27.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 124/41


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/679 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Eanáir 2022

lena mbunaítear liosta faire de shubstaintí agus comhdhúile is ábhar imní maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 142)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 13(8), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2020/2184, déantar foráil maidir le liosta faire a bhunú lena dtugtar aghaidh ar shubstaintí nó comhdhúile is ábhar imní don phobal nó do chomhphobal na heolaíochta, ar fhorais sláinte, maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (“an liosta faire”). Leis an liosta faire, léireofar treoirluach do gach substaint agus comhdhúil agus, i gcás inar gá, modh anailíse a d’fhéadfadh a bheith ann nach bhfuil costais iomarcacha ag baint leis.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 13(8) de Threoir (AE) 2020/2184, tá 17 béite éastraidé-ól agus naoinilfeanól le háireamh ar an gcéad liosta faire ós rud é go bhfuil airíonna iontu lena suaitear an córas inchríneach agus go bhfuil riosca do shláinte an duine ag gabháil leo. Bunaithe ar na moltaí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le paraiméadair uisce óil (2), ba cheart treoirluachanna de 300 ng/l do naoinilfeanól agus de 1 ng/l do 17 béite éastraidé-ól a bhunú leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo.

(3)

Teorainneacha cainníochtaithe mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/90/CE ón gCoimisiún (3), sonraítear iad do 17 béite éastraidé-ól agus do naoinilfeanól chun go bhféadfar treoirluachanna a thomhas le méid beachtais inghlactha gan costais iomarcacha a thabhú.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2020/2184,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, leagtar amach an liosta faire de shubstaintí agus comhdhúile is ábhar imní maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine dá bhforáiltear in Airteagal 13(8) de Threoir (AE) 2020/2184.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 435, 23.12.2020, lch. 1.

(2)  Moltaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an 11 Meán Fómhair 2017 “Drinking Water Parameter Cooperation Project Support to the revision of Annex I Council Directive 98/83/EC on the quality of water intended for human consumption (Drinking Water Directive)” [Tionscadal Comhair maidir le Paraiméadair Uisce Óil, Tacaíocht d’athbhreithniú ar Iarscríbhinn I de Threoir 98/83/CE ón gComhairle maidir le cáilíocht uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (an Treoir maidir le huisce óil)]- https://ec.europa.eu/environment/water/water-drink/pdf/WHO_parameter_report.pdf

(3)   IO L 201, 1.8.2009, lch. 36.


IARSCRÍBHINN

LIOSTA FAIRE DE SHUBSTAINTÍ AGUS COMHDHÚILE IS ÁBHAR IMNÍ MAIDIR LE hUISCE ATÁ BEARTAITHE LENA THOMHAILT AG AN DUINE

Ainm na substainte/an ghrúpa substaintí nó na comhdhúile/an ghrúpa comhdhúl

Uimhir CAS

Uimhir AE

Treoirluach (ng/L)

Teorainn chainníochtaithe  (1) (ng/L)

Modh anailíse a d’fhéadfadh a bheith ann

17 béite éastraidé-ól

50-28-2

200-023-8

1

≤ 1

-

naoinilfeanól (2)

84852-15-3

284-325-5

300

≤ 300

EN ISO 18857-2


(1)  Teorainn chainníochtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Threoir 2009/90/CE.

(2)  Sainaithníodh na substaintí sin mar CAS 25154-52-3 agus 104-40-5 roimhe seo.