|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5299 |
30.9.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
(C/2025/5299)
Cuirtear in iúl do na daoine agus na heintits a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1978 ón gComhairle (2) agus in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1980 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine, an fhaisnéis seo a leanas.
Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh i gcás na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/413/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 gur cheart feidhm a bheith acu maidir leis na daoine agus na heintitis sin.
Cuirtear in iúl do na daoine agus na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 26 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 1 Eanáir 2026, ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
Belgique/België |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirtear in iúl do na daoine agus na heintitis lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 195, 27.7.2010, lch. 39.
(2) IO L, 2025/1978, 29.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1978/oj.
(3) IO L 88, 24.3.2012, lch. 1.
(4) IO L, 2025/1980, 29.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1980/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5299/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)