreach in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, ba cheart measúnú a bheith déanta ag an gCúirt Ghinearálta ar an bhfuil údar oibiachtúil leis an srian teanga, ar mhaithe leis an tseirbhís, i ngeall ar an ngá atá ann iarrthóirí a earcú a bheadh in ann dul i mbun oibre láithreach. Déanann an Coimisiún idirdhealú idir iarrthóir a bheadh in ann ‘obair úsáideach a dhéanamh láithreach’ agus iarrthóir a bheadh ‘in ann dul i mbun oibre láithreach’. Ós rud é go bhfuil buntábhacht ag baint le hearráid na Cúirte Ginearálta maidir le díbhe na fianaise a bhaineann leis an nasc idir úsáid na dtrí theanga sin ag Coláiste na gCoimisinéirí agus obair sheirbhísí an Choimisiúin, ní mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní.
23. Sonraítear an méid seo a leanas i mír 157 den bhreithiúnas atá faoi achomharc:
‘Ar bhealach níos sonraí, ní léir ó na téacsanna sin ná, a fortiori, ó dhoiciméid eile i gcomhaid na gcásanna reatha, go bhfuil nasc riachtanach idir nósanna imeachta cinnteoireachta an Choimisiúin, go háirithe na nósanna imeachta a dhéanann Coláiste na gCoimisinéirí, agus na dualgais a d’fhéadfadh iarrthóirí a n-éireoidh leo sna comórtais atá i gceist a dhéanamh, is é sin dualgais an imscrúdaitheora agus dualgais cheannaire foirne imscrúdaitheora amhail na dualgais a leagtar amach i mír 113 thuas. Fiú mura n-úsáideann comhaltaí institiúid ar leith ach teanga amháin nó roinnt teangacha le linn a bpléití, ní féidir a thoimhdiú, gan a thuilleadh mínithe, nach mbeadh oifigeach nua-earcaithe nach bhfuil inniúil ar aon cheann de na teangacha sin in ann obair úsáideach a dhéanamh láithreach san institiúid lena mbaineann (breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2016, an Iodáil v an Coimisiún, T‑353/14 agus T‑17/15, EU:T:2016:495, míreanna 121 agus 122 (nár foilsíodh)). Is amhlaidh atá go háirithe ós rud é, sna cásanna seo, go bhfuil na dualgais atá i gceist an-sonrach agus nach bhfuil dlúthbhaint acu a priori le hobair Choláiste na gCoimisinéirí.’
24. Tugaim faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhforáiltear leis an gcéad abairt d’Airteagal 1d(6) de na Rialacháin Foirne nach mór údar a bheith le haon teorannú ar chur i bhfeidhm phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais oibiachtúla réasúnacha agus nach mór é a bheith dírithe ar chuspóirí dlisteanacha ar mhaithe leis an leas ginearálta i gcreat an bheartais foirne. Ar an dara dul síos, de réir chásdlí socair na Cúirte, ní féidir glacadh le difríocht i gcóireáil ar fhorais teanga, amhail an difríocht a eascraíonn as an srian teanga, ach amháin má tá údar oibiachtúil léi agus má tá sí comhréireach le fíor-riachtanais na seirbhíse. (10) Tá an breithniú sin leagtha amach i míreanna 71 agus 72 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, agus déantar tagairt iontu do mhíreanna 89 go 90 den bhreithiúnas in an Coimisiún v an Iodáil, (11) ina ndéantar tagairt do mhír 88 den bhreithiúnas in an Iodáil v an Coimisiún. (12)
25. Chun a mheas an bhfuil údar oibiachtúil le difríocht i gcóireáil agus an bhfuil sé comhréireach le fíor-riachtanais na seirbhíse, ní mór na riachtanais sin a dhearbhú ar dtús. Sa chás seo, sna rialacha ginearálta lena rialaítear comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 27 Feabhra 2015, (13) luaitear an méid seo a leanas i Roinn 1.3, i gcuid ábhartha:
‘De réir an chomórtais, iarrfar ort d’eolas ar theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a chruthú … Is é is gnáthaí go gcaithfidh eolas fíormhaith (leibhéal C1 de [CCTE]) ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil (leibhéal B2 de [CCTE]) ar cheann eile a bheith agat, ach is féidir go n-iarrfar níos mó ná sin san fhógra comórtais (is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, i gcás próifílí teangeolaithe). Mura bhfuil a mhalairt ráite san fhógra comórtais is idir an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis amháin a bheidh rogha i gcás an dara teanga …
…
Cleachtas seanbhunaithe is ea é an Bhéarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a úsáid le haghaidh cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, lena chois sin, is iad sin na teangacha is minice a mbíonn gá leo nuair a bhítear ag déanamh cumarsáide leis an saol lasmuigh nó ag láimhseáil cásanna.
Roghnaíodh dara teangacha na gcomórtas de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.’
26. Ina theannta sin, luaitear i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid, sa roinn dar teideal ‘Na Coinníollacha Incháilitheachta’: ‘Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Choimisiúin agus, ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.’ Sonraítear an méid seo a leanas sa chéad mhír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le fógra EPSO atá faoi chonspóid, dar teideal ‘An tÚdar atá le rialacha na nósanna imeachta roghnúcháin seo’, luaitear go bhfuil ‘[n]a riachtanais atá leagtha amach sa roinn “NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA” den chomórtas seo, tá siad ag teacht leis na príomhriachtanais atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thaobh sainscileanna, saintaithí agus saineolais agus leis an ngá atá ann earcaigh nua a bheith ábalta a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach, i gcomhar le baill foirne eile go háirithe’. Sonraítear an méid seo a leanas sa tríú mír den Iarscríbhinn sin: ‘[t]á sé ríthábhachtach riarthóirí a bheith in ann dul i mbun oibre go héifeachtach a luaithe a earcaítear iad agus a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh lena gcuid comhghleacaithe agus lena gcuid bainisteoirí’. Sa roinn ina dhiaidh sin, dar teideal ‘An t-údar atá leis an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin’, luaitear a leanas sa dara mír: ‘[c]aithfidh earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus a bheith ábalta na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní mór do EPSO deimhin a dhéanamh de go bhfuil eolas leordhóthanach ag iarrthóirí ar theaglaim teangacha a chuirfidh ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach agus ní mór dó, leis, deimhin a dhéanamh de, go háirithe, go bhfuil siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh lena gcuid comhghleacaithe agus lena gcuid bainisteoirí agus a gcuid oibre laethúla á déanamh acu.’
27. Dá bhrí sin, áirítear sa chur síos i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid maidir le ‘fíor-riachtanais na seirbhíse’ an gá atá le hiarrthóirí a earcú a bheadh in ann dul i mbun oibre láithreach go héifeachtach. Dá bhrí sin, nuair a luaitear i mír 157 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach féidir a thoimhdiú, gan a thuilleadh mínithe, nach mbeadh oifigeach nua-earcaithe nach bhfuil inniúil ar an bhFraincis, ar an nGearmáinis ná ar an mBéarla in ann obair úsáideach a dhéanamh láithreach san institiúid lena mbaineann, déantar tagairt do ‘fhíor-riachtanais na seirbhíse’ mar a thuairiscítear i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid.
