|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1258 |
2.5.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1258 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2024
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais íosta maidir le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla san earnáil iompair ócáidigh paisinéirí agus maidir le cumhacht na mBallstát pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a rinneadh i mBallstát eile nó i dtríú tír
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is den ríthábhacht é dálaí maithe oibre a bheith ag tiománaithe agus dálaí cothroma gnó a bheith ag gnóthais iompair de bhóthar chun earnáil iompair de bhóthar atá éifeachtúil, slán, agus cuntasach i dtéarmaí sóisialta a chruthú, chun an neamh-idirdhealú a áirithiú agus chun oibrithe cáilithe a mhealladh. Dá bhrí sin, tá sé bunriachtanach rialacha sóisialta an Aontais maidir le hiompar de bhóthar a bheith soiléir, comhréireach, oiriúnach dá gcuspóir, éasca a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus go gcuirtear chun feidhme iad go héifeachtach comhsheasmhach ar fud an Aontais. |
|
(2) |
Tá feidhm ag na rialacha maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le hoibreoirí iompair de bhóthar agus a dtiománaithe, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil siad ag gabháil d’iompar paisinéirí nó earraí nó gan beann ar cé acu, a mhéid a bhaineann le hiompar paisinéirí, atá an t-iompar tráthrialta nó ócáideach. |
|
(3) |
Ní hionann sainghnéithe na hearnála iompair ócáidigh paisinéirí de bhóthar agus sainghnéithe na hearnála iompair lasta de bhóthar ná sainghnéithe na hearnála iompair thráthrialta paisinéirí de bhóthar. Saintréith d’iompar ócáideach paisinéirí de bhóthar is ea a chineál séasúrach agus na faid éagsúla ama a chaitear ag tiomáint, chomh maith leis na faid éagsúla tiomána atá ag brath ar na gníomhaíochtaí turasóireachta a dhéanann paisinéirí. Is gá don earnáil freastal ar riachtanais paisinéirí amhail iarrataí neamhsceidealaithe agus iarrataí gan choinne ar stadanna breise agus athruithe ar an mbealach nó athruithe ar an sceideal, i gcás inarb indéanta. Go ginearálta, bíonn níos lú ama tiomána i gceist le hiompar ócáideach paisinéirí de bhóthar i gcomparáid le hiompar lasta nó le seirbhísí tráthrialta bus. Thairis sin, is iondúil go gcodlaíonn tiománaithe in óstáin, agus is annamh a bhíonn siad ag tiomáint san oíche. Ar an taobh eile, is minic is féidir le tiománaithe a bheith faoi réir roinnt gníomhaíochtaí breise le linn am oibre mar thoradh ar idirghníomhaíochtaí leis na paisinéirí. |
|
(4) |
Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex post ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nach bhfuil cuid de na rialacha aonfhoirmeacha a bhaineann le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe oiriúnach do shainghnéithe seirbhísí ócáideacha iompair do phaisinéirí de bhóthar. Léirigh measúnuithe breise a rinne an Coimisiún ina leith sin go bhfuil roinnt de cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla mí-oiriúnach agus neamhphraiticiúil le haghaidh tiománaithe agus oibreoirí a bhíonn ag gabháil d’iompar ócáideach paisinéirí de bhóthar, toisc go mbíonn tionchar diúltach acu ar an gcumas seirbhísí ócáideacha éifeachtúla ardcháilíochta do phaisinéirí a eagrú, ar dhálaí oibre tiománaithe, agus ar shábháilteacht ar bhóithre dá bharr sin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí na ceanglais maidir le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe a oiriúnú ionas go mbeidh siad oiriúnach do cheanglais shonracha na seirbhísí ócáideacha iompair do phaisinéirí de bhóthar. Is iomchuí freisin na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí ócáideacha iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta do phaisinéirí de bhóthar a ailíniú. |
|
(6) |
Le rialacha níos solúbtha maidir le sceidealú sosanna agus tréimhsí scíthe tiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair do phaisinéirí de bhóthar, níor cheart sábháilteacht na dtiománaithe ná sábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol ar bhealach ar bith ná níor cheart méadú ar bhealach ar bith teacht ar leibhéal tuirse na dtiománaithe ná níor cheart meath ar bhealach ar bith teacht ar dhálaí oibre. Leis an tsolúbthacht sin, dá bhrí sin, níor cheart na rialacha atá ann faoi láthair a athrú maidir leis na híos-sosanna iomlána, maidir le huastréimhsí tiomána in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine, maidir leis an uastréimhse choicísiúil tiomána ná maidir leis an uas-am oibre i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(7) |