28. Maidir leis an bhfíoras go measann an Chúirt Ghinearálta gur bunchúis leis an srian teanga é an ceanglas go mbeadh earcaigh nua ‘a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach’ (14) agus go n-úsáideann sí an nath sin go minic sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, (15) ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil cur síos eile bunaithe ar théacs fhógra EPSO atá faoi chonspóid ábhartha freisin chun a mheas an léirítear leis an bhfianaise atá ar fáil go bhfuil údar oibiachtúil leis an srian teanga agus go bhfuil sé i gcomhréir le fíor-riachtanais na seirbhíse.
29. Go deimhin, ní furasta a thuiscint conas mar is féidir leis an gCoimisiún a mhaíomh go bhféadfaí an breithiúnas sin a chur ó bhail le tagairt fhánach sa bhreithiúnas atá faoi achomharc do théacs i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid ar a bhfuiltear ag brath chun údar a thabhairt leis an srian teanga. Anuas air sin, is deacair aon difríocht a aithint idir státseirbhíseach nua-earcaithe a bheith ‘in ann dul i mbun oibre láithreach’ nó ‘in ann obair úsáideach a dhéanamh láithreach’. Cé go mbraitheann an Coimisiún ar an idirdhealú sin chun argóint a dhéanamh go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, ní thugann sé míniú ina phléadálacha ar a bhfuil i gceist leis an idirdhealú sin. Ag an éisteacht, shoiléirigh an Coimisiún gurb é a thuairim go mbaineann an cumas obair úsáideach a dhéanamh leis an gcumas cúraimí imeallacha a dhéanamh nach mbaineann le dualgais iarbhír na n-iarrthóirí. Tá an léiriú sin ag teacht salach ar ghnáthbhrí na bhfocal agus ar an gcomhthéacs ina n-úsáidtear iad i mír 157 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, áfach.
30. Ní féidir locht a chur ar an gCúirt Ghinearálta ach oiread as breithiúnas a tugadh roimhe sin inar úsáid sí an fhoclaíocht chéanna agus inar tháinig sí ar chonclúid chomhchosúil a lua i mír 157 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ós rud é gur dhíbh an Chúirt seo achomharc an Choimisiúin i gcoinne an bhreithiúnais sin. (16)
31. Is é príomhargóint eile an Choimisiúin nár mhínigh an Chúirt Ghinearálta go leordhóthanach an fáth nach féidir a thoimhdiú, gan a thuilleadh mínithe, nach mbeadh oifigeach nua-earcaithe nach bhfuil inniúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis ná ar an nGearmáinis in ann obair úsáideach a dhéanamh láithreach in institiúid de chuid an Aontais. I mo thuairimse, is ionann an argóint sin agus iarracht a dhéanamh an dualgas cruthúnais a aisiompú. Is faoin gCoimisiún atá sé an fáth a bhfuil údar oibiachtúil leis an difríocht i gcóireáil ar fhorais teanga a mhíniú, amhail an difríocht a bhíonn mar thoradh ar an srian teanga atá i gceist, agus an fáth a bhfuil sí comhréireach le fíor-riachtanais na seirbhíse, cibé acu a dhéantar cur síos orthu mar an riachtanas le státseirbhísigh nua-earcaithe a bheith ‘in ann dul i mbun oibre láithreach’ nó a bheith ‘in ann obair úsáideach a dhéanamh láithreach’. (17)
32. Molaim, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Chúirt an chéad ghéag den chéad fhoras achomhairc a dhiúltú.
B. An dara géag
33. Áitíonn an Coimisiún gur míréasúnta an t-ualach a chuireann an Chúirt Ghinearálta air, maidir le fiúntas na gcúiseanna a bhí leis an srian teanga i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid agus sa mheasúnú a rinne sí ar an bhfianaise a thug an Coimisiún ar aird mar thacaíocht leis na cúiseanna a raibh EPSO ag brath orthu.
1. Fiúntas na gcúiseanna leis an srian teanga i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid
34. Ag an éisteacht, d’ainneoin roinnt saincheisteanna a tharraingt anuas maidir le measúnú na Cúirte Ginearálta ar fhiúntas na gcúiseanna leis an srian teanga i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid, (18) shoiléirigh an Coimisiún nach gcuireann sé i gcoinne an mheasúnaithe sin toisc go gcuirtear ar neamhní fógra EPSO atá faoi chonspóid leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc ar chúiseanna difriúla.
35. Mar sin féin, áitíonn an Coimisiún go nglactar leis leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, toisc gur beart a bhfuil raon feidhme ginearálta aige é fógra faoi chomórtas, go bhféadfadh an réasúnaíocht atá ann a bheith teoranta do chur síos ar an staid ghinearálta ba chúis lena ghlacadh agus ar na cuspóirí ginearálta a bhfuil sé beartaithe a bhaint amach leis. Tagann an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid nach bhfuil údar léi go bhfuil na cúiseanna i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid ‘doiléir agus ginearálta’. (19) Tá an fógra sin i gcomhréir leis an gceanglas atá leagtha síos sa chásdlí nach mór critéir shoiléire oibiachtúla intuartha a bheith sna rialacha lena gcuirtear teorainn le rogha an dara teanga ionas go mbeadh a fhios ag na hiarrthóirí in am trátha roimh ré cé na riachtanais teanga atá ann agus ionas go mbeidís in ann ullmhú le páirt a ghlacadh sa chomórtas sna cúinsí is fearr is féidir.
36. Is í an chonclúid i mír 116 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach féidir leis an gcúis a bhaineann leis an ngá le hearcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach, i bhfianaise a foclaíochta doiléire agus ginearálta, agus toisc nach bhfuil aon fhianaise shonrach inti chun tacú leis i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid, údar a thabhairt leis an srian teanga. Ina dhiaidh sin, scrúdaíonn an Chúirt Ghinearálta ar tugadh údar leis an srian teanga de bharr na faisnéise agus na fianaise a sholáthair an Coimisiún maidir leis an ngá go mbeadh earcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach. Tagann sí ar an gconclúid nár tugadh údar leis dá mbarr. (20) Dá bhrí sin, tá neamhniú fhógra EPSO atá faoi chonspóid ag brath ar an dá chuid d’anailís na Cúirte Ginearálta. Ar mhaithe le hiomláine, dá bhrí sin, tabharfaidh mé aghaidh ar cháineadh an Choimisiúin ar an gcéad chuid den bhreithiúnas atá faoi achomharc.
37. Áitíonn an Coimisiún go gcomhlíonann fógra EPSO atá faoi chonspóid an ceanglas nach mór critéir shoiléire oibiachtúla intuartha a bheith sna rialacha lena gcuirtear teorainn le rogha an dara teanga ionas go mbeadh a fhios ag na hiarrthóirí in am trátha roimh ré cé na riachtanais teanga atá ann agus ionas go mbeidís in ann ullmhú le páirt a ghlacadh sna comórtais sna cúinsí is fearr is féidir.
38. Eascraíonn critéir na soiléireachta, na hoibiachtúlachta agus na hintuarthachta as mír 90 den bhreithiúnas in an Iodáil v an Coimisiún. (21) Mínítear i míreanna 87 go 94 den bhreithiúnas sin nár ghlac na hinstitiúidí lena mbaineann na comórtais sa chás sin rialacha nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Uimh. 1/58 lena sonraítear cé acu de na teangacha oifigiúla a bheadh le húsáid i gcásanna sonracha.
39. Luaitear i mír 95 den bhreithiúnas sin:
‘D’áitigh an Coimisiún ag an éisteacht go raibh sé indéanta ag na hiarrthóirí iad féin a ullmhú tar éis fhoilsiú an fhógra comórtais. Mar sin féin, ní cinnte gur leor an tréimhse idir foilsiú gach fógra comórtais atá faoi chonspóid agus dáta na dtrialacha scríofa chun deis a thabhairt d’iarrthóir scileanna leordhóthanacha teanga a shealbhú chun a chuid inniúlachtaí gairmiúla a chruthú. Maidir leis an bhféidearthacht ceann de na trí theanga sin a fhoghlaim ar mhaithe le comórtais amach anseo, leis an méid sin glactar leis gur féidir na teangacha a bheidh de dhíth ó EPSO a chinneadh i bhfad roimh ré. In éagmais rialacha [nós imeachta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Uimh. 1/58], áfach, ní féidir a bheith cinnte ar chor ar bith go mbeidh na teangacha a roghnófar don chomórtas mar an gcéanna i gcónaí agus fágann sé sin nach bhfuil an cás intuartha.’ (22)
40. Dá bhrí sin, léirítear le critéir na soiléireachta, na hoibiachtúlachta agus na hintuarthachta an riachtanas nach mór d’iarrthóirí ionchasacha, d‘fhonn post a fháil in institiúid, a bheith ar an eolas in am trátha roimh ré faoi cheanglas go mbeidh orthu eolas a chur ar theanga sonraithe amháin (nó níos mó) go leibhéal sonraithe a d’fhéadfaí a mheasúnú go hoibiachtúil. I bhfógra EPSO atá faoi chonspóid, tá ceanglas ann maidir le hinniúlacht ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis ar leibhéal B2. D’fhéadfaí a rá go bhfuil an ceanglas sin soiléir agus oibiachtúil. Mar sin féin, is cosúil gur idir 500 agus 650 uair an chloig a mholtar de ghnáth chun ullmhú le haghaidh scrúdú i dteanga ar leibhéal B2. (23) Ach amháin i gcás ina mbeadh iarrthóirí ionchasacha in ann an leibhéal eolais sin a bhaint amach ar cheann de na trí theanga a sonraíodh i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid idir dáta a fhoilsithe agus an dáta a dhéanfar na trialacha sa teanga sin, ní dócha go gcomhlíonfaí le fógra EPSO atá faoi chonspóid an critéar maidir le hintuarthacht mar a thuairiscítear i mír 95 den bhreithiúnas in an Iodáil v an Coimisiún. (24) Anuas air sin, tá an ceanglas sin sa bhreis ar an gcoinníoll nach mbeadh srian teanga inghlactha ach amháin dá mbeadh údar oibiachtúil leis agus dá mbeadh sé comhréireach le fíor-riachtanais na seirbhíse. (25) Dá bhrí sin, níl sé ceart a thabhairt le tuiscint, mar a dhéanann an Coimisiún is cosúil, go bhfaightear réidh leis an bhfreagracht atá ar an gCúirt Ghinearálta measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na gcúiseanna leis an srian teanga i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid nuair a léiríonn sí go bhfuil na rialacha lena gcuirtear teorainn le rogha an dara teanga soiléir, oibiachtúil agus intuartha.
2. Measúnú ar fhianaise
41. Ardaíonn an Coimisiún sraith argóintí discréideacha lena bhféachtar lena léiriú gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta na teorainneacha athbhreithnithe a bhunaítear leis an gcásdlí.
42. Mar réamhbharúil, tugaim faoi deara go n-aithnítear sa chásdlí go dtugtar corrlach leathan lánroghnach agus neamhspleáchais d’institiúidí an Aontais le hAirteagal 2 de na Rialacháin Foirne, maidir le poist a chruthú d’oifigigh nó do sheirbhísigh, maidir le rogha an oifigigh nó an seirbhísigh chun an post a cruthaíodh a líonadh, agus maidir le cineál an chaidrimh fostaíochta arna bhunú amhlaidh. (26)
43. I gcás ina ndéantar agóid i gcoinne cinnidh trí chaingean le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, tá sé de chúram ar an gCúirt Ghinearálta athbhreithniú breithiúnach iomlán a dhéanamh ar an dlí agus ar na fíorais atá i gceist sna himeachtaí sin. Go sonrach, mar a chuirtear in iúl i mír 24 den Tuairim seo, chinn an Chúirt seo go bhfuil Cúirteanna an Aontais i dteideal a fhíorú an bhfuil údar oibiachtúil le srian ar rogha an dara teanga agus an bhfuil sé comhréireach le fíor-riachtanais na seirbhíse.
44. Mar a thug Abhcóide Ginearálta Bobek faoi deara ina Thuairim in an Coimisiún v an Iodáil, (27) a thug sé i gcomhthéacs fíorais agus fianaise atá an-chosúil leis na fíorais agus an fhianaise atá á mbreithniú san achomharc seo, is maímh fíorais iad formhór na gcúiseanna leis an srian teanga atá i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid agus an fhianaise a thug an Coimisiún ar aird chun tacú leis. Áiríodh leis an gcorrlach leathan lánroghnach a bhí ag an gcinnteoir sa chás sin cé acu a chuirfí nó nach gcuirfí teorainn le rogha an dara teanga sa chomórtas sin agus le rogha na gcúiseanna mar thaca leis an teorainn sin, agus an bealach sin a dhéanamh. Nuair a thugann EPSO cúiseanna lena rogha maidir le dara teangacha faoi threoir sraith maíomh fíorasach, beidh na cúiseanna sin agus an fhianaise atá mar thaca leo in-athbhreithnithe go hiomlán ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh. Áirítear san athbhreithniú sin ar comhlíonadh na rialacha a bhaineann leis an dualgas cruthúnais agus le fianaise a ghlacadh agus ar braitheadh ar na critéir chearta dlí le linn breithmheas a dhéanamh ar na fíorais agus ar an bhfianaise. (28)
45. I bhfianaise na mbarúlacha sin, breithneoidh mé na hargóintí a dhéanann an Coimisiún chun tacú leis an áitiú gur cuireadh ualach a bhí míréasúnta ard air leis an mbreithmheas ón gCúirt Ghinearálta ar an bhfianaise a tugadh ar aird.