Chun sainmhíniú aonfhoirmeach ar sheirbhísí ócáideacha do phaisinéirí a áirithiú, is gá a shoiléiriú go gcumhdaítear leis an sainmhíniú a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) seirbhísí náisiúnta agus seirbhísí idirnáisiúnta araon. Is iomchuí freisin an sainmhíniú ar sheirbhísí tráthrialta do phaisinéirí a thabhairt cothrom le dáta chun tagairt a dhéanamh do Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, lenar aisghaireadh Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle (6),. |
|
(8) |
Le solúbthacht bhreise i sceidealú sosanna le haghaidh tiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair do phaisinéirí de bhóthar, níor cheart níos mó tuirse nó níos mó struis a chur ar bhealach ar bith ar thiománaithe. Ba cheart a áirithiú go nglacann tiománaithe sosanna den íostréimhse is gá chun go mbeidh siad in ann scíth a ligean i gceart agus go leordhóthanach. Dá bhrí sin, is iomchuí íostréimhse a shocrú i gcás gach sosa. Ba cheart do thiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair do phaisinéirí de bhóthar a bheith in ann a sos éigeantach a roinnt in dhá shos 15 nóiméad ar a laghad an ceann, agus, an tráth céanna, cloí leis an íostréimhse sosa iomlán a cheanglaítear de 45 nóiméad. Mar sin féin, le níos mó solúbthachta ó thaobh sceidealú na sosanna sin, níor cheart cosc a chur ar thiománaithe sosanna níos faide ná an íostréimhse a cheanglaítear a bheith acu. |
|
(9) |
Chun a áirithiú nach mbaintear mí-úsáid as an tsolúbthacht bhreise sin i sceidealú thréimhsí scíthe na dtiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair paisinéirí de bhóthar, tá sé bunriachtanach raon feidhme na solúbthachta sin a theorannú go soiléir. Dá bhrí sin, ba cheart do thiománaithe a bheith in ann tús a dtréimhsí scíthe laethúla a chur siar ar feadh uastréimhse uair an chloig, i gcásanna nach faide ná 7 n-uair an chloig an tréimhse tiomána don lá sin, agus níor cheart dóibh tús a dtréimhsí scíthe laethúla a chur siar ach amháin nuair atá seirbhísí ócáideacha aonair do phaisinéirí 6 lá nó níos faide á ndéanamh acu. Ba cheart an tsolúbthacht sin a theorannú tuilleadh ionas nach féidir an maolú ar na rialacha maidir le tréimhsí scíthe a úsáid ach uair amháin le linn thréimhse an turais, nó faoi dhó i seirbhísí ócáideacha aonair do phaisinéirí 8 lá nó níos faide. Ní dhéanann úsáid an mhaolaithe sin difear a dhéanamh don am tosaigh is déanaí de thréimhse scíthe sheachtainiúil. Ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach éifeachtúil, go dtí go mbeidh foirm thurais dhigiteach ar fáil, ba cheart cóip den fhoirm thurais i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach a úsáid, i dteannta na dtaifead tacagraif. |
|
(10) |
Is é an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) a bheidh ag tacú leis na seiceálacha ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann le sosanna agus tréimhsí scíthe, de réir mar is iomchuí. |
|
(11) |
Maidir leis an bhféidearthacht an tréimhse scíthe sheachtainiúil a chur siar ar feadh suas le 12 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile a theorannú go heisiach do sheirbhísí ócáideacha idirnáisiúnta do phaisinéirí, tá tionchar diúltach aige sin ó thaobh cóir chomhionann agus iomaíocht neamhshaofa agus chóir idir oibreoirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. D’fhéadfadh seirbhísí náisiúnta ócáideacha do phaisinéirí a seirbhísí a sholáthar faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le seirbhísí ócáideacha idirnáisiúnta do phaisinéirí ó thaobh an fhaid a thaistealaítear, thréimhse an turais nó na seirbhísí a chuirtear ar fáil do phaisinéirí. Ba cheart, dá bhrí sin, do sheirbhísí náisiúnta ócáideacha do phaisinéirí tairbhe a bhaint as an bhféidearthacht sin freisin chun an tréimhse scíthe sheachtainiúil a chur siar. |
|
(12) |
Chun forfheidhmiú a éascú, ba cheart do thiománaithe, foirm thurais ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach faoin turas a iompar ar bord na feithicle agus le linn an turais. Tá foirm thurais den sórt sin in úsáid cheana féin le haghaidh seirbhísí ócáideacha idirnáisiúnta do phaisinéirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. I gcomhréir leis na forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le taifid de láimh a choinneáil, ba cheart do na tiománaithe cóipeanna páipéir nó leictreonacha d’fhoirmeacha turais lena gcumhdaítear seirbhísí ócáideacha iompair do phaisinéirí de bhóthar a rinneadh sna 28 lá roimhe sin a iompar ar bord agus, ón 31 Nollaig 2024, sna 56 lá roimhe sin. |