46. Agus aghaidh á tabhairt i dtosach ar argóint an Choimisiúin ‘nach mór leibhéal beachtais an ráitis ar chúiseanna le haghaidh cinnidh a mheas i bhfianaise na réaltachtaí praiticiúla agus an ama agus na n-áiseanna teicniúla ar fáil chun an cinneadh a dhéanamh’, tugaim faoi deara go n-eascraíonn an ráiteas sin, inter alia, as an gcásdlí maidir le rialú cumaisc. (29) Tá dealramh leis go mbeadh tionchar ag na réaltachtaí praiticiúla a bhaineann le cinneadh a dhréachtú maidir leis an éifeacht a mheastar a bheidh ag comhchruinniú ar chomórtas laistigh de na srianta ama a fhorchuirtear le Rialachán an Aontais um Chumaisc (30) ar leibhéal beachtais an ráitis ar chúiseanna atá ann. Ní bhaineann na himthosca sin le hábhar anseo, áfach: ní measúnú ex ante é seo; ní gá faisnéis mhionsonraithe faoin margadh a fháil ó thríú páirtithe agus brath uirthi; níl aon anailís eacnamaíoch chasta ann agus níl aon teorainneacha ama reachtúla ann. Ina theannta sin, níor chuir an Coimisiún aon eolas ar fáil don Chúirt Ghinearálta maidir leis na réaltachtaí praiticiúla a bhaineann le glacadh fhógra EPSO atá faoi chonspóid, agus níor mhínigh sé na srianta a bhí ar EPSO ó thaobh ama agus áiseanna teicniúla de, ar easnamh é sin lena gcaitear amhras ar inghlacthacht fhéin na hargóinte. Sna himthosca sin go léir, ní féidir brath ar an gcásdlí chun tacú leis an maíomh gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta na teorainneacha a forchuireadh uirthi leis an gcásdlí.
47. Ansin, tá fadhb ag an gCoimisiún leis an gcinneadh i míreanna 133, 158 agus 180 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach léirítear leis an bhfianaise dhoiciméadach gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha a úsáideann ‘seirbhísí uile an Choimisiúin ina gcuid oibre laethúla’ go hiarbhír. De réir an Choimisiúin, is é an t-aon cheist a bhaineann le hábhar ná an úsáidtear na teangacha sin sna seirbhísí ina n-imscarfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo.
48. Measaim nach bhfuil an argóint sin áititheach. I bhfógra EPSO atá faoi chonspóid, sonraítear gur san Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) is mó a sheolfar iarrthóirí a n-éireoidh leo; fágann sé sin an fhéidearthacht go mbeadh cuid acu ag obair in áiteanna eile. (31) Tá áitiú an Choimisiúin ar neamhréir freisin le hargóint eile a ardaíonn sé, is é sin go bhfuil obair laethúil na hinstitiúide comhdhéanta de líon mór gníomhartha ullmhúcháin, nótaí, réamhdhréachtaí agus doiciméid eile, lena n-áirítear cumarsáid leictreonach, arb ionann iad agus uirlisí anailíse agus cumarsáide a úsáidtear laistigh den institiúid sin chun bearta a ghlacadh lena léirítear seasamh na seirbhíse ábhartha. Más féidir na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a imscaradh in aon áit laistigh den Choimisiún agus a chur i mbun obair ullmhúcháin ghinearálta, is ábhartha an léirítear leis an bhfianaise gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha a úsáideann ‘seirbhísí uile an Choimisiúin ina gcuid oibre laethúla’ go hiarbhír. Thairis sin, baineann an fhianaise atá á breithniú i míreanna 133 agus 158 den bhreithiúnas atá faoi achomharc le cleachtais inmheánacha teanga an Choimisiúin go ginearálta, agus ní le hobair ná le nósanna imeachta na seirbhísí áirithe ina n-imscarfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo. Ar bhonn na fianaise a tugadh ar aird os a comhair, ní raibh an Chúirt Ghinearálta in ann aon rud a mheas seachas an iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha a úsáidtear de ghnáth sa Choimisiún.
49. Tá fadhb ag an gCoimisiúin freisin leis an gconclúid i mír 180 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach léirítear leis an bhfianaise a bhaineann go sonrach le heolas teanga an phearsanra atá ag obair in OLAF go bhfuil an srian teanga comhréireach leis an ngá go mbeadh an fhoireann earcaithe in ann dul i mbun oibre láithreach toisc nach féidir, faoi threoir na sonraí sin, na teangacha a úsáidtear sna seirbhísí éagsúla, nó na teangacha atá riachtanach chun na feidhmeanna a dhéanann na himscrúdaitheoirí nó a gceannairí foirne, a shuí. (32) Díríonn an Coimisiún aird ar an mír sin mar shampla den ualach míréasúnta ard a d’fhorchuir an Chúirt Ghinearálta.
50. I míreanna 182 go 184 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, déantar anailís ar fhianaise ar an toimhde go léirítear le heolas teanga bhaill foirne OLAF gur ghá do bhaill foirne nua eolas a bheith acu ar na teangacha sin le go mbeidís in ann dul i mbun oibre láithreach. Fiú ar an toimhde sin, tagtar ar an gconclúid nach raibh údar leis an srian teanga. Dealraíonn sé, dá bhrí sin, gur bhreithnigh an Chúirt Ghinearálta an fhianaise a chuir an Coimisiún os a comhair ón uile ghné is féidir d’fhonn a fháil amach an raibh sí in ann údar leis an srian teanga a aimsiú. Dá bhrí sin, ní fheicim conas is féidir a rá go gcuirtear ualach míréasúnta ard ar an gCoimisiún le cur chuige na Cúirte Ginearálta i leith na fianaise.
51. Ansin ardaíonn an Coimisiún an argóint, go sonrach i ndáil leis an doiciméad dá dtagraítear sa bhreithiúnas atá faoi achomharc mar Theachtaireacht SEC(2006) 1489 final ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2006 maidir le ‘haistriúchán sa Choimisiún’, gur measadh go mícheart i mír 164 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ar léiríodh sa doiciméad sin go n-úsáidtear na trí theanga nós imeachta dá dtagraítear ann go heisiach sna nósanna imeachta lena mbaineann siad. (33) Tá an measúnú ar an bhfianaise i bhfianaise na ceiste sin mícheart toisc nach raibh de cheangal ar an gCoimisiún ach fianaise a sholáthar chun a léiriú gur le haghaidh cumarsáid inmheánach agus sheachtrach agus le haghaidh bainistiú cásanna is mó a úsáidtear an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis, arb é sin an fhoclaíocht a úsáidtear i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid. (34)
52. I míreanna 160 go 162 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, déantar measúnú ar Theachtaireacht SEC(2006) 1489 final ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2006 maidir le ‘haistriúchán sa Choimisiún’. I mír 163, tagtar ar an gconclúid nach bhfuil an chumarsáid sin ábhartha maidir le réiteach na díospóide. Dá éis sin, ní thagraítear don doiciméad sin sa bhreithiúnas. I míreanna 164 go 168 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, déantar anailís ar dhoiciméad dar teideal ‘Rialacha teanga ag brath ar nósanna imeachta glactha’. Le linn na héisteachta tugadh an deis don Choimisiún míniú a thabhairt ar an nasc idir Teachtaireacht SEC(2006) 1489 final ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2006 maidir le ‘haistriúchán sa Choimisiún’ agus an anailís ar na doiciméid atá i míreanna 164 go 168 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. D’fhreagair sé trína mhaíomh gur léirigh na focail ‘i gcás ar bith’ ag tús mhír 164 gur chuir an Chúirt Ghinearálta an doiciméad sin san áireamh ina hanailís i míreanna 164 go 168 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Léirítear le léamh oibiachtúil ar shleachta ábhartha an bhreithiúnais atá faoi achomharc nach bhfuil aon dealramh le pléadáil an Choimisiúin ar an bpointe seo.
53. Ina dhiaidh sin, tá fadhb ag an gCoimisiún le míreanna 181 go 183 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ina dtagraítear don bhuntáiste a bhféadfadh a bheith ag iarrthóirí a bhfuil eolas acu ar theangacha áirithe thar iarrthóirí nach bhfuil an t-eolas sin acu.
54. I míreanna 171 go 180 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, déantar measúnú ar shonraí a bhaineann le scileanna teanga an phearsanra in OLAF. I míreanna 181 go 187 den bhreithiúnas sin, baintear tátail áirithe as an measúnú ar an bhfianaise sin. Sonraítear mar is ceart sa chéad abairt de mhír 181 nach féidir glacadh le srian teanga ach amháin má tá údar oibiachtúil leis agus má tá sé comhréireach le fíor-riachtanais na seirbhíse. Luaitear i mír 183 ansin, ar bhonn na fianaise arna soláthar, gurb é eolas ar an mBéarla agus é sin amháin is féidir a mheas mar bhuntáiste d’iarrthóirí a n-éireoidh leo agus nach bhfuil sé soiléir ón bhfianaise cén fáth a bhféadfadh iarrthóir ag a bhfuil eolas fíormhaith ar an Iodáilis agus eolas leordhóthanach ar an nGearmáinis (35) a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach, ach nach mbeadh iarrthóir ag a bhfuil eolas fíormhaith ar an Iodáilis agus eolas leordhóthanach ar an Ollainnis nó ar an Spáinnis. (36)
55. I míreanna 181 go 183 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, mar sin, déantar comparáid idir catagóirí iarrthóirí a bhfuil scileanna éagsúla teanga acu mar iarracht chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid is féidir le hiarrthóirí sna catagóirí éagsúla sin a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach. Ní fheicim conas is féidir an chiall a bhaint go gcuirtear ualach míréasúnta ard ar an gCoimisiún as an tagairt d’eolas ar theangacha áirithe a thugann buntáiste.
56. Tá an Coimisiún míshásta freisin le mír 181 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ina luaitear ‘nach bhfuil aon chúis bhailí ann nach gceadófaí eolas ar na teangacha oifigiúla eile go léir freisin’.
57. Mínítear leis an abairt iomlán ónar tógadh an frása sin, bunaithe ar an bhfianaise atá os comhair na Cúirte Ginearálta, eadhon na sonraí a bhaineann le scileanna teanga an phearsanra in OLAF, nach bhfuil ach eolas ar an mBéarla ina bhuntáiste soiléir ó thaobh chumas na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach. Aithnítear i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid nach bhfuil ach eolas maith ar an mBéarla, as na trí theanga sin, de dhíth chun na dualgais atá leagtha síos a chomhlíonadh. Luaitear san fhógra nach mór d’iarrthóirí triail tuisceana Bhéarla bhreise a dhéanamh, a mbeidh díbirt na n-iarrthóirí sin nach mbaineann scór sásúil amach mar thoradh uirthi. I mír 110 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, tagraíonn an Chúirt Ghinearálta don mheasúnú breise sin. I mír 111, áitíonn sí go léirítear leis an gceanglas maidir le triail Bhéarla nach bhfuil aon chúis inchosanta ann, i gcomparáid leis an mBéarla, leis na teangacha ceadaithe a leathnú chun an Ghearmáinis agus an Fhraincis a áireamh. Is é an toradh atá ar chaighdeán áirithe Béarla a bheith de dhíth go sonrach go bhféadfadh sé nach mbeadh iarrthóir a labhraíonn an Fhraincis agus an Ghearmáinis in ann dul i mbun oibre láithreach, cé gur teaglaim inghlactha é sin faoi fhógra EPSO atá faoi chonspóid.
58. Is é sin le rá, d’fhéadfadh údar a bheith leis an gceanglas maidir le heolas ar an mBéarla mar dhara teanga, ach níl údar leis an gceanglas maidir le heolas ar aon cheann den Bhéarla, den Fhraincis nó den Ghearmáinis. Luann an Chúirt Ghinearálta ansin, ag deireadh mhír 181, nach bhfuil aon chúis bhailí ann dá bhrí sin nach gceadófaí eolas ar an mBéarla ná ar aon cheann, nó níos mó, de na teangacha oifigiúla, seachas an Fhraincis agus/nó an Ghearmáinis nó mar aon leo. Ní féidir liom locht a fháil ar an gconclúid sin. Níl aon chomhartha ann gur chuir an Chúirt Ghinearálta as an áireamh an fhéidearthacht go bhféadfadh fianaise eile a bheith tugtha ar aird ag an gCoimisiún a d’fhéadfadh a bheith mar thaca le conclúid eile. Arís, ní fheicim conas ar fhorchuir an Chúirt Ghinearálta ualach míréasúnta ard ar an gCoimisiún agus í ag teacht ar chonclúid faoi threoir na fianaise a tugadh ar aird os a comhair.
59. Áitíonn an Coimisiún gur chuir an Chúirt Ghinearálta fianaise as an áireamh go mícheart maidir le húsáid an Bhéarla, na Fraincise agus na Gearmáinise san Aontas Eorpach ar an gcúis go bhféadfadh sé nach léireofaí i gceart léi an t-eolas teanga a bheadh ag iarrthóirí ionchasacha. (37) Braitheann sé ar mhír 124 de bhreithiúnas an 26 Márta 2019, an Coimisiún v an Iodáil, (38) chun a áitiú, ar bhonn na fianaise staidrimh, gur cheart talamh slán a bheith déanta ag an gCúirt Ghinearálta de go raibh an srian teanga comhréireach; is amhlaidh is mó toisc nár tháinig athrú ar na sonraí sin thar na blianta.