|
(13) |
Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an fhorfheidhmithe a fheabhsú, ba cheart bearta rialaithe agus ceanglais a bhunú agus leas iomlán á bhaint as uirlisí digiteacha. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar céard iad na bearta is leordhóthanach chun an fhoirm thurais a dhigitiú. |
|
(14) |
Chun seirbhísí ócáideacha éifeachtúla ardcháilíochta do phaisinéirí a áirithiú, chomh maith le dálaí maithe oibre agus tiomána do thiománaithe, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí ócáideacha do phaisinéirí agus ar a n-éifeacht ar dhálaí oibre na dtiománaithe agus ar tharraingteacht na hearnála. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go háirithe ar úsáid na maoluithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo trí mheasúnú a dhéanamh ar cé acu an iomarcach nó nach iomarcach an t-am tiomána carntha iomlán le linn na tréimhse a chumhdaítear le maolú, ar cé acu atá nó nach bhfuil sé ag cur le tuirse agus strus na dtiománaithe nó ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé difear don tsábháilteacht ar bhóithre. |
|
(15) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, ceanglaítear ar na Ballstáit rialacha a leagan síos ar na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán sin agus ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, agus ceanglaítear orthu a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Ina breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2021 i gcás C-906/19 (8), chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl go soiléir go bhfuil cosc ar na Ballstáit pionós a fhorchur tar éis dóibh a bhrath go ndearnadh sárú ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ar chríoch Ballstáit eile agus nach ndearnadh pionós a fhorchur ina leith fós. D’aithin an Chúirt a mhéid a d’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag an ngné sin de rialacha an Aontais atá i bhfeidhm ar dhálaí oibre tiománaithe agus ar shábháilteacht ar bhóithre, gur faoi reachtas an Aontais atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le haon leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh’. Ós rud é gur minic a tharlaíonn sáruithe ar Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (EA) Uimh. 165/2014 ag an am céanna, agus gurb é cuspóir Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a áirithiú, is iomchuí gur féidir pionóis a fhorchur ar ghnóthas nó ar thiománaí as sáruithe ar an dá Rialachán sin, i gcás ina mbraitear ar chríoch Ballstáit amháin na sáruithe sin ach go ndéantar ar chríoch Ballstáit eile nó ar chríoch tríú tír iad. |
|
(16) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon iomaíocht chóir a áirithiú agus dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le sosanna agus tréimhsí scíthe le haghaidh tiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha iompair do phaisinéirí de bhóthar, agus lena áirithiú go bhfuil na Ballstáit in ann pionóis a fhorchur ar sháruithe ar rialacha tacagraif a bhraitear ar a chríoch gan beann ar an áit ina ndearnadh na sáruithe, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr chineál na gcuspóirí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(17) |
Ba cheart don Choimisiún, le rannpháirtíocht iomlán na gcomhpháirtithe sóisialta agus na mBallstát, cur chuige comhchoiteann a chur chun cinn maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí threoirlíne a fhorbairt agus comhar a chothú idir na páirtithe uile lena mbaineann. |
|
(18) |
Chun go bhféadfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go cuí, ba cheart don Choimisiún, a luaithe is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (9) nó ar aon ghníomh cur chun feidhme a chuirfear ina ionad, agus tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sonraíochtaí teicniúla a áireamh maidir le tacagraif chliste lena n-éascaítear seiceálacha ar chomhlíonadh na n-údarás rialaithe, chun go ndéanann na tacagraif chliste taifead freisin cibé acu atá an fheithicil ag gabháil do sheirbhísí tráthrialta do phaisinéirí nó do sheirbhísí ócáideach do phaisinéirí. |
|
(19) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis tar éis an dara mír: ‘I gcás tiománaí atá ag gabháil do sheirbhís ócáideach do phaisinéirí, féadfar freisin dhá shos de 15 nóiméad ar a laghad an ceann a chur in ionad an tsosa dá dtagraítear sa chéad mhír, ar sosanna iad a dháilfear i gcaitheamh na tréimhse tiomána dá dtagraítear sa chéad mhír, ar bhealach lena gcomhlíontar forálacha na chéad mhíre.’ ; |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 16, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘4. Chun críche seiceálacha ar thaobh an bhóthair, go dtí go mbeidh foirm thurais dhigiteach ar fáil, beidh an tiománaí in ann údar a thabhairt leis na maoluithe faoi Airteagal 7, an tríú mír, agus faoi Airteagal 8(2a) agus (6a) a úsáid:
Scoirfidh an oibleagáid i bpointe (b) den chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aici ar a dhéanaí nuair a úsáidfidh an fheithicil tacagraf lena gceadaítear an cineál seirbhíse do phaisinéirí dá dtagraítear i mír 5 a thaifeadadh. I gcás seirbhísí náisiúnta, féadfar an fhoirm thurais maidir le seirbhísí idirnáisiúnta a úsáid, lena léirítear go bhfuil an fhoirm in úsáid don tseirbhís náisiúnta. Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, formáid na foirme turais a bhunú do sheirbhísí náisiúnta chun seiceálacha ar chomhlíonadh a shimpliú, más iomchuí. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2a). Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na roghanna chun an fhoirm thurais do thiománaithe atá ag gabháil do sheirbhísí ócáideacha do phaisinéirí a dhigitiú ó thaobh indéantachta, cost-éifeachtúlachta agus a tionchair ar in-fhorfheidhmitheacht agus ar dhálaí oibre na dtiománaithe, agus, más iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach maidir le digitiú den sórt sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cumhdófar sa mheasúnú sin forbairt foirme turais dhigitigh ina mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ionas gur féidir an fhaisnéis sin a chlárú go leictreonach roimh thús an turais i gcomhéadan ilteangach, a mbeidh rochtain ag oibreoirí air. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún féachaint freisin an bhféadfaí modúl nua amháin nó níos mó a fhorbairt i gcás Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). 5. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus forfheidhmiú aonfhoirmeach Airteagal 7, an tríú mír, agus Airteagal 8(2a) agus (6a) a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir agus athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (*3) nó aon ghníomh cur chun feidhme a chuirfear ina ionad, agus ar a dhéanaí faoi an 23 Samhain 2025, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla iomchuí lena bhféadfar sonraí a bhaineann le cineál na seirbhíse do phaisinéirí, eadhon seirbhís rialta nó ócáideach do phaisinéirí, a thaifeadadh agus a stóráil ar an tacagraf. Socrófar dáta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme sin tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2a). (*2) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1)." (*3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraif a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1).’;" |
|
(5) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 17a Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas ina ndéantar measúnú ar iarmhairtí fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an earnáil seirbhísí ócáideacha do phaisinéirí i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre agus gnéithe sóisialta, go háirithe dálaí oibre na dtiománaithe. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Má mheasann sé gur iomchuí an tuarascáil sin a chur, déanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha ábhartha. |
|
(6) |
in Airteagal 19(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘2. Cuirfidh Ballstát ar chumas na n-údarás inniúla pionós a fhorchur ar ghnóthas agus/nó tiománaí as sárú ar an Rialachán seo nó ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a bhraitear ar a chríocha, sárú nach ndearnadh pionós a fhorchur ina leith go fóill, fiú i gcás ina ndéantar an sárú sin ar chríoch Ballstáit eile nó ar chríoch tríú tír.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
(1) IO C, C/2023/882, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/882/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
(4) Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).
(6) Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle an 16 Márta 1992 maidir le comhrialacha le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 74, 20.3.1992, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(8) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 9 Meán Fómhair 2021, Imeachtaí coiriúla i gcoinne FO, C-906/19, ECLI:EU:C:2021:715, mír 45.
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraif a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1258/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)