60. I mír 124 de bhreithiúnas an 26 Márta 2019, an Coimisiún v an Iodáil, (39) sonraítear an méid seo a leanas:
‘Ina leith sin, cé nach n-eisiatar go bhféadfadh leas na seirbhíse a bheith ina údar le rogha theanga 2 den chomórtas a theorannú do líon teoranta teangacha oifigiúla arb iad is mó a bhfuil eolas orthu san Aontas Eorpach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2003, Kik v OHIM, C‑361/01 P, EU:C:2003:434, mír 94), fiú i gcomhthéacs comórtais de chineál ginearálta, amhail an ceann dá dtagraítear in “Fógra faoi Chomórtas Oscailte – EPSO/AD/276/14 – Riarthóirí (AD 5)”, ní mór srian den sórt sin, mar sin féin, ag féachaint do na ceanglais atá leagtha amach i míreanna 92 agus 93 den bhreithiúnas seo, a bheith bunaithe ar ghnéithe atá infhíoraithe go hoibiachtúil, ag iarrthóirí agus ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh araon, amhail údar a thabhairt le heolas ar theangacha atá de dhíth, gnéithe nach mór a bheith comhréireach le fíor-riachtanais na seirbhíse.’
61. Ní mheasaim go gceanglaítear ar an gCúirt Ghinearálta leis an ráiteas dlí sin talamh slán a dhéanamh de go bhfuil údar le srian teanga fad a chumhdaítear leis na teangacha is mó a bhfuil eolas orthu san Aontas Eorpach. A mhalairt ar fad, is é an chiall a bhainim as ná gur ráiteas ón gCúirt Ghinearálta é go bhféadfaidh an Coimisiún brath ar fhianaise a bhaineann leis na teangacha is mó a bhfuil eolas orthu san Aontas Eorpach chun údar a thabhairt le srian teanga. Ní mór srian den sórt sin a bheith bunaithe, áfach, ar ghnéithe atá infhíoraithe go hoibiachtúil ag iarrthóirí agus ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh, chun údar a thabhairt leis an leibhéal eolais ar theangacha a éilítear, agus ní mór an t-eolas sin a bheith comhréireach le fíor-riachtanais na seirbhíse.
62. Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta an rud ceart trí mheasúnú a dhéanamh ar dtús ar an bhfianaise a thug an Coimisiún ar aird maidir le scaipeadh na Gearmáinise, an Bhéarla agus na Fraincise mar theangacha iasachta a labhraítear agus a fhoghlaimítear san Eoraip. (40) Tugtar faoi deara i míreanna 197 go 203 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gurb é an Béarla an teanga iasachta is mó a dhéantar staidéar air ar gach leibhéal oideachais, agus ansin an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Rúisis, agus, go pointe níos lú, an Spáinnis, agus go mbraitear go mór gurb é an Béarla an teanga iasachta is mó a bhfuil eolas air[ san Eoraip,] leis an nGearmáinis, an Rúisis, an Fhraincis agus an Spáinnis ina dhiaidh sin. Léirítear le tuilleadh fianaise gurb í an Ghearmáinis an teanga is mó a labhraítear san Eoraip agus gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na trí theanga iasachta is mó a fhoghlaimítear mar dhara teanga (38 %, 12 % agus 11 % faoi seach).
63. Thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara ansin go mbaineann na staitisticí ábhartha le saoránaigh uile an Aontais, lena n-áirítear na saoránaigh sin nach bhfuil lán-aois slánaithe acu go fóill; dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach léirítear go cuí leis na sonraí eolas teanga na n-iarratasóirí ionchasacha. Tháinig sí ar an gconclúid nach léirítear leis na staitisticí sin ach go bhfuil líon na n-iarrthóirí ionchasacha a d’fhéadfadh na srianta teanga atá á mbreithniú sa chás seo difear a dhéanamh dóibh níos lú ná mar a bheadh sé dá mbeadh sé bunaithe ar theangacha eile seachas an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis, ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an srian teanga idirdhealaitheach.
64. Ní féidir locht a chur ar chur chuige na Cúirte Ginearálta ina leith sin. Murab ionann agus an méid a áitíonn an Coimisiún, níor dhíbh sí an fhianaise staidrimh mar go raibh saoránaigh an Aontais nach raibh lán-aois slánaithe acu go fóill san áireamh ann. Go deimhin, chinn an Chúirt Ghinearálta gur dócha gur lú an líon iarrthóirí ionchasacha a raibh tionchar diúltach ag srian teanga bunaithe ar an mBéarla, ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis orthu ná an líon a bheadh i gceist i gcás srian bunaithe ar theaglaim teangacha eile. Níl aon chomharthaí ann go mbeadh an chonclúid sin, nach gcuireann an Coimisiún ina haghaidh, thairis sin, éagsúil dá mba rud é go ndéanfaí saoránaigh an Aontais nach raibh lán-aois slánaithe acu go fóill a eisiamh ó na sonraí staidrimh.
65. Ar deireadh, áitíonn an Coimisiún go ndéantar measúnú mícheart i mír 159 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ar Mheabhrán SEC(2000)2071/6 an 29 Samhain 2000 lena simplítear próiseas cinnteoireachta an Choimisiúin dá dtagraítear i míreanna 158 agus 159 de. Áitíonn an Coimisiún nár ghlac an Chúirt Ghinearálta lena bhrí shoiléir ach gur chuir sí ina hionad sin a tuiscint shuibiachtúil féin maidir leis an gcaoi a n-eagraítear an obair idir státseirbhísigh.
66. Leis an argóint sin, dealraíonn sé nach bhfuil an Coimisiún ag iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais saobhadh fianaise ag an gCúirt Ghinearálta a cheadú, ach go bhfuil sé ag iarraidh uirthi a measúnú féin ar na fíricí agus ar an bhfianaise a chur in ionad mheasúnú na Cúirte Ginearálta. Tá sé sin neamhcheadaithe i gcomhthéacs achomhairc. (41)
67. Ar na cúiseanna sin, ní féidir brath ar argóintí an Choimisiúin chun tacú leis an maíomh go dtéann an breithiúnas atá faoi achomharc thar na teorainneacha a fhorchuirtear leis an gcásdlí. Molaim dá réir sin go ndéanfadh an Chúirt an dara géag den chéad fhoras achomhairc a dhiúltú.
C. An tríú géag
68. Ar dtús, áitíonn an Coimisiún go laghdaítear raon feidhme na fianaise le míreanna 152 go 155 den bhreithiúnas atá faoi achomharc toisc nach léirítear iontu gurb ann do ghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí ina sainítear teangacha oibre na hinstitiúide. De réir an Choimisiúin, ní féidir é a thabhairt le tuiscint as an gcásdlí ná as Airteagal 1d(6) de na Rialacháin Foirne nach féidir ach le gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí rogha an dara teanga a shrianadh go dleathach. Anuas air sin, luaitear i gceart i mír 11 den bhreithiúnas atá faoi achomharc go dtagraítear i bhfógra EPSO atá faoi chonspóid do ‘rialacha inmheánacha’, is é sin le rá, rialacha nach bhfuil ceangailteach ach laistigh de na hinstitiúidí. Tá tacaíocht don chur síos sin ar na rialacha sin ar fáil san fhianaise a thug an Coimisiún ar aird.
69. I mír 11 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, tugtar le fios go luaitear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le fógra EPSO atá faoi chonspóid go gcaithfidh Bord Bainistíochta EPSO, i ngach nós imeachta roghnúcháin, cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás i dtaca leis na teangacha a úsáidfear i gcomórtais oscailte ar leith agus aird á tabhairt aige ar ‘aon rialacha sonracha inmheánacha maidir le húsáid teangacha sna hinstitiúidí nó sa chomhlacht lena mbaineann’.
70. Tugtar faoi deara i míreanna 152 agus 153 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach féidir na doiciméid a thugtar ar aird i bhfianaise, a thuairiscítear i míreanna 123 go 125 agus i mír 127 de, a mheas mar rialacha de chuid an Choimisiúin chun críocha Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 1/58. Glacann an Coimisiún leis nach léirítear leis an bhfianaise ach cleachtas riaracháin seanbhunaithe faoinar gá doiciméid atá le cur faoi bhráid Choláiste na gCoimisinéirí lena bhformheas a bheith ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Aimsítear i mír 154 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach bhfuil aon fhianaise ann go ndearna Uachtarán an Choimisiúin nó Coláiste na gCoimisinéirí an ‘Treoir le haghaidh nósanna imeachta oibríochta’ a fhormheas go foirmiúil. Luaitear i mír 155 den bhreithiúnas sin, i gcomhthéacs an cháis seo, gur dheimhnigh an Coimisiún nach bhfuil aon chinneadh inmheánach ann lena gcinntear na teangacha oibre laistigh den institiúid sin.
71. I míreanna 157 go 159 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, déantar measúnú ar ar léiríodh leis na doiciméid a tugadh ar aird i bhfianaise nasc idir nósanna imeachta cinnteoireachta an Choimisiúin, lena n-áirítear nósanna imeachta cinnteoireachta Choláiste na gCoimisinéirí, agus na cúraimí a bheadh le déanamh ag na hiarrthóirí a n-éireodh leo. I míreanna 160 go 169 den bhreithiúnas sin déantar measúnú breise ar an bhfianaise sin, i bhfianaise ábhar doiciméadach eile a chuir an Coimisiún ar fáil.
72. Murab ionann agus an méid a mhaíonn an Coimisiún, ní dhéantar fianaise a dhíbhe sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, ná ‘a raon feidhme a laghdú’, toisc nár léiríodh leis an ábhar a tugadh ar aird i bhfianaise gurb ann do ‘g[h]níomh atá ceangailteach ó thaobh dlí’. Ina ionad sin, déanann an Chúirt Ghinearálta measúnú i gceart ar ar ghlac an Coimisiún aon rialacha inmheánacha de bhun Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 1/58 ina sonraítear go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na teangacha oifigiúla agus na teangacha oibre atá liostaithe in Airteagal 1 de le húsáid i gcásanna sonracha. Cuirtear in iúl i mír 155 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nár chuir an Coimisiún ina choinne nár glacadh rialacha den sórt sin.
73. Ar theacht ar an gconclúid eatramhach neamhchonspóidithe sin di, leanann an Chúirt Ghinearálta ina dhiaidh sin den mheasúnú mionsonraithe ar an bhfianaise a thug an Coimisiún ar aird i ndáil lena nósanna imeachta inmheánacha.
74. Molaim mar sin go ndéanfadh an Chúirt an tríú géag den chéad fhoras achomhairc a dhiúltú ós rud é go ndealraíonn sé go bhfuil sé bunaithe ar léamh mícheart agus roghnaitheach ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc.
V. Conclúid
75. Mar gheall ar an méid sin roimhe seo, molaim don Chúirt an chéad fhoras achomhairc a dhiúltú.
1 Bunteanga: an Béarla.
2 Airteagal 3 CAE agus Airteagal 22 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ní mór aird a thabhairt freisin ar na 60 teanga réigiúnacha agus mionlaigh nó mar sin a labhraítear ar chríoch an Aontais Eorpaigh.
3 Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO, Eagrán Speisialta Béarla 1952-1958, lch. 59), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO 2013 L 158, lch. 1) (‘Rialachán Uimh. 1/58’).
4 Féach, mar shampla, breithiúnais an 27 Samhain 2012, an Iodáil v an Coimisiún (C‑566/10 P, EU:C:2012:752); an 26 Márta 2019, an Coimisiún v an Iodáil (C‑621/16 P, EU:C:2019:251); an 26 Márta 2019, an Spáinn v an Pharlaimint (C‑377/16, EU:C:2019:249); an 15 Meán Fómhair 2016, an Iodáil v an Coimisiún (T‑353/14 agus T‑17/15, EU:T:2016:495); an 14 Nollaig 2017, PB v an Coimisiún (T‑609/16, EU:T:2017:910); an 3 Márta 2021, Barata v an Pharlaimint (T‑723/18, EU:T:2021:113); agus an 9 Meitheamh 2021, Calhau Correia de Paiva v an Coimisiún (T‑202/17, EU:T:2021:323).
5 EPSO/AD/323/16 agus EPSO/AD/324/16, IO 2016 C 187 A, lch. 1; ‘fógra EPSO atá faoi chonspóid’.
6 Le hAirteagal 2 de Chinneadh 2002/620/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, ó Choiste na Réigiún agus ón Ombudsman Eorpach an 25 Iúil 2002 lena mbunaítear Oifig um Roghnú Foirne na gComhphobal Eorpach (IO 2002 L 197, lch. 53), aistríodh an fhreagracht as comórtais oscailte a reáchtáil, dá dtagraíonn an chéad mhír d’Airteagal 30 de na Rialacháin Foirne, agus Iarscríbhinn III a ghabhann leo, chuig an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO). Faoi Airteagal 4 de, is i gcoinne an Choimisiúin a dhéanfar aon achomharc i dtaobh fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do EPSO.
7 Déantar cur síos ar sé leibhéal de scileanna teanga, ó A1 go C2, ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, arna eisiúint ag Comhairle na hEorpa (Moladh ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa Uimh. R (98) 6 an 17 Márta 1998; ‘CCTE’). I gceann dá táblaí tá forbhreathnú ar na leibhéil choiteanna eolais. Is mar seo a leanas a dhéantar cur síos ar Leibhéal C1, a chomhfhreagraíonn d’eolas teanga ‘úsáideora inniúil’: ‘Is féidir leis réimse leathan téacsanna éilitheacha níos faide a thuiscint agus brí intuigthe a aithint. Is féidir leis é féin a chur in iúl go líofa agus go spontáineach gan go leor cuardach follasach a dhéanamh ar abairtí. Is féidir leis teanga a úsáid go solúbtha agus go héifeachtach chun críocha sóisialta, acadúla agus gairmiúla. Is féidir leis téacs soiléir dea-struchtúrtha mionsonraithe a tháirgeadh maidir le hábhair chasta, ina léirítear úsáid rialaithe patrún eagraíochtúil, nascóirí agus ciútaí comhtháite.’ Is mar seo a leanas a dhéantar cur síos ar Leibhéal B2, a chomhfhreagraíonn d’eolas teanga ‘úsáideora neamhspleách’: ‘Is féidir leis príomh-smaointe téacsanna casta faoi ábhair nithiúla agus theibí araon a thuiscint, lena n-áirítear plé teicniúil ina réimse speisialtóireachta. Is féidir leis idirghníomhú le leibhéal líofachta agus spontáineachta a chuireann ar a chumas idirghníomhú rialta a dhéanamh le cainteoirí dúchais gan stró ar cheachtar den dá pháirtí. Is féidir leis téacs soiléir mionsonraithe a tháirgeadh ar raon leathan ábhar agus léargas a mhíniú ar shaincheist reatha, agus buntáistí agus míbhuntáistí roghanna éagsúla á thabhairt aige.’
8 Breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2020, an Spáinn agus an Iodáil v an Coimisiún (T‑401/16, nár foilsíodh, EU:T:2020:409, mír 205).
9 Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO, Eagrán Speisialta Béarla 1968(I), lch. 30), arna leasú (‘na Rialacháin Foirne’).
10 Féach freisin mír 96 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus an cásdlí dá dtagraítear.
11 Breithiúnas an 26 Márta 2019 (C‑621/16 P, EU:C:2019:251).
12 Breithiúnas an 27 Samhain 2012 (C‑566/10 P, EU:C:2012:752).
13 IO 2015 C 70 A, lch. 1.
14 Mír 106 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.
15 Tá ar a laghad 30 tarlú den fhrása ‘a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach’ sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena n-áirítear sna míreanna lena gcumtar an anailís ar an bhfianaise (míreanna 117 agus 118) agus sna míreanna ina leagtar amach conclúidí eatramhacha maidir leis an measúnú ar an bhfianaise (míreanna 114, 169, 196, 205).
16 Breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2016, an Iodáil v an Coimisiún (T‑353/14 agus T‑17/15, EU:T:2016:495, míreanna 121 agus 122). Rinneadh achomharc an Choimisiúin i gcoinne an bhreithiúnais sin a dhíbhe le breithiúnas an 26 Márta 2019, an Coimisiún v an Iodáil (C‑621/16 P, EU:C:2019:251).
17 Féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2019, an Coimisiún v an Iodáil (C‑621/16 P, EU:C:2019:251, mír 93 agus an cásdlí dá dtagraítear).
18 Míreanna 54 go 117 den breithiúnas atá faoi achomharc.
19 Mír 116 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.
20 Féach, go háirithe, mír 205 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.
21 Breithiúnas an 27 Samhain 2012 (C‑566/10 P, EU:C:2012:752).
22 Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in an Coimisiún v an Iodáil (C‑621/16 P, EU:C:2018:611, mír 175), agus breithiúnas an 27 Samhain 2012, an Iodáil v an Coimisiún (C‑566/10 P, EU:C:2012:752, mír 67).
23 Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Sharpston in an Spáinn v an Pharlaimint (C‑377/16, EU:C:2018:610, mír 46).
24 Breithiúnas an 27 Samhain 2012 (C‑566/10 P, EU:C:2012:752). Féach freisin breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2016, an Iodáil v an Coimisiún (T‑353/14 agus T‑17/15, EU:T:2016:495, míreanna 50 agus 51), ar seasadh leis ar achomharc i mbreithiúnas an 26 Márta 2019, an Coimisiún v an Iodáil (C‑621/16 P, EU:C:2019:251).
25 Breithiúnas an 26 Márta 2019, an Coimisiún v an Iodáil (C‑621/16 P, EU:C:2019:251, mír 91).
26 Féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Meán Fómhair 2005, AB (C‑288/04, EU:C:2005:526, míreanna 26 agus 28), agus an 26 Márta 2019, an Coimisiún v an Iodáil (C‑621/16 P, EU:C:2019:251, mír 88 agus an cásdlí dá dtagraítear).
27 C‑621/16 P, EU:C:2018:611, míreanna 105, 108 agus 112.
28 Breithiúnas an 2 Márta 2021, an Coimisiún v an Iodáil agus páirtithe eile (C‑425/19 P, EU:C:2021:154, míreanna 52 go 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).
29 Breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 167 agus an cásdlí dá dtagraítear).
30 Rialachán (CE) Uimh 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO 2003 L 1, lch. 1)
31 I mír 1 d’fhógra EPSO atá faoi chonspóid, luaitear go bhfuil an comórtas eagraithe chun painéil ionadaithe a chur i dtoll a chéile as a ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise go príomha, comhaltaí nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘riarthóirí’ (grúpa feidhme AD). Tugtar faoi deara i mír 120 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur earcaigh fostóirí eile, eadhon an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, beirt de na 40 iarrthóir ar éirigh leo i dtaca le EPSO/AD/323/16. Níor earcaigh institiúid Eorpach eile aon cheann de na caoga iarrthóir ar éirigh leo i dtaca le EPSO/AD/324/16.
32 Míreanna 175 go 180 den breithiúnas atá faoi achomharc.
33 Mír 164 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.
34 Féach an tríú fomhír de mhír 3 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ina luaitear téacs fhógra EPSO atá faoi chonspóid.
35 Tuigim gur tagairt é sin d’eolas ar leibhéal B2.
36 Dealraíonn sé go léirítear leis na sonraí i míreanna 175 go 178 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a bhaineann le teangacha 1 agus 2 go bhfuil eolas ar an mBéarla ag thart ar 72 % den phearsanra atá ag obair in OLAF, go bhfuil eolas ar an bhFraincis ag 42 % díobh, eolas ar an Iodáilis ag 15 % díobh, eolas ar an Ollainnis ag 10 % díobh, eolas ar an Spáinnis ag 8 % díobh agus eolas ar an bPolainnis ag 7 % díobh. I gcás go n-áirítear teanga 3, is iad seo a leanas na céatadáin: 91 % an Béarla, 74 % an Fhraincis, 24 % an Ghearmáinis, 18 % an Spáinnis, 15 % an Ollainnis, 14 % an Iodáilis agus 7 % an Pholainnis. Is é an chonclúid a thagann chun cinn go mbíonn sé mar thoradh ar chumarsáid a dhéanamh i dteanga eile seachas an Béarla go ndéantar sciar suntasach de chomhghleacaithe a eisiamh ó na próisis oibre ábhartha. D’fhéadfadh sé mbeadh idir 25 % agus 60 % de chomhghleacaithe nó mar sin ann nach dtuigfeadh an chumarsáid dá n-úsáidfí an Fhraincis. Dá n-úsáidfí an Ghearmáinis, d’fhéadfadh sé mbeadh 76% ann nach dtuigfeadh an chumarsáid.
37 Mír 201 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.
38 C‑621/16 P, EU:C:2019:251.
39 C‑621/16 P, EU:C:2019:251.
40 Míreanna 197 go 203 den breithiúnas atá faoi achomharc.
41 Féach, mar shampla, breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2006, Nederlandse Federatieve Vereniging voor de Groothandel op Elektrotechnisch Gebied v an Coimisiún(C‑105/04 P, EU:C:2006:592, míreanna 69 agus 70 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2006, Technische Unie v an Coimisiún (C‑113/04 P, EU:C:2006:593, míreanna 82 agus 83 agus an cásdlí dá dtagraítear).